Bhí sé ar dhuine de scríbhneoirí bisiúla ildánacha na hAthbheochana agus is dóigh gur mó a bhaineann a ghníomhréim, a pháirt i ngluaiseacht na teanga ach go háirithe, lena bhfuil tuairiscthe in 1882-1982 Beathaisnéis. Drámadóir, gearrscéalaí, iriseoir, beathaisnéisí, staraí, agus aistritheoir ba ea é. Bhí sé freisin ar na státseirbhísigh ab oirirce sa chéad daichead bliain den stát. Gheofar eolas faoi in Just like yesterday: an autobiography, (1985) agus in Inniu 19 Márta 1971 (‘León Ó Broin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’). Scríobh a iníon Bláthnaid Mac Ginty a dírbheathaisnéis faoin teideal The Game....The Game is over! A Memoir. I Sráid Aungier, Baile Átha Cliath, os cionn siopa poitigéara agus os comhair eaglais na gCairmilíteach amach, a rugadh é ar 10 Samhain 1902. Ba é an dara mac é ag James P. Byrne, cléireach a bhí ag obair do mhuintir Lightfoot, ceannaithe prátaí i margadh na nglasraí, agus a bhean Mary Killeen. Ag 21 Sráid Aungier a bhí cónaí orthu go fóill i 1911 agus seo é an tuairisc atá orthu i ndaonáireamh na bliana sin: bhí James 39 bliain d’aois; i gcathair Bhaile Átha Cliath a rugadh é agus bhí Gaeilge aige. ‘Commercial clerk in corn and potato factors’ an cur síos ar a shlí bheatha. 37 bliain a bhí ag a bhean Mary agus ní raibh Gaeilge aici. Bhí an lánúin pósta le 12 bliain anuas agus bhí gach duine beo den cheathrar leanaí a rugadh dóibh: Patrick (11); Leo (8); James (6); Thomas (2). Bhí Gaeilge ag Pádraig agus Leon. Bhí aon teaghlach déag eile sa teach agus i measc na slite beatha a luaitear leis na cinn tí bhí bean ghlantacháin, déantóir léinte, cúipéir, fear snasán francach a chur ar throscán, siúinéir, sclábhaí dífhostaithe.

Agus iad ina bpáistí go fóill, agus gan aon aithne acu ar a chéile, shiúil James agus Mary i sochraid Pharnell; bhí siad chomh náisiúnaíoch sin faoi 1902 nár chláraigh siad breith Leóin; b’ionann leo a leithéid agus a bheith géilliúil do Shasana agus nuair a bhí Leon ag dul isteach sa státseirbhís sna 1920idí b’éigean dó deimhniú ar leith a thabhairt faoina lá breithe. Bhí triúr buachaillí eile ag an lánúin. Ní raibh an teaghlach go maith as ach ní raibh siad bocht. Chuir Frithdhúnadh 1913 go mór le náisiúnachas an athar agus deireadh Leon gur chaith sé féin cloch le póilín lena linn. Ball de Shinn Féin ba ea an t-athair um an dtaca seo agus is cosúil gur ghlac sé páirt in Éirí Amach 1916; thug a mhac Pádraig gunnaí leis abhaile ó Bhinn Éadair Iúil 1914 agus ba chuimhin le Leon a bheith ag díol bratacha ag sochraid Uí Dhonnabháin Rosa. Bhí deartháir a athar, Pat, bainteach leis an gcraoladh raidió a rinneadh ón Óstán Imperial i 1916 agus bhí uncail leis, Harry Killeen, fear a bhí ina oifigeach sa Chogadh Mór agus a thréig an t-arm i 1916, ina oifigeach eolais ag Micheál Ó Coileáin.

Cuireadh bunscolaíocht ar Leon i gclochar sa chomharsanacht. Is i rang de chuid Shinn Féin a thosaigh sé ar Ghaeilge a fhoghlaim; dúirt sé le Ó Glaisne go raibh ábhairín foghlamtha aige ó chainteoir dúchais sna mná rialta. Bhí Micheál Ó hAodha ar dhuine dá mhúinteoirí i Scoil na mBráithre i Sráid Synge. Chaith sé coicís i gColáiste Chonnacht sa Spidéal i 1917 agus ba mhinic ar lóistín é sa Sián ina dhiaidh sin. Bhí cúpla post aige ar feadh tréimhsí gairide sular éirigh leis a bheith ina chléireach iarnróid de thoradh scrúdaithe. Píosa faoin Sián in Connacht Tribune i 1918 an chéad rud i gcló aige. Thosaigh sé ag scríobh i gcomhair Misneach i 1919. Ag Feis Bhaile Átha Cliath i 1920 fuair sé an chéad áit i gcomórtas scríbhneoireachta. An bhliain chéanna sin mar dhuine d’aisteoirí na hArd-Chraoibhe bhí ról aige in Na Gaiscígh, dráma le Pádraic Ó Conaire ag an Oireachtas sa Rotunda (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin); bhí sé ar dhuine de chairde Uí Chonaire. Chaith sé féin, a athair agus beirt dá dheartháireacha tuairim is mí i bpríosún Bheairic Wellington (Beairic Uí Ghríofa anois) i ndiaidh Dhomhnach na Fola tar éis dó a admháil gur bhall de Shinn Féin é. Bhí sé sa láthair ag an gCéad Dáil 21 Eanáir 1919. Cuireadh tús lena shlí bheatha mar státseirbhíseach nuair a d’éirigh leis post a fháil i roinn talmhaíochta an Dara Dáil. Bhí post ar mhuin poist aige go ceann tamaill: é ina oifigeach neamhchomhraiceach san Arm, ansin i gCoimisiún na Talún agus ina oifigeach custaim faoi na Coimisinéirí Ioncaim. Cháiligh sé mar abhcóide i 1924. An bhliain dár gcionn bhí sé ar na chéad daoine a ceapadh ina n-oifigigh shóisearacha riaracháin, é in Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus ansin sa Roinn Oideachais.

Ó 1920 go 1927 bhí sé an-ghníomhach i ngluaiseacht na teanga. Toghadh é ina rúnaí ar an Ard-Chraobh, Conradh na Gaeilge, i dtús na tréimhse sin agus ann a casadh air Cáit Ní Raghallaigh a bpósfaí léi é ar 19 Lúnasa 1925; neacht ba ea í leis an Athair Dónall Ó Tuathail agus chaithfeadh sí seal ina rúnaí ag Séamus Ó hAodha (1881–1943). Bhí seisear clainne orthu agus le Gaeilge a tógadh iad; fuair duine díobh bás go hóg. D’fhreastail sé ar chúrsa faoi stiúir Alf Sommerfelt i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge agus bhain bonn óir de bharr cúrsa a rinne sé i gColáiste Laighean. I 1926 bhí sé ar dhuine de na múinteoirí ag cúrsa samhraidh i gCarna. Bhíodh ábhar i gcló aige go rialta in Misneach, Fáinne an Lae agus An Sguab agus anois is arís in Banba, An Reult, An Lóchrann, An tÓglach, An Chearnóg, Inis Fáil, The Irish Rosary. . . Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha agus ar feadh tamaill de 1926-27 ina eagarthóir ar Fáinne an Lae. Is amhlaidh a tháinig sé i gcabhair ar an iris sin nuair a bhí sí i mbaol báis. ‘Ba é a mhol sé siúd ach míosachán a dhéanamh feasta den pháipéar, murab ionann is é a bheith ina sheachtanán mar a bhíodh go dtí sin, agus chuir sé in iúl go mbeadh sé féin sásta eagarthóireacht a dhéanamh air, saor in aisce, go ceann tamaill’ (Aindrias Ó Muimhneacháin, Dóchas agus Duainéis. . . , g.d.). Bhí Seoirse Mac Niocaill agus Cathal Ó Tuathail ag cabhrú leis agus an cúram sin air. Ní dheachaigh sé suas i dtoghcháin an Chonartha i 1927 agus d’éirigh as eagarthóireacht na hirise. ‘I was by now inclined to dissociate myself from the Gaelic League, which was just as well perhaps, as the Department of Education and its officials had become cockshots in the League’s paper. I was tiring of the political atmosphere of the Executive Committee ... and was giving more of my time to the production of plays in Irish by a Gaelic Drama League of which I was secretary ...’ (Just like yesterday). B’in é an Comhar Drámaíochta agus bhí sé ina chathaoirleach air ina dhiaidh sin; tugann Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail cuntas ar imeachtaí an Chomhair agus ar a mhinicí a léirítí bundrámaí agus aistriúcháin Uí Bhroin. Deir Ó Glaisne: ‘Scríobh sé gearrscéalta agus drámaí sna 1920idí, ach ní mórán measa atá aige orthu anois. Ró-éasca a rinne sé iad. Scríobh sé dráma nó dhó thar oíche toisc géarphráinn a bheith ag an Chomhar Drámaíochta le scríbhinní san am!’.

Nuair a bhí sé sa Roinn Oideachais bhí sé páirteach le Micheál Breathnach agus Seoirse Mac Niocaill i mbunú an Ghúim agus, ó bhí cúram teaghlaigh anois air, thapaigh sé an deis chun roinnt leabhar a aistriú: Béal na hUaighe agus scéalta eile, 1927 (ocht scéal tarraingthe ón bhFraincis agus ón mBéarla agus sé bhunscéal); An fuadach, 1931 (Kidnapped le R.L. Stevenson); Cúig drámaí, 1931 (cinn a d’aistrigh sé ón mBéarla); Triúr Fear i mBád (gan trácht ar an madadh), 1932 (Three men in a boat le J.K. Jerome); Cogadh na Reann, 1934 (The war of the worlds le H.G. Wells); Oileán draoidheachta, 1949 (Jill’s Magic island le E.A. Jelf). I bhfad rompusan, agus sula raibh ann don Ghúm, foilsíodh i 1923 Árus na nGábhadh agus sgéalta eile, ocht ngearrscéal ar bunscéalta a bhformhór; tugann sé le fios gurbh é féin a d’íoc costas na clódóireachta le Cló-Oifig Uí Mhathúna: ‘The book literally died at birth. There was no sales organisation to push it, and the result was that most of the three thousand copies remained in the printer’s hands while I struggled to pay off a bank overdraft.’ Ní mór a rá gur tháinig scata bunleabhar óna pheann freisin i rith na tréimhse céanna: Ag Stracadh leis an saol agus scéalta eile, 1929; An Rún agus scéalta eile, 1932. Tá tuairisc mholtach ar na gearrscéalta ag Aisling Ní Dhonnchadha in An gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940, 1981. D’fhoilsigh an Gúm roinnt dá dhrámaí: An Mhallacht agus drámaí eile, 1931, An Clósgríobhaí: dráma grinn, 1936; Labhartar Béarla annseo: dráma grinn, 1938; Slán le Muirisg, 1944; An Boisgín Ceoil, 1945; An Oíche úd i mBeithil, 1949.

Iarracht uaillmhianach sna 1930idí ba ea beatha Pharnell a scríobh. Agus é i mbun taighde chuir sé agallamh ar dhaoine mar Henry Harrison (1867-1954) agus Dr Mark Ryan [Marcas Ó Roighin] agus daoine eile a bhí comhaimsearach le Parnell. Cé gur mhol Earnán de Blaghd, Frank O’Connor, Domhnall Ó Corcora, Seán Ó Faoláin agus Michael Tierney Parnell, 1937 agus cé gur cuireadh an dara cló amach, ní raibh díol maith air agus riamh níor iarradh air an dara heagrán a thabhairt amach, rud ar chúis díomá aige é agus an oiread sin dul chun cinn á dhéanamh aige sa taighde ar an stair i gcoitinne. Is iad na saothair eile beathaisnéise agus staire óna pheann: Miss Crookshank agus coirp eile, 1951; Emmet, 1954; Comhcheilg sa Chaisleán, 1963; Na Sasanaigh agus Éirí Amach na Cásca 1916: scéal Nathan, 1967; An Maidíneach: staraí na nÉireannach Aontaithe, 1971; bhí cónaí air tamall maith i dteach an Mhaidínigh i mBaile an Bhóthair agus dúirt sé le Risteárd Ó Glaisne go bhfaca a shin-sin-seanmháthair Emmet á chrochadh.

Aistríodh é go dtí an Roinn Airgeadais i 1927; cúig phunt in aghaidh na seachtaine a thuarastal agus air a thit sé maoirseacht a dhéanamh ar na milliúin punt de nótaí na Breataine a dhó i 1928 nuair a cuireadh tús le hairgead reatha na hÉireann. Ó 1931 bhí sé ina rúnaí príobháideach ag na hAirí Airgeadais, ag Earnán de Blaghd ar dtús agus ansin ar feadh tamaill ghairid ag Seán McEntee; rud an-neamhchoitianta post mar é a choimeád i ndiaidh athrú rialtais. Príomhdhualgas an phoist sin a bheith ina idirghabhálaí idir an tAire agus an Roinn. Nuair a d’fhág sé post sin an rúnaí thit sé air a bheith ina choimisinéir thar ceann Mhic an tSaoi i gCoimisiún Béaloideasa Éireann; cairde leis ba ea fir mhóra an bhéaloidis, Fionán Mac Coluim agus Pádraig Ó Siochfhradha, agus air a thit sé téarmaí tagartha an Choimisiúin a dhréachtú. I nDeireadh Fómhair 1932 ceapadh é ina Phríomh-Oifigeach Cúnta. I ndiaidh thubaiste Kirkintilloch (1937) bhí sé ina bhall den choiste a rinne iniúchadh ar an imirce shéasúrach, sna ceantair Ghaeltachta go háirithe. Tugadh ardú céime go Príomh-Oifigeach dó i 1939. Bhí sé ina bhall de Choimisiún na Gaeilge sa Státseirbhís ó 1936 go 1939. Chuir éigeandáil 1939-45 cor ina shaol nuair a ceapadh é ina Choimisinéir Réigiúnda i 1940 agus cúram cuid mhór de Chonnachta air; i gcás ionradh na tíre ba air a thitfeadh sé féachaint le riail agus smacht a choinneáil, go háirithe maidir le seirbhísí riachtanacha agus soláthairtí—‘the last bulwark against anarchy’ a tugadh ar an bpost. Is de bharr a thaithí ar Chois Fharraige a roghnaigh sé féin Gaillimh-Maigh Eo mar réigiún.

Bhí sé ina Rúnaí Cúnta sa Roinn Poist agus Telegrafa ó 1945 go dtí go bhfuair sé post an Rúnaí i 1948 agus bhí baint mhór aige leis an bhforbairt a rinneadh ar Radio Éireann ó 1947 amach agus go háirithe maidir leis an gceolfhoireann shiansach. Go dtí deireadh 1952 ba é a chara, an cartúnaí cáiliúil C.E. Kelly, a bhí in aon rang leis i Sráid Synge, a bhí ina stiúrthóir. Meastar gurbh é Ó Broin dáiríre a d’áitigh ar Maurice Gorham i 1952 teacht go hÉirinn lena bheith ina Stiúrthóir ar an tseirbhís. Bhraith sé gá le duine seachas státseirbhíseach má bhíothas chun druidim de réir a chéile i dtreo stáisiúin a bheadh neamhspleách ar nós an BBC; bhainfeadh deacrachtaí leis an idirthréimhse. Dúirt Gorham faoin mBranach: ‘That this anomalous arrangement could continue, and continue to work satisfactorily, was due in great measure to the forbearance of the Secretary of Posts and Telegraphs, León Ó Broin, who was largely responsible for the setting-up of the semi-independent regime and for the move towards full independence that was always kept in view.’ (Forty Years of Irish Broadcasting, 1967). Bhí sé ar dhuine de leasuachtaráin an Union Internationale de Radiodiffusion, réamhtheachtaí Aontas Craoltóireachta na hEorpa. D’éirigh sé as an státseirbhís Lúnasa 1967. Bhraithfeadh duine ar a dhírbheathaisnéis go raibh sé ag éirí lagmhisniúil i dtaobh na hAthbheochana de réir a chéile. Bhí meas tagtha air mar staraí; toghadh é ina uachtarán ar an Irish Historical Society agus ina dhuine de leasuachtaráin an Acadaimh Ríoga. Nuair a bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht honoris causa air i 1967 ba é a sheanchara Micheál Ó hAodha a thug i láthair é. Leabhair i mBéarla leis is ea: The Unfortunate Mr Robert Emmet, 1958; Dublin Castle and the 1916 Rising: the story of Sir Matthew Nathan, 1966; Charles Gavan Duffy, patriot and statesman: the story of Charles Gavan Duffy (1816-1903),1967; The Chief Secretary: Augustine Birrell in Ireland, 1969; Fenian Fever: an Anglo-American dilemma, 1971; The Prime Informer: a suppressed scandal, 1971; Revolutionary Underground: the Story of the Irish Republican Brotherhood 1858-1924, 1976; Michael Collins, 1980; No Man’s Man: a biographical memoir of Joseph Brennan, 1982; In Haste: the Letters of Michael Collins and Kitty Kiernan, 1983; Protestant Nationalists in Revolutionary Ireland: the Stopford connection, 1985.

Fear cráifeach agus Caitliceach stóinseach ba ea é riamh. In Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973 seo í an mhian a nocht sé: ‘To save my soul and a few others, perhaps’. Bhí Frank Duff, bunaitheoir Léigiún Mhuire, mar shaoiste aige sa Roinn Airgeadais i 1928, agus tháinig sé go mór faoina thioncharsan; scríobh sé a bheatha, Frank Duff, 1982, agus bhí ina eagarthóir ar Maria Legionis ar feadh deich mbliana. Caitliceach roimh a am ba ea é ar bhealaí áirithe; is léir nár thaitin leis an chaoi a gcaitheadh an eaglais oifigiúil le tuataí agus cléir a bhí ag iarraidh teagmhálacha a chothú le Protastúnaigh in eagrais mar an Mercier Society. Ní raibh sé cúngaigeantach agus bhí báúil le scríbhneoirí a bhí in aghaidh a dhéine a bhí cinsireacht an stáit. Fuair a bhean bás i 1984 agus d’éag sé féin ar 26 Feabhra 1990. Bhí an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich agus tríocha sagart ag comhcheiliúradh a aifrinn éagnairce in Eaglais Naomh Treasa i gCnoc Mhuirfean (Irish Times 1 Márta 1990). Cuireadh é i nGráinseach an Déin, Co. Bhaile Átha Cliath.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú