Ó DIREÁIN, Máirtín (1910–1988)

Ó Morna

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Máirtín Ó Direáin - dánta á léamh ag an bhfile (2010). Le caoinchead Gael-Linn.

‘Cuireadh tús le ré nua i nuafhilíocht na Gaeilge nuair a d’fhoilsigh Máirtín Ó Direáin an dán seo a leanas, “Réalt na hOíche”, in Scéala Éireann ar an tríú lá fichead de Mhí na Nollag, 1938’ (Mícheál Mac Craith in An tOileán rúin agus muir an dáin: staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993). I measc na nithe atá le rá ag Eoghan Ó hAnluain sa réamhrá a chuir sé le Dánta 1939-1979, 1980 tá an méid seo: ‘Is tuairisc bharainneach a shaothar ar an athrú saoil a bhfuil fuadar faoi leith faoi le tríocha bliain anuas, ní amháin in Árainn ach ar fud na tíre.’ Ba é a scríobh Tomás Mac Síomóin cúpla lá i ndiaidh a bháis: ‘Beidh sé le rá faoi go brách go mba eisean a d’oscail filíocht na Gaeilge i gcéaduair do shaol agus do thionchar na fichiú aoise.’

Tá cur síos ar a bheatha agus a shaothar: in Inniu 30 Aibreán 1971 (‘Máirtín Ó Direáin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’); in Máirtín Ó Direáin: file tréadúil, 1982 le Liam Prút; ag Tomás Mac Síomóin agus Micheál Ó Conghaile in Irish Times 21 Márta 1988; in Cime mar chách: aistí ar Mháirtín Ó Direáin, 1993 in eagar ag Caoimhín Mac Giolla Léith (aistí le Mícheál Mac Craith, Tomás Mac Síomóin, Eoghan Ó hAnluain, Caoimhín Mac Giolla Léith, Liam Prút, Éamonn Ó Tuathail, agus agallamh Mhuiris Mhic Conghail leis an bhfile); in An tOileán rúin agus muir an dáin: staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993 le Micheál Mac Craith; in Comhar, Bealtaine 1988 (aistí le Eoghan Ó hAnluain, Breandán Ó hEithir, Máire Mhac an tSaoi, Éamonn Ó Tuathail agus Críostóir Ó Túinléigh); in Comhar, Nollaig 1989 (‘Mo chomhráití le Máirtín Ó Direáin’ le Diarmuid Ó Gráinne). Foilsíodh Carraig agus cathair: Ó Direáin, 2002 le Isobel Ní Riain. Toisc na seanaithne a bhí ag Mac Conghail air, meastar údarás ar leith a bheith ag baint leis an léacht Dáibhíseach a chraol sé 17 Aibreán 1988 (i gcló faoin teideal ‘Poet of the Bright Thread: the Poetry of Máirtín Ó Direáin’ in Irish University Review, Fómhar 1988).

Foilsíodh ocht leabhar filíochta leis idir 1942 agus 1979; in Dánta 1939-1979, 1980 tá tugtha le chéile ag Eoghan Ó hAnluain na dánta atá in Rogha dánta, 1949, na cinn atá sna leabhair a foilsíodh idir 1957 agus 1979 (Ó Mórna agus dánta eile, 1957; Ár ré dhearóil, 1962; Cloch choirnéil, 1966; Crainn is cairde, 1970; Ceacht an éin, 1979), agus cuid de na dánta nach raibh in aon leabhar díobh. Cuirtear tábhacht leis an réamhrá atá ag an Direánach le Ó Mórna agus dánta eile, ‘Mise agus an Fhilíocht’, agus tá sin i gcló mar aguisín i leabhar Uí Anluain. In Comhar, Deireadh Fómhair 1984 tá ‘Máirtín Ó Direáin—Clár Saothair’ le Máire de Grás agus tá teacht ann ar fhoinsí na ndánta nár roghnaigh Ó hAnluain. Foilsíodh na dánta ba dheireanaí uaidh in Béasa an túir, 1984 agus Craobhóg dán, 1986. Athscríobh ó thaifeadadh ar dhosaen caint a thug an file do mhic léinn an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i bhfómhar 1969 is ea Ón ulán ramhar siar. . ., 2002, in eagar ag Eoghan Ó hAnluain, agus tugann Ó Direáin roinnt eolais ar a shaol féin ann.

Cnuasach dá aistí próis in Scéala Éireann is ea Feamainn Bhealtaine, 1961. Scríobh Breandán Ó hEithir: ‘Fiche bliain ina dhiaidh sin [1956], ceapadh i mo Eagarthóir Gaeilge ar Scéala Éireann mé. D’iarr mé ar Mháirtín aiste in aghaidh na seachtaine a scríobh don pháipéar, ar a rogha ábhar. Idir 1940 agus 1943 scríobh sé píosa in aghaidh na coicíse don pháipéar faoin ainm cleite Ruaidhrí Beag. Faoina ainm féin a scríobhadh sé i ndeireadh na gcaogaidí agus choinnigh sé suas é ar feadh roinnt blianta go dtí gur “tháinig triomach air” mar a dúirt sé féin. Tá a rogha féin de na haistí úd le fáil sa mbailiúchán 'Feamainn Bhealtaine’ (Comhar, Bealtaine, 1988). Deir Éamonn Ó Tuathail (idem) go bhfuil sna haistí sin ‘stíl phróis chomh glinn is atá sa nua-Ghaeilge.’ Bhíodh alt in aghaidh na coicíse aige dar teideal ‘Seo is Siúd’ in An Glór 1940-42, iris an Chonartha, faoin ainm sin Ruaidhrí Beag (Prút); in Ón ulán ramhar siar is ‘lagaithris ar Mhyles na gCopaleen’ a thugann sé féin ar na hailt sin.

I Sruthán, Cill Rónáin, Árainn, a rugadh é 26 Samhain 1910. Ba iad Seán Ó Direáin agus Mairéad Ní Dhireáin a thuismitheoirí. Bhí Mairéad pósta ar Labhrás Mac Confhaola ach bádh é go gairid tar éis a bpósta. Bhí deich mbliana caite aici in Dorchester, Boston, roimhe sin. Bhí sí ar feadh trí bliana i Meiriceá arís sular phós sí Seán Ó Direáin: bhí ceathrar clann acu agus ba é Máirtín an duine ba shine. Scríobhadh a bheirt deartháireacha filíocht: tá dán le Tomás in Nuabhéarsaíocht, 1950 ag Seán Ó Tuama, agus trí cinn ag Séamas Ó Céileachair in Nuafhilí (1942-1952), 1956 agus tá gearrscéalta leis in An Glór; d’fhoilsítí ábhar le Seán in Ar Aghaidh. D’éag an t-athair i 1917. Bhí feirm bheag 24 acra acu a lig an bhaintreach amach ar cíos; dhéanadh sí cniotáil chun pinginí breise a thuilleamh; ‘Bhí máthair Mháirtín an-oilte ar an obair agus, ó fágadh ina baintreach í, bhíodh sí seasta ag déanamh criosanna agus á ndíol’ (Éamonn Ó Tuathail). D’fhág bás an athar gur bhuachaill goilliúnach a bhí i Máirtín agus nach dtéadh sé a iascaireacht ná a bhádóireacht ná a chreachadh nead na n-éan ar nós bhuachaillí eile an oileáin. Sa dán ‘Óige an Fhile’ tugann sé ‘an buachaill aisteach ciúin’ air féin.

I mbunscoil Eoghanachta ba é Seosamh Ó Flannagáin an múinteoir, fear a raibh tionchar aige ar Mháirtín go ceann tamaill fhada; gheofar cuntas air in Ó Thrá Anoir, 1985 lena mhac Dónal. D’fhág sé scoil agus gan ach 14 bliana aige ach d’fhill arís i gceann cúpla bliain. Bhí sé i gceist tamall go rachadh sé le sagartacht ach chuir fliú mór 1924 isteach ar an bplean. Theastaigh ón bhFlannagánach go rachadh sé go coláiste ullmhúcháin ach bhí sé mí thar an aois. D’éirigh leis i scrúduithe Oifig an Phoist agus thosaigh ag obair i nGaillimh Eanáir 1928; bhí sé ann go deireadh Iúil 1937. Bhí sé ag fanacht le bean de chuid an oileáin ar Bhóthar na gCeannaithe. Ní ghearradh sí airgead lóistín air agus bhíodh sé in ann deich scilling as pá cúig scilling déag a chur chuig a mháthair gach seachtain (Ó Gráinne). Ba é Liam Ó Briain a mheall isteach sa Taibhdhearc é nuair a bhí an amharclann sin ar tí a hoscailte agus bhí páirt aige sa chéad léiriú de Diarmuid agus Gráinne 27 Lúnasa 1928; is insuime gur ghlac sé an phríomhpháirt ina dhráma féin, Éisc Aduain (a scríobh sé le linn dó a bheith i nGaillimh ach a foilsíodh in Comhar, Bealtaine 1988), sa Damer 22 Samhain—9 Nollaig 1967, agus go raibh baint leanúnach aige leis na hiarrachtaí i mBaile Átha Cliath chun go mbunófaí amharclann Ghaeilge. Liostaíonn Críostóir Ó Túinléigh cuid de na drámaí a raibh páirt aige iontu agus deir gur aistrigh sé Sovereign Love le T. C. Murray go Gaeilge agus gur léiríodh sa Taibhdhearc é. Meastar gurbh í an Taibhdhearc a dhúisigh a spéis sa litríocht. Toradh eile ar an tamall san amharclann is ea a fheabhas a bhí sé in ann aithris ar dhaoine. Is i rith na tréimhse i nGaillimh a thosaigh sé ag scríobh agus pléann Mac Craith an prós a scríobh sé, ón gcéad phíosa in An Stoc, Márta 1931 anuas go 1938, 14 píosa ar fad, an chuid is mó díobh in Ar Aghaidh; taispeánann sé go bhfuil ‘snáth leanúnach aontachta idir na chéad aistí próis agus ceapadóireacht fhileata Uí Dhireáin.’ Bhí sé ina rúnaí ar an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge i nGaillimh. Fuair sé post mar oifigeach cléireachais sa státseirbhís i 1937 agus d’aistrigh go Baile Átha Cliath agus go dtí Roinn na nInnealtóirí i Sráid Mhór na gCaorach. Chaith sé blianta an chogaidh i Rannóg na Cinsireachta sa Roinn Poist: ‘na cúig bliana is seisce dár chaith mé riamh’. Chaith sé trí bliana ansin i mBrainse an Ghairmoideachais i dTeach an Talbóidigh. Ó 1948 go 1955, bhí sé ina chláraitheoir ag an gColáiste Ealaíne mar ar chuir sé aithne ar ealaíontóirí; mhaisigh Nano Reid Rogha Dánta dó agus tá a phortráid le Muiris Mac Conghail (1900-79) i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Chaith sé an chuid eile dá shaol oibre i rannóg an Mheánoideachais gur éirigh as obair i 1978. Chaith sé an bhliain acadúil 1978-79, ar chuireadh ón Ollamh Breandán Ó Madagáin, ina aoi-léachtóir i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe.

Dar leis féin gur léacht a thug Torna [Tadhg Ó Donnchadha] in Áras Chraobh an Chéitinnigh den Chonradh a chuir ag cumadh dánta é. Déanann Mac Craith maolú air sin: ‘Ní dhearna léacht Thorna ach tallann an fhile a dhíriú sa treo ba dhual di ach níl aon fhál go haer idir an saothar fileata agus an saothar réamhfhileata.’ Tá Mac Conghail in amhras freisin: ‘My own view is that Ó Direáin had been plotting a poetic statement for as long as he could remember.’ Deir Prút: ‘Tháinig ann do vers libre na Gaeilge an 23 Nollaig 1938 agus má cluineadh trumpaí ba thrumpaí cogaidh seachas trumpaí mórtais iad. Ba mhór an dánacht é féachaint leis na seanmheadarachtaí a chur i leataobh agus bhí go leor daoine a chreid go raibh deireadh feasta le filíocht na Gaeilge. Ach bhí sé d’fhadaraí ag an Direánach gur léir dó nár oir cuibhreacha na meánaoise don fhichiú haois agus go gcaithfí na comhlaí a leathadh don ré úr mar a saoradh filíocht na Fraince ó cheangal chúig gcaol an alexandrin breis is caoga bliain roimhe sin.’

Bhí sé ina bhall de choiste Chumann na Scríbhneoirí óna thús i Meitheamh 1939, ina rúnaí agus ina uachtarán air ar ball. Bhí baint aige le Cumann na hÉigse Cois Life a d’eagraigh Micheál Eoghan Ó Súilleabháin tuairim 1940; faoi 1944, is é Peadar Ó hAnnracháin a bhí ina uachtarán air agus Ó Direáin mar rúnaí agus an seoladh 140 Bóthar Dhroim Conrach aige. ‘Caoi a thabhairt do lucht cumtha dánta a chónaíonn i mBaile Átha Cliath teacht le chéile mar mhaithe leis an bhfilíocht Ghaeilge’ ba chuspóir don chumann sin (Láimh-Leabhar Chomhdháil Náisiúnta na Gaedhilge, [1944]). Is ar a chostas féin a foilsíodh na chéad bhailiúcháin dá dhánta, Coinnle Geala, 1942 agus Dánta Aniar, 1943. Deir Tomás Mac Síomóin (Irish Times 21 Márta 1988): ‘The publication of those early collections marked the birth of modernism in Irish poetry. Although the nostalgia for Aran that informed them was traditional enough the forms in which Ó Direáin expressed it showed a more experimental approach to the writing of poetry than had yet been attempted in Irish.’ Foilsíodh Rogha Dánta, 1949 agus Ó Mórna agus dánta eile, 1957. Deir Mac Síomóin [op cit]: ‘The earlier simplicity of message and medium is gone, and influences as diverse as Yeats, Nietzsche, Pádraigín Haicéad, Dáibhí Ó Bruadair, Bedell’s Irish Bible and Shakespeare—to name but a few—are expressed.’ Foilsíodh Máirtín Ó Direáin: na dánta, 2010 arb eagrán nua é de Rogha Dánta 1939-1979, 1980. Na dánta in Coinnle Geala, 1942 agus in Dánta aniar, 1941 a fágadh ar lár sa chéad eagrán, tá siad curtha ar ais san eagrán seo. Tá ann freisin dánta a foilsíodh sna cnuasaigh Béasa an Túir, 1984 agus Craobhóg Dán, 1984, chomh maith le dánta nár foilsíodh in aon chnuasach dá chuid. Deir Prút faoin dán fada ‘Ó Mórna’ gurbh é a mhórshaothar é: ‘Níor bhaol go sarófaí é lena linn toisc oiread sin d’eithne an duine nua-aimseartha dímhorálta a bheith gafa aige ann’. ‘The high-water of Ó Direáin’s poetic career’ a thugann Mac Síomóin air. Ag tagairt d’eagrán Uí Anluain deir Prút: ‘Níorbh fholáir cnuasach Uí Anluain a áireamh ar scoth scríbhinní na teanga Gaeilge. Ba mhór an misniú do Ghaeil mórshaothar tathagach seo Uí Dhireáin. D’éirigh leis an bhearna a líonadh ó thaobh na filíochta de idir an litríocht chomhaimseartha agus filíocht Haicéid, Fheirtéar, Uí Rathaille, Uí Bhruadair…. Tá saothar an Direánaigh níos líonmhaire, níos dúchasaí, níos dírithe ar fhorbairt na teanga ná aon saothar nuafhilíochta eile againn’. Is le beatha agus saothar Uí Dhireáin a bhain Scoil Gheimhridh Merriman 2010 i nGaillimh agus céad bliain Uí Dhireáin á chomóradh acu. Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Eoghan Ó hAnluain agus Máire Ní Annracháin ina n-aíonna ann agus cuireadh leagan próis i gcló in Scríbhneoirí faoi Chaibidil, 2010 in eagar ag Titley.

Bhuaigh Cloch Choirnéil Duais an Fhorais Chultúir Ghael-Mheiriceánaigh i 1967. Comhthoghadh é ina chomhalta d’Acadamh Liteartha na hÉireann agus bronnadh Duais na Comhairle Ealaíon ar Crainn agus Cairde i 1970. I 1977 , bhronn Ollscoil na hÉireann DLitt air agus bhronn Fondúireacht Freiherr Von Stein, Hamburg, an Ossian-Preis air an bhliain chéanna; scoláirí ón Eilbhéis, ón bhFrainc, ón Ollainn, ón nGearmáin agus ó Éirinn a bhí ar an gcoiste a roghnaigh é. ‘It is the biggest literary award won by an Irishman since Samuel Beckett won the Nobel Prize’, a dúradh in The Irish Times 8 Deireadh Fómhair 1977. Bronnadh Gradam an Oireachtais air i 1981. Bhí sé ina bhall d’Aosdána ó bunaíodh é.

Phós sé Áine Colivet (d’éag 1976) 4 Meán Fómhair 1945 agus bhí iníon amháin acu, Niamh. Ba iníon í Áine le Michael P. Colivet a bhí ina cheannfort ar na hÓglaigh i gCathair Luimnigh agus ina Theachta Dála idir 1918 agus 1923. Chaith Máirtín an bhliain dheireanach dá shaol in ospidéil, agus i dteach banaltrais in aice le Bearna na Gaoithe, Bré, agus tugann Ó Tuathail cuntas ar an tréimhse sin. D’éag sé 19 Márta 1988. Rinne Yann Renard Goulet básmhasc.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú