Ó hEITHIR, Breandán (1930–1990)

Tá a bheathaisnéis scríofa ag Liam Mac Con Iomaire, Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair (2000); deir an staraí Gearóid Ó Tuathaigh ar chlúdach an leabhair: ‘Agus, trí chuntas Mhic Con Iomaire ar shaol agus ar shaothar Uí Eithir gheibhimid, freisin, léargas luachmhar ar ghnéithe éagsúla den saol in Éirinn mar a bhí sa dara leath den fhichiú haois.’ Ní hí an tsuáilce is lú sa leabhar sin a bhfuil de shleachta as dialanna Uí Eithir agus as litreacha ann, agus a bhfuil ann de chuimhní a chairde agus a lucht aitheantais. Tá gearrchuntas ag an údar céanna in An Chaint sa tSráidbhaile (1991) in eagar ag Caoilfhionn Nic Pháidín agus is sa chnuasach sin freisin atá clár a shaothair ag Máire agus Bríd de Grás. Dúirt Eoghan Harris faoi: ‘Bhí Breandán Ó hEithir ar an iriseoir ab fhearr dár chas mé leis riamh, bar nobody, i nGaeilge nó i mBéarla.’

I dteach banaltrais ar Bhóthar na Trá, Gaillimh, a rugadh é 18 Eanáir 1930. Múinteoirí náisiúnta i gCill Rónáin, Árainn, a thuismitheoirí, Pádraig Ó hEithir (d’éag 10 Meán Fómhair 2001) ó cheantar Shráid na Cathrach, Co. an Chláir, agus Bríd (Delia) Ní Fhlatharta (d’éag Eanáir 1973) de bhunadh Ghort na gCapall, Árainn; ‘Cúlra Bhreandáin’ is teideal don chéad chaibidil i leabhar Mhic Con Iomaire agus is leor a lua anseo go mba dheirfiúr í a mháthair leis na scríbhneoirí Liam Ó Flaithearta agus Tomás Ó Flaithearta. Ba é Breandán an chéad duine a rugadh dóibh agus bhí triúr eile sa teaghlach, buachaill agus beirt chailíní. Bhí siad ina gcónaí i dteach an mhúinteora (‘The Residence’) go dtí gur aistrigh siad i 1939 go teach nua míle siar an bóthar ó Chill Rónáin. Chaitheadh Breandán laethanta saoire an tsamhraidh ar thír mhór agus bhí Gaeilge agus Béarla aige ó thús. Bhí cuid mhaith leabhar sa teach agus bhí léamh agus scríobh aige roimh dhul ar scoil dó. D’éirigh leis de thoradh scrúdaithe i 1943 áit a fháil i gColáiste Éinde, Gaillimh, ceann de na coláistí ullmhúcháin úd a bunaíodh i 1927 chun oideachas den dara leibhéal a chur ar ábhar múinteoirí (i ngeall ar chúrsaí na héig­eandála 1939-45 is i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, a bhí an coláiste sa bhliain sin 1943-44). Múinteoir a chuaigh i gcion air ba ea Aodh Mac Dhubháin. Músclaíodh a shuim i nualitríocht na Gaeilge nuair a léigh sé leabhair le Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna agus Idir Shúgradh is Dáiríre le Máirtín Ó Cadhain. Is sa choláiste sin a rinne sé an Ardteistiméireacht i 1948. Bhí a intinn déanta suas aige nach le múinteoireacht a rachadh sé agus d’éirigh leis scoláireacht Ghaeltachta ollscoile a ghnóthú. I gColáiste Ollscoile na Gaillimhe bhí Béarla agus stair roghnaithe aige ón dara bliain ar aghaidh agus an fhealsúnacht mar ábhar breise. Cé go raibh mórchuid á léamh aige dhéanadh sé faillí sa staidéar ba ghá agus ní fhreastalaíodh ar léachtaí. Ní dhearna sé an scrúdú céime riamh. Is toisc gurbh i nGaillimh a d’fhás sé suas ina fhear a rug an chathair sin greim ar a shamhlaíocht. Chuirfeadh sé an t-eispéireas Gaillimheach chun tairbhe ar ball, go háirithe san úrscéal Lig Sinn i gCathú.

Thosaigh sé ag obair i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge, mar dhuine de bheirt timirí leabhar, an 15 Deireadh Fómhair 1952 agus go ceann bliain go leith bhí an leath theas den tír á thaisteal aige san iarracht seo ar léamh na Gaeilge a spreagadh agus ar leabhair Ghaeilge a dhíol. D’éirigh leis eolas maith a chur ar an tír ach is i rith an ama sin a thosaigh sé ar bhabhtaí den tromólachán. Timpiste bóthair le veain na Comhdhála Luan Cincíse 1954 a tharraing aird Earnáin de Blaghd, uachtarán na Comhdhála, air agus chaill sé an post. D’fhostaigh Sáirséal agus Dill, foilsitheoirí, é mar eagarthóir beagnach láithreach; bhí sé ar iasacht acu roimhe seo nuair a bhí Dúil lena uncail Liam á scaipeadh acu i 1953. Cé nár oir dó eagarthóireacht leabhar nár thaitin leis, ná ceartú Gaeilge údar ná ceartú profaí, is tréimhse shona go maith ina shaol a bhí ann toisc a fheabhas a réitigh sé le muintir Éigeartaigh agus a mhéid a bhí cion acusan air. Arís is timpiste bóthair faoi deara dó an post a fhágáil. Chomhairligh Seán Ó hÉigeartaigh dó dul le hiriseoireacht agus chabhraigh a theastas-san leis chun post Eagarthóir na Gaeilge a fháil in Scéala Éireann in Eanáir 1957; bhí tamall de 1956 caite aige ag cabhrú le Seán Beaumont san obair sin agus Beaumont a mhol go dtabharfaí an post dó. Tús maith ba ea é le bliain chinniúnach: d’iarr Riobard Mac Góráin air an bhliain sin an colún ‘An Chaint sa tSráidbhaile’ a scríobh in Comhar; phós sé 16 Lúnasa 1957 Catherine von Hildebrand ón gColóim, iníon le Déirdre Mulcahy agus Franz von Hildebrand, ar mhac é leis an bhfealsamh Dietrich von Hildebrand (1889-1977). Is scéal casta suimiúil iontach a insíonn Mac Con Iomaire ar an gcúirtéireacht ó Mhárta 1957 ar aghaidh). I 1957 freisin a thosaigh sé ag scríobh an cholúin ‘Tús a’ Phota’ in Sunday Press. As sin amach bhí ag leathnú ar a chleachtadh ar chraoltóireacht raidió; comhghleacaí ba ea é le Laoiseach Ó Deá (Donncha Ó Laoire) sa chlár seachtainiúil Ar Fud na Tíre. I 1958 a thosaigh sé ag scríobh scripteanna d’Amharc Éireann, nuachtscannáin a dhéanadh Gael Linn le taispeáint sna pictiúrlanna, agus lean sé air ag soláthar scripteanna don tsraith iontach scannán a rinne Louis Marcus do Ghael Linn sna 1960idí agus ina ndiaidh. Dúirt fear scannánaíochta clúiteach eile, Seán Ó Mórdha, gurbh é an scriptscríbhneoir par excellence é (Mac Con Iomaire). Bhíodh obair á déanamh aige do Thelefís Éireann go luath i ndiaidh a tosaithe. Anuas ar an méid sin go léir bhí sé ina eagarthóir ar Comhar ó 1960 go dtí gurbh éigean dó éirí as an obair pháirtaimseartha sin tar éis dó ‘Do na Fíréin’ a fhoilsiú in uimhir Mhárta 1962 gan lánchead an choiste eagarthóireachta; ionsaí é a rinne Máirtín Ó Cadhain ar chuid de phearsana móra na Gaeilge.

D’fhág sé a phost in Scéala Éireann i lár 1963 d’fhonn bliain go leith a chaitheamh lena theaghlach san Iar-Ghearmáin mar a raibh muintir Catherine ag cur fúthu anois tar éis dóibh aistriú ón gColóim. Scríobhadh sé alt seachtainiúil san Irish Times i rith na himirce sin, bhí ‘An Chaint sa tSráidbhaile’ in Comhar go fóill aige, agus is lena linn a thosaigh sé ar úrscéal a scríobh. Ann a rugadh an tríú duine clainne, Brian; cheana féin bhí Ruairí (1959) agus Máirín (1960) acu agus ina ndiaidh bhí Aindriú (1965) agus Rónán (1966-75). D’fhill sé ar Éirinn Samhain 1964 agus ó thús 1965 bhí an clár raidió Coicíosán aige agus ghlac sé arís le heagarthóireacht Comhar; d’fhaigheadh sé obair freisin i Seomra Nuachta RTÉ. Bhí Donncha Ó Laoire marbh faoin am seo agus thosaigh sé i 1965 ar an gclár raidió Mol an Óige a dhéanamh i gcomhar lena iníonsan Déirdre. Thosaigh clár nua teilifíse, Féach, i samhradh 1967 agus d’fhaigheadh sé obair ann; clár neamhurchóideach go maith a bhí ann go ndeachaigh Eoghan Harris i gceannas air i 1968 agus gur fhostaigh sé freisin Proinsias Mac Aonghusa agus Éamonn Ó Muirí. Tréimhse chorraitheach ba ea 1968-71 sa deisceart, sa tuaisceart agus sa Ghaeltacht agus bhíodh pobal mór, tuairim 600,000, ag breathnú ar chláir chonspóideacha Féach. Bhí aithne ag an tír ar Bhreandán. Dar le Mac Aonghusa gurbh é an fear tuairisce ceamara ab fhearr é dá bhfaca sé féin riamh; b’fhéidir gur de bharr a fheabhas i gcoitinne mar chraoltóir a tugadh cuireadh dó teacht ar fhoireann an chláir 7 Days, cuireadh nár ghlac sé leis. Chaith sé 1971-72 ag tuairisciú ó Bhéal Feirste. Cuireadh deireadh leis an gclár sna 1970idí deireanacha. Gan amhras bhíodh an colún san Irish Times ag Breandán i rith an ama agus bhíodh sé ag obair freisin do ‘Tuarascáil’, roinn na Gaeilge sa phaipéar sin, agus chaitheadh tamaill timpeall 1973 ina cheannasaí sealadach ar Raidió na Gaeltachta. Ghoill bás a dhearthár óig Éanna 9 Márta 1974 go mór air. Bliain ina dhiaidh sin cailleadh a mhac Rónán in aois ocht mbliana go leith dó.

Tháinig sé faoi anáil scríbhneoireacht Mháirtín Uí Chadhain go luath ina shaol; bhí litir aige in Ar Aghaidh i 1950 ag cosaint Cré na Cille ar ionsaí a rinneadh air sa pháipéar sin. Ghlac Breandán ról lárnach i réamhfhoilsiú, mar phríomhscéal an Irish Times go luath in Eanáir 1965, a raibh i bPáipéar Bán an Rialtais i dtaobh athbheochan na Gaeilge, eachtra arbh é an Cadhnach an príomh-chomhchealgaire inti; níor foilsíodh an Páipéar Bán go hoifigiúil go 16 Eanáir. Thug sé an léacht cháiliúil ‘Thar Ghealchathair Soir’ ag Scoil Gheimhridh Merriman san Aonach i 1971 agus d’fhoilsigh an Cumann sin é mar leabhrán i 1973. Air a thit sé an léacht thionscnaimh sa tsraith ‘Léacht Uí Chadhain’ (‘Máirtín Ó Cadhain: an Pholaitíocht agus an Ghaeilge’) a thabhairt sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i nDeireadh Fómhair 1980 (i gcló in Léachtaí Uí Chadhain, 1989 in eagar ag Eoghan Ó hAnluain). Ba é a scríobh agus a léigh script chlár Sheáin Uí Mhórdha, There goes Cré na Cille (1978). Bhí sleachta as Cré na Cille aistrithe go Béarla aige.

Bhí sé ar aigne aige i gcónaí dúthracht a chaitheamh leis an scríbhneoireacht chruthaitheach. Agus é san Iar-Ghearmáin i 1963 thosaigh sé ar úrscéal a scríobh. In Scríobh 1, 1974 tá i gcló dhá shliocht as úrscéal a raibh an teideal sealadach ‘An Phoblacht Abú’ air. Faoin teideal Lig Sinn i gCathú bhuaigh an t-úrscéal sin príomhdhuais Oireachtais i 1975 agus bronnadh Gradam an Oireachtais ar Bhreandán. Nuair a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill é i Márta na bliana dár gcionn mhol léirmheastóirí mar Eoghan Ó hAnluain, Dáithí Ó hUaithne (David Greene), James Stewart, Tomás Ó Floinn, Pearse Hutchinson . . . go hard é. In An tÚrscéal Gaeilge, 1991 pléann Alan Titley cuid de na léirmheasanna mífhabhracha. B’fhéidir gurbh é an t-úrscéal Gaeilge é ba mhó díolaíocht riamh ag an am; bhí sé chun tosaigh in Éirinn ar aon úrscéal Béarla. Bhronn an Foras Cultúir Gael-Mheiriceánach $5,000 ar Bhreandán an bhliain sin. D’aistrigh sé féin go Béarla é agus d’fhoilsigh Routledge & Kegan Paul é i 1978. Moladh agus cáineadh an leagan sin. Orthu sin a mhol é bhí John Jordan agus bhraith seisean gurbh é an t-easnamh is mó a bhí air ná stíl spleodrach an bhunleabhair. Ag Kevin Casey in Hibernia 5 Deireadh Fómhair 1978 a bhí an léirmheas ba ghortaithí, b’fhéidir; is dóigh le Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge go raibh ‘rud éigin seachas léirmheastóireacht mar chuileog ina thóin ag an gCathasach’. Ach arís bhí díol maith air. Foilsíodh leagan Gearmáinise i 1985. Níor tháinig an dara húrscéal, Sionnach ar mo Dhuán, uaidh go dtí 1988. Chuir léirmheas tarcaisniúil san Irish Times beaguchtach air; thar aon fhoilseachán eile, níor shíl sé go ndéanfadh an páipéar sin beagní dá shaothar. Bhí léirmheasanna moltacha le Tadhg Ó Dúshláine agus Caoilfhionn Nic Pháidín in Comhar, le hAlan Titley in Anois, le hAindrias Ó Gallchóir in Alpha agus le hÉanna Mac Cába in Sunday Press. Bhí léirmheasanna eile le húdair aitheanta nár cheil an col a bhí acu le gnéithe den scéal agus den phríomhcharachtar.

Bhí úrscéalta eile idir lámha aige chomh fada siar le tús na 1970idí. In Scríobh 2, 1975 bhí sliocht (‘Go hIfreann le Superman’) as ‘dréacht saothair Mionnaigh Domsa Amárach a bhaineann le saol na meán cumarsáide agus an dream a shaothraíonn iontu agus a mhaireann ar a mbruacha’. Is cosúil gur le RTÉ a bhainfeadh an t-úrscéal An Teach Gloine, ar foilsíodh sliocht as i bhforlíonadh leis an Irish Times mí Feabhra 1980. Úrscéal a bhain leis an iriseoireacht freisin ach nár éirigh leis é a chríochnú is ea Drink the Maddening Wine; bhí £3,000 faighte aige i 1978 ón gComhairle Ealaíon, fonn air éirí as an iriseoireacht agus luí isteach go hiomlán ar an úrscéal seo a scríobh, agus is chun na críochanna sin a bhaint amach a chuir sé faoi i Londain ar feadh tamaill. Constaic sa tslí air ba ea an t-ól. In Scríobh 3, 1978 tá aige ‘Nótaí a breacadh i dTeach na nGealt’ agus tá cuntas ag Mac Con Iomaire ar chúrsa trí seachtaine a rinne sé san Aonad Alcóil in Ospidéal St John of God i 1981 mar aon le litir Bhreandáin ag míniú a bhuartha a bhí sé faoina chuid ólacháin ach ag míniú ina theannta sin go raibh fonn air taighde a dhéanamh ar a leitheíd de bhall ar mhaithe leis an úrscéal a bhí sé a scríobh. Ní foláir nó ba chonstaic eile an saothar eile go léir a iarrtaí air a dhéanamh agus a chaithfeadh sé a dhéanamh d’fhonn pinginí a shaothrú: Willie the Plain Pint agus an Pápa, 1977, cnuasach dá aistí Béarla agus Gaeilge; Over the Bar, 1984, saothar dírbheathaisnéisiúil ina bhfuil an bhéim ar chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael; Ciarán Fitzgerald agus Foireann Rugbaí na hÉireann, 1985; The Begrudger’s Guide to Irish Politics, 1986; This is Ireland, 1987; An Nollaig Thiar, 1989; A Pocket History of Ireland, 1989. I rith an ama bhí taighde ar bun aige le haghaidh bheathaisnéis Liam Uí Fhlaithearta, le haghaidh leabhar ar dhúnmharaithe nótáilte in Éirinn agus le haghaidh saothair eile. Ó 1979 bhíodh colún spóirt aige in Scéala Éireann; bhí ardmheas ag iriseoirí spóirt na tíre ar a shaineolas agus ar a chumas maidir le hiriseoireacht spóirt.

Bhí sé ar conradh ag RTÉ ó 1968 agus d’fhág an eagraíocht 1 Aibreán 1983 chun a aird iomlán a dhíriú ar an scríbhneoireacht; ní raibh d’ioncam seasta aige ach ón gcolún san Irish Times, ón gceann eile in Scéala Éireann agus ó chlár raidió. Ba mhian le Breandán Ó Buachalla, Ollamh le Teanga agus Nua-Litríocht na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, go mbeadh post léachtóra aige sa Choláiste ach chuir géarchéim airgeadais i 1981-82 deireadh leis an bplean sin. Bhí i gceist aige freisin cur isteach ar bhallraíocht Aos Dána. Níor fhéad sé scaradh go hiomlán leis an gcraoltóireacht teilifíse agus leis an iriseoireacht. I 1984 scríobh sé agus léigh sé an script le haghaidh Flight from the Snipe Grass atá bunaithe ar sheanscannáin a rinneadh i Maigh Eo i rith na 1950idí; an script sin faoi deara gurbh fhiú leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh an scannán a thaispeáint gach bliain dá mhic léinn staire. Bhí sé fostaithe ag an Irish Times i rith fheachtas toghchánaíochta 1986. Chaith sé cuid de 1987-88 ag obair ar scannán Mhuiris Mhic Conghail faoi Árainn, Mórchuid Cloch, Gannchuid Cré; i bhfad roimhe sin, i 1975, bhí an scannán My Own Place déanta aige. I 1987 freisin thaistil sé Gaeltacht na hÉireann le Cathal Goan ag réiteach seacht gclár raidió i dtaobh staid na teanga. Gairid roimh a bhás rinne sé sraith d’agallaimh theilifíse do RTÉ.

I dtús 1986 bhí a bhean Catherine tar éis aistriú go Páras, an áit ar rugadh í, agus ba mhinic ansiúd ar feadh tréimhsí fada é as sin ar aghaidh. D’imigh an bheirt acu go Bogatá sa Cholóim in Iúil 1990 agus níor fhill ar Pháras go dtí 8 Meán Fómhair 1990. Bronnadh Duais Liteartha an Bhuitléaraigh ($5,000) air 28 Meán Fómhair sa Cheoláras Náisiúnta. Tugadh faoi deara nach raibh sé ar fónamh. Ar 12 Deireadh Fómhair sheol sé abhaile chuig Liam Mac Con Iomaire tuarascáil i dtaobh staid na Gaeilge sa Ghaeltacht a bhí coimisiúnaithe ag Bord na Gaeilge. Bhí sé ar ais i mBaile Átha Cliath 16 Deireadh Fómhair agus fuair sé bás 26 Deireadh Fómhair den ailse chéanna ba thrúig bháis dá dheartháir Éanna. Scaipeadh a luaithreach ar an bhfarraige in Árainn agus ar uaigh a mhic Rónáin i nGráinseach an Déin. Foilsíodh An Aran Reader, in eagar aige féin agus a mhac Ruairí, an bhliain dár gcionn.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú