Ní dóigh go raibh aon iriseoir sinsearach sna nuachtáin laethúla Béarla ar éirigh leis an oiread céanna a dhéanamh chun stádas na Gaeilge a fheabhsú ina pháipéar féin. Tá scéal a bheatha anuas go 1963 inste aige in Three villages: an autobiography, 1977.

Ba é an seachtú leanbh é den dáréag a bhí ag Daniel Foley, múinteoir náisiúnta i bPort an Chalaidh ar theorainn Phort Láirge agus Chill Chainnigh, agus a bhean Catherine Power. Sa pharóiste sin a rugadh an bheirt acu ach is sa Rinn a rugadh Dónall 4 Meán Fómhair 1922. Ba ghnách lena mhuintir sé sheachtain saoire a chaitheamh ansiúd ach, tharla an Cogadh Cathartha a bheith faoi lánseol, b’éigean dóibh tamall beag breise a chaitheamh ann, moill a d’fhág gur sa Rinn a rugadh Dónall. Ar bhád ó Cheann Heilbhic a thaistil máthair agus naí abhaile go Port Láirge. Ar feadh a shaoil d’fhan Dónall dílis don áit. Bhí grá ag an athair don teanga agus tógadh an chlann go dátheangach in ainneoin nach raibh ag an mháthair ach abairtí beaga blasta a bhí foghlamtha aici sa Rinn agus b’fhéidir óna máthair féin ar chainteoir Gaeilge ó Co. Luimnigh í.

Bhí athair Dhónaill tráth ina uachtarán ar Chomhairle Oibrithe Phort Láirge. Bhí sé freisin ina iarrthóir thar ceann Pháirtí an Lucht Oibre in olltoghcháin 1932 agus 1937. D’éag sé 20 Iúil 1937. Ní raibh aon chuid dá phinsean le fáil ag a bhaintreach agus bhí saol crua aici féin agus a muirín mhór. B’éigean dóibh aistriú as teach an mhúinteora go dtí teach a bhí róbheag.

Fuair Dónall meánoideachas ó Bhráithre de la Salle i gColáiste Phádraig, Port Láirge. Ní raibh poist le fáil aige ina dhiaidh ach an post fánach: ag bailiú airgid do na daill, obair shealadach mar fhear poist, obair oíche i muileann ag iompar málaí troma, agus ar deireadh thiar obair sclábhaíochta ar an iarnród. Bhíodh tréimhsí fada díomhaointis idir na poist. Faoi Mheán Fómhair 1944 bhí sé ar deoraíocht; tá cuntas dar teideal ‘Oíche na himirce’ aige in Scríobh 3, 1978. I Londain bhí sé ag obair do chomhlacht iarnróid ar dtús agus ansin ina chléireach ag ceannaí torthaí i margadh Covent Garden. Thaithíodh sé ranganna agus imeachtaí eile Chonradh na Gaeilge.

Bhí dúil aige riamh san iriseoireacht agus fuair obair le déanamh i dtosach ón Nuachtáisíneacht Éireannach. Thosaigh sé ag cur scéalta agus alt chuig Scéala Éireann agus fuair obair sheasta uathu i Londain go dtí gur cheap siad ina scríbhneoir foirne é in 1953. I measc na nÉireannach a raibh sé mór leo bhí Breandán Ó Beacháin agus is cuntas ar a gcaidreamh ar a chéile ‘Breandán Ó Beacháin: pearsa béaloidis’ in Scríobh 2, 1975.

I 1955 d’aistrigh sé go dtí an Irish Times mar chomhfhreagraí acu i Londain. I Meán Fómhair 1963, tar éis dó beagnach scór bliain a chaitheamh i Londain, ceapadh é ina eagarthóir nuachta sa pháipéar sin agus chuaigh chun cónaithe i mBaile Átha Cliath. Ba thráthúil an filleadh ar Éirinn é mar bhí athruithe móra ag teacht ar an tír. Ceapadh é ina Leas-Eagarthóir in 1977. Bhí baint mhór aige faoin eagarthóir Douglas Gageby le forbairt an pháipéir ar go leor bealaí. Theastaigh uaidh go mbeadh an oiread guthanna agus ab fhéidir le cloisteáil. Earcaíodh iriseoirí a raibh tuairirni láidre acu le nochtadh. Tugadh deis do iriseoirí ban a n-éireodh lena bhformhór cáil a bhaint amach. Dúirt Douglas Gageby: ‘He recognized talent with the sureness of instinct and was the first news editor to hire on a generous scale women reporters—not women to write about women's affairs but women who covered events day in day out as did their male colleagues' (Irish Times 8 Iúil 1981).

Cuireadh tús le 'Tuarascáil', leathleathanach de nuacht Gaeilge agus Gaeltachta uair sa tseachtain, a raibh Dónall féin ina eagarthóir air. Tugadh obair sheasta d'iriseoirí mar Dhónall Mac Amhlaigh agus Breandán Ó hEithir. Fágadh colún deireadh seachtaine faoi Sheán Ó Ríordáin. 'He saw clearly before anybody else that there was a future for the Irish language through journalism and he acted on that basis. There will be no replacement for him in Irish journalism', a dúirt Breandán Ó hEithir in Scéala Éireann 8 Iúil 1981. Agus dúirt Douglas Gageby: 'He bestowed much effort and love on promoting the Irish language and all movements which encouraged the cherishing of the Gaelic aspects of our civilisation'.

Bhí baint aige le Cumann Merriman ó bunaíodh é in 1967 agus bhí ina phreasoifigeach oinigh acu. Meastar gur ceann de na fáthanna ar éirigh chomh maith sin leis an gCumann ó thús an phoiblíocht a thugadh sé dá scoileanna samhraidh agus geimhridh san Irish Times. Scríobh sé tuairisc ar an gcéad scoil shamhraidh in Comhar, Deireadh Fómhair 1968. Fág an Irish Times agus an Rinn as an áireamh, is tríd an gcumann is mó a léirigh sé a bhá leis an nGaeilge. Paisiún eile a thug sé leis óna athair ba ea an iománaíocht agus i mblianta tosaigh an chumainn d'áitigh sé ar a pháipéar boinn a thairiscint do chlubanna an Chláir i gcomórtas iomána. Chuir Seán Mac Réamoinn síos air: '... an unrepentant socialist and a deeply patriotic Irishman and to him Aneurin Bevan and the Munster Final were all part of the same picture' (Scéala Éireann 8 Iúil 1981). Dúirt Jack Lynch: 'I often discussed a hurling game with him in Croke Park or Thurles when the referee's final whistle was still in our ears. Always, on reflection, I felt that his assessment was better and more erudite than mine' (Irish Times 11 Iúil 1981).

Bhain sé cáil amach mar scríbhneoir aorach lena shraith Man Bites Dog san Irish Times. Foilsíodh a rogha féin den cholún sin in deich n-imleabhar, ceann gach bliain go 1981. 'A robust but benign political satirist,' a thug Garret Fitzgerald air.

Phós sé Patricia Dowling, bean de bhunadh Chill Chainnigh, i Londain 27 Iúil 1946. Bhí beirt iníonacha agus triúr mac acu. D'éag sé 7 Iúil 1981. Is beag iriseoir a tugadh an oiread céanna onóra dó sna páipéir i ndiaidh a bháis. Ina meascsan a chuir cloch ina charn bhí Maeve Binchy, Mary Maher, Bruce Williamson, James Downey .... Dúirt Williamson ina thaobh: 'A marvellous instinctive journalist who used great intuition on a story and could pluck ideas out of the air. We couldn't have had a more lovable colleague'. Agus dúirt Gageby: 'Donal Foley was a peerless journalist: he was life and joy and high spirits. Above all, he was to us his colleagues the most lovable man we will ever meet'.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú