Ar feadh na tréimhse fada 1945-95 bhí sé ar dhuine de cheannairí ghluaiseacht na hathbheochana. Tá cuntais iarbháis: in Irish Times 13 Eanáir 2001; ag Mairéad Ní Chinnéide agus Proinsias Mac Aonghusa in Foinse 14 Eanáir 2001. Sa Choireán, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 6 Meán Fómhair 1923. Ba iad a thuismitheoirí Micheál Ó Móráin, feirmeoir a bhí ina oifigeach in Arm na hÉireann anuas go ceannairc 1924, agus Eibhlín Ní Loingsigh. Uncail dó ba ea Fionán Ó Loingsigh agus ba chol cúigir é le Fionán Mac Coluim agus le Cormac Ó Cadhlaigh. Bhí páirt nach beag ag a sheanathair Fionán Ó Loingsigh (d’éag 1907) i gConradh na Gaeilge i gCiarraí (féach B4 lch 137). Phós sé 11 Eanáir 1949 Máire Beaumont, iníon le Seán Beaumont agus garneacht le Eoin Mac Néill; rugadh beirt iníonacha agus triúr mac dóibh. Ar 21 Aibreán 1925 a rugadh Máire agus d'éag sí ar 14 Deireadh Fómhair 2012.

Fuair a mháthair bás agus é ina leanbh. Tar éis bunscolaíochta i Scoil Fhionáin Naofa i Spuncán cuireadh faoi chúram a aint Bríd i mBaile Átha Cliath é agus bhí sé ar scoil i gColáiste Mhuire; is ann a dhíol an múinteoir Tomás Ó Floinn cóip den chéad uimhir de Comhar leis i mBealtaine 1942. Rinne sé céim sa stair agus san eacnamaíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 1942-45 agus bhuaigh scoláireacht Mhichíl Uí Chléirigh (Comhar, Márta 1946); bhí sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach agus ar Chumann na Mac Léinn Staire agus ba bhall é de Chomhairle Teachtaí na Mac Léinn agus bhí ina eagarthóir ar eagráin de An Iodh Morainn agus Comhthrom Féinne (Comhar, Meán Fómhair 1955). Glaodh chun an bharra é i 1946 ach níor chleacht sé ceird an dlí riamh. Bhí a dhuaisaiste Oireachtais ‘Dúnghaois iarchogaidh don talmhaíocht’ i gcló in Comhar, Aibreán 1945. Toghadh é ina Leas-Uachtarán ar an gComhchaidreamh 1944-45. Um Shamhain 1946 toghadh é ina bhall de Bhord Oifigeach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge in éineacht le Earnán de Blaghd, Proinsias Mac an Bheatha, Pádraig Ó Drisceoil, Seán Ó hÉigeartaigh, Liam Ó Luanaigh agus Seán Óg Ó Tuama. Chuir sé isteach ar phost rúnaí na Comhdhála tuairim an ama seo ach is do Dhonncha Ó Laoire a tugadh é.

Bhí sé ina eagarthóir ar RGDATA Review 1946-51 agus ina dhiaidh sin, anuas go 1963, ina bhainisteoir ar ghrúpa clódóireachta agus foilsitheoireachta Fleet/Creation. Is mar seo a cuireadh síos air in Inniu 26 Eanáir 1951 (‘Comhaimsirigh’): ‘Bhí sé taobh le haon iris amháin go dtí le deireanas, ach is féidir a rá go bhfuil sé timpeallaithe le hirisí anois, arae tá sé ina rúnaí agus ina bhainisteoir fógraíochta ag Comhlacht Foilsithe agus Clódóireachta Fleet, dream a bhfuil a lán tréimhseachán idir chinn tráchtála agus eile acu dá fhoilsiú. Thairis sin tá sé ina rúnaí ar chumann nuabhunaithe na gCothaitheoirí Éanlaithe Clóis, cumann dhéanfas tairbhe nach beag do chúrsaí feilméarachta na tíre amach anseo.’ Sna luathchaogaidí bhí sé ina stiúrthóir ar Comhar. Rud mór i stair na hirise an tacaíocht a tugadh don Dr Nollaig de Brún i mBealtaine 1951 nuair a d’éirigh sé as an Aireacht Sláinte agus is ar an Móránach a thit sé an iris a chosaint; arís tharraing léirmheas Mháirtín Uí Chadhain ar iris na Roinne Oideachais An Treallán i Meitheamh 1952 faobhar na Roinne orthu.

Gan amhras ba é bunú Ghael Linn 3 Bealtaine 1953 an gníomh ba mhó dá ndearna sé. Géilltear gurbh é an príomhbhunaitheoir é agus ó thús bhí sé ina Stiúrthóir Oinigh agus ina chathaoirleach ar Bhord na gCaomhnóirí (Seán Ó Síocháin, Máirtín Ó Cadhain, Máire Bhreathnach, Aodhagán Brioscú). Dúshlán an rialtais a thabhairt a bhí fúthu trína thaispeáint cad ab fhéidir a chur i gcrích ach tabhairt faoi go héifeachtach. Ba liosta le háireamh na héachtaí a rinne siad maidir le ceirníní d’amhránaithe sean-nóis agus de cheol uirlise, le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht, le nuachtscannáin agus le mórscannáin mar Mise Éire, Saoirse?, An Tine Bheo, le tionscail agus monarchana sa Ghaeltacht, le hamharclann Damer, le Slógadh, leis an gcomórtas náisiúnta díospóireachta, leis an seachtanán Anois . . .. Ó 1963 bhí sé ina Cheannasaí lánaimseartha ag an eagraíocht. Tar éis tamaill ní raibh an Cadhnach ag réiteach leis agus d’éirigh as a bheith ina Chaomhnóir. Tá cuntas ag Seosamh Ó Duibhginn in Tuairisc, 1982 ar alt Uí Chadhain, ‘Scoláireachtaí Gaeltachta’, in Feasta, Iúil 1960 agus ar an mbriatharchath a lean é. Thuig Caomhnóirí Ghael Linn go raibh an Cadhnach ag cur ina leith go bhfuair siad sochar as ucht iad bheith ina gCaomhnóirí agus ar deireadh b’éigean do Feasta a leithscéal a ghabháil. Sa réamhrá le Comhar 1942-1982, 1982 rinne Dónall iarracht ar chlabhsúr a fhógairt ar an aighneas eatarthu. ‘Ní beag agus ní bog an léirmheas a rinne sé san alt sin agus ní rabhamar ró-chairdiúil ar feadh scathaimh dá bharr; níos déanaí thuigeamar dá chéile agus sa tréimhse dheireanach dá shaol is beag nach raibh oifig Ghael Linn ina cheannáras aige.’ I bhfad roimhe sin, nuair a fuair Máirtín bás i 1970, dúirt sé faoi: ‘Dala an dúthracht a chaitheadh sé leis an scríbhneoireacht bhí Máirtín sásta am agus fuinneamh a chaitheamh ag pleanáil aon bheartas Athbheochana a bhí tábhachtach, dar leis.’

I 1955 toghadh é ina Chathaoirleach ar Chomhghairm Ollscoil na hÉireann, post a bhí aige ar feadh i bhfad; bhronn an ollscoil dochtúireacht oinigh air i 1975. Sna 1950idí freisin bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Cló Morainn; ar na leabhair a d’fhoilsigh siad tá Tomás Ruiséil, 1957 le Séamus N. Mac Giolla Easpaig agus De Valera, 1968-70 le Tomás P. Ó Néill agus Pádraig Ó Fiannachta. Comhartha ar an ardmheas a bhí air faoin am seo gur air a iarradh céad Scoil Samhraidh Mherriman a oscailt in Inis um Meán Fómhair 1968.

I 1959 bhíothas imníoch i taobh cén sórt teilifíse a bheadh ag Éirinn agus gurbh fhéidir gur chomhlacht neamhspleách sa Bhreatain a bheadh i mbun an stáisiúin nua. ‘Chuir Gael Linn iarratas le chéile chun an conradh a fháil, iarratas a bhí chomh huileghabhálach sin nach raibh rogha ag an Rialtas ach a stáisiún féin a bhunú nó an conradh a thabhairt do Ghael Linn’ (Mairéad Ní Chinnéide). Ceapadh é ina bhall d’Údarás RTÉ i 1965 agus ina chathaoirleach i 1970. ‘Bhí dream áirithe frith-Ghaeilge agus frithnáisiúnta ar an Údarás lena linn agus ba dheacair dul chun cinn a dhéanamh. Cháineadh sé as éadan iad go príobháideach ach thiocfadh dó gur acu siúd, seachas aigsesean, a bhí tacaíocht an Stáit’ (Proinsias Mac Aonghusa). Scoir rialtas Fhianna Fáil an tÚdarás 24 Samhain 1972 nuair a craoladh tuairisc ar agallamh le Seán Mac Stiofáin ar an raidió. Labhair sé in aghaidh na cinsireachta: ‘Those who would wish for the victory of truth should be the most adamant in demanding broadcasting time for the person whose political, religious, social or cultural doctrine they themselves regard as being fundamentally false’ (i gcló in Irish Times). Ba chuid thábhachtach dá oidhreacht phearsanta féin a bheith go mór in aghaidh an IRA sa stát dúchais. Cheap Conor Cruise O’Brien, Aire Poist agus Telegrafa, ina chathaoirleach arís é mí na Bealtaine dár gcionn. Meastar gurbh é rud is mó a thug pléisiúr dó féin le linn a thrí théarma (1965-76) i RTÉ ná an pháirt a bhí aige i mbunú Raidió na Gaeltachta i 1972. Dúirt Brian Mac Aonghusa, a bhí ina rúnaí ag an Údarás agus ina dhiaidh sin ina Cheannaire ar an stáisiún sin, le Mairéad Ní Chinnéide: ‘Is é Dónall . . . a fuair an t-airgead chun an mhinicíocht a leathnú ar fud na hÉireann. Murach é, ní bheadh Raidió na Gaeltachta ag craoladh ar fud na tíre. Stáisiún logánta a bheadh ann.’

Lean an dúil a bhí aige san iriseoireacht ar feadh a shaoil. Nuair a loirg Roinn na Gaeltachta tairiscintí i gcomhair seachtanáin nua Gaeilge glacadh le ceann Ghael Linn agus cuireadh an chéad uimhir de Anois amach 2 Meán Fómhair 1984 agus cuireadh an uimhir dheireanach (Iml. 12 Uimh. 44) amach 29-30 Meitheamh 1996; ‘Marú ANOIS tar éis 12 bhliain’ an teideal a bhí ar cheann de na príomhscéalta san uimhir sin. Bhí Dónall ina bhainisteoir stiúrtha ach braitheadh go raibh baint níos mó ná sin aige leis an bpáipéar. Deir Mac Aonghusa: ‘B’fhéidir gur chuir sé a ladar féin ró-mhor in obair Anois agus nár thug sé deis do na heagarthóirí éagsúla a bhí ar an iris. Ní duine é Dónall Ó Móráin a thabharfadh mórán cead a gcinn dóibh siúd a bhí ag obair faoina stiúir. Má bhí locht air, b’in é é.’ Bronnadh Gradam Bhord na Gaeilge air i 1996. D’éag sé 11 Eanáir 2001. Scaipeadh a luaithreach ar uaigh Mhichíl Uí Choileáin i nGlas Naíon. Bronnadh a chuid leabhar, páipéar, grianghrafanna agus lámhscríbhinní ar Roinn Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ag an ócáid chéanna fógraíodh go dtabharfaí sparántacht Dhónaill Uí Mhóráin chun a chur ar chumas mhic léinn iarchéime Roinn Bhéaloideas Éireann ‘taighde a dhéanamh ar ghnéithe den bhéaloideas a bhaineann go sonrach le traidisiún na Gaeilge’ (Foinse 25 Samhain 2001).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú