I Rafanaigh in aice le Achadh an Iúir i gContae an Chabháin a rugadh ‘Uan Uladh’ ar 24 Meitheamh 1874. Peter Dominic O’Farrelly a hathair agus Ann Sheridan a máthair. Bhí ceathrar cailíní eile agus triúr deartháireacha sa chlann. Bhí spéis ag muintir Uí Fhaircheallaigh sa Ghaeilge. Pádraig Ó Faircheallaigh, Rafanaigh, a bhreac síos an dán úd ‘Beannacht Bóinne’ in 1811. D’fhan an ls. i seilbh chlann a chlainne (Irisleabhar na Gaedhilge, Samhain 1901). Tá a thuilleadh eolais i dtaobh a hóige ag Brian Mac Giolla Phádraig in Coláiste Uladh: leabhar cuimhne leith-chéad bliain 1906–1956 in eagar ag Séamus Ó Néill agus Bearnard Ó Dubhthaigh. Deir sé go bhfuair Úna agus a triúr deirfiúracha a gcuid scolaíochta i gClochar an Chreidimh Naofa, Glas Naíon, agus, nuair a d’fhill sí abhaile, go raibh an deartháir ba shine di, Peadar, ag bailiú focal Gaeilge agus abairtí ó sheandaoine sa chomharsanacht. Is mar sin, is cosúil, a chéadchuir sí suim sa Ghaeilge. Ansin thagadh Eoin Mac Néill go dtí an Coláiste Doiminiceach i bhFaiche Stiabhna le Gaeilge a mhúineadh d’Úna agus do chúpla cailín eile. Deir Brian freisin gur ar chomhairle Eoin a chuaigh Úna go hÁrainn.

E. T. Ó Hanluain, eagarthóir an Anglo-Celt, a mhol di díriú ar chúrsaí liteartha agus bhain sí M.A. amach i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (An Ollscoil Ríoga). I ndiaidh Mháire Ní Aodáin ba í ab fhearr a rinne troid ar son comhdheise agus cothramaíochta do mhná san ollscolaíocht. Labhair sí os comhair an Choimisiúin Ríoga 1901–3 thar ceann an Irish Federation of University Graduates. Mar gheall ar an obair sin a ceapadh í ina ball de chéad Bhord Stiúrtha Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (Ollscoil na hÉireann) i 1909.

Tuairim 1896 a thosaigh sí ag foghlaim Gaeilge. Nuair a foilsíodh a húrscéilín Grádh agus crádh i 1901, d’éiligh an Dr Micheál Ó hIceadha gurbh é an t-aon leabhar amháin dár chuir an Conradh amach a bhí saor ó locht agus d’admhaigh sé gurbh é féin a bhí ag múineadh Gaeilge d’Úna le ceithre bliana anuas. Rinne Dame Columba Butler, O.S.B., deirfiúr Mháire de Buitléar cur síos ar fheis a d’eagraigh Úna agus an Dr Ó hIceadha in Inis Meáin: ‘Úna bravely made her speech, but as she was not yet a fluent speaker, Dr O’Hickey stood beside her and discreetly whispered words of correction whenever needful’ (Capuchin Annual, 1952). Tríocha bliain ina dhiaidh sin chuala Brian Ó Nualláin í ag léachtóireacht: ‘It was a shock to find that Duggie Hyde spoke atrocious Irish as also did Agnes O’Farrelly (though the two hearts were of gold)’ (in Centenary history of the Literary and Historical Society ..., lch 241).

I 1902 d’fhoilsigh an ConradhSmuainte ar Árainn agus úrscéilín eile An Cneamhaire tuairim an ama chéanna. I ndiaidh adhlacadh an Athar Ó Gramhnaigh i 1903 chuir sí eagar ar Leabhar an Athar Eoghan—an chéad leabhar riamh le léaráidí agus grianghrafanna ar de dhéantús na hÉireann ar fad é. Dúirt Robert Dudley Edwards faoi in The Scholar Revolutionary, 1973: ‘A commemorative illustrative volume ... records the event vulgarly, impressively and not always accurately.' Foilsíodh Smaointe ar Árainn: Thoughts on Aran, 2010 in eagar ag Ríona Nic Congáil.

Nuair a bunaíodh Ollscoil na hÉireann i 1909 ceapadh Úna ina Léachtóir le Nua-Ghaeilge. I 1911 foilsíodh an t-aon saothar amháin léinn dá cuid, Filidheacht Sheagháin Uí Neachtain, ina bhfuil eagar curtha aici ar dhosaen dán. I 1932 ceapadh í ina hollamh le Filíocht na Nua-Ghaeilge i gcomharbacht ar an gCraoibhín. An Craoibhín a scríobh an réamhrá i gcnuasach dá dánta Áille an Domhain a foilsíodh i 1927. B’fhiú le lucht déanta duanairí péire dán léi a roghnú: ‘Tá na blátha beaga ag brionglóid’ agus ‘Dath órdha sna spéarthaibh’. I 1921 d’fhoilsigh Cló an Talbóidigh cnuasach dá véarsaí Béarla, Out of the Depths.

Is dóigh gurbh í an bhean ba phoiblí agus ba thábhachtaí í sa Chonradh lena linn féin. Théadh a dáiríreacht i gcion go mór ar dhaoine. Ba chara ionúin í ag an gCraoibhín, Mac Giolla Bhríde, Eoin Mac Néill, Micheál Ó hIceadha, George Sigerson, Kuno Meyer agus fiú ag W. J. M. Starkie, Coimisinéar an Oideachais Náisiúnta. Rud a bhí ag teacht leis an gcairdeas go léir ba ea gurbh óstach fial flaithiúil í. Deirtear gur Mecca ag Gaeilgeoirí an teachín a bhí aici i dTír Chonaill. Bhí seo le rá ag Mary Macken in Struggle with fortune, 1954: ‘She was too a social figure and she liked it; her hospitality was unbounded, in Dublin and elsewhere, and she practised largess on occasion in and out of College’.

Níor fhág an fheamaíl shóisialta sin nár shaothraí mór ar son na hÉireann í. Bhí sí ar an gCoiste Gnó ar feadh i bhfad, ina huachtarán ar an Irish Industrial Development Association agus an Home-spun Society; ina riarthóir ag an John Connor Magee Trust chun tionscail Ghaeltachta a fhorbairt, ina huachtarán ar Chumann Camógaíochta na hÉireann. B’í faoi deara gur bhronn Mac Giolla Bhríde Corn Ashbourne ar na hollscoileanna. Ach is dóigh gurbh é a mórshaothar an bhaint ghníomhach a bhí aici le bunú agus reáchtáil na gcoláistí samhraidh i gCloich Chionnaola agus i dTuar Mhic Éadaigh agus le Coláiste Laighean. Bhí sí ina cathaoirleach ar Chomhchoiste na gColáistí Samhraidh.

Ó thaobh na polaitíochta de, bhí sí i láthair ag an gcéad chruinniú de Shinn Féin ar 28 Samhain 1905. Ach theastaigh uaithi go bhfanfadh an Conradh glan ar an bpolaitíocht. B’í ba mhó a bhí ag tacú leis an gCraoibhín ag Oireachtas cinniúnach 1915 i nDún Dealgan in aghaidh na nÓglach agus na bpoblachtach. Ach b’í a bhí i gceannas ar an gcruinniú in Óstán Wynne ar 5 Aibreán nuair a bunaíodh Cumann na mBan. Dúirt ‘C.U’ in ‘Céard nua do na hóglaigh’ in An Claidheamh Soluis 5 Meán Fómhair 1914: ‘Tá go leor daoine eile nach dtuigeann [gur náisiúin í Éire] ach oiread. Ní thuigeann Seán Réamoinn é ná Seán Diolúin ná Mac Giolla Bhríde ná Úna Ní Fhaircheallaigh. Is roinnt den impireacht mhóir Éire in aigní na ndaoine sin’. Le hearcaíocht d’Arm na Breataine a bhaineann an t-alt agus tá tagairtí ann do chruinniú i dTrileac ar labhair Úna aige. An tseachtain dár gcionn bhí freagra uaithi i gcló. ‘An gcreideann duine ar bith agaibh go mbeinnse ar thaobh muintir óg na tíre seo do chur isteach san arm Sasanach nó iad do chur faoi smacht na Sacsan? Má chreideann, tá mearbhall air. Táimse díreach ina choinne sin agus labhras go láidir ina choinne ar an gcruinniú seo a bhfuil sibh ag trácht air’. I nóta eagarthóra admhaíodh ‘ábhar casaoide’ a bheith aici agus dúradh gur ghlac An Claidheamh Soluis lena raibh le rá aici.

Chuirfeadh an piúratánach ina leith, b’fhéidir, go raibh caitheamh aici i ndiaidh na n-uasal agus ró-dhúil aici sa Cheilteachas. Ach chaithfeadh a leithéid géilleadh nár bhain sí riamh le dream líonmhar an chancair, gur dhuine dílis dícheallach í a raibh na buanna sóisialta agus an cumas sin chun dea-theagmhála aici á gcur chun leasa na Gaeilge.

D’éirigh sí as a post i 1947 agus d’éag ar 5 Samhain 1951.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú