I léacht údarásach Osborn Bergin ar fhilíocht na scol i 1912 (i gcló in Irish Bardic Poetry: texts and translations together with an introductory lecture, 1970, in eagar ag David Greene agus Fergus Kelly) dúirt sé: ‘The best description of a bardic school is in the memoirs of the Marquis of Clanricarde, published in 1722, which gives us a fair idea of the training as practised in the early seventeenth century.’ Is é teideal na gcuimhní sin Memoirs of the Right Honourable the Marquis of Clanricarde, Lord Deputy-General of Ireland ... to which is prefixed a dissertation wherein some passages of these memoirs are illustrated. With a digression containing several curious observations concerning the antiquities of Ireland.

Saighdiúir ba ea Ulick de Burgh, Marcas Chlann Riocaird (1604–1657), agus ní móide go raibh spéis aige i litríocht na hÉireann. Ba é Tomás Ó Súilleabháin, is cosúil, a scríobh an Dissertation úd. Tá a bhfuil ar eolas ina thaobh ag Robin Flower in Catalogue of Irish mss in the British Museum III, 1953 agus sna cuntais ar an díospóireacht a lean foilsiú aistriúchán Dhiarmuda Uí Chonchubhair ar Fhoras FeasaChéitinn agus go háirithe in Ag cruinniú eala: Anthony Raymond (1675–1726), ministéir Protastúnach agus léann na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, 1988.

Baineann tábhacht lenar scríobh sé i dtaobh bheatha Chéitinn agus is leis a bhaineann aiste Bhriain Uí Chuív (‘An Eighteenth-Century Account of Keating and his Foras Feasa ar Éirinn’) in Éigse, geimhreadh 1960–61: ‘In 1811 William Haliday published an edition of the “Díonbhrollach” and the First Book of Foras Feasa ar Éirinn, and to it he prefixed a “Life of the Author” for which he drew on the 1722 “Dissertation”. Haliday’s “Life” was the source of much of what is contained in more recent accounts of Keating.’ Tá an méid de scríbhinn Uí Shúilleabháin a bhaineann le Céitinn agus leis an gConchubharach i gcló ag Ó Cuív. Is dóigh le Bernadette Cunningham (The world of Geoffrey Keating ..., 2000) gurbh é an Súilleabhánach a chuir tús leis an tuairimíocht go raibh Céitinn ag taisteal i mbréigriocht, é a bheith ina chónaí i bpluais sna Gaibhlte, agus a leithéid: ‘O’Sullevane, writing just prior to the publication of O’Connor’s English translation of Foras Feasa, had his own reasons for seeking to underestimate if not discredit Keating’s work.’

Is cosúil gurbh ó Thiobraid Árann don Súilleabhánach seo; bhí comhfhreagras aige le Tomás Ó Duinn éigin i gCaiseal i dtaobh cuimhní ar Chéitinn a mhair i dTiobraid Árann. Dúirt sé féin sa Dissertation: ‘... he has been bred up to literature from his infancy; has in Foreign Universities taken all the Degrees in the Civil Law, and resided in one of our Inns of Court these last Twelve Years.’ Chaith sé cuid mhór ama ag léamh i Leabharlann Harley agus d’iarradh an leabharlannaí ansiúd, Humphrey Wanley, a chomhairle i dtaobh nithe a bhain le hÉirinn. Dúirt seisean gurbh é a bhí ann ‘a very learned gentleman and the best skilled in the Irish Antiquities of any man I ever knew’.

Ce go gcuireann Ó Súilleabháin ‘extravagant accounts’ i leith Chéitinn, b’fhéidir go raibh beartaithe aige féin an Foras Feasa a aistriú agus gurbh in é an fáth ar thug sé go fíochmhar faoi Dhiarmuid Ó Conchubhair a luaithe a foilsíodh réamhfhógra i dtaobh a aistriúcháinsean. Dhearbhaigh sé gurbh é John Toland a bhí taobh thiar den obair go léir. Níl tada ar eolas faoi i ndiaidh 26 Márta 1726 nuair a scríobh sé chuig Wanley ón Wood Street Counter: bhí sé i ngéibheann ansiúd mar fhéichiúnaí agus é ag clamhsán gur cuireadh ann é go díreach agus clabhsúr á chur aige le stair a bhí sé a scríobh in aghaidh staraithe na hAlban. Cibé leabhar é féin níor foilsíodh riamh é.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú