‘He probably did more for the preservation of the Catholic Faith and the Irish language than any other writer in the seventeenth or even the eighteenth century’, a dúirt Anselm Faulkner OFM [Ó Fachtna] in Journal of Co. Louth Archaeological and Historical Society XVIII. Uimhir 3, 1971 (‘Anthony Gearnon OFM and the Irish Remonstrance’). A leabhar Parrthas an Anma is cúis leis an gcáil sin. Chuir Ó Fachtna eagrán ar fáil in 1953. Ba é Gearnon an cúl taca agus an cara ba mhó ag an bProinsiasach Peter Walsh, ceannasaí na cléire ar mhian leo móid dílseachta don choróin a ghlacadh agus a fhógairt go hoscailte tosaíocht a bheith ag an Rí ar an bPápa i gcúrsaí teamparálta, é ar fad ar mhaithe le nach mbeadh bac ar chleachtadh an chreidimh Chaitlicigh. Figiúr conspóideach é Gearnon dá réir sin i bpolaitiocht chasta na tréimhse 1641–70.

Is cosúil gur i gContae Lú a rugadh é, i mBaile an Ghearlánaigh, b’fhéidir. Ba de shliocht ardaicmeach Normannach a mhuintir. Bhí gaol aige leis an nGinearál Thomas Preston (1585–1655) a bhí i gceannas fhórsaí Chomhchomhairle Chill Chainnigh i gCúige Laighean. Lig sé eastát bréa uaidh nuair a chuaigh sé isteach sna Proinsiasaigh. Dúirt Peter Walsh faoi: ‘I could say, a gentleman too (if you will have this circumstance of blood to be of moment) and who, for Christ, despised a fair estate descended to him by inheritance, and chose the Order of St. Francis.’ Deir Thomas Wall gurbh i bPrág a cuireadh oideachas air (‘Doctrinal instruction in Irish: the work of Anthony Gearnon, OFM’ in Irish Ecclesiastical Record, Bealtaine 1944). Rinneadh deagánach i gColáiste San Antaine i Lováin de 23 Nollaig 1634 agus oirníodh é 7 Aibreán 1635. Ceithre bliana ina dhiaidh sin cheap an tOrd é féin agus Walsh mar oidí faoistine agus seanmóirithe. Chaith sé tamall in Éirinn agus deir Ó Fachtna: ‘Ag obair dó ar na misiúin (1639–44) chonnaic Gearnon comh haineolach is a bhí na daoine sa teagasc críostaí agus spreagadh é chun leabhar a scríobh mar chabhair dóibh. Fuair sé an deis nuair a toghadh é mar bhiocáire ar Choláiste San Antaine i Lováin sa mbliain 1644 agus scriobh sé Parrthas an AnmaAntoin Gearnon, Brathair bochd dord S. Phroinsias a ccolaisde S. Antoin a Lobhain (1645). Deir Ó Fachtna gur ar éigean a foilsíodh leabhar spioradálta i nGaeilge riamh a thaitin chomh mór céanna leis an bpobal. Gaeilge shimplí atá ann, ‘an Ghaeilge is simplí dá bhfuil le fáil in aon leabhar spioradálta sa 17ú haois’. San aiste ar Gearnon in Journal of Co. Louth Archaeological and Historical Society, deir Ó Fachtna go raibh cóipeanna den leabhar le feiceáil i ngach aird den tír ar feadh dhá chéad bliain. Deir Robin Flower faoi: ‘The popularity of the work is attested to not only by the frequent transcripts of the whole book or of selected parts but also by the use by Irish scribes of tailpieces and initial letters borrowed from it’ (Catalogue of Irish MSS in the British Museum, lmleabhar II). Ba é an chéad leabhar Gaeilge é inar baineadh leas as pictiúir. Tá roinnt ábhair as Teagasc Criosdaidhe Bonaventura Uí Eodhasa ann. Bhain Froinsias Ó Maolmhuaidh leas as in Lucerna Fidelium.

Ó 1643 bhí sé sáite i bpolaitíocht na hÉireann agus an oird. ‘Ní raibh sé ar aon intinn lena lán dá chomhbhráithre faoi chúrsaí polaitíochta na linne agus tugann scéal a bheatha léargas dúinn ar an easaontas agus ar an bhfíoch a d’éirigh idir Gaeil i ndaicheadaí na haoise corraithe seo’ (Traidisiún Litearta na nGael, 1979 le Williams agus Ní Mhuiríosa). Bhí sé ag taobhú leis na ríogaithe in aghaidh na Comhchomhairle. Ag caibidil an oird i Mainistir an Rois, Co. na Gaillimhe, in 1647 ainmníodh ina ghairdian é ar chlochar Dhún Dealgan. Ag an gcaibidil sin a tosaíodh ar iarrracht ar chúige Phroinsiasach na hÉireann a roinnt ina dhá leath. Bhí Gearnon ar son na n-athruithe ach níor éirigh leis an bplean agus is dóigh gurbh é nuinteas an Phápa, Rinnucini, ba chúis leis an teip. Ní rófhada a bhí Gearnon i gceannas i nDún Dealgan. Bhí an lámh in uachtar ag lucht Rinnucini agus na Comhchomhairle ar na ríogaithe ag caibidil a tionóladh sa Chabhán in 1648 agus aon duine nach raibh ag aontú leo cuireadh as oifig é. I gCill Chainnigh rinne ciréibithe iarracht ar Ghearnon agus daoine eile a mharú. Ag caibidil ann 7 Iúil 1649 d’éiligh Gearnon go raibh sé fós ina ghairdian ar Dhún Dealgan de réir dlí. Ach a luaithe a bhí sé soiléir go raibh Cromail ar tí teacht ghéill Gearnon, Walsh agus a lucht leanúna ag caibidil i gCill Chonaill, Co. naGaillimhe, agus d’iarr maithiúnas ar an bproibhinsial.

Is cosúil go raibh air teitheadh thar lear ag an am seo. Ach bhí sé ar ais ina ghairdian ar chlochar i mBaile Átha Cliath in 1656. Gabhadh é agus ar dtús daoradh chun báis é (‘Ordered, That it be, and is hereby referred to ye Lord Chief Justice Pepys to give Order for ye transporting unto France one Anthony Gearnon a popist Priest lately apprehended and now under custody of Philip Peak Marshall to ye four courts in Dublin. Dated at ye Councel Chamber in Dublin 30th July 1656’ – i gcló ag Faulkner). Chaith sé tamall i bpríosún sular díbríodh é. Bhí sé tamall sa Fhrainc agus scríobh litir chuig an Congregatio de Propaganda Fide ag cur síos ar riocht na heaglaise in Éirinn faoi bhráca Chromail. Bhí sé ina shéiplíneach ag máthair Shéarlais II i bPáras. D’fhill sé ar Éirinn agus bhí baint ghníomhach aige le Mórghearán 1661, nó an ‘Loyal Formulary or Irish Remonstrance’, arb é a bhí ann ráiteas a thug aitheantas d’údarás an Rí thar udarás an Phápa. Bhí seo bunaithe ar dhiagacht an Ghailleachas sa Fhrainc agus cháin an Róimh agus Dámh na Diagachta i Lováin é. Bhí cónaí ar Ghearnon i mBaile Átha Cliath go dtí gur bhagair an tArdeaspag Peter Talbot go gcuirfeadh sé faoi choinnealbhá é. D’imigh sé leis go Dún Dealgan. In 1668 d’ainmnigh an tAthair James Taaffe é féin go mídhleathach mar Bhiocáire Aspalda na hÉireann agus cheap sé Gearnon mar visitator aspalda ar thrí dheoise. B’fhéidir gurbh amhlaidh a shíl Gearnon go raibh údarás ón bPápa ag Taaffe. Ceapadh ina ghairdian ar Dhroichead Átha é agus ina definitor 23 Lúnasa 1675. Ar 2 Feabhra 1677 atá an tagairt is deireanaí dó. Duine chomh conspóideach leis, is ait nach fios cathain a cailleadh é. Is dóigh le Vincent Morley in Dictionary of Irish Biography, 2009 gur éag sé lá éigin idir Eanáir 1677 agus Lúnasa 1678.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú