Is beag lua a bhí air ar feadh breis mhaith agus dhá chéad bliain go dtí gur foilsíodh, in Proceedings of the first Münster symposium on Jonathan Swift (1985) (in eagar ag Herman J. Real agus Heinz Vienlein), alt dar teideal ‘Swift’s “O’Rourke’s Feast” and Sheridan’s “Letter”: early Transcripts by Anthony Raymond’ le Andrew Carpenter agus Alan Harrison. In 1988 foilsíodh Ag cruinniú meala: Anthony Raymond (1675–1726), ministéir Protastúnach, agus léann na Gaeilge i mBaile Átha Cliath le Harrison. Dlúthchara le Swift ba ea an Raymond seo ach is é a dhealaíonn amach é ó ghnátheaglaisigh Phrotastúnacha a linne go raibh sé cairdiúil le Tadhg Ó Neachtáin agus le scoláirí Gaeilge Bhaile Átha Cliath. I scríbhinní Raymond féin san Acadamh Ríoga, a mbaineann a bhformhór leis an tréimhse i ndiaidh 1722, i dtagairtí i litreacha agus i ndialanna Swift, agus sa díospóireacht a lean foilsiú aistriúchán Dhiarmuid Uí Chonchubhair ar Foras feasa ar Éirinn, is mó a d’éirigh le Harrison eolas a chur ar bheatha an fhir seo.

Ba de bhunadh Essex a mhuintir agus i mBaile Uí Luachráin, Co. Chiarraí, a bhí a thuismitheoirí, Anthony Raymond, Sirriam Chiarraí, agus Áine Taylor, lonnaithe nuair a rugadh é. D’aistrigh siad go ceantar Bhaile Mhistéala, Co. Chorcaí, ag pointe éigin agus is dóigh go raibh eolas ar an nGaeilge labhartha aige óna óige. Tar éis dó a bheith ar scoil i gCóbh bhain sé céim BA i gColáiste na Tríonóide in 1695 agus MA in 1699. Toghadh ina chomhalta sóisearach den ollscoil é agus oirníodh é i gCorcaigh ar 16 Meán Fómhair 1699. Ceapadh é ina bhiocáire i mBaile Átha Troim tuairim 1705. Elizabeth a bhí ar a bhean agus b’fhéídir gur Gibson ba shloinne di; bhí triúr clainne ar a laghad orthu. Bronnadh dochtúireacht sa dlí air in 1707 agus dochtúireacht sa diagacht in 1719. Ar feadh bliana bhí sé ina shéiplíneach ag an Tiarna Leifteanant Shrewsbury. Bhí airde mhaith ann agus bhí sé dathúil. Bhí dúil aige sa léann agus caidreamh aige ar bhaill an Dublin Philosophical Society. B’fhéidir a fháil de locht air go raibh sé cíocrach chun clú scoláire a thuilleamh agus go mbíodh sé ag sodar i ndiaidh na n-uasal.

Ní raibh ag formhór an phobail i mBaile Átha Troim ach Gaeilge agus thugadh sé seirbhísí sa teanga sin. B’fhéidir gur ag an bpointe sin a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na teanga agus a thosaigh sé ar staidéar a dhéanamh ar sheanstair na hÉireann. Meastar freisin go raibh tionchar ag cuairt Edward Lhuyd ar Éirinn air agus go ndeachaigh an t-ábhar in Archaeologia Britannica i gcion air. Chuir sé aithne ar Thadhg Ó Neachtain, ar Aodh Mac Cruitín agus ar chuid eile dá ngrúpa. Dhéanadh sé pátrúnacht ar Thadhg agus chum seisean dán molta air (‘Éire oll i gcaochcheo atá’) agus thagair dó mar ‘aithbheothaí na Gaeilge’. Bhí foclóir Phroinsiais Bhailís ina sheilbh, é ag tiomsú lámhscríbhinní agus bhí Leabhar Bhaile an Mhóta ar iasacht aige ó Choláiste na Tríonóide. Chuir sé tairiscint chuig an gColáiste go lorgódh sé lámhscríbhinní sa bhFhrainc. Bhí ag neartú ar an dúil a bhí aige cur leis an eolas a bhí foilsithe ag Lhuyd agus leabhar ar an seanstair a scríobh; bhí glactha aige le hinsínt thraidisiúnta na nGael ar an stair sin agus, má bhí lagmheas aige ar leabhair staire Mhic Cruitín agus Peter Walsh, bhí an ghráin aige ar a raibh scríofa ag leithéidí Sir Richard Cox. Bhí smaointe curtha chun tosaigh aige i dtaobh an ghaoil a bhí ag an nGaeilge leis an bhFéinícis agus an Eabhrais, smaointe a shíleann Harrison a chuaigh i gcion ar Charles Vallancey agus ar Chathal Ó Conchubhair. In 1719–20 bhí Diarmuid Ó Conchubhair fostaithe aige mar rúnaí. Cuireann Harrison síos ar a raibh déanta agus beartaithe aige de réir mar atá le feiceáil ina pháipéir san Acadamh Ríoga: Foras feasa Sheathrúin Céitinn aistrithe aige; cuid mhór caibidlí dá leabhar ar an seanstair scríofa aige; leabhar dar teideal ‘A genealogical, historical and chronological account of the Irish nobility and gentry’ á bheartú aige; an dán ‘Triallam timcheall na Fodla’ aistrithe aige.

Chuir foilsiú aistriúchán Uí Chonchubhair ar an Foras feasa in Londain 1723 (The general history of Ireland ... collected by the learned Jeoffrey Keating, D.D. faithfully translated from the original Irish language) isteach go tubaisteach ar phleananna Raymond agus níor fhoilsigh sé ach cúpla paimfléad agus litir: An account of Dr. Keating’s history of Ireland (1723); A short preliminary discourse to the history of Ireland (1725): A Letter from Dr. Raymond to my Lord Inchiquin giving some account of the Monarchs and Ancient State of Ireland (1723). Bhí curtha i gcéill ag Ó Conchubhair ní hamháin gur gheall Raymond cúnamh dó chun an t-aistriúchán a chur ar fáil ach go ndeachaigh sé i mbannaí míle punt air chun iasacht lámhscríbhinne a fháil ó Choláiste na Trionóide. Chonaic Tomás Ó Súilleabháin (Thomas O’Sullevane) an réamhfhógraíocht agus sa réamhrá le The memoirs of the Right Honourable The Marquis of Clanricarde (1722), thug sé faoin gCéitinneach féin agus faoin gConchubharach agus faoin aistriúchán. D’fhan Raymond gur foilsíodh ‘eagrán’ Bhaile Átha Cliath sular ionsaigh sé an saothar i ngeall ar earráidí agus bréaga. Tá cur síos cuimsitheach ag Harrison, agus ag Michael Cronin in Translating Ireland: translation, languages, cultures (1996), ar an díospóireacht bhinbeach a rinneadh faoi leabhar Uí Chonchubhair.

Bhí Raymond ag réiteach chun a stair féin a fhoilsiú, bolscaireacht déanta aige agus síntiúis faighte (liosta ag Harrison). Chuaigh sé go Londain in 1725 chun a thuilleadh síntiús a mhealladh agus fuair bás obann ann an bhliain dár gcionn. I ndiaidh dó a chuid páipéar a scrúdú is é a shíleann Harrison gur fearr go mór aistriúchán Raymond ar Chéitinn ná ceann Uí Chonchubhair, agus gur léir air sin agus ar an aistriú a rinne sé ar réamhrá Lhuyd le haghaidh The Irish historical library William Nicolson go raibh eolas maith aige ar an nGaeilge.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú