Feirmeoir, muilleoir, agus fear gnó ba ea an fear seo a chum ‘Marbhna Liféir Grás’, dán ar thug James Hardiman ionad dó in Irish Minstrelsy, a d’aistrigh George Sigerson, agus a raibh ardmheas ag Pádraig Mac Piarais air, agus sin ar fad i ngeall ar gur cuireadh i gcéill dóibh gurbh fhile den 17ú céad, Seán Mac Uaitéir Breathnach, a chum é. Ach fág an eachtra sin as an áireamh ar fad, is díol suime é Pádraig Ó Néill ar mhórán cúiseanna. Is é príomhphearsa Gleann an Óir: ar thóir na staire agus na litríochta in Oirthear Mumhan agus i nDeisceart Laighean, 1988 le Eoghan Ó Néill é agus gheofar cuntas níos giorra air ag Éamonn Ó hÓgáin in Kilkenny history and society ...,1990 in eagar ag William Nolan agus Kevin Whelan (‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chainnigh 1700-1870’). Tá curtha go mór leis an eolas ina thaobh ag Eoghan Ó Néill in The Golden Vale of Ivowen: between Slievenamon and Suir, [c 2003]. Ní aistriú ar Gleann an Óir, 1988 é seo ach bunleabhar. Tá eolas ann ar an leabharlann a bhí aige, ar a pháirt in imeachtaí 1798, ar scoláirí agus scríobhaithe eile i gCill Chainnigh agus i ndeisceart Thiobraid Árann. Téann an t-údar i ngleic le breithiúnas Choilm Uí Lochlainn ar Phádraig Ó Néill ach géilleann go raibh sin inleithscéil nuair nach raibh puinn eolais ag an scoláire sin ar Ó Néill.

Taispeánann an crann ginealaigh atá i gcló ag Eoghan Ó Néill gur shíolraigh sé ó Chonn Ó Néill, mac Rí Chineál Eoghain, a chuaigh ó dheas tuairim 1150. Ainmneacha eile sa chrann sin is ea Liféar Grás, Seán Mac Uaitéir Breathnach agus Aodh Buí Ó Néill a throid faoi Aodh Dubh Ó Néill chun Cluain Meala a chosaint ar Chromail i 1650. In Ónainn, baile fearainn i gCill Chainnigh, trí mhíle ó Charraig na Siúire, a rugadh é agus ba iad Aodh Ó Néill, feirmeoir agus muilleoir, agus Siobhán Ní Chochláin a thuismitheoirí. Ba é an t-aon duine clainne acu é. Níl a fhios cár cuireadh oideachas air. Bhí an múinteoir aitheanta Patrick Lynch (1754-1818) i mbun a cheirde i gCarraig na Siúire ó 1778 amach; bhí leabharlann mhaith sa bhaile in Ónainn agus bailitheoir lámhscríbhinní ba ea a athair. Bhí eolas ag Pádraig ar Laidin, Fraincis agus Iodáilis agus taithí aige ar chuid d’fhilíocht agus de phrós na Gaeilge ó 1600; d’aistrigh sé dán amháin ón Sean-Ghaeilge. Bhí caidreamh aige le fir i ndeisceart Chill Chainnigh agus Thiobraid Árann a raibh suim acu sa litríocht. Duine díobh sin ba ea Uilliam Ó Meachair, tábhairneoir i dTigh na Naoi Míle ar faoina ainm a foilsíodh Bláithfhleasg na Milseán, 1816 i gCarraig na Siúire ach gurbh é an Pádraig s’againne an t-údar dáiríre. ‘Dhá dhéantús fhada filíochta atá sa leabhar, “Laoi na mná móire thar lear” agus “Tagra na Muice” (dán grinn) mar aon le réamhrá fada Béarla ar thábhacht na Gaeilge. Dealraíonn gurbh é Pádraig féin a scríobh an réamhrá. Tá dhá chuspóir de chuid Uí Néill le sonrú sa leabhar seo: an Ghaeilge a chur faoi mheas arís agus ábhar inti a fhoilsiú’ (Ó hÓgáin). I gCluain Meala freisin, i 1796, d’fhoilsigh sé Oific na hÓighe Naomhtha Muire, leabhar crábhaidh nach bhfuil cóip di ar marthain inniu.

In 1819 a chuir Sheffield Grace aithne air agus a d’iarr air cibé dánta molta i dtaobh na nGrásach a bhí fós i mbéal na ndaoine i ndeisceart Chill Chainnigh a bhailiú dó. Sholáthair Pádraig ocht ndán dó. Bhí sé i bhfiacha i ngeall ar Bláithfhleasg na Milseán agus bhí gaol i bhfad amach aige leis na Grásaigh agus le Seán Mac Uaitéir Breathnach. Ní bhfuarthas amach go ceann 120 bliain gurbh é féin a chum; bhí páirt san obair bhleachtaireachta ag Colm Ó Lochlainn agus Art Mac Gréagóir. Bhí deimhniú an scéil le fáil sna leabhair agus na lámhscríbhinní a d’fhág garmhac Phádraig le huacht ag Risteárd de Hindeberg i 1905.

Píobaire ba ea é agus i 1785 thosaigh sé ag bailiú ceoil. Bhain George Petrie earraíocht as an gcnuasach mór a rinne sé agus deirtear gurbh ann a fuair Thomas Moore an fonn ar ar bhunaigh sé ceol ‘The Minstrel Boy’. Tá seilbh ag a mhuintir ar an gcnuasach sin.

Phós sé Mairéad Ní Scoireadh (c.1800-1859), deirfiúr le Séamus Ó Scoireadh, tuairim 1826 nuair a bhí sé féin os cionn na dtrí scór. Bhí iníon agus mac acu. Nuair a d’éag sé in 1832 cuireadh é ina theampall dúchais in Ónainn. Tá ocht gcinn de na lámhscríbhinní a rinne sé, atá i gColáiste na Rinne agus sa Leabharlann Náisiúnta, liostaithe ag an Ógánach; dánta, ranna agus laoithe fiannaíochta is ea formhór a bhfuil iontu chomh maith le haistriúcháin, na dánta úd a chum sé chun na Grásaigh a mhóradh, agus saothar foclóireachta. Bhain Dáithí Ó hÓgáin earraíocht as a lámhscríbhinní agus a shaothar in Duanaire Osraíoch, 1980 agus Duanaire Thiobraid Árann, 1981.

Maidir le Sheffield Grace (1788-1850) ní hiad dánta molta na nGrásach amháin ar féidir a rá fúthu gur ghlanbhrionnadóireacht iad. Bhí idir chaisleáin agus chúrsaí ginealaigh i gceist freisin. Tá cuntas ag Conleth Manning (‘Delusions of grandeur: the pictorial forgeries of Sheffield Grace’) in Kilkenny: studies in honour of Margaret M. Phelan, (gan dáta), in eagar ag John Kirwan, ar na léaráidí de chaisleáin na nGrásach a chuir sé á ndéanamh. An rud is iontaí ar fad sa chuntas a líonmhaire a bhí na húdair cháiliúla a bhí ag cabhrú leis, gan fhios dóibh féin, is dóigh, chun na Grásaigh a mhóradh trína chuid brionnadóireachta a fhoilsiú: W. Shaw Mason (1774-1853), James Hardiman, S. C. Hall (1800-89), G. N. Wright, George Petrie (sa mhéid go raibh cuid de na léaráidí bréagacha i gcló in Dublin Penny Journal in 1831), P. H. Hore (staraí Loch Garman), James N. Brewer. Deir Manning: ‘On examination Sheffield Grace’s works often throw more light on his strange mental condition than on the genuine history of his family. It would take a psychologist to diagnose correctly his condition but he seems to have had an irrepressible urge to show the Grace family as more important than they really were and to misuse and deliberately falsify different types of evidence towards that end.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú