Tá cuntais iarbháis inIrish Times 2 Eanáir 2004 agus in Irish Examiner 1 Eanáir 2004. Tá cur síos uirthi, agus ar a muintir siar go 1821, ag Tim Robinson in Stones of Aran: Labyrinth, 1995 agus ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an Tír Aineoil.... 1997 Scríobh sí féin A Woman of Aran, 1998. Ag am a báis ní raibh in Éirinn ach an t-aon bhean ba shine ná í. I 1998 thug Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, céim mháistir di agus thuill sin áit inGuinness Book of Records di mar an duine ba shine riamh ar ar bronnadh céim oinigh. Mhair a deirfiúr Julia go raibh an céad aici agus ag am a bháis bhí 98 ag a deartháir Seán, scéalaí. An 15 Samhain 1894 i bhFearann an Choirce, Árainn, a rugadh Bríd agus ba iad a tuismitheoirí Joseph Gillan agus Margaret Walsh; phós siad sin in 1876. Ba í an duine ab óige d'ochtar í. Bhí Béarla ag na tuismitheoirí. Fíodóir ba ea an t-athair, ceird a bhí ag a athair freisin; d’éag sé nuair nach raibh Bríd ach ocht mbliana d’aois. Duine dá múinteoirí ba ea Bríd Uí Cheallacháin, banchéile David O’Callaghan. Tar éis di an bhunscoil a fhágáil in aois a 14 di dhéanadh sí obair mar fheighlí páistí in Árainn agus dhéanadh obair tís. Ba chuimhin léi tae a réiteach do Phádraig Mac Piarais, Tomás Ághas, Éamonn Ceannt, agus Joseph Mary Plunkett. Tar éis tamaill ina feighlí páistí ag dochtúir i dTuaim, Co. na Gaillimhe, chaith sí dhá bhliain mar bhean an tí ag an Athair Mathúin Ó Riain i bparóiste Chnoc an Bhile, Co. Thiobraid Árann, agus is ann a chuaigh sí isteach i gCumann na mBan.

Ó 1919 amach bhí sí á hoiliúint mar altra in Ospidéal Naomh Ultán i mBaile Átha Cliath. Ospidéal i gcomhair leanaí ba ea é agus ba chuid den oiliúint mic léinn altranais a chur i bhfeighil páistí ina dtithe féin, cibé teaghlach a raibh gá acu lena leithéid de bheartas. Ar an gcuma sin a tharla í a bheith i dteach Claude Chavasse nuair a tháinig Dúchrónaigh gur ransaigh an teach agus gur chuir Chavasse agus Bríd isteach sa Bhridewell ar dtús agus ansin in Mountjoy. Bhí sí ar stailc ocrais naoi lá sular scaoileadh saor í. Bhí sí in aghaidh an tSaorstáit sa Chogadh Cathartha ach chaith tamall maith fada ón am sin amach ag tabhairt aire do theaghlach Risteáird Uí Mhaolchatha.

Chaith sí an tréimhse 1927-66 i Stáit AontaitheMheiriceá, tamaill ag obair in ospidéil i mBoston, tamaill eile mar altra i monarcha muinisin agus san aerfhórsa in Missisippi. Phós sí Ned Dirrane, Árannach, i Samhain 1932 ach d’éag sé ocht mbliana ina dhiaidh sin. Ní raibh sliocht orthu. Nuair a d’fhill sí ar Árainn phós sí deartháir le Ned, Pádraig (d’éag 1990), baintreach a raibh triúr gasúr aige. Aistríodh í go dtí teach altranais sa Chaisleán Nua, Gaillimh, i 1996 agus is ann a d’éag sí 31 Nollaig 2003.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú