Matamaiticeoir, eolaí, diagaire, péintéir, ceoltóir, luibheolaí, fear litríochta, agus is é a thugann R. B. McDowell agus D.A. Webb air in Trinity College Dublin 1592-1952: ‘A polymath of erudition, piety and charm.’ Tá aiste in Celtica XI, 1976 ag William O’Sullivan (‘The Irish manuscripts in Case H in Trinity CollegeDublin catalogued by Matthew Young in 1781’); níor tháinig an saothar sin 1781 le Young chun solais go dtí le fíordheireanas. Tugadh iontráil dó in Dictionary of National Biography. Sa Chaisleán Riabhach, Co. Ros Comáin, a rugadh é 3 Deireadh Fómhair 1750. Ba é Owen Young agus Olivia Bell a thuismitheoirí. Bhí aithne ag Cathal Ó Conchubhair ar a mhuintir agus scríobh sé chuig J.C. Walker i 1786: ‘My best respects to Dr Young. He treated me kind in his own chambers in the university. His grandfather proved very kind to me in money dealing. On that account I should entertain the best wishes for his grandson independent of any other merit’ (i gcló in Celtica). Réice ba ea Owen; bhochtaigh sé a chlann agus níl sé luaite fiú in iontráil Mhaitiú in Alumni Dubliniensis. Chaith Maitiú tamall i scoil cháiliúil Abraham Shackleton i mBéal Átha an Tuair, Co Chill Dara, agus tamall i gcúram a dhearthár, cúráideach i gContae an Chabháin. As sin chuaigh sé go Coláiste na Tríonóide i 1766 agus bhain sé B.A. agus M.A. amach. I 1774 ba é toil thromlach na gcomhaltaí sinsearacha go dtoghfaí ina chomhalta é ach chuir an propast, Hely Hutchinson, an toghchán ar ceal. Toghadh é an bhliain dár gcionn agus i 1790 d’fhoilsigh sé paimfléad ag ceistiú cumhacht an phropaist: ‘... and he was remembered longest in the College for his brilliant marshalling of legal arguments against Provost Hely Hutchinson's attempt to subvert the powers of the senior fellows’ (Celtica). Bhí sé gafa le cúrsaí an choláiste ar feadh tamaill de bhlianta. Bronnadh dochtúireacht le diagacht air i 1786 agus toghadh ina ollamh le fealsúnacht nádúrtha é an bhliain chéanna; ní léir ar aon chuntas ina thaobh cathain a oirníodh é ina mhinistir.

I 1777 bhunaigh sé cumann le staidéar a dhéanamh ar an diagacht agus ar an Síris agus bhí sé freisin chun tosaigh sa Neosophical Society, cumann eolaíochta ónar sceith Acadamh Ríoga na hÉireann, deirtear. Bhí ríspéis aige i bhfilíocht na Gaeilge agus scríobh sé páipéar ina taobh. I 1786, de réir mhiontuairiscí Acadamh Ríoga na hÉireann, léigh sé roinnt aistriúchán don choiste agus iarradh air iad a ullmhú le haghaidh a bhfoilsithe (‘to throw his observations regarding the Erse poems into form for publication, and to select such of the poems themselves as he may think most proper to appear in the Transactions of the academy, together with the fragments of Mr McPherson given to him’). Foilsíodh ‘Ancient Gaelic poems reflecting the race of Fians, collected in the Highlands of Scotland’ sa chéad imleabhar d’imeachtaí an Acadaimh (luann New Cambridge Bibliography of English Literature, Iml. 2, 1971, in eagar ag George Watson, Antient Gallic Poems, 1787). Deirtear gurbh é Muiris Ó Gormáin a mhúin Gaeilge dó; bhí seisean ag clárú lámhscríbhinní Gaeilge an Choláiste ó 1766. Bhí Theophilus O’Flanagan ar dhuine dá mhic léinn sa Choláiste agus scríobh sé in Transactions of the Gaelic Society faoi: ‘That eminent, ingenious and profoundly erudite prelate, the Rev. Doctor Young, but previously a most respectable and respected senior fellow of Trinity College Dublin (in which University I had the happiness of spending nearly 12 years under his kind and generous tutelage) was warmly affected towards the cultivation of Irish literature. In the summer of 1784 he traversed the Highlands in search of Gaelic poetry. He was directed to a bookseller in Perth, with whom it was alleged the original of Macpherson’s poems were deposited. On inspection it proved to be an ancient Irish vellum containing historic tracts and several genealogies ...’.

Ainmníodh ina easpag ar Chluain Fearta é i 1798 ar mholadh an Tiarna Cornwallis. Dúradh faoi ag an am sin gurbh é ‘the most distinguished literary character in the kingdom’ é. Bhí leagan leasaithe de na Sailm á ullmhú aige nuair a cailleadh é. Rinne údaráis an Choláiste a ndícheall foilsiú an tsaothair sin a chosc: shíleadar é bheith heitreadocsach. D’fhoilsigh sé An enquiry into the principal phenomena of sounds and musical strings, 1784. Scríobhadh sé ar ábhair éagsúla: matamaitic, réalteolaíocht, fisic, meicnic, geoiméadracht .... Foilsíodh bailiúchán dá léachtaí, An Analysis of the Principles of Natural Philosophy, 1800. D’éag sé den ailse ag Whitworth, Lancashire, 28 Samhain 1800. Tá sé curtha i séipéal Choláiste na Tríonóide. Bhí sé pósta ar Anne Cuthbertson agus bhí sliocht orthu. Tugadh pinsean £500 don bhaintreach.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú