I dTigh an Fhuaráin i gceantar Bhealach Conglais, Co. Chill Mhantáin, a rugadh é ar 7 Samhain 1876. Feirmeoir ba ea a athair Henry agus ba í Mary Nolan a mháthair. Tá gach cuma ar an scéal gur le linn d’Éamonn a bheith ina gharsún óg a d’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath. ‘Gentleman’ an cur síos ar an athair i dteastas pósta Éamoinn i 1907.

D’éirigh sé cairdiúil le Pádraig Mac Piarais i Scoil na mBráithre i Rae an Iarthair. Tá aiste leis i gcló in Capuchin Annual 1935 faoin teideal ‘Patrick Pearse: some memories’. Bhí an bheirt acu le chéile ar saoire in Árainn in 1899 agus ag an gcruinniú den chraobh i gCill Rónáin ar 15 Lúnasa. Bhí an tAthair J. Anderson OSA ar saoire ann freisin agus mhúin sé don bheirt ógfhear conas scadán a dhíchnamhú agus a ithe. Cheangail siad beirt le hArd-Chraobh Chonradh na Gaeilge agus toghadh Éamonn ina rúnaí cúnta (An Claidheamh Soluis 9 Márta 1901). Dalta sa rang a bhí aige ba ea Sinéad de Valera. Comhthoghadh é ina bhall den Choiste Gnó ar 19 Meitheamh 1900 ar mholadh Stiofáin Bairéad [B1] agus bhí ina bhall gach bliain beagnach go 1910. Is léir go mba dhuine an-ghníomhach é: mhúineadh sé rang i gCraobh Mhaoilre Uí Raghallaigh, bhí ina chomhrúnaí ag Feis Laighean i 1901 agus faoi Dheireadh Fómhair 1902 bhí sé ina rúnaí cúnta ag Coiste CeantairBhaile Átha Cliath; ba bhall é de Choiste na bhFoilseachán agus dhéanadh sé moltóireacht ar an bhfilíocht agus an drámaíocht ag an Oireachtas.

Scríobhadh sé aistí i mBéarla agus i nGaeilge agus b’fhéidir gurbh í an ceann ba mhó a tharraing aird na léitheoirí aiste dar teideal ‘’dTeastaíonn foclóir uainn?’ Tharraing sin searbhas Banba, Meitheamh 1903: ‘... no less a person than Mr Éamonn Ó Néill gravely asked “An dteastaíonn foclóir uainn?”’.

Phós sé Anna, iníon le Seán Mac Muilneora, Teach Ráth an Bhagóidigh, Dumhach Thrá, ar 5 Meitheamh 1905. An tAthair Aindrias Ó Muircheartaigh, ball den Choiste Gnó i 1908, a bhí i bhfeighil an tsearmanais. ‘Gentleman’ an cur síos ar a shlí bheatha sa teastas pósta ach i nDaonáireamh 1911 deirtear gur státseirbhíseach sa Roinn Talmhaíochta é. In An Claidheamh Soluis 23 Deireadh Fómhair 1907 tuairiscítear é a bheith ceaptha ina mhúinteoir Gaeilge i gCeardscoil Dhún Laoghaire. Tugtar le fios sa Daonáireamh gurbh in Albain a rugadh a bhanchéile. 3 Ardán an Rídhamhna, Droichead na Dothra, seoladh na lánúine ag an am sin. Sular phós sé is ag 31 Cullenwood, Raghnallach, a bhí cónaí air.

Scríobh sé péire dráma: Bás Aodha óig Uí Néill a léiríodh san Ard-Chraobh i rith na hoíche a cuireadh ar siúl le hómós do Liam Ó Maolruanaidh—d’fhoilsigh an Conradh é i 1902 faoin teideal Aodh Ó Néill ach is faoin teideal ‘Na Díbeartaigh’ a foilsíodh é in Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1901. Deir Philip O’Leary in Irish Literary Supplement, earrach 1996: ‘The latter was written by “Conán Maol” (Pádraig Ó Séaghdha) and deals with the exploits in Ireland of Hugh O’Neill, Earl of Tyrone; the former. . . focuses on the life and death of the Earl’s son in Roman exile’. Ba é An Cruiteachán an dara dráma a scríobh sé. Chóirigh sé ón bhFraincis é agus léirigh Craobh na gCúig gCúigí é ag Oireachtas 1911. Ba chuimhin le Seán T. Ó Ceallaigh páirt giolla a bheith aige féin sa dráma i dtaobh Uí Néill. Nuair a ceapadh é siúd ina Aire Airgeadais i 1939 fuair sé Éamonn ag obair sa Roinn sin. Deir Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993: ‘Ba é Na Díbeartaigh le hÉamonn Ó Néill an chéad dráma bolscaireachta stairiúil’.

Is annamh a bhíonn a ainm le feiceáil i ndiaidh 1909. In Eanáir 1916 bhunaigh sé féin, Risteárd Ó Maolchatha agus Lil Nic Dhonnchadha craobh den Chonradh i mBinn Éadair. Toghadh é ina leasuachtarán agus bhí sé i gceannas na múinteoireachta. Aistriúchán a rinne sé ar Tír na n-iongantas le Pádraic Ó Conaire is ea The land of wonders, 1919. D’aistrigh sé scéalta leis an údar céanna faoin teideal The woman at the window and other stories, 1921. Bhí léaráidí ag Micheál Mac Liammóir san eagrán a foilsíodh i 1932. D’éag sé ar 10 Aibreán 1946 ag 17 Bóthar Waterloo, Baile Átha Cliath.

Is gnách B.A. mar eireaball le hainm Éamoinn Uí Néill, Cionn tSáile, lena dhealú amach ó Éamonn Bhaile Átha Cliath. Ach is cosúil gur bhain fear Bhaile Átha Cliath B.A. amach freisin!

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú