B’as Gleann Ghaibhle i gContae an Chabháin dó agus tá an chuma air gur dhuine de na mionuaisle Gaelacha é. Ba é an file barrúil é a chum ‘Pléaráca na Ruarcach’; tuairim 1712 a chum sé é agus tá an dáta 1714 leis an gcóip is sine. Chuir Jonathan Swift leagan Béarla den amhrán i gcló i 1735 faoin teideal ‘The Description of an Irish Feast’; i 1720 a chum sé an leagan sin. Tuairim 1726 a cuireadh ceol Thoirdhealbhaigh Uí Chearbhalláin i gcló agus in Carolan: The Life Times and Music of an Irish Harper, 1958 tá cuntas ag Donal O’Sullivan ar an amhrán Gaeílge a bheith i gcló ag Charles Vallancey agus Charles Henry Wilson i 1782 (d’aistrigh seisean go Béarla é freisin), agus ag Thady Connellan in 1825, agus ar na teagmhálacha a bhí, más fíor, ag Mac Gabhráin agus ag Cearbhallán le Swift. Is dóigh leis an Súilleabhánach gur do Bhrian na Múrtha Ó Ruairc agus dá fhéile a chaitheadh sé le daoine ina chaisleán i nDroim dhá Thiar, Co. Liatroma, na tagairtí san amhrán. Tuairimíonn Alan Harrison (Ag Cruinniú Meala, 1988) gurbh é Anthony Raymond a thug cabhair dá chara Swift chun leagan den amhrán a chumadh. Pléann Andrew Carpenter agus Harrison an scéal ar fad in Proceedings of the first Münster Symposium on Jonathan Swift, 1985.

D’fhoilsigh Tomás Ó Rathile dán le Tadhg Ó Neachtain, ‘Sloinfead scothadh na Gaoidhilge grinn’, san aiste ‘Irish Scholars in Dublin in the early Eighteenth Century’ (Gadelica, a Journal of Modern-Irish Studies, 1912–1913). Glactar leis coitianta gur don fhear s’againne an tagairt sa line ‘Aodh Mac Gabhráin, an Gaedhul glic’ agus dá réir sin gur chaith sé tamall i mBaile Átha Cliath. Gan amhras d’fhéadfadh sé go raibh aithne aige ar Swift sa chathair. Tá insintí go leor i dtaobh na caoi ar adhnadh spéis an Déin san amhrán. Thuairiscigh J.C. Walker in Historical Memoirs of the Irish Bards, 1786 go mba chara le Mac Gabhráin an Tiarna Seansailéir Sir Richard Cox agus tuairimíonn Ó Súilleabháin gurbh é Cox a thug an bheirt le chéile. Tuairimítear freisin gur casadh ar a chéile iad, b’fhéidir, i dteach an Urr. Tomás Ó Sioradáin (1687–1738) i gCuilceach, Co. an Chabháin. D’aimsigh Ó Súilleabháin cuntas a scriobh Dubhghlas de hlde ar thraidisiún eile in Nation 15 Samhain 1890: ‘According to this, Swift first heard the song while staying with one of the Gores of Co. Leitrim. Swift was delighted with it and, at his request, his host arranged a meeting with MacGauran. Gore “said that if the Dean would ask him [MacGauran] he would explain the meaning of that song to him either in Latin or English, as he knew both languages as well as Gaelic”.’ Ach, sular síneadh méar i dtreo Raymond, ba é an rud ba ghnáthaí a deirtí gurbh é Cearbhallán a thug cabhair do Swift. ‘Achasán an Mharcaigh’ an dán cáiliúil eile a leagtar ar Mhac Gabhráin (i gcló inNua-Dhuanaire II, 1976 agus in An Duanaire..., 1981).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú