Is minic a shamhlaítí a bhás le deireadh thraidisiún liteartha na Gaeilge, á thabhairt le fios gurbh é file mór deireanach an 18ú haois é, peirspictíocht a dtéann Breandán Ó Buachalla i ngleic léi in Nua-Léamha: Gnéithe de Chultúr, Stair agus Polaitíocht na hÉireann... (1996) (‘Canóin na Creille: an File ar Leaba a Bháis’). Tagraíonn Declan Kiberd don dearcadh sin in Irish Classics (2000): ‘The “last” great poet of eighteenth-century Ireland was Aogán Ó Rathaille. If Turlough O’Carolan was mourned as the last of the harpers at his funeral in 1738, Ó Rathaille had already been dubbed the last of the bards at his death ten years earlier. He may even have believed this publicity himself, for he wrote as if his own life and career were a final test case for Gaelic Ireland.’ Mar fhile deireadh ré a fhéachtar air go minic, gurbh é an file deireanach é a tógadh sa seantraidisiún sin gur leis an uasaicme a bhain na filí, mar a deir Art Ó Beoláin (Merriman agus filí eile, 1985).

Ní mór a rá gur beag eile file a bhfuil eolas ag an bpobal ar an oiread céanna dá dhánta: ‘Is fada liom oiche fhírfhliuch’, ‘Vailintín Brún’, ‘Cabhair ní ghoirfead’, ‘Gile na Gile’, ‘Mac an Cheannaí’, ‘Créachta Crích Fódla’, ‘Maidean sul smaoin Titan a chosa do luadhail’, ‘Inis fá réim’, ‘An File i gCaisleán an Tóchair’; níl ansin ach na dánta atá ag Pádraig Ó Canainn in Filidheacht na nGaedheal, [1940], an díolaim is mó san fhichiú haois a chuaigh i gcion ar lucht foghlamtha na teanga sna meánscoileanna. Meastar na trí cinn tosaigh a bheith i measc na ndánta is fearr sa Ghaeilge. Ag tagairt don éadóchas i gcuid díobh scríobh a eagarthóir, Ó Duinnín: ‘Never perhaps, since Jeremiah sat by the wayside and chanted a mournful dirge over the ruin of Jerusalem, never were a nation’s woes depicted with such vivid anguish and such passionate outbursts of grief.’ Pádraig Ó Duinnín agus Tadhg Ó Donnchadha a chuir eagar ar Dánta Aodhagáin Uí Rathaille, The Poems of Egan O’Rahilly... 2nd enlarged edition (1911) do Chumann na Scríbheann nGaedhilge. Rinne Seán Ó Tuama freisin iarracht ar chiall a bhaint as cibé fianaise scáinte faoina shaol atá ann d’fhonn gur fearr a thuigfí cúlra casta sóisialta na ndánta (Filí faoi Sceimhle: Seán Ó Riordáin agus Aogán Ó Rathaille, 1978) agus Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage, 1995). Is fiú freisin caibidil John Jordan in The Pleasures of Gaelic Poetry (1982), in eagar ag Seán Mac Réamoinn, a léamh.

Tá an aiste ‘Ó Rathaille, na Cárthaigh agus na Brúnaigh’ le Breandán Ó Buachalla i gcló in Studia Hibernica 31, 2000-2001. Mar uimhir a 15 sa tsraith Subsidiary Series d’fhoilsigh Cumann na Sgríbheann nGaedhilge Dánta Aodhagáin Uí Rathaille: Reassessments (2004) le Breandán Ó Buachalla. Gheofar cuntais ann: ar mhodh eagarthóireachta agus ar mheon Phádraig Uí Dhuinnín maidir le heagráin 1900 agus 1911; ar ar cuireadh leis an gcéad eagrán in 1911 agus ar baineadh de; ar rannpháirtíocht Thaidhg Uí Dhonnchadha in eagarthóireacht 1911. Tá ann freisin: a bhfuil tagtha chun solais ó shin i dtaobh saol, aimsir agus saothar Uí Rathaille, dán ar dhán; trí dhán de chuid Uí Rathaille nach bhfuil in eagrán 1911, iad in eagar maille le haistriúcháin Bhéarla ag an mBuachallach; liosta na ndánta in eagrán 1911 nach móide gurbh é an Rathailleach a chum agus liosta na ndánta a fágadh ar lár arbh fhéidir gurbh é a chum. Maidir leis an ngnáthphictiúr den fhile agus é bocht dealbh i ndeireadh a shaoil, pictiúr atá bunaithe ar a bhfuil ina dhánta, deir Ó Buachalla: ‘Ó Rathaille’s poetry is not a realistic reflex of his life; but rather a textual delineation of the poetic world he created.’ D’fhoilsigh Field Day Publications Aogán Ó Rathaille (2007) in eagar ag Breandán Ó Buachalla.

I Screathan an Mhíl i gceantar Shliabh Luachra, Co. Chiarraí, tuairim naoi míle ar an taobh thoir de Chill Airne, a rugadh é. Ba dhóigh le hÉadbhard Ó Raghallaigh (A Chronological Account of nearly four hundred Irish Writers..., 1820) gur anuas ó Chontae an Chabháin, d’fhonn dul le sagartacht i gCill Airne, a tháinig a athair agus gur bhean de mhuintir Mhic Aogáin, ollúna oidhreachtúla na gCárthach, a mháthair agus gurbh in an fáth ar tugadh Aogán air. Ach tá cúpla baile fearainn i Múscraí, Gort Uí Rathaille agus Inis Uí Rathaille, agus b’fhéidir gurbh ón gceantar sin don athair. Níl mórán le rá ag Edward Mac Lysaght in Irish Families i dtaobh an tsloinne ach amháin nach raibh aon bhaint ag Rathailligh le Bréifne, cé gur cosúil gurbh ó Chúige Uladh a thángadar i dtosach, agus go raibh siad seanbhunaithe i gceantar Chill Airne. Deir Ó Buachalla in Aisling Ghéar... (1996): ‘Mionsliocht gan tábhacht, gan áireamh a bhí sna Rathailligh riamh, is cosúil; dream nach bhfuil lua ná trácht orthu sna ginealaigh ná sna hannála, cine nárbh fhiú riamh leis an aos léinn a mbunús, a seanchas, ná a gcraobha coibhneasa a chur ar fáil.’ Is iad muintir a mháthar a bhí i gceist ag Aogán, ní foláir, agus é ag tagairt do Chárthaigh mar ‘Na flatha fá raibh mo shean roimh éag do Chríost’. Tuairimíonn Ó Tuama gur le cabhair an Chárthaigh Mhóir a fuair muintir Uí Rathaille gabháltas 350 acra i Screathan an Mhíl agus go mbailídís cíosanna ó fhothionóntaí do na Brúnaigh, dream a raibh seilbh acu anois ar 140,000 acra, Sliabh Luachra san áireamh. Caitlicigh agus Seacaibítigh ba ea iad agus bhí Sir Nioclás de Brún (d’éag 1720) báúil le Cárthaigh – ba dhuine de Chárthaigh Mhúscraí a mháthair agus bhí gaol cleamhnais agus fola aige le go leor d’uaisle Gael – agus bhí tuiscint aige d’ionad an fhile sa chultúr.

Bhí réimse mór talún ag an gCaptaen Eoghan Mac Cárthaigh i gCeathrú na Slogach, Sliabh Luachra, ar cíos an-íseal ón mBrúnach; bhailíodh lucht léinn ann agus síltear gur i dteach sin Mhic Cárthaigh i Lios na gCeann a cuireadh oideachas ar Aogán, más go leathfhoirmiúil féin é, agus gurbh ó shagairt ann a d’fhoghlaim sé Laidin, b’fhéidir. Ach i ndiaidh Chogadh an Dá Rí rinneadh coigistiú, a leanfadh ar feadh saol Sir Nioclás, ar thalamh na mBrúnach. Gan amhras b’éigean d’Eoghan Mac Cárthaigh imeacht freisin. Seans go raibh Screathan an Mhíl fágtha cheana féin ag Aogán, gurbh éigean dá mháthair aistriú go Cnoc an Chorrfhia sa cheantar céanna nuair a d’éag a fear céile. Bhí Aogán pósta um an taca seo agus beirt iníonacha aige, é gan a bheith chomh maith céanna as agus a bhí le linn a athar. Ach le díbirt Sir Nioclás b’éigean dó aistriú go bothán i dTonn Tóime in aice le Caisleán na Mainge. Ní raibh ann anois ach duine den chosmhuintir, é dealbh ‘ar easpa bróg’, duine gan talamh gan mhaoin gan stádas. Ach bhí ábhar dóchais aige go fóill: ach Sir Nioclás bás a fháil thiocfadh a mhac Vailintín i seilbh sheandúiche na gCárthach agus bheadh gach rud ina cheart arís.

Tá gliondar an fhile faoi athbhunú an Bhrúnaigh óig le feiceáil go soiléir san epithalamium a chum sé nuair a pósadh Vailintín ar bhean de Bhuitléaraigh Chill Chaise. Cé nach raibh locht ar an bhfear nua seo mar thiarna talún, agus cé gur Sheacaibíteach é, ní raibh Gaeilge aige agus ní raibh in Aogán ina shúilesean ach tionónta bocht ag iarraidh déirce. Ní raibh sé sásta fabhar a thabhairt dó mar fhile. Má d’iarr Aogán léas arís ar thalamh Screathan an Mhíl air, anois go raibh léas Eoghain Mhic Cárthaigh deimhnithe in athuair, níor tugadh dó é. B’in deireadh dóchais agus uchtaigh ag Aogán. An rud ba sheirbhe a tuigeadh dó anois, dá mbeadh Stíobhartach féin arís i gcoróin, nach mbeadh ceart le fáil ag an bhfile. Ba é cló aigne Aogáin go gcaithfeadh an rí ceart a bheith i gcoróin agus an Cárthach ceart a bheith mar phátrún aige féin chun go bhféadfadh sé a ghairm a chleachtadh. Ach ba iad an ainnise agus an chráiteacht a lean neamhaird an Bhrúnaigh óig a rinne ‘file tábhachtach, file comhaimseartha’ (Ó Tuama) de. Agus is é breithiúnas an Tuamaigh freisin: ‘Is é titim na huasalaicme agus an córas saoil a chleacht siad a rinne file ar fónamh d’Aogán Ó Rathaille.’

Thaistil sé cuid den Mhumhain mar scríobhaí agus mar fhile. D’éirigh sé dóchasach tuairim 1708 go gcuirfí Stíobhartach i gcoróin arís. Tuairimítear go raibh páirt bheag éigin aige sna hullmhúcháin a bhí á ndéanamh ag Seacaibítigh timpeall an ama sin. Thug sé cuairt ar thithe móra i gCiarraí, i gCorcaigh agus i Luimneach. Bhain sé lena cheird daoine uaisle a mholadh nó a chaoineadh go nósúil: an Coirnéal White, John Blennerhasset, Seán de Brún (mac le Sir Nioclás), Dónall Ó Ceallacháin, Diarmuid Ó Laoghaire, Donncha Ó hÍcí, Raghnall Mac Cárthaigh Mór.... Tuairim 1713 chum sé aoir phróis, ‘Eachtra Thaidhg Dhuibh Uí Chróinín’, ar na haibhéardaithe a bhí ag Asgill, cliamhain Sir Nioclás de Brún. Daichead dán a leagtar air. Gan amhras bíonn aird ar leith ar na cúig aisling a scríobh sé. Deir Ó Buachalla (Aisling Ghéar..., 1996): ‘Dá fhad siar a théann na consaeiteanna liteartha ar a bhfuil an aisling bunaithe, nó dá fhréamhaithe aon cheann dá móitífeanna, níor cothaíodh mar sheánra bisiúil í, chomh fada agus is eol dúinn, go dtí an t-ochtú haois déag agus is iad Aogán Ó Rathaille is Seán Clárach Mac Dónaill [Mac Domhnaill] an bheirt fhile aitheantúil is túisce a chleacht an seánra mar phríomh-mhód ceapadóireachta.’ Rinne sé cóip de Foras Feasa ar Éirinn i nDrom Collachair in 1722.

Tá an chosúlacht air go raibh áit aige i Sliabh Luachra arís tuairim 1726, ach é bocht go fóill. Bhí sé beo i Lúnasa 1727. Is dó an tagairt in The Kenmare Manuscripts: ‘Allowed Egan O’Rahilly when his only cow was appraised last winter, 1726, by James Curtayne, for composing songs for Master Thomas Browne and the rest of his Lordships’ children as per song appears as voucher. – At John Riordane’s prayer and request: £1.10.0 August 1727’ (i gcló ag Ó Beoláin). D’éag sé idir Lúnasa 1727 agus Márta 1729. Ag Pádraig de Brún in Éigse, earrach 1968 tá alt gairid dar teideal ‘Epitaph Aogáin Í Rathaile’. Deir sé: ‘Dealraíonn sé gurb iad na línte atá i gcló thíos an t-aon ní i bhfuirm caointe atá againn ar Aogán Ó Rathaile. Táid le fáil i LS. G-31, lch 173, sa Leabharlann Náisiúnta.... Cormac Ó Dálaigh a scríobh an lámhscríbhinn sin “a gcúl clúthar a ttig É uí Chaoimh” i mí Márta na bliana 1729, go gairid tar éis bháis an fhile, ní foláir.’ Tá glactha go coitianta anois le 1729 mar bhliain a bháis. Cuireadh é i Mainistir Mhucrois i gCill Airne.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú