Bhí an méid seo le rá ag Seán Mac Réamoinn faoi in Comhar, Iúil 1960: ‘Tá Séamus Ó Néill ar na scríbhneoirí is raidhsiúla in Éirinn. Ní saothraí aon-chineáil amháin é ach oiread: tá drámaí idir fhada agus ghearr foilsithe aige, filíocht idir throm agus éadrom, gearrscéalta agus aistí agus – mirabile dictu – dhá úrscéal. Thairis sin, tá sé ar an mbeagán scríbhneoirí fíorphroifisiúnta dá bhfuil againn sa Ghaeilge’.

I gClárchoill i gceantar na Cloiche, Co. an Dúin, a rugadh é ar 21 Bealtaine 1910. John O’Neill, déantóir carráisti, a athair agus ba í Mary Small a mháthair. Sé bliana a bhí sé ansin sular aistrigh an chlann go dtí Béal Feirste. Bhí an t-athair pósta faoi dhó. Leis an dara pósadh a bhain Séamus agus bhí beirt leasdeartháireacha, leasdeirfiúracha, agus triúr deirfiúracha aige. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí, Sráid an Bheairic, Béal Feirste, é in aon rang leis an gCairdinéal Ó Conmhaí. Chaith sé cúig bliana i gColáiste na Ríona, Béal Feirste, gur bhain amach an MA ann. Stair mhuirí na hÉireann ab ábhar dá thráchtas máistir. Chaith sé bliain ansin faoi Eoin Mac Néill sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Thug scoláireacht taistil é go dtí Frankfurt am Main.

Chaith sé tamall ag múineadh Gaeilge agus Béarla i gCeardscoil Dhún Dealgan. Ag an am céanna bhí sé ina eagarthóir cúnta agus ina scríbhneoir eagarfhocal ag an Dundalk Examiner. Tuairim an ama seo freisin chaith sé dhá bhliain go leith ina eagarthóir ar An tUltach. Is beag má bhí aon tréimhse dá shaol nach raibh baint aige le hiriseoireacht agus le heagarthóireacht irisí. Bhí sé ina bhall de choiste eagarthóireachta Comhar agus luann Tomás Ó Floinn é i measc na ndaoine ba mhó a shaothraigh don iris (Comhar, Iúil 1981). Faoin ainm ‘Bricriú’ scríobhadh sé colún faoi chúrsaí reatha. I 1945 bhí sé ina eagarthóir ar An Iris. Scríobhadh sé go rialta in Inniu, agus i mBéarla agus i nGaeilge in Scéala Éireann. Bhí sé mar aoi-eagarthóir don eagrán speisialta de Irish Writing (1955) a bhain le scríbhneoireacht na Gaeilge, agus uair eile ina aoi-eagarthóir ar Poetry Ireland. Bhíodh ábhar i gcló aige in The Bell, Ulster Parade, Irish Bookman .... Mhaígh sé uair amháin nach raibh páipéar ná iris in Éirinn ó Ireland’s Saturday Night go Studies nach raibh a dhéantús ann. Tá cuntas ag Gearóid Ó Casaide in Meascra Uladh 2 ar ar scríobh sé in An tUltach. I bpáirtíocht le Ciarán Ó Nualláin scríobhadh sé an iris raidió ‘An Tréimhseachan teann’.

D’fhoilsigh an Gúm a chéad dráma, Buaidh an Ultaigh, 1936 nuair a bhí sé ina mhac léinn go fóill. I 1946 ba é an Gúm arís a d’fhoilsigh na drámaí Ní chuireann siad síol; Colm Cille; Díolta faoi na luach. Drámaí eile leis is ea Iníon Rí Dhún Sobhairce, 1960; An tSiúr Pól, 1961; Faill ar an bhfeart, 1967; Iníon Rí na Spáinne, 1978. Is cinnte go raibh sé ar an seachtar ba dhíograisí a shaothraigh an drámaíocht Ghaeilge i rith an dá scór bliain sin.

Ba é an t-úrscéal Tonn Tuile, 1947 ba mhó a thabhaigh clú dó mar scríbhneoir. Meastar gur san úrscéal seo a rinneadh an chéad iarracht i nGaeilge ar dhéileáil go hoscailte le fadhbanna lánúine pósta den mheánaicme chathrach. Mhol Seán O’Casey go hard é, ach dúirt le Séamus go raibh sé amadánta aige bheith ag scríobh i nGaeilge: ‘There’s no money in that’. Le fadhbanna an phósta mheasctha i mBéal Feirste a bhaineann an dara húrscéal aige, Máire Nic Artáin, 1959. Tháinig dhá chnuasach gearrscéalta uaidh: An seansaighdiúir agus scéalta eile, 1945; Ag baint fraochán agus scéalta eile, 1955. Tá cuid dá aistí i gcló in Súil timpeall, 1951; Lámh dhearg abu!, 1982.

Is beag den fhilíocht a chum sé. Díoladh trí mhíle cóip dá chnuasach Dánta a d’fhoilsigh Glún na Buaidhe. An Iris a d’fhoilsigh ‘Iomramh an Ousel’. Scríobh sé freisin Dánta do pháistí, 1949.

Ba é a scríobh an chaibidil in Dictionary of Irish literature, 1979 (in eagar ag Robert Hogan) i dtaobh litríocht na Gaeilge.

Ó 1937 go 1974 bhí sé ina ollamh le Stair na hÉireann i gColáiste Oiliúna Dhún Chéirí, An Charraig Dhubh. Bhí dioplóma aige ó Ollscoil Innsbruck agus ceann eile ó Choláiste Oideachais Westphalia a bhain le teagasc na Gearmáinise. Thugadh sé léachtaí in ollscoileanna Stáit Aontaithe Mheiriceá. D’éirigh sé as a phost i nDún Chéirí 1974 agus ghlac le comhaltacht taighde in Institiúid an Léinn Éireannaigh i gColáiste na Ríona, Béal Feirste.

Toghadh é ina chathaoirleach ar Chumann na Scríbhneoirí 1946. Bhí sé tamall ina chathaoirleach ar PEN in Éirinn, agus ina bhall de chomhairle Chumann Staire na hÉireann.

D’éag sé ar 2 Meitheamh 1981. Bhí sé pósta faoi dhó. D’éag a chéad bhean, Siobhán Judge, tamall gairid tar éis an phósta. Phós sé ansin Caitlín Ní Chaoimh, iníon le Páidín Ó Caoimh agus Cáit Power, ar dheartháir léi John Wyse Power [faoi POWER, Jennie Wyse], duine de bhunaitheoirí Chumann Lúthchleas Gael. Bheadh sí ina cathaoirleach ar an gCumann Scoildrámaíochta ó 1962 go 1975. Bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. Cailleadh a bhean Caitlín ar i Meán Fómhair 1998.

Dúirt a chara Tomás Ó Floinn faoi: ‘Is í an chuimhne is láidre atá agam féin ar mo thréimhse chaidrimh le Séamus Ó Néill ná a dháiríreacht a bhí sé faoi gach ní tábhachtach, faoin litríocht, faoin stair, faoin pholaitíocht, faoin náisiúntacht agus go háirithe faoi chúrsaí an tuaiscirt. Níor spéis leis mionchúrsaí ná mion-nithe an tsaoil. Bhí a aigne i gcónaí ar bior. Más aon ní é bhí sé róbhuartha faoi chúrsaí poiblí’. B’fhéidir gur mheascán den dáiríreacht sin agus den chaoi ghéar dhána a nochtadh sé a intinn a chuir daoine ina aghaidh go minic. Scríobh a sheanchara Ciarán Ó Nualláin in Inniu 10 Iúil 1981: ‘Mar shampla, bhí dearcadh an-láidir aige faoin mhíshlachtmhaireacht, an nós seo atá ag Éireannaigh páipéir agus paicéid a chaitheamh ar an tsráid .... Níor dhada le Séamus ceann acu seo a thógáil, dul fad leis an té a chaith uaidh é, agus rud éigin a rá leis’. Ach chuir Tomás agus Ciarán araon béim ar an gcuimhne a bhí acu ar na dreasa féile agus cuideachtan ina theach. Thagair Ciarán dó an rud a dúirt Seán Ó Donnabháin faoi thaoisigh na nGael: ‘Recklessly hospitable’.

Dornálaí amaitéireach é tráth, agus bhí dúil aige i snámh agus go háirithe i modhanna tarrthála.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú