Ba é príomhscéalaí Árann lena linn féin é. ‘An scéalaí is mó clú in Árainn’ a thug Pádraig Mac Piarais air. ‘Tobar béaloidis nárbh fhéidir a thriomú’ an moladh a thug Holger Pedersen dó. Tá cuntas maith air ag Ole Munch-Pedersen in Scéalta Mháirtín Neile: Bailíúchán scéalta ó Árainn. Holger Pedersen a thóg síos sa bhliain 1895, 1994. Tugann sé freisin cuntas ar an aithne a bhí ag an scéalaí ar dhaoine a chaith tamall in Árainn: John M. Synge, Jeremiah Curtin, an Piarsach, F.N. Finck, Pedersen, William Wilde, William Stokes, Arthur Symons…. Mhúin sé Gaeilge do chuid díobh. Gheofar tagairtí dó in Stones of Aran: Labyrinth, 1995 le Tim Robinson agus in An Aran Reader, 1991 in eagar ag Breandán agus Ruairí Ó hEithir. I mBaile na Creige a bhí cónaí air. Faoin am ar casadh Synge air bhí sé caoch nó leathchaoch agus é ar ballchrith. Dúirt sé leis an drámadóir gur titim le faill a d’fhág mar sin é. Fear beag ba ea é. Bhí cúpla acra talaimh aige, ar chlocha is mó a bhí iontu, ar chíos £2 in aghaidh na bliana. Ar bhailiú feamainne agus ar dhó ceilpe a bhí sé ag maireachtáil go príomha. Luaitear freisin go dtugadh sé aire uair don fhoirgneamh a bhí ag feidhmiú mar mhonarcha ceilpe. Bhí Béarla aige, dar le tuairisc Dhaonáireamh 1901, cé gur chreid an Piarsach nach raibh. Ach ní raibh léamh ná scríobh aige. D’fhaigheadh sé íocaíocht ó Phedersen agus ó bhailitheoirí eile ach níor mhór é. Ní raibh fuinneoga sa teach aonseomra a bhí aige ná simléar; ann a choinníodh sé an dá mhuc agus ann a thóg sé féin agus a bhean Sarah an seisear páistí, nó níos mó, a bhí acu. Dar le Pedersen nach nglacfadh madra sa Danmhairg lena leithéid de phrochóg. Ní raibh bó aige, fiú, rud a chomharthaigh fíorbhochtanas, dar lena chomharsana. Bhí cúpla caora agus cearc aige, madra chun breith ar choiníní agus péire asal. Chuir formhór a bpáistí fúthu i Meiriceá.

Níor scoláire béaloidis é Pedersen. Modh aige chun teanga a fhoghlaim ba ea bailiú scéalta. Is léir, áfach, go raibh spéis mhór aige san obair. Léigh sé scéal amach as leabhar do Mháirtín lá agus ba shuim leis gur inis seisean do scata daoine é, an sagart paróiste ina measc. Shiúladh an bheirt acu an t-oileán ag comhrá le ceardaithe chun go mbaileodh Pedersen stór focal na canúna. D’éag an scéalaí ar 15 Feabhra 1904.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú