Tá cuntais air sna haistí sin a scríobh Nessa Ní Shéaghdha, Cathal Ó Háinle, May H. Risk ar Sheán Ó Neachtain. Gheofar eolas freisin in Ag cruinniú meala: Anthony Raymond (1675–1726): ministéir Protastúnach, agus léann na Gaeilge i mBaile Átha Cliath (1988) le Alan Harrison; ba é Raymond a phríomhphátrún. Tá léirithe ag Breandán Ó Buachalla in Aisling ghéar (1996), sa scagadh a dhéanann sé ar an ábhar ilghnéitheach atá sna 25 lámhscríbhinn dá shaothar sa Leabharlann Náisiúnta, san Acadamh Ríoga agus i gColáiste na Tríonóide, go raibh spéis mhór aige sa pholaitíocht chomhaimseartha agus gur Sheacaibíteach láidir é; tá i gcló aige go leor de na haistriúcháin ar ghiotaí i nuachtáin Bhaile Átha Cliath agus roinnt dá ráitis inspéise in Eólas ar an domhan i bhfuirm chomhráidh idir Sheán Ó Neachtain agus a mhac Tadhg. Tadhg Ó Neachtain do scríobh tuairim na bliadhna MDCCXXI (1945). Deir Ó Buachalla: ‘Is móide tábhacht an ábhair sin gur i nGaeilge, i gcomhthéacs urbánach intleachtúil, a rinneadh é.’ Agus deir sé freisin: ‘Níorbh aon oileánach iargúlta é Ó Neachtain ach polmat de chuid na haoise agus na cathrach ar mhair sé, a raibh suim an duine literartha aige i gcúrsaí comhaimseartha a linne féin. Faoi mar a choinnigh eagarthóir an Skibbereen Eagle súil ghéar thar ceann an phobail ar lúbaireacht na Rúise.... choinnigh Ó Neachtain súil ghéar ar imeachtaí comhaimseartha na hEorpa.’

File, scríobhaí, foclóirí agus máistir scoile ba ea an mac seo le Seán Ó Neachtain agus Úna Ní Bhroin; ba é an chéad mhac acu é agus ba é Seán an té is mó a raibh urraim ag Tadhg dó. I gceantar Shráid Thomáis, Baile Átha Cliath, a rugadh é. In Coles Alley a bhí cónaí air sular aistrigh sé go Sráid an Iarla Theas, in aice le Pimlico, in 1709. Tá cóip den dintiúr i gcló ag Tomás Ó Cléirigh in Éigse, fómhar 1939 (‘Leaves from a Dublin Manuscript’) agus luaitear ann gur thóg Tadhg ar cíos ar feadh seacht mbliana ‘four Street rooms... viz. a celler, a low room, a middle and a garrett’. Bhí scoil aige ann agus litríocht an Bhéarla, Laidin, matamaitic agus geografaíocht á múineadh aige. Phós sé faoi cheathair. D’éag a chéad bhean, Cáit Ní Fheorais nó Bermingham, in 1714. D’éag a mhac Seán an bhliain chéanna sin. An bhliain dár gcionn cailleadh an dara bean, Máire Ní Chomáin, i dtinneas clainne, agus cailleadh an leanbh freisin. Ansin phós sé Máire Ní Reachtagáin, banfhile; deir Tomás Ó Cléirigh, agus é ag tagairt do dhán ag fáiltiú roimh an Athair Proinsias Laighneach: ‘The following poem... is stated to have been composed by Máire Ní Reachtagáin, on the occasion of a visit by Fr. Leynagh. Dr Flower has been unchivalrous enough to suggest that it was, in reality, probably composed by Tadhg in his wife’s name. That may be so, but our women poets are so few that we can ill afford to lose her, and in the absence of definitive, corroborative evidence, the present writer is content to abide by the MS. Moreover, at least one other poem – a lament on the death of her brother Seoirse – is attributed to her.’ Tá an dán fáiltithe curtha in eagar ag Ó Cléirigh. Deir Cathal Ó Háinle (‘Seán agus Tadhg Ó Neachtain: Cleamhnas agus Gaol’ in Éigse, XXXV, 2005) go bhfuair Máire bás 11 Aibreán 1733 agus gurbh í Bett/ Betty/ Bess Meares ón Muileann gCearr, Co. na hIarmhí an ceathrú bean a phós sé. Isabel Ní Láithrín/ Larrach/ Láirín a thug Tadhg uirthi i nGaeilge. Phós sé í 3 Samhain 1733 agus fuair sí bás 23 Iúil 1745.

Deirtear gur chaith Tadhg tamall sa Fhrainc in 1727 agus gur aimsigh sé lámhscríbhinní Gaeilge ann. Nuair a chuaigh a mhac Peadar chun na Spáinne an bhliain chéanna sin, agus é ar tí dul isteach sna hÍosánaigh, chum sé ‘Ochlán Thaidhg Uí Neachtain’: tá sé i gcló ag Donn Piatt in Mhaireadar san ardchathair (1957) agus deir sé faoi: ‘Sampla maith é sin ar fhilíocht thur Thaidhg, a bhfuil cuid mhaith artifisialtachta ag baint léi.’ Deirtear go raibh ag teip ar radharc na súl aige go luath sna 1740idí. 1749 a thugtar mar dháta báis go minic.

Ar nós a athar bhí príomhról aige sa ghrúpa sin de scoláirí, d’fhilí agus de scríbhneoirí Gaeilge sa chathair i leath tosaigh an 18ú haois; in Gadelica, 1912–13 tá an dán (‘Sloinfead scothadh na Gaoidhilge grinn’), ina bhfuil síad go léir luaite aige, curtha in eagar ag T.F. Ó Rathile. Deir Ó Háinle: ‘But their most regular associates were undoubtedly the three scribes, Seán Mac Solaidh, of Stackallen, Tara, Co. Meath; Risteard Tuibear of Castleknock, Co. Dublin; and Muiris Ó Nuaba, a Munsterman. Together with Tadhg Ó Neachtain these three produced a large amount of manuscript material, feverishly copying and recopying what they could obtain of manuscripts from earlier times. There is a sense of impending cataclysm about this work of theirs, a feeling that their world, the Gaelic world, was falling apart, an awareness that they took upon themselves to obey the Biblical imperative “Colligite fragmenta quae superavunt, ne pereant”.... The printing press was still denied to the native Irish; writers were still dependent on oral transmission and on manuscripts for the recording and dissemination of their work. Seán Ó Neachtain was a prolific writer and his amanuenses who made the first fair copies of his work were his son, Tadhg, and Mac Solaidh, Tuibéar and Ó Nuaba.’ Thugadh sé lámhscríbhinní ar iasacht dá chomhscoláirí. Deir Harrison: ‘Féadaimid féachaint ar Thadhg mar chroílár an tsaothair seo agus é a shamhlú ag comhairliú agus ag spreagadh na mball eile.’ Bhí aithne aige ar Chathal Ó Conchubhair (1710–91) agus ar Aodh Buí Mac Cruitín. Deir Piatt: ‘Ach is é an t-ábhar spéise is mó faoi mhuintir Neachtain, b’fhéidir, an comhluadar filí, fir agus mná, cliar agus tuath, a bhí timpeall orthu i mBaile Átha Cliath, rud a rinne sórt cénacle liteartha dá dteach i Sráid an Iarla, láimh le Sráid na Mí.’

Chuir Meadhbh Ní Chléirigh eagar ar Eólas ar an domhan (1945). Ón gcuid de lámhscríbhinn Thaidhg sa Leabharlann Náisiúnta a bhaineann le geografaíocht a tógadh é. Bhain Tadhg úsáid ann as A most compleat compendium of geography le Laurence Eachard agus as geography anatomised le Patrick Gordon. Is í an chéad cheist atá aige ann: ‘A Athair ionúin, a ndeir tú liom gur mó don domhan talmhaí atá faoi ain-Chríostaithe ná faoi Chríostaithe?’ Chuir Pádraig Ó Súilleabháin eagar ar Beatha Naoimh Antoine ó Phadua (1957), aistriúchán a rinne sé. Bhí beartaithe aige stair na hÉireann a scríobh. Bhí spéis aige san fhoclóireacht. ‘Faightear foclóirí nó codanna d’fhoclóirí i roinnt mhaith dá lámhscríbhinní. Is é an ceann is tábhachtaí díobh ná an lámhscríbhinn mhór fóilió atá anois i gColáiste na Tríonóide, ar bhain lucht foclóireachta an-úsáid aisti ó shin.’ Tuairimíonn Tomás de Bhaldraithe gur de réir líon na bhfocal a tugadh íocaíocht dó agus gur chumadóir cruthaitheach ba ea é; tugann sé na samplaí seo: ‘leabharán, a little book; leabharánach, full of little books; leabharóg, a bookish woman; ...leabharaighim, I book, enter onto a book’. Bhunaigh sé téarmaí ar na nuafhocail bhotúnacha úd ‘dialann’ agus ‘crinlín’: ‘dialannacht, keeping of a day book or diary’ agus ‘crinlíneachánacht, the making of desks.’ Bhain Pádraig Ó Duinnín leas as an obair (Comhar, Aibreán 1983: ‘Aisling an Duinnínigh’ le Tomás de Bhaldraithe). Deir Nessa Ní Shéaghdha agus í ag trácht ar an dua a bhain le scoláireacht na Sean-Ghaeilge agus na Meán-Ghaeilge le linn Thaidhg: ‘They felt, therefore, a need for grammars and dictionaries to elucidate old or archaic words for their livelihood as teachers of the language. We find in manuscripts of Tadhg Ó Neachtain his full share of such material – lexicographical and grammatical, much of it culled from older glossaries, with copious additions of his own.’ Deir Piatt: ‘Bhí iarracht den pedant i dTadhg: bhí leabhar “crua-Ghaeilge” ar a dtugtar “An Sanasán Gaeilge” le Michél Ó Cléirigh, sa teach aige agus é ag iarraidh caint nádúrtha a linne d’fheabhsú le rudaí as.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú