Tá cuntas uirthi sa cholún ‘Comhaimsirigh’ in Inniu 1 Lúnasa 1952. Iníon ba ea í le David Patrick Moran, bunaitheoir The Leader, duine de na hiriseoirí ba cháiliúla in Éirinn san fhichiú haois, agus Teresa Catherine O’Toole. I mBóthar Labhráis, Cluain Tarbh, a rugadh í ar 21 Nollaig 1901. Bhí ceathrar deartháireacha aici. Ba spéis leis an máthair stair na hÉireann agus léadh D.P. leabhair Ghaeilge dóibh. Nuair a bhí Nuala ocht mbliana d’aois cuireadh í go Scoil Íde, scoil chailíní a bhunaigh Pádraig Mac Piarais. Tar éis bliain a chaitheamh ann chuaigh sí go dtí an scoil Doiminiceach, Páirc Mhucrois, Domhnach Broc. Nuair a bhí sí 17 bliain d’aois chaith sí mí sa Rinn. Fuair sí post sealadach mar chlóscríobhaí sa státseirbhís in aois 23 di agus bhí ag obair i rannóga éagsúla; is é is dóichí ar fad gur ag caitheamh a dúthrachta le foilsiú an Leader a bhí sí agus nach raibh sí sa mhionphost sealadach sin ach chun pinginí breise a shaothrú. Nuair a d’éag a hathair ar 31 Eanáir 1936 d’éirigh sí as an bpost an tseachtain dár gcionn agus ghlac sí cúram The Leader uirthi féin. ‘Is féidir a rá gur tógadh Nuala Ní Mhóráin agus The Leader i gcuideachta a chéile….Ó bhí sí seacht mbliana déag d’aois bhí sí ag cuidiú leis [a hathair], ag caitheamh a ham fóillíochta ag scríobh altanna agus léirmheastaí, agus ó fuair sé bás tá sí ina heagarthóir ar an tréimhseachán a bhunaigh sé’ (Inniu).

Bhí sí ina ball de Léigiún Mhuire ó 1933. Thugadh sí cairde léi isteach ina teach féin chun paidreacha agus dánta diaga Gaeilge a fhoghlaim agus chun labhairt na teanga a chleachtadh. Nuair a bhí na Gaeilgeoirí seo ag dul i líonmhaire is ea a tionscnaíodh An Réalt 8 Samhain 1942 i Halla Léigiún Mhuire i gCill Fhionntain, Co. Bhaile Átha Cliath (Láimh-Leabhar Chomhdháil Náisiúnta na Gaedhilge, [1944]); san ionad céanna bhunaigh sí, le cead an Léigiúin, an chéad praesidium de An Réalt 14 Márta 1943; i nGaeilge ar fad a reáchtáilfí an roinn seo den Léigiún ach níor ghá ballraíocht san eagraíocht sin chun freastal ar na himeachtaí. Ba í Nuala an chéad uachtarán acu. Ina dhírbheathaisnéis Just like yesterday: an autobiography, (1985) deir Leon Ó Broin i dtaobh An Réalt: ‘It was never very strong, reaching a peak of perhaps thirty branches before the decline set in that has affected popular interest in Irish language affairs generally .... But over the years the movement had some unexpected achievements outside Ireland, strangely—such as the establishment of the first Welsh-speaking praesidium of the Legion in Wales and of warm and promising links with Gaelic Scotland. It also gave the Concilium of the Legion a splended spiritual director in Father Donnchadh Ó Floinn.’

Seachas na dréachtaí a bhíodh aici in Maria Legionis, iris an Léigiúin, is in The Leader a foilsíodh a scríobhadh sí. Bhí spéis aici sa drámaíocht agus scríobh sí geamaireachtaí agus sceitseanna a léirigh baill An Réalt i gCill Fhionntain. Lean The Leader anuas go dtí 1971. Deir Patrick Maume: ‘Nuala Moran inherited the editorial chair. The paper gradually became less combative and more intellectual, with more social and cultural material (including the profiles which caused a famous libel suit by Patrick Kavanagh). In the late 1940s it became a fortnighly and for some years experienced a second spring, renewed its links with U.C.D. and published high-quality comments by academics (notably T. Desmond Williams). It remained staunchly Catholic ... and regularly recalled its own history and the lifework of D.P. Moran. It went into decline in the 1960s, became a monthly, and ceased publication in 1971.’ (D.P. Moran, 1995). D’éag Nuala ar 3 Meán Fómhair 1991.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú