Ó NÉILL, Eoghan (1919–2007)

In 1966 ba é a ceapadh ina Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Ar 10 Deireadh Fómhair 1919 a rugadh é i Lios Ruanach i gceantar Chluain Meala, Co. Thiobraid Árann. Ba iad Conn Ó Néill, Lios Ruanach, agus a bhean Mai Leonie Ní Chuirc ó Bhaile an Phoill, Cill Chainnigh, a thuismitheoirí. Mhaíodh sé gur sa 11ú céad a tháinig an mhuintir sin Uí Néill ar díobh é anuas ó Ulaidh agus bhí sé in ann a ghinealach a rianú siar go 1460. Bhí fear dá mhuintir, an Captaen Seán Ó Néill, ina bhall de reisimint Eoghain Rua Uí Néill sa Spáinn agus bhí seisean páirteach sa chosaint a rinne Aodh Dubh Ó Néill (c.1605–c.1660), fear ceannais Chluain Meala, in aghaidh Chromail i 1650. Éireannach Óg ba ea seanathair le hEoghan, é i láthair i mBaile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann in 1848.

I gColáiste an Chnoic Bhig, Co. Chill Chainnigh, a cuireadh meánoideachas air féin agus ar a dheartháireacha Aodh agus Feidhlim. Tharla duine dá mhuintir, Séamus Ó Coinleáin, a bheith ina dhochtúir ag Sár na Rúise anuas go 1826 – tar éis dó teacht chomh fada le Moscó le Napoleon in 1813 – agus d’fhág seisean airgead le huacht chun go n-oilfí buachaillí de shliocht a athar ‘sa Choláiste Caitliceach Rómhánach in Éirinn.’ Tá scéal an uachta sin inste ag Eoghan in Gleann an Óir: ar thóir na staire agus na litríochta in Oirthear Mumhan agus i nDeisceart Laighean (1988). Is léir freisin ar an leabhar sin go raibh gaol fola aige le Pádraig Ó Néill (1765–1832) , fear ildánach atá ar phríomhphearsana an leabhair sin.

San ardteistiméireacht d’éirigh thar cionn le hEoghan sa Laidin agus sa Ghréigis agus bhí sé sa chéad áit in Éirinn sa Ghaeilge. Tugadh coimisiún in Arm na hÉireann dó in 1939 agus bhí sé ag feidhmiú leis sna 7ú, 9ú agus 13ú Cathláin. Aistríodh é go dtí an Coláiste Míleata agus i ndiaidh dó céim mar leifteanant-cheannasaí a bhaint amach ceapadh é mar cheannasaí ar Scoil na nDaltaí. Tar éis dó trí bliana a chaitheamh sa phost sin cuireadh go dtí an Congó é in 1960. Is mar seo a thagraítear dá ról ann i dtuairisc a bháis san The Irish Times 15 Nollaig 2007:

One Congo veteran remembered him as a “rather strict commanding officer.” Another recalled a good officer who “kept morale going” but was a “stickler.” His battalion was based in Kamina, in the centre of the Congo. After the Katangese rebel government seized Elizabethville airport, he was ordered to retake it. His men caught the rebels off guard, and the airport was taken without a shot being fired. “Our officers and men were not aggressive,” he wrote of the operation. “[But] we had to make them understand that we knew our job and if the job had to be done we would have no compunction in shooting.”

Faoi 1962 bhí grád cornail faighte agus é i mbun Scoil an Cheannais agus na Foirne. I mí Dheireadh Fómhair 1966 roghnaigh sé éirí as an Arm ach d’fhan mar bhall den Chúltaca go 1979. Dhá bhliain is daichead ar fad a bhí caite aige san Arm, ocht mbliana is fiche díobh san arm seasta agus ceithre bliana déag ar an gCúltaca. Meastar gur thug sé a chleachtas saighdiúireachta isteach leis i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge nuair a ceapadh é ina Stiúrthóir ar an eagras sin, ach go háirithe nuair a bhí daoine á n-earcú ag an gComhdháil lena linn. Rinne sé gach dícheall chun cur le tábhacht na teanga i gcúrsaí craoltóireachta, oideachais agus creidimh agus chun aird an rialtais a tharraingt ar an teanga. Chuir sé spéis ar leith sna héigsí a bunaíodh lena linn i gCúige Uladh, i gCarna, Co. na Gaillimhe, agus i gCill Chainnigh. Ba thábhachtach leis freisin Comórtas Ghlór na nGael. B’fhéidir a rá gurbh é a chuir tús in 1970 leis na cuairteanna a thugadh filí na hAlban ar Éirinn, daoine mar Shomhairle MacGill-Eain agus Ruairidh MacThòmais, agus leithéidí Mháirtín Uí Dhireáin a théadh go hAlbain. D’éirigh sé as obair na Comhdhála in aois 65 dó.

Lean sé air ag déanamh taighde breise ar a bhfuil in Gleann an Óir (1988) agus in 2001 foilsíodh The golden vale of Ivowen: between Slievenamon and Suir. In 1951 phós se Eileen Halstead, Sasanach, agus bhí iníon agus beirt mhac acu. Bhí a dheirfiúr Máirín pósta ar an Teachta Dála Seosamh Ó Mongáin. I bPáirc Ailesbury, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air ar feadh i bhfad ach ó na 1990idí amach is sna Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin, a bhí cónaí ar an teaghlach agus ann a d’éag sé ar 7 Nollaig 2007.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú