An t-easpag Protastúnach seo, ar pholamait é, a scríobh The Irish historical library: pointing at most of the authors and records in print or manuscript, which may be serviceable to the compilers of a general history of Ireland, 1724. Tá tagairtí ann do: Maghnas Ó Domhnaill, Seathrún Céitinn, Aodh Mac Cruitín, Seán Mac Colgáin, Edward Lhuyd, Ruairí Ó Flaithbheartaigh, John Lynch, Risteard Pluincéad, Richard Creagh, John Richardson, Thomas Messingham, John Toland agus, gan amhras, luaitear leithéidí James Ware agus James Ussher. I mBaile Átha Cliath a foilsíodh an chéad eagrán sin agus tugadh an tríú heagrán amach i 1736 i Londain. Tá lua aige ar sheanleabhair na hÉireann – agus fiú ar Chaoilte Mac Rónáin! Chomh maith leis an stair anuas go dtí a aimsir féin tá stair aigeanta agus stair eaglasta i gceist aige. Cibé col a bhí aige leis an gcreideamh Caitliceach Rómhánach, ní mór a rá nach foláir nó bhí an leabhar seo ina chúnamh ag pobal an Bhéarla, é ina threoir do leabhareolas na hÉireann faoi mar a bhí i mbliain sin 1724. Bhí sé 68 bliain d’aois nuair a scríobh sé an litir tiomnaithe 30 Samhain 1723 agus faoin am sin ní raibh ach cúig bliana caite aige in Éirinn.

Tá cuntas ar a bheatha in Dictionary of national biography. Tá tagairtí ag Alan Harrison (Ag cruinniú meala: Anthony Raymond (1675–1726), ministir Protastúnach, agus léann na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, 1988) dá shaothar Éireannach; Raymond an tÉireannach ba mhó a thug cúnamh dó agus a d’aistrigh ón nGaeilge, le cur i gcló ina leabhar, an réamhrá a chuir Edward Lhuyd lena fhoclóir Gaeilge, rud nár admhaigh Nicolson. Is mar thoradh ar an staireolaíocht nua a fhéachann Harrison ar a shaothar Éireannach.

In Plumbland, Cumberland, a rugadh é Domhnach Cincíse 1655. Ministir ba ea a athair. Toghadh ina chomhalta d’Ollscoil Oxford é i 1679. An bhliain roimhe sin thug sé cuairt ar Leipzig chun Gearmáinis agus teangacha eile thuaisceart na hEorpa a fhoghlaim. Ba é a scríobh na cuntais ar an Danmhairg, an Iorua, an Pholainn agus an Íoslainn i gcomhair atlas Moses Pitt i 1680. Cheana féin bhí cáil air mar chompánach óil. Tar éis dó poist éagsúla eaglasta a bheith aige rinne easpag ar Carlisle de i 1702. Tugadh an gradam FRS dó i 1705.

Is í an tsraith Historical Library a mhórshaothar. Foilsíodh an trí imleabhar a bhain le Sasana 1696–99, agus cuid na hAlban i 1702. Ní dóigh go mbacfadh sé lena mhacasamhail a sholáthar i dtaobh na hÉireann murach gur ceapadh é ina easpag ar Dhoire i 1718. Deir an DNB i dtaobh a thamaill in Carlyle: ‘His tenure of the see was not uneventful, for Nicolson’s impetuosity involved him in perpetual warfare.’ Bhí de dhroch-cháil air in Éirinn gur dá ghaolta a thugadh sé arduithe céime. Tugadh ard-deoise Chaisíl agus Imligh dó in Eanáir 1727 ach d’éag sé den apaipléis 14 Feabhra na bliana sin sula bhféadfadh sé an t-aistriú a dhéanamh. Bhí sé pósta ar Elizabeth Archer ó Westmoreland agus bhí ochtar clainne acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú