UÍ MHAOILEOIN, Caitlín (1940–2012)

Rugadh Caitlín Uí Mhaoileoin (Caitlín Dowds) ar 28 Meitheamh 1940 i 19 Sráid Madrid i mBéal Feirste. Ba í an iníon ba shine de chúigear clainne í. Mary agus Christine (Tina) na deirfiúracha a bhí aici agus Arthur agus Peter na deartháireacha. Ba iad a tuismitheoirí Mary (Molly) Leonard agus Samuel Dowds, beirt Fheirsteach, a spreag a grá don Ghaeilge sa chéad áit agus ba mhinic a mhol Samuel don chlann ar fad freastal ar ranganna Gaeilge. D’fhreastail Caitlín féin agus a deirfiúr Mary ar Scoil Naomh Antaine, Willowfield, Béal Feirste, a bhí faoi chúram Shiúracha na Croise Rónaofa agus na Páise, a raibh clú uirthi de thoisc cúrsaí ceoil. Bhí Caitlín agus a deirfiúr Máire ina bpríomhamhránaithe ban i gCór Eaglasta Naomh Maitiú, cór a raibh cáil mhór air ar fud Bhéal Feirste ag an am. Bhí an ceol láidir sa teaghlach agus sula raibh deich mbliana d’aois bainte amach aici tugadh chuig an Messiah í, i Halla Uladh, Béal Feirste. Ba ghnách léi dul chun na Gaeltachta i Rann na Feirste agus i nGort an Choirce, Co. Dhún na nGall, ó Bhéal Feirste agus í ar scoil. Tar éis di an scoil a fhágáil agus í ag obair mar státseirbhíseach in Oifig na Cánach i mBéal Feirste d’fhreastail sí ar ranganna Gaeilge a bhí á reáchtáil ar Bhóthar na bhFál. Bhí an-mheas aici ar mhúinteoireacht éifeachtach, rud a phléigh sí in agallamh le Fiona Pasoma in 2005. Bhí sí seacht mbliana déag ag an am agus ba ansin a bhuail sí lena fear céile Brian Ó Maoileoin a bhí ag múineadh Gaeilge ann ag an am. Is fearr an aithne atá ar Bhrian mar scríbhneoir Gaeilge, mar údar ar úrscéalta agus ar dhrámaí a bhain duaiseanna Oireachtais ó na 1970idí ar aghaidh. Bhain úrscéal dá chuid, An cheallúnach, duais ‘Seán S. Ó hÉigeartaigh’ in 1986 agus bhain sé an duais chéanna do script scannáin Ceobhrán in 1990. Bhain sé duais Ollscoil St Paul Minnesota/An tUltach, d’úrscéal eile dá chuid, Brothall, in 1988. Bhuaigh sé an ‘Sir Samuel Ferguson Memorial Award’ don chéad dráma Gaeilge ar raidió BBC in 1990 chomh maith.

Théadh Caitlín agus Brian go Rann na Feirste agus go Ros Goill, Co. Dhún na nGall, sular pósadh iad. Bhí sí naoi mbliana déag nuair a thug sí cuairt ar Ros Goill den chéad uair agus thagadh sí gach bliain go 1968 nuair a d’imigh an bheirt acu go dtí an Chéinia. Bhí na páistí ar fad ar an saol faoin am seo ach amháin Bríd, an duine ab óige, a saolaíodh cúig seachtaine i ndiaidh dóibh a bheith sa Chéinia. Bhí cúigear clainne ag Caitlín agus Brian, triúr iníonacha, Caoimhe, Máire agus Bríd, agus beirt deartháireacha, Pádraig agus Brian Óg. Fad agus a bhí siad sa Chéinia bhíodh an ceol Gaelach á chleachtadh acu i gcónaí. Bhí stair agus Béarla á múineadh ag Brian agus chuir sé an-spéis i bpobal na Másaíoch, an pobal a raibh cónaí orthu san áit ar chuir siad fúthu ann, is é sin Tír na Másaíoch. Scríobh sé dráma i Svahaílis bunaithe ar stair agus ar chultúr an phobail a bhuaigh an fhéile dhrámaíochta Ol Kerkikenya.

D’fhill siad ar Éirinn le socrú síos i nGaeltacht Ros Goill in 1971 agus thóg siad teach cónaithe ar an Mhuirleog. Rinne siad an-iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail sna blianta a chaith siad i Ros Goill ach níor éirigh leo an dul chun cinn a bhí uathu a chur i gcrích sna 1970idí. Tréimhse chonspóideach í an tréimhse sin in Éirinn, go háirithe do bheirt Feirsteach ag iarraidh an Gaelachas a chur chun cinn i gceantar Gaeltachta taobh leis an teorainn. Níor chuir sé sin cosc lena ndíograis i leith chultúr na Gaeilge áfach agus lean siad leo le cúrsaí ceoil agus siamsaíochta sa phobal agus a dteaghlach féin á thógáil le Gaeilge acu ag an am céanna. I rith na 1970idí agus na 1980idí níor staon Caitlín de chur chun cinn an cheoil Ghaelaigh agus í ag obair le páistí an cheantair le cóir agus le grúpaí ceoil. Fad agus a bhí an ceol á shaothrú aici sa teaghlach i rith na tréimhse seo, bhí ceoltóirí áitiúla á gcur chun cinn aici ag leibhéal náisiúnta chomh maith agus ghlac cór dá cuid, Ceoltóirí Óga Mhíobhaigh, páirt i gCraobh na hÉireann i nGaillimh i lár na 1970idí sa chomórtas Cór na nÓg. Ba rud mór é seo ag an am sin, go háirithe do ghrúpa daoine nach raibh fáil ag a bhformhór an contae a fhágáil roimhe sin. Ba sa cheol ba mhó a chaith sí a cuid díograise agus páistí á dtabhairt aici go comórtais náisiúnta Slógadh mar aon le ranganna ceoil á dteagasc aici ag leibhéal áitiúil.

Bhíodh sé de nós ag teaghlach óg Chaitlín dul go Béal Feirste go teach na seantuistí gach oíche Aoine d’oíche cheoil, airneála, agus scéalaíochta, áit a mbíodh na gaolta agus cairde ar fad bailithe don ócáid. Mar a dúirt Máire, deirfiúr Chaitlín, ‘The Friday night sing songs were at Granny Leonard’s house in King Street (Belfast Centre). There were always about 20 of us all outdoing each other in song, poetry, piano, dancing (we had our own fleadh)’. Bhí an ceol san fhuil agus ‘Ceoltóirí Ghoill’ a cuireadh ar an ghrúpa teaghlaigh ceoil a bhunaigh Caitlín agus Brian féin ina dhiaidh sin agus a lean ar aghaidh ó thus na 1970idí. Ar na gradaim a bhain Ceoltóirí Ghoill amach bhí Craobh na hÉireann sa Slógadh Náisiúnta sna blianta 1976, 1977, 1978 agus 1979 mar aon leis an chéad áit i bhFéile Idirnáisiúnta Leitir Ceanainn in 1979 agus 1983. Ba mhór an gradam é seo do ghrúpa óg teaghlaigh mar seo agus an duais seo bainte amach ag grúpaí ar nós Clannad díreach roimhe sin. Chomh maith leis sin bhain siad duais speisialta na moltóirí i SliathShlógadh in 1979, duais a bhronntaí gach bliain ar an scoil nó ar an eagraíocht ba mhó a chuir leis an Slógadh. Ba é seo an chéad uair a bronnadh ar theaghlach é. Bhain siad an phríomhdhuais ag Féile na gCealla Beaga in 1980 chomh maith. I rith na mblianta seo ba mhinic a d’fheictí Caitlín, Brian agus an teaghlach ar chláir teilifíse ar nós Trom agus éadrom, Young line, As I roved out agus SBB ina shuí. Thaistil siad an domhan le ceol na hÉireann a chur chun cinn sa Bhreatain Bheag, i Sasana, in Albain, in Oileán Mhanann, sa Bhriotáin, agus sa Ghearmáin i rith na tréimhse seo chomh maith. Sa bhliain 1978, tugadh cuireadh dóibh a bheith mar aíonna speisialta mar ambasadóirí ceoil ó Éirinn do theacht le chéile na heagraíochta ‘The Friendship Force’ in Des Moines, Iowa, sna Stáit Aontaithe. Eagraíocht í seo a bhunaigh bean chéile Uachtarán SAM, Jimmy Carter, Rosalind, chun cultúir an domhain a thabhairt le chéile.

Tar éis a saol a chaitheamh i mbun chur chun cinn an cheoil Ghaelaigh agus na Gaeilge i measc an aosa óig, thiontaigh Caitlín ar a dúil féin san amhránaíocht sean-nóis agus bhain sí corn in Oireachtas 1992 sa Daingean, Co. Chiarraí, mar aon le Comórtas na mBan in Oireachtas na bliana 1993 i nGaillimh. D’fhill Caitlín ar an oideachas ansin agus chaith sí na blianta ó 1998 go 2002 i mbun céime i gcúrsaí aistriúcháin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Chaith sí bliain i nGreanáda na Spáinne agus í i mbun na céime. Bunaíodh an eagraíocht Ghaeilge ‘Céim Aniar’ ansin i Ros Goill sa bhliain 2000 mar aithníodh go raibh Gaeilge an cheantair Ghaeltachta seo i mbaol. Ghlac Caitlín ról gníomhach ann mar dhíograiseoir teanga agus cultúir, agus mar fhostaí ó 2002 ar aghaidh. Luann údar an ailt a foilsíodh tar éis a báis in Guth Ghoill i mí na Nollag 2012, gur thagair sí don díomá a bhí uirthi gur cuireadh moill ar obair seo na Gaeilge sa cheantar, agus í féin agus Brian ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn sa dóigh chéanna ag tús na 1970idí, ‘Nach seo an cineál ruda a bhí mé fhéin agus Brian ag iarraidh tús a chur leis sna seachtóidí?’, a dúirt sí leis. Deirtear san alt gur cailleadh deis iontach ag an am sin de thoisc nár glacadh go fonnmhar lena n-iarrachtaí. Admhaíodh áfach gur thréimhse dhifriúil i gcontae ar an teorainn a raibh Gaeilge á labhairt ann í an tréimhse sin. Is ábhar machnaimh é cailliúint na deise céanna mar sin féin.

Tar éis tinneas gearr a throid, cailleadh Caitlín Uí Mhaoileoin ar 2 Nollaig 2012. Scríobhadh fógraí báis agus ailt ómóis di in Guth Ghoill, The Tírconaill Tribune, The Irish News, The Irish Times, SAOL, An tUltach, agus Gaelscéal. Seans gurbh é an ceann ba ghaire dá croí agus don oidhreacht a d’fhág sí ina diaidh é an ceann a scríobhadh in Guth Ghoill. Tosaíodh an t-alt mar seo a leanas:

Ar an dara lá de mhí na Nollag a d’fhág Caitlín Uí Mhaoileoin slán leis an tsaol seo. Bhí sí san otharlann ar feadh tréimhse agus throid sí cath cruaidh cróga ach ar deireadh cha raibh de rogha aici ach géilleadh do ghlaoch an bháis. Ba dheas an rud é go raibh a clann timpeall uirthi do na huaireanta deireanacha dá saol. Bhí ardmheas aici orthu agus bhí sí thar a bheith bródúil astu – an chlann, ceoltóirí óga Ghoill, ar thug sí féin agus a fear céile Brian meas agus dúil sa cheol dóibh agus a thóg a croí go rímhinic ina saol le linn dóibh a bheith ag cur anam agus fuinneamh sa cheol traidisiúnta, a bhí sa dhúchas acu fhéin agus ar éirigh leo a chur ar aghaidh go cumasach chuig an chéad ghlúin eile.

B’fhéidir nár éirigh i gcónaí leis na hiarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar féin sna 1970idí ach is ar an cheantar sin is mó a d’fhág Caitlín Uí Mhaoileoin a rian agus a hoidhreacht saoil agus beidh an pobal go mór faoina comaoin as ceol agus Gaeilge an cheantair a chur ar léarscáil an domhain mar thoradh a cuid oibre sna blianta sin agus ó shin ar aghaidh go Nollaig 2012.

Regina Uí Chollatáin

Ailt

  • The Irish News, 12 Eanáir 2013
  • Guth Ghoill, Nollaig 2012.