Is dóigh gurb é an tÉireannach cáiliúil é is lú a bhfuil eolas ag Éireannaigh air. Cúrsaí creidimh faoi deara sin, ní foláir; fiú i mbliain 1985 ní raibh an tEaspag Jeremiah Newman sásta a ghéilleadh gurbh Éireannach an t-eiriceach seo. In Field Day anthology of Irish writing, 1991 (‘Eighteenth-Century Irish Philosophy’ in eagar ag David Berman agus Andrew Carpenter) deirtear i dtaobh leabhair leis: ‘Certainly Christianity not mysterious is the loudest call for a radical rethinking of traditional Christianity issued in the late seventeenth century; it is probably the first philosophical work of any note by an Irishman since Eriugena and its significance can hardly be overestimated.’ Deirtear gurbh é a chum an téarma pantheist. Tá scéal a bheatha inste ag Alan Harrison in Béal eiriciúil as Inis Eoghain: John Toland (1670–1722), 1994; tá breis is trian den leabhar sin sa chaibidil ‘John Toland mar Ghaeilgeoir’. Deir J. G. Simms in Irish Historical Studies, Márta 1969 (‘John Toland , a Donegal heretic’): ‘He can claim to have anticipated Lhwyd [Edward Lhuyd q.v.] in the study of comparative Celtic linguistics.’

In Inis Eoghain a rugadh an cainteoir dúchais seo ar 30 Samhain 1670. Bhí léamh agus scríobh na Gaeilge aige óna óige de bharr, b’fhéidir, go mba fhilí oidhreachtúla muintir Thuathaláin. ‘Eoin na Leabhar’ a thugtaí air in Inis Eoghain agus chuirtí mar eireaball leis ‘through whom it was the devil himself who spoke’, más fior do W. J. Doherty in Inis-Owen and Tirconnell, 1895 (athfhriotal ag Simms). Thréig sé an creideamh Caitliceach agus é sna déaga go fóill agus d’iompaigh ina easaontóir. Tuairimítear gur faoi thionchar cibé duine a thairg scolaíocht dó sa Chaisleán Rua in aice le Doire a tharla sin. Rinne sé léann in ollscoileanna Ghlaschú agus Dhún Éideann agus ghnóthaigh céim mháistir i nDún Éideann. Chaith sé tamall in ollscoileanna Leiden agus Utrecht, áiteanna a raibh glacadh iontu leis an bpoblachtachas agus le machnamh nua. Chuir an tsáraíocht sna siopaí caifé lena ghéire intleachta agus teanga. Bhí sé ag múineadh fealsúnachta i Londain agus casadh smaointeoirí mar John Locke air. Bhí meas air ach d’fhaightí cantalach drisíneach é. Bhuail Edward Lhwyd leis in Oxford agus thuairiscigh seisean go raibh foclóir Gaeilge agus stair na gCeilteach á gcur le chéile aige. Bhí dúil aige sa Bhriotáinis agus é ag téisclim chun The History of the Druids a scríobh – níor foilsíodh é go dtí 1726. Deirtear go raibh eolas aige ar dheich gcinn de theangacha.

Ní raibh a ainm leis an gcéad eagrán dá leabhar Christianity not mysterious, 1695 ach samhradh na bliana dár gcionn bhí a ainm leis an dara heagrán. ‘Cáineadh go láidir i mBaile Átha Cliath é, i bpaimfléid agus i seanmóirí agus i Meán Fómhair dhearbhaigh an Pharlaimint i mBaile Átha Cliath gur leabhar eiriciúil a bhí arm agus tugadh ordú don chrochadóir coiteann an leabhar a dhó go poiblí ...’ (Harrison). Bhí súil aige post ard rialtais a fháil i mBaile Átha Cliath i 1697 ach chuir an míchlú nua seo as an gceist é. Mar sin féin ceapadh é ina bhall den toscaireacht chun Acht an tSocraithe i dtaobh réim ríoraí nua na Breataine a mhíniú do Bhantoghthóir Hanover. Thiomnaigh sé an leabhar Letters to Serena, 1704 dá hiníon. ‘Faightear ann an trácht is iomláine agus is fearr dá thuairimí i leith ceisteanna creidimh agus fealsúnachta’ (Harrison).

I Londain is mó a bhí sé i rith 1700–22, é ag obair mar scríbhneoir fostaithe. Ní raibh sé go maith as riamh; léiriú ar a bhoichte a bhí sé faoi 1716 gurbh i dteach siúinéara in Putney a bhí cónaí air. Ach bhí teacht aige i Londain ar lámhscríbhinní Gaeilge a bheadh ina gcabhair aige mar thagairtí sa leabhar ar na draoithe. ‘Usáideann Toland cuid de na léamha malartacha agus na nótaí i nGaeilge chun plé a dhéanamh ar nádúr na Críostaíochta Gaelaí anallód – Críostaíocht a bhí saor ó laincisí na sagartachta agus dá réir sin saor ó chumhacht na Róimhe, dar leis’ (Harrison). Luann sé foinsí Gaeilge: Leabhar Bhaile an Mhóta, Uraiceacht na n-éigeas, An Sanasán Nuadh le Michél Ó Cléirigh, Teagasca Chormaic, Mac Fhirbhisigh, beathaí na naomh agus araile.

Bhí baint éigin aige le foilsiú an aistriúcháin a rinne Diarmuid Ó Conchubhair ar Foras Feasa ar ÉirinnChéitinn. Shíl Tomás Ó Súilleabháin [Thomas O’Sullevane] sa réamhrá a chuir sé le The Memoirs of the ...Marquis of Clanricarde, 1722 gur faoina stiúir a rinne Ó Conchubhair an obair (‘under the Direction of a certain Gentleman, who already has rendered himself famous by new Schemes of Doctrine and Religion’). Tá tuairim ag Harrison gurbh amhlaidh a chuidigh sé le Ó Conchubhair chun an leabhar a ullmhú don chló. Dúirt Anthony Raymond; ‘But altho’ Connor’s name is put to the Book, the late Mr Toland was the person who modelled the Translation, and has taken Care to expose revealed Religious [sic], Decency, and good Manners wherever he could find a Handle...’; d’oir do Raymond, Déan Bhaile Átha Troim, an t-aistriúchán a dhamnú trína cheangailt le húdar Christianity not Mysterious.

Is cosúil gur thrioblóid leis na duáin ba thrúig bháis do Toland. Is é 13 Márta 1722 an dáta báis ag Alan Harrison ina bheathaisnéis ach 11 Márta 1722 atá in DIB agus in Oxford DNB. Scríobh sé a fheartlaoi féin agus an méid seo ann: ‘He was an assertor of liberty, a lover of all sorts of learning, a speaker of Irish, but no man’s follower or dependent’ (Simms). Scríobh sé freisin Life of Milton, 1698; Account of Prussia and Hanover, 1705; The State-Anatomy of Great Britain, 1717; Nazarenus, 1718.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú