Ba é a scríobh an chéad leabhar Caitliceach i nGaeilge dár cuireadh i gcló, An Teagasg Criosdaidhe (1611). Is ródhóigh gur le hairgead a fuair na Proinsiasaigh ó Roibeard Mac Artúir a foilsíodh é. In Irish Ecclesiastical Record, Eanáir 1942 (‘The Catechism in Irish: Bonaventure O’Hussey’) deir Thomas Wall faoi: ‘... the Teagasg Críosdaidhe, was the foundation stone of printed religious literature in Irish. To it as to a fountain... have gone the authors of other catechetical and devotional books, to draw from it freely for their own use. It gave an impetus to the composition of little books of religious instruction in Irish, that came to an end, perhaps, only with the death of the lame schoolmaster of Cappoquin, Patrick Denn, towards the middle of the nineteenth century.’ In Catholic instruction in Ireland 1720–1950 (1983) deir Michael Tynan: ‘All the texts that follow are indebted to O’Hussey’ agus luann sé Stapleton , Gearnon, Ó Dubhlaoich, Ó Maolmhuaidh. Is é a dúirt Aodh Mac Aingil faoina chomhghleacaí in Scáthán shacramuinte na haithridhe: ‘Ór, gé go bhfuilid mórán daoine foghlamtha ag ár náision ... ní bhfuil díobh agus ní roibhe lé fada d’aimsir duine coimhdheas agus comhóirdheirc lé Bonauentura a léighionn, a nGaoidhilg, agus a ccrábhadh.’ Deir Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [II] (1980) faoina chaiticeasma: ‘Sé an t-aon leabhar próis amháin é atá againn ó láimh dhuine a raibh iomlán eolas an dána dhírigh aige. Dá bhrí sin is tábhachtaí de leabhar é ná leabhair phróis an Chéitinnigh dá fheabhas a shaotharsan.’ Agus deir an t-údar céanna: ‘Chomh fada lenár n-eolas is in aigne Bhonaventúra Í Eodhosa amháin a tháinig iomlán an dá shruth mhóra léinn le chéile: foirfeacht eolais ar an nGaeilge agus foghlaim na Mór-roinne i Laidin, i ndiagacht agus i bhfealsúnacht’ (idem). Tá cuntais air: ag Tomás Ó Cléirigh in Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaedhilge i Lobháin (1936); agus ag Cuthbert Mhág Craith sa leabhar thuas.

I mBaile Uí Eodhasa, Co. Fhear Manach, a rugadh é, b’fhéidir. Deirtear go raibh gaol gairid aige le hEochaidh Ó hEodhasa, gurbh é a dheartháir é, b’fhéidir. Bhí cáil an léinn agus na filíochta ar a mhuintir leis na cianta. Bhí sé ag déanamh léinn le muintir Dhálaigh na Mumhan – ‘an cine is iomráití le léann dá raibh in Éirinn riamh’ (Mhág Craith). Cois Máighe i gContae Luimnigh a bhí an scoil acu agus is ansin a d’éirigh sé eolach ar an dán díreach. D’Aodh Rua Ó Domhnaill a chum sé an chéad dán dá dhéantús dá bhfuil ar marthain ach tuairimítear freisin gurbh é a chum roinnt de na dánta atá leagtha ar Eochaidh Ó hEodhasa. Is cosúil go raibh sé ag gabháil don fhilíocht go dtí tuairim 1600. Chuaigh sé le sagartacht in Douai in 1604 agus bhain céim mháistir amach ann. Ba mhian leis aistriú go hOllscoil Lováin agus d’éirigh leis a mhian a fháil. Tá a ainm sa chéad áit i liosta na n-ábhar sagairt ar glacadh leo i gColáiste San Antaine 1 Samhain 1607. Ghlac sé le Bonaventura mar ainm crábhaidh agus oirníodh é in Malines 4 Aibreán 1609. Bhí sé ina léachtóir i Lováin i bhfealsúnacht ar dtús agus ansin sa diagacht.

Ba é an Teagasg Criosdaidhe an chéad leabhar de shraith Ghaeilge a d’fhoilsigh Proinsiasaigh Lováin i bhfeachtas an Fhrith-Reifirméisin. Foilsíodh é in Antwerp in 1611; cuireadh amach arís é i Lováin in 1615, nó roimh 1619, agus cuireadh trí dhán leis i gcló ann, ar ceann díobh ‘Truagh liomsa, a chompáin, do chor’; agus chuir an Propaganda Fide an tríú heagrán amach sa Róimh in 1707 (‘Teagasc Críostaí Uí Eoghasa’ le Fearghal Mac Raghnaill OFM in Galvia VIII, 1961). Is ar theagasc Chomhairle Thrionta, gan amhras, a bhunaigh Ó hEodhasa é. Bhí sé á léamh go forleathan ag saighdiúirí Éireannacha sa Fhrainc agus san Ísiltír. Chuireadh misinéirí ó Lováin ar fáil é do Chaitlicigh na hAlban ó 1618 amach. I nGaeilge shimplí sholéite atá sé. Deir Mac Raghnaill, a chuir eagar ar eagrán 1976, i dtaobh cumas Ghiolla Brighde mar fhile: ‘Ní dócha go mbeadh an oiread sin cáile ar shaothar Uí Eoghasa meireach an Teagasc Críostaí a ndán. Sa chuid seo dá thráchtas, feicimíd bua na teangan ag an údar níos fearr ná in aon áit eile, is a rá go raibh ar a chumas achoimre a dhéanamh ar dhoimhinfhírinní an Chreidimh i gcúpla line de dhán, an teanga a lúbadh is a chasadh le gach fírinne acu a chur i gcéill go simplí sothuigse – agus milse na filíochta mar mhaise ar an iomlán.’ Deir Thomas Wall mórán an rud céanna: ‘In the verse portion he uses his mastery of the art of condensation to pack truths into pithy, easily memorised stanzas.’ Tá an chuid fhileata sin i gcló in Dán na mBráthar Mionúr [I]. Foilsíodh ranna Uí Eodhasa freisin in Suim bhunudhasach an teaguisg Chríosdaidhe a bprós agus a ndán (1663) le Seán Ó Dubhlaoich, i dteagasc Críostaí Aindriais Uí Dhuinnshléibhe , in The e;ements of the Irish language le hAodh Mac Cruitín, agus i leabhar Phóil Uí Longáin, Gairdín an anama (1844) (Mac Raghnaill).

Scríobh sé Rudimenta Grammaticae Hibernicae am éigin idir 1606 agus 1614. I Laidin atá trí chuid de, agus tráchtas Gaeilge ar ‘ealadhain an dána Gaoidhealda’ is ea an ceathrú cuid den saothar. Tá sé aistrithe go Gaeilge ag Séamus de Napier: Comhréir agus Gramadach Ghaeilge Uladh i 1600: Rudimenta Grammaticae Hibernicae (2001). Bhí graiméar Aodha Bhuí Mhic Chruitin , 1728 agus an graiméar a d’ullmhaigh Proinsias Bhailís faoi chomaoin ag an obair seo. Ba ann a rangaíodh den chéad uair ainmfhocail na Gaeilge i ndíochlaonta ar nós na Laidine (Tomás Ó Concheanainn i léirmheas a rinne sé in Éigse, geimhreadh 1968). Foilsíodh den chéad uair é in Graiméir Ghaeilge na mBráthar Mionúr (1968) in eagar ag Parthalán Mac Aogáin. An bholgach ba thrúig bháis dó 15 Samhain 1614. Bhí sé ina Ghairdian ar an gcoláiste i Lováin ag an am. Tá 11 dhán, arbh é is cosúil a chum, i gcló in Dán na mBráthar Mionúr [I] (1967), móide dán amháin arbh fhéidir gur dá dhéantús é. Sa saothar céanna tá aguisín faoin teideal ‘Dánta a chuirtear síos i ndearmad do Bh. Ó hEodhasa’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú