MAC GÓRÁIN, Riobard (1928–2007)

Bhí sé ar an scata beag daoine ba mhó tábhacht i ngluaiseacht na teanga ar feadh tamaill mhaith den dara leath den fhichiú haois. I rith na tréimhse sin bhí baint mhór aige le hamharclannaíocht na Gaeilge agus leis an gcomaoin a chuir Gael Linn ar amhránaíocht agus ar cheol dúchais na hÉireann, ar an scannánaíocht in Éirinn agus ar iriseoireacht agus ar nualitríocht na teanga. Tá cuntas Riobaird (‘Scannáin, Amhráin agus Drámaí’) ar ar éirigh le Gael Linn a chur i gcrích i gcló in An Comhchaidreamh: crann a chraobhaigh, cnuasach aistí (1985) cóirithe ag Stiofán Ó hAnnracháin. Is comhartha ar an bhfear é nach luann sé a ainm féin sa chuntas sin.

I mBaile Átha Cliath a rugadh é ar 19 Márta 1928. Ba é an duine ba shine é den chúigear a rugadh do Shéamus McGoran, arbh as Baile na hInse, Co. an Dúin dó, agus Lily Mulholland. Bhí Séamus i bhfeighil Ard-Cheannas an Deiscirt d’Arm na hÉireann sna 1940idí agus ina ardaidiúnach ar ball. Ar Scoil Uí Chonaill, scoil a bhí an uair sin ag na Bráithre Críostaí i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, a bhí sé sula ndeachaigh sé go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Le linn dó a bheith ann bhí sé ina reachtaire ar an gCuallacht, cumann Gaelach na mac léinn, agus bhí baint aige leis an iris Síol. In Comhar Samhain 1947, foilsíodh alt gairid ina thaobh agus deirtear ann:

Níl ach bliain ó tháinig Riobard ó dheas ach laistigh den bhliain sin atá aithne fhorleathan curtha air, ní hamháin i measc Ghaeilgeoirí Chorcaí ach i measc Ghaeilgeoirí na tíre trí chéile – go háirithe ar an ábhar gurb é a scríobhann an “Colún ó Chorcaigh” ar Inniu. Mar sa cholún sin taispeánann sé go bhfuil sé ar na hiriseoirí is mó gealladh atá ag scríobh sa Ghaeilge i láthair na huaire.

Ach bhí sé chomh gnóthach sin i rith a shaoil le heagarthóireacht Comhar agus le gnóthaí Gael Linn gur beag den scríbhneoireacht a rinne sé. In Comhar féin, mar shampla, ní raibh ach ocht n-aiste i gcló aige idir 1949 agus 1986. Ghnóthaigh sé céim BA in 1948.

Nuair a d’aistrigh a mhuintir go Baile Átha Cliath bhí baint mhór aige le Comhar ó thaobh scaipeadh agus díolacháin de agus chaith cuid mhaith de na 1950idí ina eagarthóir ar an míosachán sin. Ball den Chomhchaidreamh ba ea é agus ba é, in éineacht le baill eile, le Dónall Ó Móráin go háirithe, a bhunaigh Gael Linn ar 3 Bealtaine 1953 san Óstan Imperial i gCorcaigh. Ba iad an bheirt sin ba mhó a chuir an ghluaiseacht sin chun cinn. Ba liosta le lua ar éirigh leis an ngluaiseacht a chur i gcrích le linn ré Uí Mhóráin agus Mhic Górain: na céadta albam ceoil; Mise Éire; scannáin sheachtainiúla nuachta Gaeilge dar teideal ‘Amharc Éireann’ i gcuid mhór de phictiúrlanna na hÉireann; an amharclannaíocht agus an Damer go háirithe (Ní Chinnéide 2008); Anois (1984–1996), páipéar seachtainiúil; scoláireachtaí Gaeltachta; fiontair ghnó sa Ghaeltacht; Slógadh... iad go léir ag brath go pointe áirithe ar linn pheile a bhí bunaithe ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael. Maítear gurbh é Gael Linn, agus Mac Góráin go háirithe, ba thúisce a d’aithin cumas Sheáin Uí Riada sa chumadóireacht, go háirithe in Mise Éire, an scannán mórchlúiteach acu in 1959. Meastar gur chuir ceol an scannáin sin le tuiscint daoine ar thábhacht na teanga. B’fhéidir a rá gurbh é an Góránach faoi deara go speisialta na himeachtaí ealaíne sin go léir atá sa liosta thuas.

Seo mar a chuir ceannasaí Gael Linn, Antoine Ó Coileáin, síos ar a chumas i réimse sin na n-ealaíon in The Irish Times 8 Meán Fómhair 2007:

Duine éirimiúil ab ea é le pearsantacht shéimh, duine a raibh bá faoi leith aige le healaíontóirí agus ba mhinic é ag tacú leo. Pearsa shuntasach i saol na Gaeilge ab ea Riobard Mac Góráin agus rinne sé mórán chun comhpháirtíocht a chothú idir eagrais. Maireann lorg a láimhe ní amháin sa chartlann fuaime is físe a choimisiúnaigh sé ach, níos tábhachtaí fós, i misean Gael Linn, an t-eagras a chomhbhunaigh sé agus lenar chaith sé a shaol oibre.

Bhain dua le heagrú na linnte peile sin agus le bingo Gael Linn i dtrí cinn de chineamaí i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Ba é faoi deara gur taifeadadh amhráin Sheosaimh Uí Éanaí, Sheáin Mhic Dhonncha, Sheáin de hÓra agus Niocláis Tóibín (1928–1994). Ba liosta le lua na taifid a sholáthair Gael Linn de cheol traidisiúnta. Chuir siad popamhráin ar fáil i nGaeilge freisin. Riobard ba mhó faoi deara Cabaret Gael Linn agus Slógadh, sórt oireachtais don óige. Tá cur síos ag Mairéad Ní Chinnéide sa leabhar úd faoin Damer ar an gcaoi ar spreag sé Breandán Ó Beacháin chun an dráma ‘An Giall’ a scríobh. Dúirt staraí na drámaíochta in Éirinn, Micheál Ó hAodha faoi: ‘The production of An Giall was a landmark in the history of drama in Irish.’ Chuaigh sé ar scor in 2001. Bhí sé pósta ar Mháirín Ní Chionnaith as Carna, Co. na Gaillimhe, agus bhí iníon agus triúr mac acu. D’éag sé in Ospidéal Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath, ar 30 Lúnasa 2007 agus cuireadh é i Reilig Sheangánaí, Baile Átha Cliath.

Ar feadh a shaoil, b’fhéidir a rá, bhí sé ag tacú le hathbheochan na Gaeilge, bíodh sin mar uachtarán tamall ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge nó ina chathaoirleach ar Oireachtas na Gaeilge nó ina bhall de Bhord na Gaeilge. Ba é leaschathaoirleach NCEA (Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais) é, eagraíocht oideachais a bhronn dochtúireacht air in 1993. Chaith sé tamall ina bhall gníomhach den Fhoras Cultúir Ghael-Mheiriceánach úd a bhunaigh Eoin Mac Thiarnáin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair