Fág ceol agus dánta as an áireamh, is iad na fáthanna a raibh cáil riamh ar an gcláirseoir dall seo: an sórt saoil a chaith sé ag taisteal na hÉireann; go gcuirtí fáilte roimhe i dtithe móra; a raibh de dhaoine cáiliúla, idir Ghaeil agus Ghaill, ar a lucht tacaíochta; gurbh air thar aon fhile eile a bhí aird nuair a tosaíodh ar spéis a chur sa tseanlitríocht; gur de bharr míthuisceana go síltí gur de chineál na seanfhilí é; gur mhair a cheol taitneamhach i scríbhinní. Ó scríobh Oliver Goldsmith an aiste ‘Carolan, the Last Irish Bard’ in British Magazine, lúil 1760 is beag má bhí aon fhile Gaeilge, ná go deimhin aon chumadóir Éireannach, ar tugadh an oiread céanna airde air. Chuir Joseph Cooper Walker cúig cinn dá dhánta Gaeilge agus cuntas ar a bheatha i gcló in 1786. Chruinnigh Myles John O’Reilly cibé eolas a bhí fanta i gcuimhne daoine agus bhí Éadbhard Ó Raghallaigh ag cabhrú leis san obair sin. Foilsíodh an chéad bhailiúchán dá amhráin in An duanaire, fonna seanma.... A selection of Irish melodies, poems and moral epigrams (1829) le Thady Connellan.

In Carolan: the life times and music of an Irish harper (1958), dhá imleabhar, tá cuntas ag Donal O’Sullivan, ní hamháin ar chúrsaí a shaoil agus a cheoil, ach ar an uile dhuine a raibh baint aige leis, ar na daoine go léir ar chum sé foinn agus amhráin dóibh, 213 duine san iomlán, ar a phlaosc agus ar cad a d’éirigh dó, ar an tionchar a bhí ag ceol na hIodáile air, ar an mbéaloideas, ar an tórramh a cuireadh air. Tugadh eagrán nua amach in aon imleabhar amháin in 2001 agus foinn agus eolas breise faoi fhoinn ann ag Bonnie Shaljean. Tá cur síos maith air ag Nollaig Ó Muraíle in Léachtaí Cholm Cille IV: Litríocht an 18ú hAois, 1975 (‘Toirialach Ó Cearúlláin’). Gráinne Yeats a scríobh an cuntas in New Grove dictionary of music and musicians (1980) (an dara heagrán 2001). Chuir Tomás Ó Máille eagar ar a shaothar fileata in Amhráin Chearbhalláin (1926). Moltar, más go patuar féin é, na hamhráin ghrá a chum sé dá bhean Máire Mhaguidhir, do Bhríd Cruise agus do Mháible Ní Cheallaigh agus tugtar a bheith istigh i nduanairí don amhrán ‘Cupán Uí Eagdra’. Ach seo é breithiúnas Phiarais Béaslaí ar a shaothar: ‘Do bhí clú mór ar Thoirdhealbhach Ó Cearbhalláin mar fhile lena linn, ach ba é feabhas a cheoil faoi ndeara é. Do cuireadh mórán amhrán ina leith nár cheap sé. Do bhí bua an cheoil aige ach ní raibh ach beagán d’fhéithe na filíochta ann’ (Éigse Nua-Ghaedhilge II [1934]). Admhaíonn Breandán Breathnach (Ceol agus rince na hÉireann [1989]) ‘gurb é an file agus an ceoltóir de Chlanna Gael é is mó a bhfuil tuairisc agus eolas le fáil faoina shaol agus faoina shaothar’ ach deir sé: ‘Ní cláirseoir foirfe a bhí ann ná níor cheoltóir é a raibh oiliúint faighte aige ar an gceol mar ábhar léinn. Glaschumadóir ba ea é arbh iad a chuid gearraistí ceoil an chuid ab fhearr den chumadóireacht aige. Is buille den tsamhlaíocht a áitiú gur chumadóir a bhí ann a shnaidhm nó a shnaimhfeadh dhá chultúr, ceol léinn na hEorpa agus ceol dúchasach na hÉireann ina chéile nó go bhfuil tábhacht ar leith leis dá réir sin, sa saol corrach atá anois ann.’ Deir sé freisin nár mhair aon cheann dá amhráin ag na daoine mar a mhair amhráin Raiftearaí. ‘Nuair a chuirtear gach rud san áireamh mar sin is deacair a shéanadh nach beag tábhacht atá leis an gCearbhallánach ó thaobh an cheoil nó ó thaobh na filíochta de...’. Deir Ó Muraile: ‘Ní minic a bhíonn ardchaighdeán filíochta i véarsaí Chearúlláin, ach níl aon chaill ar an gcéad amhrán dár chum sé do Bhríd Crús.... Tá dáiríreacht agus samhlaíocht ag roinnt leis nach iondúil ina shaothar...’.

In aice leis an Obair i gContae na Mí a rugadh é. Feirmeoir a athair, Seán, ach luaitear freisin gur ghabha dubh a bhí ann. An ghaibhneacht, b’fhéidir, a thug an teaghlach go dtí ceantar Chora Droma Rúisc mar a raibh gnó ceártaí iarainn ag muintir St. George agus ina dhiaidh sin go dtí paróiste Chill Rónáin i Ros Comáin mar a raibh gnó iarainn ag muintir Mhic Dhiarmada Rua i mBaile Átha Fearnáin. Bhí Toirdhealbhach tuairim 14 bliana d’aois ag fágáil na Mí dóibh. Chuir Máire Mhic Dhiarmada spéis sa bhuachaill óg. Ní raibh sí ach ceithre bliana níos sine ná é agus d’fhéach sí chuige gur cuireadh oideachas air; is cosúil nár fhoghlaim sé Béarla go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. Chaill sé radharc na súl de dheasca na bolgaí in aois 18 bliana dó agus chuir Bean Mhic Dhiarmada é a fhoghlaim na cláirsí ar feadh trí bliana ó chláirseoir dar sloinne Mac Diarmada Rua. Nuair a bhí sé ina cheoltóir déanta thug sí capall, treoraí agus airgead dó agus thosaigh sé ag taisteal. Phós sé Máire Mhaguidhir ó Fhear Manach ar ball; bhí feirm bheag acu in aice le Maothail i gContae Liatroma agus rugadh mac agus seachtar iníonacha dóibh. Cláirseoir nach raibh aon iomrá air ba ea an mac; deirtear gur fhoilsigh sé cnuasach d’fhoinn an athar in 1747 agus thug cláirseach Chearbhalláin go Londain leis agus go raibh ag múineadh na cláirsí ann. Phós duine de na hiníonacha an Captaen Sudley agus chum Cearbhallán an fonn ‘Captain Sudley’ don ócáid. Ní luann O’Sullivan aon ghaol a bheith aige le Pól Ó Briain; deirtear de ghnáth go raibh an sagart sin síolraithe ó dheirfiúr leis. D’éag Máire Mhaguidhir in 1733 agus chaoin Cearbhallán í: ‘Fuair mé seal in Éirinn go haerach is go sóúil, / Ag ól le gach tréinfhear bhí éifeachtach ceolmhar; / Fágadh ‘n déidh sin liom féin mé go brónach / I ndeireadh mo shaoil ’s gan mo chéile bheith beo agam.’

Chaith sé a shaol ag taisteal, fiú tar éis dó pósadh. Dar leis an Súilleabhánach go dtugadh sé cuairt ar shé chontae i gCúige Uladh, ar gach contae i gConnachta agus ar shé cinn de chontaetha uachtar Laighean. An Clár an t-aon chontae sa Mhumhain a thaithíodh sé. Is toisc go gcumadh sé foinn do na pátrúin go léir go bhfuil eolas maith againn ar a chamchuairteanna. I gcás na n-amhrán, is iad na foinn a chumadh sé ar dtús agus ansin focail a chur leo. Deirtear gur ar chnaipí a chóta, mar dh’ea gurbh iad línte agus spásanna an cheoil iad, a dhéanadh sé an chumadóireacht. Is léargas ar leith ar shaol na dtithe móra gur mar dhuine a bhí ar chomhchéim leo féin a chuireadh idir uaisle agus mionuaisle fáilte roimh an gcláirseoir agus go n-éisteadh siad le hamhrán Gaeilge; gan amhras bhí taithí mhaith acu ar an teanga agus eolas ag cuid acu uirthi. Cuid mhór de na scéalta barrúla a insítear faoi Chearbhallán baineann siad leis na cuairteanna sin. Is léir go raibh dúil aige san ól agus sa chomluadar a bhíonn in aice leis. Mhúineadh sé ceol na cláirsi i gcuid de na tithe. Bhí aithne aige óna óige ar mhuintir Bhéal Átha na gCarr agus ba é a mhúin ceol do Chathal Ó Conchubhair; dá athair a chum sé ‘Donnchadh Mac Cathail óig’ agus don mháthair ‘Mailí na ráite suairc’. I measc na ndaoine a raibh aithne aige orthu bhí Cathaoir Mac Cába, Toirdhealbhach óg Mac Donnchadha, Séamus Dall Mac Cuarta, Pádraig Mac a Liondain, Aodh Mac Gabhráin, Pilib Mac Brádaigh, an Dochtúir Patrick Delany, ollamh i gColáiste na Tríonóide agus cara le Swift, gan trácht ar na pátrúin go léir.

Deirtí sna cuntais luatha go raibh aithne aige ar Francesco Geminiani (1667–1762), cumadóir Iodáileach a ceapadh in 1728 ina cheann ar cheol an stáit in Éirinn. Níl amhras ach gur thaitin ceol na hIodáile go mór le Cearbhallán agus go bhfuil sin le haithint ar chuid dá chumadóireacht. Tá cuma an bhéaloidis ar chuid de na cuntais agus is é fianaise Chathail Uí Chonchubhair nár casadh Geminiani air. Is é a deir an Súilleabhánach; ‘Amid such a tangle of testimony any positive opinion is worthless.’ Deir Breathnach: ‘Is léir ar a chuid ceoil gur tháinig sé faoi anáil cheol na hIodáile, ach más é go bhfuil blas na hIodáile le sonrú ar chuid dá cheol, ní fhágann sin go raibh aon mhórchumas aige ar an gceol sin.’ Tá ‘Coinséarto Chearbhalláin’ ar cheann de na píosaí leis a sheinntear go minic agus deir Breathnach ina thaobh: ‘Ní anuas chugainn i dtíolacadh na sean ach as cnuasach clóbhuailte a tháinig an “Concerto” agus na plancstaithe a bhíonn á spreagadh ag ceoltóirí anois.’ Meabhraíonn Ó Muraile dúinn nach bhfuil fianaise ar bith ann gur spéis le Cearbhallán cruachás na cosmhuintire, in ainneoin a chúlra féin.

Nuair a bhraith Cearbhallán an bás chuige rinne sé a bhealach go dtí Baile Átha Fearnáin mar a ndearna a sheanchara Bean Mhic Dhiarmada Rua ardchúram de. D’éag sé ar 25 Márta 1738. Cuireadh tórramh ceithre lá air agus tháinig na sluaite ó chian agus ó chóngar, cláirseoirí ina measc. Cuireadh é i gCill Rónáin. Scríobh Cathal Ó Conchubhair ina dhialann: ‘Dia Sathairn, an XXV lá don Mhárta, 1738. Toirdhealbhach Ó Cerbhulláin an tsaoi inntleachtach agus príomh-oirfideach ciúil na hÉireann uile d’fhaghail bháis aniu...’. Tá feartlaoi leis i gcló in Nua-dhuanaire II (1976): ‘De réir an tseanchais chum Ó Cearbhalláin an feartlaoi seo nuair a dúradh leis (ní nárbh fhíor) go raibh a chara Cathaoir Mac Cába marbh agus curtha. I leaganacha eile deirtear gurbh é Mac Cába a chum é ar bhás Uí Chearbhalláin.’ Chum Cathaoir Mac Cába tuireamh ar Chearbhallán.

Is é focal scoir Uí Shúilleabháin: ‘In an age of pallid gloom for Ireland, this blind harper brought something new to his country’s music, a kind of puckish joyousness which before it had seemed to lack, with here and there a sunbeam captured from the perennial sunshine of Italy. He made many a noble song in praise of fair women and gallant men, now long dead, whose names still live in the grace and charm of these melodies.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú