Bhí Neddy Kate, mar a thugtaí air ina dhúiche féin, ar dhuine de na pearsana ba mhó tábhacht i ngluaiseacht na saoirse i dTiobraid Árann. Sampla is ea a shaolré ar an dlúthcheangal a bhí go minic ag athbheochan na teanga leis an ngluaiseacht sin.

Ar 10 Nollaig 1883 a rugadh é i mBealach, Crois an Ghúlaigh, Co. Thiobraid Árann. Feirmeoir ba ea a athair John Dwyer (Kate) agus ba í Mary Crough (a litrítear mar Crowe go hiondúil) a mháthair. Bhí deartháir amháin aige a bhí fiche bliain níos sine ná é, chomh maith le triúr nó ceathrar deirfiúracha. D’fhág sé an scoil náisiúnta in aois trí bliana déag dó. Cibé oideachas a fuair sé ina dhiaidh sin ba in irisí náisiúnta ar nós The Irish Peasant é, le léitheoireacht phearsanta, agus i gConradh na Gaeilge.

Na ceachtanna Gaeilge in Weekly Freeman agus tuairiscí faoi Chogadh na mBórach ba thúisce a spreag a spéis sa náisiúnachas. D’fhreastalaíodh sé ar na ranganna Gaeilge a bhí curtha ar bun ag an Athair Maitiú Ó Riain i gCnoc an Bhile. Áine Ní Dhuinneacha, cainteoir dúchais, an múinteoir a bhí acu. Ansin bhunaigh Éamon agus a chomrádaithe sa rang sin craobh den Chomhairle Náisiúnta, eagraíocht a bhunaigh baill de Chumann na nGael i 1903 chun cur in aghaidh chuairt Rí Edward VII go príomha. Ainmníodh é mar ionadaí Chraobh an Bhealaigh chun Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 1907. An bhliain dár gcionn bhí craobh de Shinn Féin ar bun acu i nDún Droma agus sa bhliain chéanna sin ghlac Éamon mionn Bhráithreachas na Poblachta. Bhí sé i gceannas na heagraíochta sa chontae ar feadh tamaill. Ó 1906 go 1914 agus arís ó 1929 go 1961 bhí Éamon ina rúnaí craoibhe sa Chonradh, ag teagasc ranganna, agus tamall ina rúnaí contae. Ba é a thug Séamas Ó Maoileoin go dtí an ceantar mar mhúinteoir/timire i 1917. Ba é freisin a thug an ceoltóir cáiliúil John Smithwick Wayland abhaile go dtí a cheantar dúchais féin chun Banna Píobairí Cogaidh an Bhealaigh a bhunú. Bhí siad ar cheann de na chéad bhannaí píobaireachta sa tír.

I mBealach a bunaíodh an chéad chomplacht de na hÓglaigh i dTiobraid Árann agus nuair a bhris an Cogadh Mór amach tairgeadh captaen a dhéanamh de Éamon in arm na Breataine. Um Cháisc 1916 thug sé iarracht ar thacaíocht don éirí amach a fháil i dTiobraid Árann agus i Luimneach agus chaith sé an tréimhse uaidh sin go hOíche Nollag 1916 i bpríosún i Wakefield agus Reading. Ba é a d’áitigh ar Shéamus Robinson teacht go Tiobraid Árann an bhliain dár gcionn. Le cabhair airgid ó Mhadge Daly i Luimneach cheannaigh sé feirm i gCill Seanáin mar cheanncheathrúna do na hÓglaigh. I 1917–18 chaith sé tréimhsí i bpríosún i gCorcaigh, Mountjoy, Dún Dealgan agus i mBéal Feirste, é ar stailc ocrais an chuid is mó den am. I dtús na Samhna, 1918, cuireadh go príosún Durham é. Luaitear na téarmaí géibhinn seo go minic i bpáipéir an Chonartha. Foilsíodh aiste a scríobh sé i dtaobh saoirse na hÉireann in Fáinne an Lae 23 Feabhra 1918.

Nuair a bunaíodh Treas Briogáid Thiobraid Árann ceapadh Éamon mar leasmháistir ceathrún. I 1920–21 chaith sé babhtaí eile i bpríosún i gCorcaigh, ar an long Flying Fox, i Wormwood Scrubbs agus i bpríosúin eile. Bhí sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh ach níor ghlac aon pháirt sa Chogadh Cathartha agus rinne tréaniarracht ar shos cogaidh a shocrú. Chomh maith leis an bhfeirmeoireacht bhí gnó áisínteachtaí feirme aige agus post san Irish National Insurance Company. Ní óladh sé deoch alcólach ná ní chaitheadh tobac agus níl amhras ach go gcaitheadh sé a dtuilleadh sé ar mhaithe leis an ngluaiseacht náisiúnta.

I 1915–16 bhí an iris sheachtainiúil The Gael á foilsiú aige i mBaile Átha Cliath agus Oíche Shamhna 1921 tosaíodh ar shraith nua a thabhairt amach. ‘To educate, to elevate, to instruct, to amuse’ an mana a bhí aici. Ba le Comharchomhlacht Foilsitheoireachta Gael Teo. í agus ba é Éamon bainisteoir stiúrtha na hirise, é ina eagarthóir ar feadh tamaill. Bhí an iris mhíosúil Banba á foilsiú acu ag an am céanna. Ar 19 Nollaig 1921 bhí eagarfhocal acu inar dúradh: ‘We have pointed out the defects in this Treaty, but after allowing for them, we hail the agreement as a great and wonderful victory for Ireland’. Bhí J. J. Walsh TD, Pádraig Ó Máille TD, agus Piaras Béaslaí TD ina mbaill den choiste ar dtús. Ba é polasaí na hirise fóram a sholáthar don dá thaobh. Cheanglódh Pádraig agus Éamon le Fianna Fáil i bhfad ina dhiaidh sin.

I measc aidhmeanna an chomharchumainn seo bhí scannáin agus ceirníní a chur á ndéanamh agus pictiúrlanna na hÉireann a bheith á reáchtáil ar mhaithe leis an náisiún Gaelach. Bhí sé i gceist acu Gaeltacht a bhunú i gCaiseal. Lean an iris go Bealtaine 1924. Éamon ba mhó a bhí thíos leis. Tuairim £2,000 a chaill sé agus d’imigh breis is tríocha bliain thart sula raibh na fiacha glanta. Leabhair a d’fhoilsigh an comhlacht is ea Mian a croídhe, le Pádraic óg Ó Conaire, Féile na nÓglach, le Liam P. Ó Riain, agus Idir na Fleadhanna, le hÁine Ní Fhoghludha.

I 1913 chaith Éamon cúpla seachtain ag cabhrú le hoibrithe Bhaile Átha Cliath agus is léir ar na haistí in An Gael bá a bheith aige le polaitíocht an lucht oibre. Ar uimhir ’ 24 Samhain 1923, mar shampla, liostaítear cuid de theachtaí Dála Chumann na nGael mar ‘enemies of the poor people’. Nuair a bhí sé i bpríosún in Durham chuir sé abhaile aiste ag moladh an chumannachais (i gcló in Fáinne an Lae 11 Eanáir 1919).

Phós Éamon Winnifred O’Sullivan ón Ros Mór ar 14 Meán Fómhair 1929 agus bhí mac agus iníon acu. Lean sé air go deireadh a shaoil ag múineadh na teanga, go páirtaimseartha ar phá ar feadh píosa agus go toildheonach ina dhiaidh sin. Bhí teastas múinteora faighte aige tar éis cúrsa i gColáiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh. D’éag sé 2 Meitheamh 1963 agus tá sé curtha i reilig Chluain Abhla. Ar 20 Deireadh Fómhair 1991 nochtadh plaic gar don áit inar rugadh ‘Neddy Kate’ i mBealach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú