Tá cuntas maith cuimsitheach ag Brian Mac Giolla Phádraig ar an ardeaspag seo i gcló in Feasta, Aibreán agus Bealtaine 1957. I Lána na Seansaireachta i mBaile Átha Cliath a rugadh é. Ceannaí táilliúireachta measúil ba ea a athair. Deir Mac Giolla Phádraig nach bhfuil aon bhunús le scéal gur ar Oileán Acla a rugadh é. Bhí sé balbh go raibh sé seacht mbliana d’aois; scanraigh na sluaite ar na sráideanna é lá dá ndeachaigh sé ar strae agus is ag an bpointe sin a labhair sé don chéad uair le hainm agus seoladh a athar a thabhairt. I ndiaidh a oirnithe i Liospóin tuairim 1753 d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath agus bhí ina shagart óg i bparóiste Naomh Muire. Bhí an Tiarna Taaffe tagtha ón Mhór-roinn go Londain chun iarracht a dhéanamh ar chearta de réir dlí a bhaint amach do Chaitlicigh, tharla aithne aige ar an mBanríon Charlotte Sophia. Nuair a d’iarr sé ar an gCoiste Caitliceach i mBaile Átha Cliath sagart éirimiúil a chur chuige mar rúnaí agus séiplíneach ba é Carpenter a roghnaíodh agus chaith sé trí mhí i Londain. Ach níor éirigh le Taaffe Seoirse III a bhogadh.

Rinneadh canónach de i 1764 agus oirníodh ina Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath é i 1770. Bhí cónaí air ag 20 Oileán Uiséir agus roghnaigh sé paróiste San Nioclás mar pharóiste dó féin. Bhí sé mór le scoláirí mar an Dr John Curry (c.1710-80) agus Cathal Ó Conchubhair. Dar le Thomas Wall (At the Sign of Dr Hays’ Head) gurbh é The Rituale, 1776 a chéad leabhar; níor chuir sé a ainm féin le gach leabhar a scríobh sé. Istigh sa leabhar sin bhí ‘An Teagasc’, leagan Gaeilge de ‘The Exhortation’, a léití mar mhíniú roimh thús an aifrinn. Ag an am sin bhí an chathair ag fás go tapaidh, na tithe móra Seoirseacha á dtógáil, agus fiche duine, b’fhéidir, ag obair i ngach aon teach díobh. Ba Ghaeilgeoirí a lán díobh sin agus d’fhéach sé chuige go léifí ‘An Teagasc’ ag céad aifreann an Domhnaigh. Cathal Ó Conchubhair a chuir Gaeilge air. Coinníodh sa Rituale é go dtí tuairim 1847. Thug a leabhar aifrinn, Missal, 1776, tús áite do naoimh na hÉireann. Go nuige sin is thar lear a d’fhoilsítí na leabhair aifrinn. Chuir sé nótaí leis an gcéad eagrán iomlán de Lives of the saints Alban Butler agus ba é a réitigh le haghaidh a chlóbhuailte é i 1780. Ba é a scríobh an t-aguisín a cuireadh le heagrán 1802 faoin luath-eaglais in Éirinn agus a d’ullmhaigh féilire naomh na hÉireann. D’fhág an t-eagarthóir an cúram sin faoi, ‘his having a competent knowledge of the Irish language’. Tá lámhscríbhinn dar teideal ‘An Irish Grammar in English’ agus lámhscríbhinn ina bhfuil scéalta agus dánta Gaeilge i measc na scríbhinní óna lámh atá i dtaisce sa Leabharlann Náisiúnta agus in Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhí cóip de ‘Foras Feasa ar Éirinn’ ó lámh Thaidhg Uí Neachtain ina sheilbh uair. Deir Mac Giolla Phádraig: ‘Tá cruthú ar a fheabhas a bhí an Ghaeilge ag Seán Mac an tSaoir agus a Ghaelaí a bhí sé le fáil sa leabhar urnaithe a scríobh sé dó féin sa bhliain 1745 [sic] nuair a bhí sé seacht mbliana déag d’aois. Tá an scríbhinn san Acadamh. Is leabhar téagartha é, os cionn 300 leathanach de pheannaireacht chomh maith agus chomh snoite agus atá le fáil i lámhscríbhinn ar bith. Is dócha gur i scoil Thaidhg [Uí Neachtain]—b’fhéidir ó Liam Ó Loingsigh—a d’fhoghlaim sé an pheannaireacht idir nodanna agus eile.’ Tá tagairt ag Donn Piatt don leabhar urnaithe in Cois Life Fadó, 1985: ‘Sa bhliain 1746 thosaigh sé Leabhar Urnaithe Sunradhacha agus Dánta Diadhachta, “arna dtiomsughadh le Seán Mac an tSaoir, ro thionscain do scríobhadh i mBaile Átha Cliath Duibhlinne ar an treas lá don Mhí Mheán Samhraidh, an bhliain d’aois Chríost, míle seacht gcéad ceathracha agus a sé” agus rinne roinnt oibre ina dhiaidh sin ar Tóraíocht ar Lorg Chríosta . . .’.

Sa leabhar urnaithe sin aige san Acadamh Ríoga tá cuid den leagan Gaeilge úd de ‘De imitatione Christi’ le Thomas A Kempis agus in Celtica 2 (1954) taispeánann Brian Ó Cuív (‘Irish translations of Thomas A Kempis’s De Imitatione Christi’) go bhfuil cosúlacht shuntasach idir cuid mhaith de na habairtí ansiúd agus sa leagan a rinneadh i gContae an Dúin i 1762 (‘Tóruigheachd na bhFíreun air Lorg Chríosda’, a d’fhoilsigh an tAthair Dónall Ó Tuathail i 1915 agus a bhfuil leagan de i gColáiste Maolmhaodhóg i mBéal Feirste). Déanann Ó Cuív deimhin de, nach mór, gurb é leagan 1746 an bunaistriúchán agus deir sé: ‘A further possibility is that all three versions were made by Dr Carpenter who was keenly interested in the Irish language and who did not die until 1786.’

Dúradh in Reportium Novum 1, 1955: ‘His Irish scholarship and his interest in tradition tempts one to seek for him a background more native, more rural, than that “respectable merchant tailor of Dublin” who according to both D’Alton and Donnelly was his father. The archaic literary quality of the Irish of his ms, his flawless calligraphy, would seem to suggest a tribal tradition. It will be remembered that when he required his own exhortations in the Ritual to be translated into colloquial Irish, he asked his friend, the native Irish speaker Charles O’Conor, to do it. It was not unusual with the fastidious scribes and scholars to disdain a little the spoken Irish of the people. And it is beyond doubt that he was himself a finished Irish scholar.’

Rialaigh sé i 1777 nár cheart d’aon Chaitliceach a bheith ina oifigeach in Arm na Breataine ó bhí ráite i bParlaimint na hÉireann go gairid roimhe sin ‘that everyone who voluntarily assumed military uniform by that proclaimed himself a Protestant’ (Reportorium Novum 2, 1956). Is cosúil gurbh é an chéad ardeaspag é ó aimsir na dTúdarach a bhraith go raibh de cheart aige taifid na deoise a choinneáil. Scríobh sé chuig na húdaráis sa Róimh ag tathant orthu Gaeilgeoir a cheapadh mar reachtaire ar Choláiste na nGael ansin i gcaoi go bhfaigheadh na mic léinn oiliúint sa Ghaeilge. D’éag sé 29 Deireadh Fómhair 1786. Ní raibh aon reilig Chaitliceach sa chathair go fóill agus cuireadh i gCill Michin é. Is é a deir Piatt: ‘I gCill Mhichin a cuireadh é, faoi leacht mhuintir Laoi ar a bhfuil an scríbhinn: “This stone was erected by Thomas Lee, Merchant, and Family, 1780. Most Rev’d Doctor John Carpenter, died Oct. 29, 1786, age 58. Mrs Christian Lee died 29 Dec. 1792, age 50 years. Here are buried ten of her children who died young”. Saoithiúil an scríbhinn ar uaigh easpaig, ach bhí na Péindlíthe i ngníomh. Bhí an scríbhinn caillte ar feadh na mblianta faoi chaonach liath nó gur nocht mise í i mí Bealtaine, 1954’. Ba dheirfiúr leis Bean Uí Laoi.

Bhí fógra in Faulkner’s Dublin Journal 14 Iúil 1787: ‘Books. Being the library of the late Most Rev. Doctor Carpenter, now selling by auction, by James Vallence, at his auction rooms in the court lately occupied by the Post Office. They consist of upwards of 4,000 volumes in the various branches of literature. Likewise to be sold, a very elegant mahogany book-case and a pair of globes.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú