Tá sé ar dhuine de mhóririseoirí na Gaeilge. Tá eolas air in: Inniu 4 Aibreán 1983; in I dTreo na Gréine, [g.d.] le Proinsias Mac an Bheatha; ina leabhar féin Óige an Dearthár, 1973; ag Dorothy Ní Uigín in Irisleabhar Má Nuad, 1995 (‘Craobh na hAiséirí, Glúin na Buaidhe agus Bunú Inniu’); ag Seán Ó hUrmoltaigh in Agus, Aibreán 1992 (‘Fear Bunaithe INNIU’). Sa Srath Bán, Co. Thír Eoghain, a rugadh é 2 Feabhra 1910 agus ba é an dara duine é den dáréag clainne a bhí ag Micheál Victor Ó Nualláin [B2, lch 130] agus a bhean Aigneas Ní Ghoirmligh. Bhí post ag Micheál sa tseirbhís Chustaim agus Máil. Deartháir le Ciarán ba ea Brian Ó Nualláin agus ba uncail leis Gearóid Ó Nualláin. Chaith an teaghlach tamall i nGlaschú, beagán de 1915-16 in Inse Chór, Baile Átha Cliath, agus tamall fada i dTulach Mhór sular aistríodh iad go Baile Átha Cliath i 1923. An t-athair a chuir oideachas ar na páistí ba shine agus níor fhreastail Ciarán ar scoil ar bith go ndeachaigh sé go Scoil na mBráithre Críostaí i Sráid Synge an bhliain sin. Bhí sé in aon rang lena dheartháireacha Brian agus Gearóid. In Óige an Dearthár cuireann sé síos ar an athrú saoil : ‘Ba deacair cuntas ceart a thabhairt ar an léan a chuir an t-iompú seo inár saol. Tar éis cead ár gcinn a bheith againn ó rugadh sinn go dtí an t-am sin, gan caidreamh nó cuimilt le buachaillí eile, gan dualgas le comhlíonadh, gan ceart ag aon strainséir bagairt orainn ná cúraimí a chur orainn, gan buaireamh faoi cheachtanna a ullmhú nó iad bheith ceart, níl samhailt le tabhairt do ghéire an anró ach comórtas foréigneach éigin cosúil le caitheamh duine sa tine nó a thumadh in uisce oighreata.’ I 1927 thosaigh an triúr ag freastal ar Choláiste na Carraige Duibhe agus sa bhliain sin thug siad a gcéad chuairt ar Chloich Chionnaola: ‘Chonaiceamar deireadh an tsaoil ar tógadh Séamus Ó Grianna leis ina bhuachaill agus a bhfuil trácht aige air ina scéalta.’ Céimí é de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. I gcomhar le Brian agus le Niall Sheridan chuir sé eagar i 1934 ar an iris ghrinn Blather.

Bhí a chéad phíosaí iriseoireachta Gaeilge i gcló in Scéala Éireann. Bhí sé ina iriseoir ag an Irish Independent i dtreo dheireadh na 1930idí ach chaill a phost nuair a gearradh siar ar an bhfoireann toisc ganntanas páipéir i rith Chogadh Domhanda 1939-45. Bhí sé tamall ag obair mar shaoririseoir agus ansin tamall ag obair do Chraobh na hAiséirí, Conradh na Gaeilge, a bhí bunaithe ag Gearóid Ó Cuinneagáin; ceann dá dhualgais eagarthóireacht a dhéanamh ar an mbliainiris Aiséirí. D’éirigh sé as an bpost sin de bhrí nár go maith a dhéileáil Gearóid Ó Cuinneagáin leis nuair a lorg sé saoire. As an gcraobh sin a d’eascair Glúin na Buaidhe i 1942, agus d’iarr ceannaire na gluaiseachta nua, Proinsias Mac An Bheatha, air a bheith ina rúnaí ar an eagraíocht sin. Ciarán a dhréachtaigh plean chun páipéar nua a fhoilsiú. Bheifí in ann teacht timpeall ar an nganntanas páipéir leis an méid a bhí ar fáil chun Aiséirí a fhoilsiú. Foilsíodh an chéad uimhir de Inniu, míosachán, 17 Márta 1943. Ciarán féin a roghnaigh an teideal. I measc na scríbhneoirí aige bhí Séamus Ó Néill, Anraoi Ó Liatháin, Pádraig Mac Giolla Ceara agus Proinsias Mac an Bheatha agus ó thús sholáthraíodh sé féin ábhar. Deir Proinsias Mac an Bheatha: ‘Níl aon amhras orm ná gurb é Ciarán a chuir tús dáiríre leis an iriseoireacht sa Ghaeilge . . .. Chuir sé an t-ardchaighdeán roimhe i gcónaí. Cibé atá i ndán don pháipéar a bhunaigh sé, thaispeáin seisean an bealach ba chóir a thriall. D’fhág sé a lorg ar iriseoireacht agus ar scríbhneoireacht na Gaeilge agus ar Ghaeilge ár linne’ (Inniu 4 Márta 1983). Toghadh é ina bhall de Chomhairle Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge sa bhliain 1945.

Bhí Tarlach Ó hUid ina eagarthóir cúnta aige ó 1948 agus ina eagarthóir nuair a d’éirigh sé féin as an gcúram. Agus é ag cur síos ar lá deireanach Chiaráin san oifig deir Ó hUid: ‘Níor fhágamar slán ar a chéile. Níorbh é sin ár nós. Riamh le linn an 35 bliana sin in aon oifig níor bheannaigh ceachtar againn dá chéile ar maidin nó níor dhúirt duine againn “Slán abhaile” nó “Oíche mhaith” ag imeacht dúinn tráthnóna. Ag dul ar saoire do dhuine againn ní ghuíodh an duine eile dea-aimsir dó agus ag filleadh dó is “Cad é mar atá cúrsaí?” an chéad rud a déarfadh sé—cúrsaí uimhir na seachtaine sin de Inniu ar ndóigh!’ Dhéanadh Seán Ó hUrmoltaigh iontas den bheirt: ‘Is dócha go mbíodh comhrá idir Ciarán agus Tarlach uaireanta, agus má bhíodh níor chuala a leithéid riamh. Sna blianta fada atá imithe tharainn is minic a dhéanaim ionadh den mbeirt fhear seo a choimeád nuachtán spéisiúil ar siúl gan cabhair dá laghad ó na Gaeilgeoirí proifisiúnta agus in ainneoin naimhdis nimhnigh polaiteoirí áirithe.’

Nuair a d’éirigh sé as eagarthóireacht Inniu ba é an t-eagarthóir liteartha é. Dúradh ina thaobh in Irish Times 2 Márta 1983 (‘Tuarascáil’): ‘Laoch de laochra na Gaeilge dob ea Ciarán Ó Nualláin. Thug sé na blianta fada ag sclábhaíocht mar eagarthóir ar Inniu, agus ina dhiaidh sin mar eagarthóir liteartha. Cuma cén teideal a bhí air bhí sé pósta leis an bpáipéar ón gcéad lá, agus ní raibh céile ba dhúthrachtaí nó ba dhílse ariamh ann. Go deimhin féin is lag mar léiriú ar a shaothar an focal “eagarthóireacht”. Níl áireamh ar na céadta míle focal a scríobh sé, idir nuacht agus tráchtaireacht agus tuairimíocht, idir shúgradh agus dáiríre . . .. Is iomaí sin bolgán béice a phléasc sé le faobhar a ghrinn, arae bhí an dearg-ghráin aige ar mhustar agus sotal . . .. Ba dual dó san gan amhras agus sa méid sin ach go háirithe ba bheirt ar aon aigne Ciarán agus a dheartháir Brian. Ba mhór eatarthu, cinnte, mar le stíl agus tuin, ach, arís, bhíodar araon tugtha do chruinneas friotail agus iad mífhoighneach le scríbhneoireacht gan slacht, pé acu i nGaeilge nó i mBéarla é.’

D’éag sé ar 23 Feabhra 1983 agus cuireadh é i nGráinseach an Déin. Níor phós sé. Um Márta 1983 a chomórfaí daichead bliain an pháipéir agus bhí beartaithe ag Ollscoil na hÉireann dochtúireacht le litríocht a bhronnadh air i nGaillimh. Is maith go raibh a fhios aige go rabhthas chun sin a dhéanamh mar is beag má tugadh aon aitheantas ceart eile dó riamh. In uimhir chomórtha 40 bliain de Inniu 18 Márta 1983 dúirt Tomás Ó Fiaich: ‘Nach léanmhar gur cailleadh ceannaire na foirne i mbéal an chuain. Inniu ar Lá Fhéile Chiaráin go dtuga Dia ábhar suáilce duit ar neamh, a Chiaráin Uasail Uí Nualláin, mar is tú a choinnigh aoibh an gháire ar ár mbéal le do chuid “amaidí” ar feadh daichead bliain.’ Agus dúirt Proinsias Mac an Bheatha: ‘Bhí a intinn chomh beo i ndeireadh a laethanta is a bhí riamh. B’fhéidir gur mhoilligh a choiscéim shiúil ach cuimhneoidh mé i gcónaí ar an bhfear tanaí éadrom a léimeadh ar a rothar i dtús shaol Inniu le dul chuig na clódóirí nuair a bhí Inniu á chlóbhualadh i mBaile Átha Cliath, nó le dul ar thóir na mblocanna nó na bpictiúr.’ Deir Ó hUrmoltaigh go raibh sé ag éirí bodhar sa deireadh.

Scríobh sé úrscéal: Oidhche i nGleann na nGealt, 1943. Agus é ag tagairt d’aistriúcháin an Ghúim ar úrscéalta bleachtaireachta deir Alan Titley (An tÚrscéal Gaeilge, 1991): ‘Cibé sceacha a chuir siad sin go léir sa bhearna ní móide go bhféadfaí íota, mar a síleadh, léitheoirí na Gaeilge chun an ábhair seo a shásamh gan earra dúchais a sholáthar, agus ba é Oidhche i nGleann na nGealt le Ciarán Ó Nualláin a chéadchuir a ghob amach.’ Molann an t-údar céanna carachtar bhleachtaire an scéil, Parthalán Mac Mórna; foilsíodh a thuilleadh dá ghaiscí bleachtaireachta in Eachtraí Pharthaláin Mhic Mhórna, 1944. Foilsíodh ábhar as a cholún in Inniu in Amaidí, 1951 agus arís in Amaidí, 1983. I 1942, sular tosaíodh ar Inniu a fhoilsiú, is ea a foilsíodh Amaidighe mar cheann de ‘leabhráin litríochta’ Ghlúin na Buaidhe agus dúirt Tomás Ó Floinn in Comhar, Eanáir 1943 gur pháirc í nár treabhadh riamh cheana. Roghnaigh Seán Ó Tuama a dhán ‘Lord Balderdash is sixty today’ in Nuabhéarsaíocht, 1950. Bhí sé an-cháiréiseach ar phrós glan a scríobh, ar Ghaeilge a bheadh saor ón seanaimsireacht gan dealramh, agus is iomaí alt a scríobh sé d’fhonn treoir a dhéanamh don scríbhneoir óg; is dóigh gurbh í sclábhaíocht na heagarthóireachta a bhac air leabhar substaintiúil ar an ábhar sin a chur le chéile, saothar a raibh sé láncháilithe lena aghaidh.

In New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua, geimhreadh 1999, san aiste ‘Brother of the More Famous Flann: Ciarán Ó Nualláin’, díríonn John Cronin aird ar ghnéithe de shaol agus de charachtar na beirte: nár labhair an t-athair le ceachtar acu i dtaobh a gcuid scríbh­inní agus na fáthanna a bhí leis sin; na mná gan a bheith i láthair ina gcuid scéalta; a mhéid atá le foghlaim faoi Bhrian in Óige an Dearthár.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú