‘Tá obair Gaeilge an lae inniu bunaithe ar an obair a tionsclaíodh sna fichidí. Agus ar éigean is gá a rá go bhfuil a bhuíochas sin go léir ag dul do aon fhear amháin thar chách—do Earnán de Blaghd, aire an airgid sna blianta sin’ (Liam Ó Briain san aiste ‘Scoil Fhursa’ in Aeriris, 1976 in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa). Bhí sé ar dhuine de na ceannairí ba ghníomhaí agus ba chonspóidí sa 20ú haois i ngluaiseacht na saoirse, i gcúrsaí amharclannaíochta, sa pholaitíocht, agus i ngluaiseacht na Gaeilge. D’fhoilsigh Sáirséal agus Dill trí himleabhar dá chuimhní cinn a thugann scéal a bheatha anuas go 1919: Trasna na Bóinne (1957) Slán le hUltaibh (1969) agus Gaeil á múscailt (1973). Scríobh Nollaig Ó Gadhra cuntas air in Éire-Ireland XI 3, 1976.

I Machaire Lios an Uisce i bparóiste Mhachaire na gCeall in aice le Lios na gCearrbhach, Co. Aontroma, a rugadh é 13 Aibreán 1889. Bhí feirm ochtó acra ann ag a athair James Blythe, ball d’Eaglais na hÉireann. Mar Phreispitéireach a tógadh a mháthair Agnes Thompson. Bhí deartháir agus beirt deirfiúracha aige. Chloiseadh sé scéalta i dtaobh na nÉireannach Aontaithe óna mháthair. Ba chuimhin léi gur Ghaeilgeoirí cuid dá muintir: ‘Tháinig fear gaoil de mhuintir mo mháthar aneas ar cuaird chucu ó áit in aice le Caisleán Uidhilín timpeall tosach na naoú aoise déag . Bhí a chuid Béarla an-ait ar fad toisc gur Ghaeilge a labhraíodh sé de ghnáth agus é sa bhaile theas, agus, faoi mar a bhí cloiste ag mo mháthair, bítí ag cúlmhagadh faoi mar gheall ar na habairtí aisteacha a bhíodh aige. Cruifearach [Preispitéireach] ab ea é ar nós a ghaolta thuaidh’ (Trasna na Bóinne).

I nDaonáireamh 1901 bhí na daoine seo sa teaghlach i Machaire Lios an Uisce: James, (48), feirmeoir; Agnes (50); Ernest (11); James A. (10); Josephine (9); Mary H. (7); Annie Kearney, cailín aimsire a rugadh i gContae Ard Mhacha agus ar Chaitliceach Rómhánach í; beirt fhear oibre a rugadh i gContae Aontroma. Cailíní aimsire a mhúscail a spéis sa Ghaeilge an chéad lá agus thíolacfadh sé a chnuasach dánta, Fraoch agus fothannáin (1938), do dhuine díobh, Máire Ní Anluain; fuair sé priméar de chuid Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge ó dhuine eile díobh, iníon leis an múinteoir taistil Proinsias Mac Uinseannáin. Bhí Earnán agus an chlann go léir sa teach nuair a rinneadh Daonáireamh 1911. ‘Iriseoir’ an cur síos ar a cheird. Dúradh go raibh James agus Agnes pósta le 22 bliana agus gur rugadh ceathrar dóibh.

Fuair sé bunscolaíocht i Maigh gCabraí agus i mBaile Charraig an Mhadaidh. Ba é an mac ba shine é ach ba léir nach raibh dúil san fheirmeoireacht aige. In 1905 fuair sé post mar bhuachaill cléireachais sa Roinn Talmhaíochta agus Ceardoideachais i Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath. I gConradh na Gaeilge tháinig sé faoi anáil Sheoirse Uí Eireamhóin, Shinéad Ní Fhlannagáin, Thomas Mac Partland agus Sheáin Uí Chathasaigh. Ó Cathasaigh a thug isteach i mBráithreachas na Poblachta é in 1906. Bhí baint aige freisin leis an gComhairle Náisiúnta agus le Sinn Féin le Seoirse Ó hEireamhóin, Séamas Deakin agus an Cathasach bhunaigh sé feachtas chun soiscéal an Ghaelachais a leathadh i measc bhaill Eaglais na hÉireann agus is san iarracht sin a fuair sé taithí ar an óráidíocht. Tuairim an ama chéanna bhí sé ag cur eolais ar an drámaíocht agus scríobhadh sé léirmheasanna faoi ainm cleite in The Peasant. Bhí sé sa láthair in 86 Faiche Stiabhna an oíche a thosaigh an cath i dtaobh an Ghaeilge a bheith riachtanach i máithreánach Ollscoil na hÉireann.

Theastaigh uaidh ó thús dul le hiriseoireacht agus i Márta 1909 fuair sé post sa North Down Herald. Ar feadh ceithre bliana bhí saol dúbailte á chaitheamh aige. Scríobhadh sé na príomhailt aontachtacha sa pháipéar agus ag an am céanna, faoina ainm féin, bhí ag scríobh aistí in Irish Freedom. Bhí sé ina bhall de Chlub Dhún Geanainn i mBéal Feirste agus go ceann cúpla bliain bhí ina cheannasaí ar chiorcal Bhráithreachas na Poblachta ann. Thosaigh sé ag léiriú drámaí le linn dó a bheith ag cur faoi i mBaile Ard Uladh. I rith an ama bhí sé ag freastal ar ranganna Gaeilge i gColáiste Chomhghaill, Béal Feirste.

In Aibreán 1913 d’imigh sé go Ciarraí. Theastaigh uaidh le tamall obair a fháil sa Ghaeltacht, ní hamháin chun snas a chur ar a chuid Gaeilge ach, toisc a raibh feicthe aige i nDaonáireamh 1911, chun staid na teanga a thabhairt faoi deara. Bhí litir dar teideal ‘Which is greater, the Gaelic League or the Irish language?’ i gcló aige in An Claidheamh Soluis 28 Márta 1914, sórt tuair ar an aigne a bheadh aige i leith an Chonartha i bhfad ina dhiaidh sin. Go dtí Meán Fómhair 1914, cé is moite de ráithe ag taisteal don Bhráithreachas i gCúige Uladh, bhí sé ina oibrí feirme ag muintir Thomáis Ághas i gCinn Aird. Bhí sé ina chaptaen ar Óglaigh Lios Póil go dtí go bhfuair sé ordú a bheith ag taisteal arís don Bhráithreachas. Ceapadh ina thimire do na hÓglaigh ansin é. Gabhadh é i dteach an Athar Lorcán Ó Ciaráin i mBuíochar in earrach 1915 agus gearradh trí mhí i bPríosún Bhóthar Chromghlinne, Béal Feirste, air. Cuid bhreise den phionós faoi Iúil 1915 go gcaithfeadh sé Éire a fhágáil. Nuair nár imigh chaith sé tamaill eile i bpríosún chomh maith le sé mhí ina pharóiste dúchais gan cead aige bogadh as. Chonaic Peadar Ó hAnnracháin é i mBaile an Fheirtéaraigh: ‘Bhíos oíche ann agus Earnán Mac Meidhrigh [sic] ag caint go poiblí i dtaobh gnóthaí na Féinne agus ba bhreá mar a thaitin a chaint agus a theagasc leo san a bhí ag éisteacht leis, ach amháin le roinnt stróinséirí atá faoi thuarastal Gall a bhí i láthair’ (An Claidheamh Soluis 18 Márta 1916). Gabhadh é an mhí sin agus cuireadh go baile in Berkshire é ar dtús. Nuair nár chomhlánaigh sé coinníollacha an díbeartha cuireadh i bpríosún Oxford é agus bhí sé in Brixton le linn do Roger Casement a bheith ann. Chaith sé tamall in Reading ina dhiaidh sin agus is ann a d’éirigh sé cairdiúil le hArt Ó Gríofa. Ceann dá chúraimí ann ba ea an paidrín páirteach i nGaeilge a theagasc do na príosúnaigh Chaitliceacha.

Le linn dó a bheith ag fanacht i dteach mhuintir Sheáin Uí Dhálaigh i Luimneach i dtosach 1917 thosaigh sé ag bunú complachtaí de na hÓglaigh sa chathair sin. Lean sé den obair sin i gCorcaigh nuair a cheap Conradh na Gaeilge é ina thimire i mBéarra agus in iarthar Chorcaí (idem 13 Deireadh Fómhair 1917). Toghadh é ina bhall d’Ardchoiste Shinn Féin agus de Chomhairle Náisiúnta na nÓglach. Bhí sé ina eagarthóir ar Réalt an Deiscirt go luath in 1918 agus rinne páipéar de chuid Shinn Féin de, rud a chabhraigh chun an chiorclaíocht a mhéadú. Peadar Ó hAnnracháin faoi deara a cheapachán. Maidin Domhnaigh amháin san eaglais i mBeanntraí níor sheas sé nuair a bhí amhrán náisiúnta na Breataine á ghabháil. ‘The Southern Star of March 2 1918 carried a short mention of the arrest of its editor, Earnán de Blaghd, pointing out that the reason given was his disobeying a military order to live in Ulster’ (The Southern Star Centenary Supplement, 1989). I bPríosún Chorcaí chuaigh sé ar stailc ocrais. D’iarr Micheál Ó Coileáin air a bheith ina aidiúnach le ceann de chathláin Arm na Poblachta i mBaile Átha Cliath. Chaith sé tamall freisin i bpríosún i nDún Dealgan. Bhí baint aige le léirsithe na bpríosúnach i mBéal Feirste in 1918 agus bhí ina eagarthóir ar iris lámhscríofa an phríosúin, Glór na Carcrach, agus ina leascheannaire ar na príosúnaigh. Toghadh ina bhall parlaiminte i Muineachán Thuaidh é in olltoghchán na bliana sin agus bhí ina Stiúrthóir Trádála agus Tráchtála sa Chéad agus sa Dara Dáil ó 4 Aibreán 1919 go 9 Eanáir 1922.

Bhí sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh in 1922. Ar feadh tamaill de 1922-23 bhí sé ina Aire Rialtais Áitiúil agus ar 21 Meán Fómhair 1923 ceapadh é ina Aire Airgeadais. Ceapadh é freisin ina Leasuachtarán ar an rialtas nuair a maraíodh Caoimhín Ó hUiginn ar 10 Iúil 1927. Ó 12 Deireadh Fómhair 1927 go 9 Márta 1932 bhí an Aireacht Poist agus Teileagraif ina chúram freisin. Bhí sé ina bhall de Chomhairle an Chogaidh i rith an Chogaidh Chathartha. Meastar go raibh sé géar tiarnúil cúng coimeádach mar aire, róthugtha don díríocht i gcúrsaí buiséid.

Bhí sé i measc na seabhac sa Chogadh Cathartha. Cuimhnítear i gcónaí ar an scilling a bhain sé de phinsean na sean ar 22 Eanáir 1924. Bhí sé i measc na n-airí ar chuir cuid de mholtaí Choimisiún na Gaeltachta eagla orthu. Ach labhair sé in aghaidh an Bhille Cinsireachta in 1929 agus níor vótáil. Cuimhnítear freisin nach raibh aon aire eile riamh a rinne an méid céanna ar son na Gaeilge. Is dó a thugtar an chreidiúint maidir le polasaithe Gaeilge an rialtais i gcoitinne idir 1922 agus 1932 agus maidir le bunú an Ghúim, Choláiste Mhuire, na gcoláistí ullmhúcháin (cé nár easaontaigh sé le cinneadh na Roinne Oideachais in 1960 iad a dhúnadh) agus Thaibhdhearc na Gaillimhe, agus maoiniú Choláiste Ollscoile na Gaillimhe i dtreo go gcuirfí le tábhacht na teanga ann. Dúirt Láimhbheartach Mac Cionnaith sa réamhrá lena fhoclóir Béarla-Gaeilge (1935): ‘The idea of compiling a Dictionary of this kind came from the last government and especially from Mr Blythe, the then Minister of Finance’. Bhí sé in aghaidh Chonradh na Gaeilge i rith na tréimhse sin toisc, b’fhéidir, an tsíorghearáin a bhí ar siúl acu i dtaobh fhaillí an rialtais, dar leo, sa teanga. Ach tugadh cuireadh dó léacht a thabhairt ag Oireachtas athbheoite an Chonartha in 1939.

Bhí taithí aige ar an gcló rómhánach riamh ó léadh sé iris an PhiarsaighAn Barr Buadh in 1912. I bpríosún Reading d’éirigh sé fabhrach dó toisc gur sa chló sin a bhí an dá leabhar ab ansa leis ag an am, Dánta grádhaThomáis Uí Rathile agus Maidin i mBéarraOsborn Bergin. Thug sé tacaíocht don chló sin i ngnóthaí foilsitheoireachta an rialtais, rúd nár mhéadaigh gean Gaeilgeoirí poblachtacha air. Nuair a chaill sé a shuíochán Dála in 1933 toghadh é ina bhall den Seanad agus d’fhan ann go 1936.

In 1925 ba é a thug fóirdheontas d’Amharclann na Mainistreach agus deirtear gurbh é an chéad uair i ndomhan an Bhéarla a ndearnadh a leithéid. Deich mbliana ina dhiaidh sin thug W.B. Yeats cuireadh dó a bheith ina stiúrthóir ar an amharclann. Thacaigh sé lena sheanchara Seán O’Casey i gcás an Silver Tassie. Ba é a d’áitigh ar an rialtas fóirdheontas an Chomhair Drámaíochta a thabhairt don Mhainistir in 1941. Bhí sé ina stiúrthóir bainistíochta ó 1941 go 1967 agus ar dhuine de na stiúrthóirí go 1972. D’aistrigh sé Le Bourgeois Gentilhomme le Moliere go Gaeilge faoin teideal Sodar i ndiaidh na nUasal agus léiríodh é 21 Bealtaine 1944. Ba é freisin a d’aistrigh amhráin mar ‘The Isle of Capri’ agus ‘I’ve got a Gal in Kalamazoo’ i ngeamaireacht Nollag Mhichíl Uí Aodha, Muireann agus an prionnsa, in 1945. D’éirigh leis an amharclann a thabhairt slán trí ghéarchéimeanna airgeadais agus dóiteáin. Ach chuirtí ina leith go ndiúltaíodh sé drámaí maithe, go nglacadh sé le drochdhrámaí, agus go gcuireadh sé aisteoirí ó dhoras mura mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge acu. Luaití mar shampla den chaoi a gcaitheadh sé leis an bhfoireann an ócáid ar dhoirt sé buidéil dá n-uisce beatha síos in umar an tSeomra Ghlais ! Ba é an mana cosanta a bhí aige ‘I don’t give a damn!’ Chuireadh a dhealramh Buddha i gceann daoine agus bhaintí greann as an gcur síos a rinne Larry Morrow air mar ‘Boiled Spuddah’.

Bhí baint aige le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó thús agus toghadh é ina uachtarán in 1947. Meastar go mba chabhair mhór a thaithí ar riarachán poiblí chun a thathant ar an rialtas glacadh le scéimeanna oideachais, Gaeltachta agus foilsitheoireachta. Bhronn an Club Leabhar a phortráid le Seán Ó Súilleabháin air (tuairiscí in Inniu 19 agus 26 Nollaig 1958). Bhí sé ina bhall den Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge agus ina bhall d’Údarás RTÉ.

Ó na 1950idí ar aghaidh bhí tionchar nár bheag aige ar an machnamh a bhí á dhéanamh ar fhadhb na críchdheighilte. Chreid sé go daingean nach n-éireodh leis an bpolasaí a bhí ann chun tabhairt ar an mBreatain brú a chur ar na hAontachtaithe. Rianaigh sé na smaointe a bhí aige in Briseadh na teorann (1955). Seo é an cur síos atá ag Nollaig Ó Gadhra ar cheann de na hargóintí ba mhinice aige: ‘By neglecting cultural nationalism and stressing Catholicism as the basic tenet in the Irish national struggle, O’Connell, he argued, had alienated the Northern Protestant, who could see no real reason for a separate Irish parliament in Dublin, save to ensure a Catholic majority’. Deir sé i gcaibidil XI de Gaeil á múscailt (1973) gurbh in 1919 a chuir sé an argóint sin i gcló den chéad uair.

Ní íoctaí táillí leis ar an ábhar Béarla a bhíodh i gcló aige in The Peasant, Sinn Féin, Irish FreedomUlster Guardian agus bhí ionadh air íocaíocht a fháil nuair a thosaigh sé ag scríobh aistí Gaeilge in An Claidheamh Soluis agus Misneach idir 1917 agus 1921. Faoin ainm ‘Fear Faire’ a scríobhadh sé in An Réalt. Bhí alt dar teideal ‘Gá le scannáin Ghaelacha’ aige in Éire, bliainiris Gael, 1940. Sna 1920idí thosaigh sé ar nótaí polaitíochta a scríobh i mBéarla in The Leader. Scríobh Ciarán Ó Nualláin fúthu (Inniu 28 Feabhra 1975): ‘Bhí blas ar a nótaí polaitíochta nár mhothaigh mé ar ailt den tsórt ó shin. Bhí díreatas agus bríomhaireacht sa stíl a rug greim orm agus doimhneacht sna tuairimí a neartaigh an ghreim fiú nuair nár aontaigh tú leis. Phléadh sé gach rud... go neamheaglach agus gan fiacail a chur ann’. Thosaigh sé ar aistí a scríobh freisin in Inniu faoin ainm ‘Beann Madagáin’. Dar leis an Nuallánach go raibh a chuid Gaeilge ‘saor ó na lochtanna móra Béarlachais, eagair agus poncaíochta atá chomh coitianta sin inniu’. D’fhaightí mar locht ar a stíl, áfach, na téarmaí agus na focail neamhchoitianta a d’úsáideadh sé. Ba é ba thúisce a d’athbheoigh an focal ‘todhchaí’ agus ba mhó a chuir i mbéal an phobail é.

Casadh Áine [Eithne] Nic Aodha, múinteoir scoile agus Caitliceach, air in 1917 cúpla mí tar éis dó teacht as Reading. Bhí sí in aon lóistín le Louise Gavan Duffy i nDroim Conrach ag an am agus ba í Méadhbh Nic Conaill a chuir in aithne d’Earnán í. Phós siad 13 Samhain 1919 agus bhí aon mhac amháin acu, Earnán Óg. D’éag sí 25 Meán Fómhair 1957. I nDún Luáin, Co. Chill Mhantáin, a rugadh í ach is i nDoire a chaith sí an chuid is mó dá hóige. Ba é Patrick McHugh, D.I. sa Chonstáblacht Ríoga, a hathair. Í féin agus Louise Gavan Duffy a bhunaigh Scoil Bhríde. Bhí sí gníomhach i mBantracht na Tuaithe agus bhí ina huachtarán ar chomhaltas na cathrach den chumann sin.

D’éag Earnán 23 Feabhra 1975. In eagarfhocal an Irish Times 24 Feabhra dúradh gurbh é a ghrá don Ghaeilge a thug isteach sa pholaitíocht é an chéad lá: ‘Most will find in the Irish a somewhat inordinate desire to please. The true strength of Blythe lay in his complete freedom from this characteristic. In private life or indeed to do business with he was good humoured, free from vanity and touchiness, straight and not gruff or rude. In public life he was blunt. . . His trenchant method of advocating what became known as the “compulsory Irish” and his decision, when Minister for Finance, to cut the small old age pension put him forever at a low point on many people’s popularity charts’. In eagarfhocal an Irish Independent bhí an méid seo: ‘Coming from an Ulster Presbyterian background, his great passion in life was the revival of Irish, but in a way his greatest service to the nation was to exemplify how the traditions of North and South could co-exist peacefully and fruitfully—long before the word pluralist came into vogue’. Bhí cónaí air ag 50 Cearnóg Kenilworth. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú