Is i ngeall ar a shaothar Béarla atá cáil dhomhanda air, ach scríobh sé ceann de chlasaicigh nualitríocht na Gaeilge, An béal bocht. Foinse bhunaidh i dtaobh a óige is ea Óige an dearthár (1973) le Ciarán Ó Nualláin. Tá eolas i dtaobh a mhuintire in Beatha dhuine a thoil (1950) a scríobh a uncail Gearóid Ó Nualláin agus tá cuntas ar a athair, Micheál, san iontráil i dtaobh Ghearóid. Is léargas cuimsitheach ar a shaothar Gaeilge a bhfuil in Myles na Gaeilge: lámhleabhar ar shaothar Gaeilge Bhrian Ó Nualláin (1986) le Breandán Ó Conaire a d’fhoilsigh An Clóchomhar agus tá clár a shaothair Gaeilge idir ailt, léirmheasanna agus eile ann. Tá leabharliosta gairid ag Anthony Cronin in No laughing matter: the life and times of Flann O’Brien (1989). Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Breandán Ó Conaire agus Louis de Paor ina n-aíonna ann agus cuireadh ábhar atá sa chlár sin i gcló in Scríbhneoirí faoi chaibidil (2010) in eagar ag Titley.

Ag 15 Bowling Green Terrace, an Srath Bán, Co. Thír Eoghain, a rugadh é ar 5 Deireadh Fómhair 1911. Ba iad Aigneas Ní Ghoirmligh, iníon siopadóra sa bhaile sin, agus Micheál Ó Nualláin, oifigeach Custaim is Máil, a thuismitheoirí. Ba é an tríú duine agus an tríú mac é sa dáréag clainne a bhí ag an lánúin. Is mar seo a cuireadh síos ar an teaghlach i nDaonáireamh 1911: Micheál Ó Nualláin (35), oifigeach cánach a rugadh i gContae Thír Eoghain; a bhean Aighneas (sic) (24); Sinéad Uí Nualláin, a mháthair (64) ; Gearóid (2); Ciarán (1). Bhí Gaeilge acu go léir, máthair Mhichíl san áireamh. Bhí cailín aimsire, Brid Piopal [Peoples] sa teach. B’as Co. Dhún na nGall di ach ní raibh Gaeilge aici.

Le Gaeilge a tógadh na leanaí. Bhí cónaí orthu ar feadh tamall gairide i nGlaschú agus in Inse Chór, sa tSrath Bán arís i 1917-20 le linn don athair a bheith ag obair sna háiteanna sin, agus ó 1920 go 1923 i gCeapach an Churraigh in aice leis an Tulach Mhór. Toisc iad a bheith ag aistriú ar an gcuma sin níor cuireadh an triúr ba shine ar scoil. Scríobh Ciarán: ‘Fáth eile a d’fhéadfaí a lua, eagla a bheith ar m’athair go lagódh an scoil ár gcuid Gaeilge’. Bhí an t-athair á dteagasc tríd an bpost ó cibé baile a raibh sé ar ceathrúin ann. Bhí leabharlann mhaith aige agus cead ag a pháistí bheith á húsáid. Bhí Brian 12 bliain d’aois nuair a d’aistrigh an teaghlach go Plás Hoirbeaird, Baile Átha Cliath, agus is ag an bpointe ama sin a cuireadh Brian ar scoil den chéad uair, chuig na Bráithre Críostaí i Sráid Synge. Níor thaitin an scoil sin leis, mar is léir ar a úrscéal The hard life. Cuireadh go Coláiste na Carraige Duibhe é nuair a d’aistrigh an teaghlach go dtí 4 Ardán Abhóca sa Charraig Dhubh. Faoin am seo bhí a athair ina Choimisinéir ar Bhord na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ó 1929 go 1933 bhí sé ina mhac léinn sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Fuair sé céim BA le honóracha den dara grád in 1932; Gaeilge, Béarla agus Gearmáinis na hábhair a bhí aige. Tugadh MA dó in 1935 de bharr a thráchtais ‘Nádúir-Fhilíocht na Gaedhilge’. Ba iad a óráidí san L & H, an cumann liteartha agus staire, agus a chuid scríbhneoireachta in Comhthrom Féinne, Scéala Éireann, Blather agus Evening Telegraph ba mhó a tharraing aird air sa choláiste. Chaith sé tamall ina eagarthóir ar Comhthrom Féinne, ceann d’irisleabhair an choláiste, agus bhí ina iomaitheoir le haghaidh reachtaireacht an L & H ach ba é a chéile comhraic Vivion de Valera a rug bua. Le linn dó a bheith ina mhac léinn a thosaigh sé ag ól. D’fhág Niall Sheridan pictiúr den ógfhear againn in Irish Times 2 Aibreán 1966: ‘A round pale face, with piercing eyes and two gleaming front teeth bared in a pseudo-smile, gave him an air of demoniac innocence—which was by no means misleading’.

Ceapadh é ina Oifigeach Riaracháin Sóisearach i dTeach an Chustaim ar 29 Iúil 1935. Nuair a d’éag a athair go tobann in 1937 is air a thit cúram an teaghlaigh; ba é an t-aon duine amháin díobh é a raibh post aige agus ní raibh pinsean státseirbhíse le fáil go fóill ag baintreacha. Ceapadh é ina rúnaí pearsanta ag an Aire Rialtais Áitiúil, Seán T. Ó Ceallaigh, in 1937. Foilsíodh a chéad úrscéal At swim two birds 13 Márta 1939. Cé go raibh meas mór air ag údair mar Graham Greene agus James Joyce, b’fhéidir a rá go ndearna lucht litríochta na hÉireann faillí ann ar feadh i bhfad. An bhliain dár gcionn ní fhéadfadh sé a dhara húrscéal The third policemen a fhoilsiú, rud a chuir lena shearbhas agus a chorrmhéiniúlacht. Chuir ‘An Crúiscín Lán’ le Myles na gCopaleen, colún in Irish Times ó Dheireadh Fómhair 1940 amach, go mór lena cháil mar scríbhneoir grinn. I nGaeilge a bhí trom an cholúin sna blianta tosaigh agus tá 446 mír díobh liostaithe ag Breandán Ó Conaire. Foilsíodh sleachta as an saothar laethúil seo i bhfoirm leabhair in 1943. Scríobh Mervyn Wall in Irish Times 2 Aibreán 1966: ‘His Irish column . . . sent many back to discarded schoolbooks in order that they might be able to understand and enjoy him’.

Chuaigh An t-oileánach (1929) le Tomás Ó Criomhthain i gcion air chomh mór sin gur scríobh sé An béal bocht mar scigaithris air. Ní fhoilseodh Brún agus Ó Nualláin é nuair nach raibh a léitheoir, Risteárd Ó Foghludha, sásta leis ach d’fhoilsigh an Press Náisiúnta é 3 Nollaig 1941. Moladh go hard é. Díoladh gach cóip den chéad eagrán sin laistigh de shé sheachtain. Tá stair an leabhair inste ag Breandán Ó Conaire. Stáitsíodh drámaí leis ni 1943, Faustus Kelly sa Mhainistir, agus Insect play, athchóiriú ar dhráma Karel Capek, agus Thirst, sceitse, sa Gheata. I Márta na bliana sin ceapadh é ina Phríomhoifigeach Cúnta Sealadach. Faoi 1948 bhí sé ina Phríomhoifigeach Sealadach i gceannas ar an oifig pleanála. Ar 2 Nollaig na bliana sin phós sé Evelyn McDonnell, clóscríobhaí i dTeach an Chustaim. Bhí sé ag ól go trom i rith an lae nuair a bhí sé in ainm a bheith ag obair. Ansin, sa ‘Cruiskeen Lawn’ 5 Feabhra 1953, thagair sé go drochmheasúil do pholaiteoir áirithe gan ainm. D’aithin go leor daoine eolacha gurbh é an tAire Rialtais Áitiúil féin é, Paddy Smith. Bhí sé sásta imeacht 19 Feabhra 1953 ar bhonn drochshláinte agus tugadh pinsean ab ionann agus £5 sa tseachtain dó. As sin amach bhí sé ar a dhícheall ag iarraidh airgead a shaothrú. Foilsíodh Mairéad Gillan, aistriúchán a rinne sé ar dhráma le Brinsley McNamara, an bhliain chéanna sin. Bhíodh aistí aige go minic in Inniu idir 1955 agus 1958 faoin ainm ‘Melius na gCapaillín’ agus sholáthraíodh sé colúin a bhí go maith faoi bhun a chumais sna nuachtáin chúigeacha. Ach is i ndonacht a bhí sé ag dul maidir le hól agus sláinte. Bhí an t-airgead chomh gann sin aige go lorgaíodh sé poist sna háiteanna ab andóiche.

Athfhoilsíodh At swim two birds sna Stáit Aontaithe in 1951 agus de réir a chéile bhíothas á aithint mar shaothar tábhachtach litríochta. Tugadh cló nua amach in 1960 agus cuireadh fáilte chomh mór sin roimhe gur misníodh Brian chun an t-úrscéal gairid The hard life (1961) a scríobh. Lean The Dalkey Archive é in 1964. In 1940 a scríobh sé The third policeman ach tar éis gur dhiúltaigh foilsitheoirí dó d’imigh an lámhscríbhinn gan tuairisc agus níor foilsíodh é go 1967. Cuireadh roinnt díolaimí den cholún ‘Cruiskeen Lawn’ agus de shaothar eile leis i gcló. Bhí úrscéal dar teideal Slattery’s sago saga á scríobh aige. D’éag sé 1 Aibreán 1966. Ag 21 Bóthar Watersland, Stigh Lorgan, a bhí cónaí air.

Bhain ceann d’eagarfhocail an Irish Times 2 Aibreán leis: ‘The death. . . is not alone a loss to his family, his friends and to Irish writing: it is a severe loss to the country as a whole’. In Inniu 8 Aibreán 1966 dúirt Séamus Ó Néill go raibh sé riamh ar son na Gaeilge. Chuir sé i gcomórtas le Swift é. ‘Ach bhí éadromacht samhlaíochta aige a bhí ceilte ar fad ar Swift. Nuair a scaoileadh sé leis féin, bhí liriciúlacht ina chuid scríbhinní nach mbíonn i gcónaí ag fear an aoir’. Chuir Niall Montgomery síos ar an gcontrárthacht sin a bhí ina nádúr (Irish Times 2 Aibreán 1966): ‘It is sad to think that one won’t tomorrow receive from him the customary typewritten unsigned, annihilating denunciation. In reality no one was gentler, with more pietas. To a man grieved by the death of a sister’s new-born child he wrote: Cúis doilghis et dímheanman dhúinn leithshiúr bhur n-onóra bheith ar mí-charáiste mháthardha; ocus isé ár nguidhe-ne an Coimdhe bheith anois feasta ag neartú na mnásan maille le sláinte do dheonadh di et fós an tí bec nach maireann do bhreith slán co flaithis Dé agus do chumhdach go deo ar bhuan-dorchadas shuthain ’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú