D’fhoilsigh an file seo graiméar agus stair i mBéarla agus thug an oiread sin cúnaimh do Chonchubhar Ó Beaglaoich i bPáras agus é ag scríobh The English Irish dictionary: an foclóir Bearla Gaoidheilge (1732) gur meas comhúdair a bhíonn air de ghnáth. Múinteoir, scríobhaí agus ginealeolaí ba ea é freisin. Vincent Morley is grinne a rinne staidéar ar a bheatha agus a shaothar in An crann os coill: Aodh Buí Mac Cruitín c.1680–1755 (1995). Deir sé i mbrollach an leabhair: ‘Ní beathaisnéis é seo.... Is baolach nach bhféadfaí a leithéid a scríobh agus na foinsí chomh tearc is atá siad.’ Tugann sé mar shampla air sin nach bhfuil ainm a mhná ná líon a mhuirín ar eolas. Foilsíodh Aodh Buí Mac Cruitín (2012) ina bhfuil 21 dá dhánta curtha in eagar ag Vincent Morley. Tá ann innéacs a chlúdaíonn logainmneacha, daoine agus araile.

I gCill Mhic Creiche in aice le Lios Ceannúir, in iarthar an Chláir, a rugadh é. Conchubhar Óg ab ainm dá athair. Bhí a mhuintir ina n-ollúna le seanchas ag na Brianaigh, príomhtheaghlach an Chláir, leis na cianta. Tá cuntas air in DIB ag Vincent Morley c.1680-1755 na blianta breithe agus báis atá ann. D’fhoghlaim sé Béarla agus Gaeilge óna athair agus bhí ar scoil ag a fhear gaoil, Aindrias Mac Cruitín, agus bhí in ann Laidin a léamh. Dhealródh an scéal gur chaith sé tamall i gCiarraí agus é ina ógfhear. Phós Aodh agus bhí beirt iníonacha aige. In Field Day Anthology of Irish Writing IV (2002), sa chaibidil ‘Courts and Coteries II’ in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha, deir Pádraig A. Breatnach go raibh iníon aige, Úna, agus tá dán a chum sí, ‘A bhuime den bhród mhórdha ba rathamhail réim’, in eagar aige ann maille le haistriúchán. In 1701 rinne sé cóip de Eochair-sgiath an Aifrinn le Seathrún Céitinn. Bhí pátrúnacht le fáil sa Chlár go fóill ag filí. Chum Aodh dánta moltacha do Dhonnchadh Ó Lochlainn; scríobh sé lámhscríbhinn do Sir Donnchadh Ó Briain i Léim an Eich. Ba é a phríomhchuspóir, dar le Morley, a bheatha a thuilleamh lena pheann. Ach chomh maith le freastal ar a phátrúin, Brianaigh, Lochlannaigh agus Domhnallaigh, chumadh sé amhráin don choitiantacht, i dtús a shaoil go háirithe, rud a chabhraigh lena ainm a chur in airde i measc an phobail. Tá spiorad an tSeacaibíteachais go tréan i gcuid díobh.

D’aistrigh sé go Baile Átha Cliath tuairim 1713 agus chaith deich mbliana ann. Bhí sé ina bhall den ghrúpa arbh iad an triúr ba thábhachtaí díobh Tadhg Ó Neachtain, Risteárd Tuibear, agus Aodh féin; is dóigh gurbh é an scoláire ba mhó orthu é; ‘an crann os coill’ an cur síos air i ndán Thaidhg (‘Sloinfead scothadh na Gaoidheilge grinn’). Bhí aithne aige ann freisin ar Chathal Ó Luinín. Tuairimíonn Morley go raibh sé ag múineadh scoile sa chathair cuid den am ach ba é an gníomh is mó a rinne sé ann A brief discourse in vindication of the antiquity of Ireland (1717) a scríobh. An réamhfhógraíocht a rinneadh don saothar sin a d’fhág gur shac Sir Richard Cox (1650–1733) go neamhdhleathach i bPríosún Newgate é ar feadh bliana; b’eisean an príomhghiúistís, cúram cinsireachta polaitiúla air, agus bhí a leabhar Hibernica Anglicana damnaithe ag an bhfile in A brief discourse. ‘Is é is dóichí’, a deir Morley. ‘gur cuireadh an t-údar i bpríosún... chun foilsiú an tsaothair a chosc.’ Is cosúil gur de bharr thionchar a phátrúin, Sir Donnchadh Ó Briain, a scaoileadh saor é. Charles Lucas (1713–71), an polaiteoir a bhfuil a dhealbh i Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath, a thug an phríosúnacht sin chun solais le linn fothoghcháin in 1749. Tá Morley cinnte de go raibh Aodh mar oide ag Lucas sa Chlár. ‘Saothar aithriseach’ a thugann Morley ar an leabhar toisc gurb athscríobh ar Chéitinn an chuid is mó de. Deir Ó Buachalla (Aisling Ghéar, 1996); ‘B’é an saothar sin an chéad leabhar a foilsíodh in Éirinn san ochtú haois déag a raibh sé d’aidhm aige stair na hÉireann, ó thaobh na ndúchasach de, a chur ar fáil.... I mBaile Átha Cliath, faoi shróin an Stáit, agus i dteanga an Stáit, a d’fhoilsigh Mac Cruitín a shaothar réabhlóideach.’ Tábhacht bhreise a bhaineann leis, ó thaobh staraithe de, is ea an liosta atá ann de 238 síntiúsóirí; ‘Is deacair an liosta sin a iniúchadh gan a thuiscint go bhfuil ráiteas dúshlánach polaitiúil i gceist, dá íogaire é’ (Ó Buachalla).

Le linn dó a bheith i mBaile Átha Cliath d’aistrigh sé ábhar do Anthony Raymond agus d’oibrigh d’Aaron Crossly, péintéir araltais. Is cosúil go raibh sé i bfiacha tuairim 1722 agus gur fhill sé abhaile. Meastar go raibh sé ag múineadh scoile ar feadh an ama go ndeachaigh sé go Lováin in 1728. B’fhéidir go raibh caidreamh aige le cuid de na Proinsiasaigh ansiúd ach an príomhfháth a ndeachaigh sé ann ná chun The elements of the Irish language grammatically explained in English (1728 a fhoilsiú). ‘Níl ann i ndáiríre’, a deir Morley, ‘ach achoimre ar ghraiméar lámhscríofa leis an Athair Proinsias Bhailis.’

Ceann de na heachtraí is inspéise i saol Mhic Chruitín gur liostáil sé mar shaighdiúir singil i reisimint Thiarna an Chláir i bhFlóndras 12 Deireadh Fómhair 1728. Aimsíodh a ainm i rollaí na reisiminte, ‘Hugo Macurtin’, a rugadh sa Chlár, é 48 bliain d’aois agus é cúig throigh sé horlaí ar airde. D’fhág sé an t-arm 20 Lúnasa 1729. Ganntanas airgid, b’fhéidir, nó gur mhian leis aithne a chur ar Thiarna an Chláir, an fáth a ndeachaigh sé san arm. Chum sé dán le linn dó a bheith ina shaighdiúir agus tá sé i gcló ag Morley (Seán Ó Mainnín a chuir in eagar) in Eighteenth-Century Ireland, 1993 (‘Aodh Buí Mac Cruitín: File Gaeilge in Arm na Fraince’). Is é a bhaineann sé as an dán gur mhaith le comrádaithe an fhile, agus iad ag ól sláinte a chéile um Nollaig, a chlos go raibh cogadh idir an Fhrainc agus Sasana á thuar, in ainneoin na síochána a bhí le tamall eatarthu.

I bPáras chuir sé aithne ar Chonchubhar Ó Beaglaoich, agus chabhraigh leis chun an foclóir a scríobh. Cuireadh leagan dá ghraiméar i gcló in éineacht leis an bhfoclóir. Deirtí gur chaith sé na seacht mbliana dár gcionn mar oide i dteaghlach an mhic ba shine ag Rí na Fraince. ‘Ni féidir a rá anois cad ba bhun leis an traidisiún a d’aithris Séamus Mc Cuirtin agus Brian Ó Luanaigh, ach dealraíonn sé gur fabhalscéal gan bhunús atá ann’ (Morley). Faoi 1738, bhí Aodh ar ais sa Chlár. Chaoin sé Aindrias Mac Cruitín an bhliain sin. Ní raibh an saol go maith in Éirinn ó 1739 go 1741: drochaimsir bliain amháin, barraí á loisceadh ag triomach bliain eile, gorta. Ach faoi 1743, bhí Seacaibítigh dóchasach agus is ar Aodh a leagtar ceann de na dánta is ainmheasartha dár cumadh timpeall an ama sin.

Bhí seanúdair ar nós Mhichil Uí Raghallaigh agus Shéamuis Mhic Cruitín ar aon fhocal gurbh i gCill Mhic Creiche a d’éag sé in 1755 agus gurbh ann a cuireadh é. Ach dar le Samuel Lewis (Topographical dictionary of Ireland, 1837) gurbh i gCill Bhaodáin in aice le Cora Finne a cuireadh é. Deir Morley gurbh ann a bhí cónaí ar a iníonacha nuair a fuair Tomás Ó Gormáin a chuid páipéar uathu le tabhairt leis chun na Fraince. Roghnaigh Ó Tuama agus Kinsella dán leis, ‘Do Chlann Tomáis’, in An duanaire 1600–1900: poems of the dispossessed (1981).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú