I Mídín in aice le Bealach an Tirialaigh san Iarmhí, mar a raibh feirm an-bheag ag a athair Liam, a rugadh é ar 19 Nollaig 1893. Bhí feirm réasúnta mór ag muintir Mhaoileoin aimsir an Ghorta ach cuireadh as seilbh iad agus theith seanathair agus seanuncail Shéamais go Sasana. Fuair Liam bás i 1913. I Sasana a rugadh eisean ach tháinig sé abhaile go hÉirinn le dul i mbun na feirme. Bhí beirt deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Séamas: ba dhuine díobh Tomás Ó Maoileoin nó ‘Seán Forde’, trodaire nótáilte i gCogadh na Saoirse i Luimneach agus i dTiobraid Árann (a bhfuil cuntas ar a bheatha scríofa aige féin in Survivors: the story of Ireland’s struggle as told through some of her outstanding living people ... 2ú heagrán, 1987 le Uinseann Mac Eoin) Bunmhúinteoir ba ea a mháthair, Máire Ní Mhaol Láimhín (1861–1945) ó Bhaile Chaisleán na nGeochagán. Mhúin sí Gaeilge di féin le cabhair ó leabhráin Uí Ghramhna agus bhíodh an teanga á múineadh aici sa scoil. Bhris an bainisteoir as a post í toisc an iomarca den teanga agus de stair na hÉireann bheith á theagasc aici. Chuireadh sí iarrachtaí ar nós liostaí focal isteach ar chomórtais an Oireachtais agus tá ‘Máire Ní Mhaoileoin’, múinteoir i mBealach an Tirialaigh, luaite i nDuilleachán an Oireachtais 1904 mar dhuine a fuair duais an Chliabhraigh. Is cinnte gurbh ise í, ach gur cuireadh a hainm i gcló ar an gcuma sin. Liostaigh an Bord Náisiúnta Oideachais tuairim 250 bunscoil faoin teideal ‘Schools teaching Irish as an extra subject’ (An Claidheamh Soluis 27 Nollaig 1902). Sna ceantair Ghaeltachta a bhí a bhformhór mór. Ní raibh san Iarmhí ach an t-aon scoil amháin, Scoil na gCailíní i mBealach an Tirialaigh, agus ba í Mary Malone an múinteoir a bhí ag teagasc na teanga ann. Cois teallaigh a chuir sí bunoideachas ar a clann.

Chaith Séamas téarma amháin i Meánscoil na Rinne. Chuaigh sé chuig Meánscoil na mBráithre sa Mhuileann gCearr mar scoláire lae agus as sin bhain sé scoláireacht go Coláiste an Droichid Nua, ceann den fhíorbheagán coláistí a raibh cáil na Gaeilge orthu. I 1911 bhain sé amach teastas múinteora i gColáiste Chonnacht sa Spidéal. An bhliain chéanna sin chuir Liam Ó Maoilíosa faoi mhionn Bhráithreachas na Poblachta é ag Feis an Mhuilinn gCearr. Chaith sé dhá bhliain ag teagasc Gaeilge agus staire i Scoil na mBráithre ar an mbaile sin agus théadh sé gach Satharn chuig léachtaí sa chraobh de Choláiste Laighean a osclaíodh ann ar 17 Samhain 1912 agus a raibh Éamonn Ó Tuathail i gceannas uirthi. Chaith sé samhradh amháin ag taisteal na tíre le compántas aisteoirí, obair a thaitin leis.

Faoi dheireadh shamhradh 1913 bhí post aige i Scoil na mBráithre in Ard Mhacha. Bhíodh sé ag timireacht don Bhráithreachas. Chaill sé an post tar éis bliana nuair a tuigeadh gur ag obair in aghaidh Sheáin Réamoinn a bhí sé. Ghlac sé páirt i dtabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair agus i gCill Chomhghaill samhradh 1914.

I ndeireadh Lúnasa 1914 fuair sé post i Scoil na mBráithre i bPort Laoise. Le linn dó bheith ann d’iarr Liam Ó Maoilíosa air bheith ag spiaireacht agus ag lorg eolais. Ach chaill sé a phost nuair nach n-éireodh sé as bheith ag teagasc i ranganna a bhí ar siúl ag Fianna Éireann. Faoi Lúnasa 1915 bhí post aige i scoil Íosánach i Luimneach agus is ann a fuair sé orduithe dul abhaile go Bealach an Tirialaigh Céadaoin an Bhrath 1916. Gabhadh é i Luimneach i ndiaidh an Éirí Amach agus chaith sé tamaill i ngéibheann i Luimneach agus i mBeairic Richmond sular cuireadh go Sasana é mar ar chaith se tamaill i Wakefield agus i bhFrongoch. I ndiaidh dó teacht amach as príosún is ea a thairg Éamonn Ó Duibhir post múinteora Gaeilge faoi Chonradh na Gaeilge dó i dTiobraid Árann Thuaidh.

Bhí Bríd Bhreathnach (a rugadh ar 19 Lúnasa 1888) as Cill Fhínín, Co. na Gaillimhe, ag múineadh scoile sa Drom Bán ag an am agus pósadh iad i bhfómhar 1917. Ba iníon í siúd le Hubert Breathnach (1849–1905), máistir scoile Chill Fhínín, agus Máire Cáit Ní Mhaolchatha (1863-1950), múinteoir ó Sceichín an Rince, Tiobraid Árann. B’as Ros Muc do Hubert ó cheart agus bhí poist acu beirt sa cheantar sin go dtí gur tharla aighneas idir Hubert agus an sagart paróiste nua ann. Bhí baint mhór aige le tógáil an leachta ag uaigh Raiftearaí i gCill Fhínín ar 26 Lúnasa 1901. Cé go raibh tionól mór ann an lá sin agus cuid mhór de cheannairí ghluaiseacht na teanga ann, chomh maith le scribhneoirí ar chairde iad leis an mBantiarna Gregory, níor tugadh tuairisc ar An Claidheamh Soluis 31 Lúnasa 1901 ach ar óráidí a thug an sagart cáiliúil Gerald O’Donovan (1871–1942) agus Hubert. ‘Thug an Breathnach, máistir scoile an bhaile, óráid uaidh ag cur síos ar stair na teanga chomh breá chomh líofa agus chomh céillí is d’airíos riamh .... Go deimhin is aoibhinn don cheantar a bhfuil an Breathnach mar mháistir scoile ann’. D’éag Hubert i gCill Fhínín ar 24 Meán Fómhair 1905. Deirtear ar an leac uaighe go raibh a mhac Pádraig (1900-24) ina chaptaen i mBriogáid Mhaigh Eo Thoir.

Bhí an tuairisc seo faoi Shéamas in Fáinne an Lae 30 Márta 1918: ‘Deir an Midland Tribune go dtug na pílir in Aonach Urmhumhan cuairt ar thigh Shéamais Uí Mhaoileoin, timire Chontae Thiobraid Árann, an lá faoi dheireadh agus gur chuardaíodar gach poll agus póirse, ach gur theip orthu greim a fháil ar Shéamas. Deirtear gur toisc “drill” a chleachtadh atáthar ar a thí’. Lúnasa 1918 dúirt Mícheál Ó Coileáin leis dul go Corcaigh toisc go raibh an tóir róláidir air i dTiobraid Árann agus fuair sé post i Scoil na mBráithre ar Ché Uí Shúilleabháin faoin ainm cogaidh ‘Michael Forde’. Sloinne coitianta é in iarthar na Gaillimhe. Ar ball nuair a bhí sé in oirthear Luimnigh d’athraigh sé ‘Micheál’ go ‘Séamas’ mar bhí aithne air faoin ainm sin cheana féin sa cheantar sin.

Gabhadh é féin agus a dheartháir ‘Seán Forde’ i gCill Fhínín Nollaig 1918 ach d’éirigh leis ealú ó bheairic na bpílear i mBaile Átha an Rí. Ó dheireadh 1920 amach bhí sé ina Cheann Briogáide in Oirthear Luimnigh. Chuaigh sé ar ais ag múineadh i gCorcaigh i ndiaidh an tSos Cogaidh. Is cuntas ar a pháirt i ngluaiseacht na saoirse go nuige sin a leabhar B’fhiú an braon fola (1958).

Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Bhí meánscoil dá chuid féin aige, Meánscoil Thomáis Dáibhis sa Chaisleán i mBealach an Tirialaigh, ar feadh tamaill ach bhí air éirí as mar ní thabharfadh an Roinn Oideachais aithint don scoil gan moladh ón easpag, rud ba dheacair a fháil na laethanta sin do scoil nár leis an gcléir í.

Ó 1932 go 1940 bhí sé ag múineadh Gaeilge i Scoil an Bhaile Nua i bPort Láirge. Le Cumann na gCarad an scoil sin. Ba é George Gilmore, poblachtach, a chuir in aithne é do ardmháistir na scoile sin, Arnold Marsh. Theastaigh uaidhsean go gcuirfí leis an spiorad náisiúnta sa scoil agus d’iarr sé ar Shéamas dul go Port Láirge. D’iarr sé freisin air a chlann a chur go dtí an scoil, rud a rinne Séamus gó fonnmhar. Chun go gcuirfeadh sé isteach na huaireanta a bhí riachtanach mar mheánmhúinteoir agus an Roinn Oideachais a shásamh bhíodh sé ag teagasc freisin i Scoil an Ardeaspaig Foy. Chomh maith le dearcadh náisiúnta a mhúnlú i measc aicmí éagsúla creidimh sna scoileanna sin, chuir an t-aistriú go Port Láirge cor i gcinniúint a pháisti féin. Fuair a iníon Brighid, mar shampla, a fuair meánoideachas i Scoil an Ardeaspaig Foy, scoláireacht a thug go Coláiste na Tríonóide í mar ar casadh uirthi a fear céile Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh (1917–1967), mórfhoilsitheoir na Gaeilge.

Bhí Séamas ag múineadh i gColáiste Mhuire, Ráth Maonais, i ndeireadh a shaoil oibre.

Fuair a bhean Bríd bás 31 Eanáir 1955. D’éag Séamas féin 8 Márta 1959. Máirtín Ó Cadhain a labhair cois na huaighe i nGráinseach an Déin. Dúirt sé: ‘Is ríchorrdhuine, má bhí duine ar bith, a rinne an oiread sin go síoraí ar feadh a shaoil leis an nGaeilge a thabhairt ar ais mar theanga bheo na tíre. Rinne sé é ina liacht scoil dá raibh sé ag múineadh. Chuir sé an Ghaeilge i gcion ar an siopadóir chomh maith leis an mbuachaill scoile, ar an státseirbhíseach neamhthoilteanach, ar an sagart nach mbeadh sásta ainm Gaeilge a bhaisteadh ar an bpáiste. Ach thar gach áit eile, chuir sé i gcion ar a theallach féin í. Ní raibh gnáthchónaí riamh air sa Ghaeltacht. Thóig sé féin agus a bhean, Bríd Bhreathnach, clann mhór. Tá an chlann sin anois agus clann a gclainne aríst, a gcuid fear agus a gcuid cliamhaineacha, ag craobhscaoileadh na Gaeilge agus an náisiúnachais ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh, ó Chathair na Mart go dtí California. Sin é leacht Shéamais’ (Comhar, Meitheamh 1959). Is inspéise gurbh é Máirtín freisin a labhair ag uaigh chliamhain Shéamais, Seán Ó hÉigeartaigh, agus gurbh é garmhac Shéamais, Cian Ó hÉigeartaigh, a labhair ag uaigh Mháirtín féin.

Bhí mac amháin, Ailbhe, agus cúigear iníonacha aige. A iníon Úna a scríobh Le grá ó Úna, 1958, ar litreacha abhaile ón Iodáil iad, An Maith leat Spaigití?, 1965 agus leabhair eile. Phós sí Thomas Fyson agus d’éag in Oileán Leodhais 25 Aibreán 1994. Bhí Eibhlín (d’éag 1986) ina rúnaí ag Sáirséal agus Dill.

Scríobh Séamas freisin Gaeilge gan dua, 1956, agus, i gcomhar le Pádraig Ó Domhnaill, Ceachta cainnte don Phobal, 1922.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú