Bhí sí ar dhuine de na mná ba nótáilte i saol na Gaeilge agus ba dhuine í den bheagán san ba mhó céim agus cáil i ngnóthaí foilsitheoireachta agus eagarthóireachta leabhar Gaeilge. Tá cuntas uirthi ar leathanach na marbh in Irish Times 25 Márta 2006. Foilsíodh in Comhar, Feabhra 1981 agallamh a rinneadh léi ar fiú é a léamh chun teacht ar léirthuiscint ar fhoilsitheoireacht Ghaeilge 1945-80 agus ar a mhéid a d’éirigh le comhlacht beag a dhéanamh de thoradh misnigh, grá tíre, éirime agus spiorad na fiontraíochta.

I dteach a seanathar Hubert Breathnach (1849-1905) i gCill Fhínín, Co. na Gaillimhe, a rugadh í 26 Aibreán 1920. Gheofar cuntas gairid ar Hubert in 1882-1982 Beathaisnéis a Trí (lch 124). B’as Ros Muc dó agus múinteoirí scoile i gCill Fhínín ba ea é féin agus a bhanchéile Máire Cáit Ní Mhaolchatha (1863-1950) arbh as Sceichín an Rince, Co. Thiobraid Árann, di. Níorbh annamh an uair sin, agus le fada roimhe sin, a shaolaítí an chéad leanbh i dteach na seanmháthar. Ba iad Séamas Ó Maoileoin agus Bríghid Bhreathnach, múinteoirí, a tuismitheoirí agus ag an am sin bhí tóir go dian ar Shéamas mar fhear mór le rá i gCogadh na Saoirse. Múinteoir a bhí ceannródaíoch freisin maidir le teagasc na Gaeilge ba ea máthair Shéamais, Máire Ní Mhaol Láimhín (1861-1945) ó Bhaile Chaisleán na nGeochagán.

Toisc a phoblachtachais, agus de dheasca cheannasaíocht na cléire i gcúrsaí oideachais, bhí an saol go corrach ag Séamus agus a theaglach ar feadh tamaill fhada roimh agus i ndiaidh 1922. Rugadh mac agus ceathrar eile iníonacha don lánúin agus bhí Séamus ag múineadh i gCorcaigh tamall agus scoil tuata á reáchtáil aige tamall i mBealach an Tirialaigh, a cheantar dúchais. Ar feadh 1932-38 bhí sé ag múineadh i scoil Chumann na gCarad agus freisin i Scoil Bishop Foy sa Bhaile Nua, Co. Phort Láirge, agus is sna scoileanna sin a cuireadh meánscolaíocht ar Bhríghid. Thug scoláireacht agus sadhsóireacht go Coláiste na Tríonóide í i 1938. Bean óg bheoga dhathúil chliste ba ea í a bhaineadh ardtaitneamh as imeachtaí Chumann Gaelach an Choláiste. Agus chaithfí an tréimhse 1938-43 a áireamh mar ardphointe dóchais agus mórghníomhaíochta i stair na hathbheochana: forbairt an Chomhchaidrimh, athréimniú an Oireachtais, bunú Chraobh na hAiséirí (Conradh na Gaeilge), Ghlún na Buaidhe, Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, borradh nua sa scríbhneoireacht.... Bhí baint mhór ag Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh leis na himeachtaí sin go léir agus pósadh é féin agus Bríghid 7 Meán Fómhair 1943.

Faoin am seo bhí céim san eolaíocht, le focháilíocht sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis, bainte amach aici agus tamaill mhúinteoireachta curtha di aici sa Tulach Mhór, mar a raibh cónaí ar a tuismitheoirí faoin am seo, agus sa Bhaile Meánach, Co. Aontroma. Bhí bac ar mhná pósta a bheith ag múineadh sa státchóras ag an am sin. Chuaigh sí i mbun teach a rith, cócaireacht a fhoghlaim agus tógáil a beirt chlainne ach níor lagaigh a hardspéis in Comhar agus sa nualitríocht. Mhéadaigh go mór ar an obair a bhí le déanamh aici nuair a bunaíodh an comhlacht Sáirséal agus Dill i 1945. In Sáirséal agus Dill 1947-72: Taispeántas sa Leabharlann Nua, Coláiste na Tríonóide 23 Samhain – 9 Nollaig 1972 tá scéal an chomhlachta sin inste aici i gcuimhne ar a fear céile. Bhronn Ollscoil na hÉireann (Maigh Nuad) D. Litt onórach uirthi i 2003. An scoláire Éamon Ó Ciosáin a thug i láthair í agus dúirt sé: ‘Is iomaí feachtas ar thacaigh sí leis, agus is iomaí seasamh misniúil a ghlac sí ar son chearta agus deiseanna forbartha na teanga Ghaeilge. D’éiligh sí cearta don teanga, saoirse agus cead cainte do na scríbhneoirí, agus níl iontu sin ach dhá ghné de rud ar mór ag Bríghid é, saoirse na muintire’ (Irish Times).

Is fiú freisin eagarfhocal Comhar, Feabhra 1981 (‘Sáirséal agus Dill 1945-1981’) a léamh. D’fhoilsigh siad 70 leabhar idir 1947 agus 1967. Bríghid a bhí i mbun eagarthóireacht a dhéanamh ar na leabhair. Is mar seo a chuireann an Irish Times síos ar an gcúram sin: ‘Most of the detailed work on manuscripts fell to Bríghid. Notwithstanding her background in science, she had first-rate literary judgment and was an excellent text editor.’ D’fhoilsigh an comhlacht leabhair na n-údar Gaeilge ba mhó iomrá i rith na tréimhse sin: Máirtín Ó Cadhain, Séamus Ó Néill, Niall Ó Dónaill, Micheál Mac Liammóir, Donncha Ó Céileachair, Máire Mhac an tSaoi, Liam Ó Flaithearta, Seán Ó Lúing, Leon Ó Broin, Annraoi Ó Liatháin.... Tar éis bhás Sheáin i 1967 is ar Bhríghid a thit na cúraimí iomadúla eile is gá chun leabhair ar ardchaighdeán a chur ar fáil do mhargadh na Gaeilge ar phraghas réasúnta íseal. Faoina stiúir a d’fhoilsigh an comhlacht breis agus caoga leabhar idir 1968 agus 1980. Bhí na trí scór bliain aici anois agus i ndiaidh 35 bliain den chrua-obair agus den dualgas shíl sí gur cheart di éirí as. Faoin am seo bhí formhór na scríbhneoirí, ar chun freastal orthu a bunaíodh an comhlacht an chéad lá, ar shlí na fírinnne nó imithe go mór in aois. Bhí a dóthain déanta aici, agus rinne sí socrú le Caoimhín Ó Marcaigh stoc agus cearta an chomhlachta a ghlacadh ar láimh, ar mhaithe le seirbhís leanúnach a sholáthar do scríbhneoirí agus do léitheoirí an chomhlachta. Gan amhras, bhí sé i gceist freisin go gcoimeádfaí i gcló an saothar ba thábhachtaí dár fhoilsigh Sáirséal agus Dill.

Nuair a cailleadh a fear céile go tobann i 1967, fuair Bríghid amach nach raibh aon chearta pinsin aici, ná ag aon bhaintreach státseirbhísigh a cailleadh le linn a fhostaíochta an uair sin. Le baintreacha státseirbhíse eile, bhunaigh sí coiste chun an leatrom seo a chur ina cheart, agus chaith siad blianta ag plé le hairí airgeadais, urlabhraithe freasúra agus ard-státseirbhísigh sular ghéill an státchóras go doicheallach dá n-éileamh. Duine fuinniúil gníomhach ba ea Bríghid; d’fhág sí a rian ar mhórán feachtas agus eagraíochtaí ilchineálacha. Bhí mac agus iníon, Cian agus Aoileann, ag Bríghid agus Seán. D’éag sí 19 Márta 2006.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú