ainm.ie focal.ie logainm.ie dúchas.ie scéalta nua/news · FIONTAR
printéir priontáil scáileán ar ais chuig leagan don scáileán printéir leagan furasta le priontáil MAC AONGHUSA, Proinsias (19332003)

Beathaisnéisí, iriseoir, údar leabhar staire, craoltóir, colúnaí Béarla agus Gaeilge, tamall ina pholaiteoir, tamall ina aisteoir, tamall ina dhuine de cheannasaithe ghluaiseacht na hathbheochana, tamall ar fhoireann na Náisiún Aontaithe. In Foinse 5 Deireadh Fómhair 2003 is thar ceann Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge a scríobh Íte Ní Chionnaith, duine d’iaruachtaráin na heagraíochta sin, cuntas air (an cuntas céanna atá in An tUltach, Deireadh Fómhair 2003). Is le Proinsias a bhaineann eagarfhocal an pháipéir chéanna, chomh maith le scata de phíosaí ómóis le daoine aitheanta – iriseoirí, craoltóirí, acadamhaithe. Ceithre leathanach den pháipéar a líonadh, rud fíorannamh. Is é an ceannteideal ar obit an Irish Times 4 Deireadh Fómhair 2003 ‘Controversialist deeply committed to Gaelic Ireland’, cuntas atá ceisteach. Tá eolas ar a shaol anuas go 1972 ar fáil in ‘Proinsias Mac Aonghusa ag Comhrá le Risteárd Ó Glaisne’ in Inniu 21 Aibreán 1972. Shíl cuid dá lucht aitheantais gur bhain contrárthacht uaireanta lena dhearcadh i leith na hathbheochana agus na polaitíochta, agus is cur síos ar an taobh sin dá phearsantacht a rinne Kevin Dawson in The Sunday Tribune 20 Bealtaine 1990 (‘Gulliver of the Gaels’) go gairid i ndiaidh do Phroinsias a bheith tofa mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge.

I dTeach Altranais ‘Seamount’, Gaillimh, a rugadh é ar 23 Meitheamh 1933 (sa teach céanna a rugadh Breandán Ó hEithir breis is trí bliana roimhe sin). Sa Ghort Mór, Ros Muc, Co. na Gaillimhe, a bhí cónaí ar a thuismitheoirí, Criostóir Mac Aonghusa agus Mairéad de Lappe [B8: 66-7]. In Gaillimh agus aistí eile, 1983 (‘Gaeltacht an Phiarsaigh’) deir sé: ‘Ar an taobh eile de Loch Eileabhrach ó Theach an Phiarsaigh ar an nGort Mór a chaitheas an chéad trí bliana déag de mo shaol...’. Múinteoir náisiúnta ba ea a athair agus tamall caite aige in ord de La Salle; bhain tábhacht leis i gConamara agus bhí a ainm in airde in Éirinn mar scríbhneoir Gaeilge. Is aige, gan amhras, a bhí Proinsias ar scoil. Máirtín Ó Cadhain a bhí ina athair baiste aige. Beirt deirfiúracha agus deartháir amháin a bhí aige. Dúirt sé leis an nGlaisneach gurbh ar éigean a bhí aon Bhéarla aige go dtí go raibh sé timpeall 13 bliana d’aois.

Nuair a scar Criostóir agus Mairéad ó chéile sna luath-dhaichidí is lena athair a d’fhan Proinsias; an fáth a bhí leis sin, tuairimítear, gurbh i gcoláiste cónaithe - Summerhill, Sligeach, b’fhéidir - a bhí sé ag an am agus nár theastaigh ó Mhairéad cur isteach rómhór ar a shaol scoile ag an bpointe sin. Deir Dawson nach raibh sé scartha amach ón máthair ach ar feadh bliain go leith. D’fhreastail sé ar Choláiste Iognáid, Gaillimh. I nGaeilge a mhúintí gach ábhar ann ach amháin an teagasc críostaí. Dúirt sé leis an nGlaisneach gur thug Tomás Mac Anna, fear amharclainne, cuairt ar a athair i samhradh 1951 agus gurbh eisean a chuir in aithne é do Earnán de Blaghd a d’fhostaigh é in Amharclann na Mainistreach mar ábhar aisteora agus ‘ina rúnaí, ina thimire, ina theachtaire’ ag Mac Anna. Punt sa tseachtain a bhí aige ón Amharclann agus deich scilling ó Mhac Anna. Bhí Mac Anna ag léiriú drámaí do pháistí i Radio Éireann agus ghlacadh Proinsias rólanna iontu. Tá cuntas aige ar an tréimhse sin in Ón gCrannóg... 1991 (‘Raidió Éireann Fadó’). D’iarrtaí air an corr-ghearrscéal a léamh freisin. Chuir an taithí craoltóireachta sin lena ioncam. Seachthoradh ar an tréimhse an aithne a chuir sé ar Chonchubhar Ó Coileáin , a d’iarradh air nuachtchainteanna a chraoladh, agus ar Francis McManus agus ar Chathal Ó Gríofa, beirt a thug misneach dó. Is dóigh nach ndearna sé aon dochar don fhear óg cáil a bheith ar a athair; chuidigh sin leis, agus gan amhras an dul chun cinn a bhí ann féin, chun aithne a chur ar dhaoine ar bhain tábhacht leo: scríbhneoirí, iriseoirí, polaiteoirí, ollúna. I measc a dhlúthchairde agus é sna fichidí go fóill bhí Tomás de Bhaldraithe , David Greene agus Art Ó Beoláin . Ó thús na 1960idí chaitheadh siad an Domhnach ag siúl na gcnoc i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Le tamall roimhe sin bhí an ceathrar i measc an ghasra a chruinníodh i dteach tábhairne Leo Uí Néill i Rae Muirfean, Baile Átha Cliath; tá cuntas ar an teach sin ag Proinsias in Dáithí Ó hUaithne: Cuimhní Cairde (‘Gáire mór na féasóige’).

Go luath ina shaol thosaigh sé ag foghlaim na sofaisticiúlachta. Gan amhras fuair sé cuid den tréith sin sa Mhainistir. Is mar seo a chuireann Póilín Ní Chiaráin síos air in Foinse 5 Deireadh Fómhair 2003: ‘Bhí féinmheas de dhlúth agus d’inneach ann; ní sotal ná ardnós, ach thuig sé a chumas agus a bhuanna féin. Duine neamhghnách ba ea é, fear a raibh suim aige in éadaí – bhí smoking jacket síoda aige, gourmet a bhí ina bhall de chlub oisrí, duine ildánach, an-chuid léite aige agus saineolas aige ar an gcoigríoch...’. Agus is dóigh gur bhua nádúrtha aige an chuirtéis agus an cumas sin chun comhrá a dhéanamh le huasal agus le híseal. Baill de Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide an comhluadar a thaithíodh sé i dtús na 1950idí; phós sé rúnaí an Chumainn in aois 21 dó i 1954, Catherine Ellis, iníon leis an gCanónach R.C. Ellis, reachtaire pharóiste Dhún Muirígh, Co. Aontroma. Ag am a bháis i 2003 bhí Catherine ina breitheamh sa Chúirt Uachtarach. Bhí iníon agus beirt mhac acu.

I 1953 tháinig deireadh lena thréimhse sa Mhainistir. ‘Aisteoir den chúigiú grád’ a bhí ann, dar leis féin (Inniu). Bunaíodh Gael Linn an bhliain sin agus d’fhostaigh siad Proinsias. In Iúil 1954 chuir Riobard Mac Góráin ó thuaidh é chun cuntas a scríobh ar imeachtaí an 12 Iúil (i gcló in Comhar, Lúnasa 1954 faoin teideal ‘Tóstal na nOráisteach’). Chuir sé aithne an lá sin ar Billy Douglas, rúnaí Pháirtí na nAontachtóirí, agus iad ag ól i gClub na nEalaíon i mBéal Feirste, agus chuir seisean in aithne é do cheannairí na nAontachtóirí; scríobh sé sraith alt Gaeilge fúthu san Irish Times i 1956. Liam Mac Gabhann, iriseoir cáiliúil in Scéala Éireann, a chuir in aithne é do Alec Newman agus Jack White san Irish Times agus d’fhaigheadh sé obair uathu ag scríobh ‘Irishman’s Diary’ (mar ‘Pro-Quidnunc’) agus míreanna don ‘Portrait Gallery’. Tuairim an ama sin freisin bhíodh ábhar i gcló aige go rialta in eagráin na hÉireann den People agus den Sunday Dispatch. Ar feadh deich mbliana bhí sé ag soláthar don New Statesman (Gaillimh agus aistí eile).

Tuairim 1957 bhunaigh sé féin agus an Chuntaois Patrizie Giri de Teramala, Iodáileach tarraingteach a raibh Gaeilge foghlamtha aici i gCorca Dhuibhne, An Comhlacht Taifeadta (ACT) chun cláir agus fógraí raidió a dhéanamh agus a dhíol. Ba iad an chéad chonraitheoir clár in Éirinn iad. Chuir siad an clár seachtainiúil Aeriris ar fáil do Radio Éireann ar feadh tamaill mhaith ó 1959 ar aghaidh. D’éiríodh leo cainteoirí breátha a mhealladh chun míreanna a thaifeadadh; cuimhnítear go háirithe ar Frank O’Connor agus Liam Ó Briain. An chéad chonspóid mhór a raibh sé páirteach inti agus a chuir a ainm i mbéal an phobail clár a rinne ACT i nDeireadh Fómhair 1960 i dtaobh a laghad a bheadh Éire in ann déileáil le hionsaí adamhach. Dhiúltaigh an tAire Cosanta, Caoimhín Ó Beoláin, cead a thabhairt an clár a chraoladh. Lean díospóireachtaí sa Dáil sin agus thug Proinsias dúshlán an Aire rudaí a bhí ráite aige a rá arís taobh amuigh den Dáil. Scéal mór sna páipéir ba ea é ar feadh cúpla lá agus níor chun aimhleasa Phroinsiais a chuaigh an phoiblíocht go léir.

Ón am a thosaigh Teilifís Éireann ag craoladh i 1962 bhí pobal mór na hÉireann ag cur aithne air. Ní raibh le feiceáil ag a bhformhór ar feadh deich mbliana ach an t-aon stáisiún amháin agus ba mhinic breis is leathmhilliún ag féachaint ar chláir Ghaeilge. Cuimhnítear ar na hagallaimh a chuir sé ar mhórúdáir agus pearsana cáiliúla na Gaeilge sa tsraith An Fear agus a Scéal, an chéad chlár teilifíse Gaeilge dá raibh riamh ann, ar an gclár Guth na Tíre ina gcuireadh sé féin agus Breandán Ó hEithir síos ar a raibh sna nuachtáin, agus go háirithe ar na tréimhsí fada idir 1969 agus 1985 a chaith sé mar iriseoir nó mar eagarthóir ar Féach, clár cúrsaí reatha atá ar an gclár teilifíse Gaeilge is fearr riamh ar éirigh leis. Bhí clár seachtainiúil aige ar Ulster Television ar feadh dhá bhliain (Ní Chionnaith). Bronnadh Duais Jacob air i 1962. Roghnaíodh é féin agus Breandán Ó hEithir mar ‘Galwaymen of the Year’ an bhliain dár gcionn (Liam Mac Con Iomaire, Iomramh Aonair, 2000).

Maidir le hábhar polaitiúil, bhí colún Béarla aige ar feadh tamaill fhada in Sunday Press faoin ainm cleite ‘Gulliver’. Deirtear go scríobhadh iriseoirí eile an colún ó am go chéile ach is é ainm Phroinsiais is mó a luaitear. Thugtaí faoi deara ansin an tacaíocht láidir a thug sé riamh do Chathal Ó hEochaidh. Bhí an méid seo in Irish Times 4 Deireadh Fómhair 2003: ‘As “Gulliver” in the Sunday Press, he regularly wrote in praise of Haughey while pouring scorn on other politicians. When in 1991 Haughey announced plans for the establishment of an Irish-language television station Mac Aonghusa was overjoyed, declaring that the then Taoiseach would be “remembered among the families of the Gael as long as the Gaelic nation shall survive”. That Haughey was an otherwise inactive Aire na Gaeltachta went without comment.’ B’fhéidir go n-éiríodh leis an cairdeas le Haughey a chur chun tairbhe na teanga. Dúirt sé le le húdair an chuntais seo, nuair a bhí i gceist ag an Rialtas, de dheasca an tóin a bheith ag titim as an eacnamaíocht, deireadh a chur le Scoil an Léinn Cheiltigh, go raibh sé ina meascsan a chomhairligh go láidir do Haughey nár chun leasa Fhianna Fáil a rachadh a leithéid de bheart.

Deiseanna eile aige a thuairimí a nochtadh ba ea Anois, Foinse, Feasta, Hibernia, New Statesman.... Gheofar tuairim den údarás agus den chinnteacht a chleachtadh sé mar stíl Ghaeilge sna haistí in Ón gCrannóg agus Súil Tharam. Ba mhian leis gur mar shóisialach agus mar phoblachtach a d’fhéachaí air, gurbh í ‘Poblacht Uí Chonghaile’ ba mhian leis a bhaint amach. Ag pointe éigin bhunaigh sé féin agus David Thornley (1935-78) an 1913 Club. Ó dheireadh na 1950idí anuas go 1966 bhí sé ina bhall gníomhach de Pháirtí an Lucht Oibre agus bhí ina Leaschathaoirleach ar an bPáirtí faoi lár na 1960idí, ina Chathaoirleach uair ar Chomhairle Réigiúnach Bhaile Átha Cliath agus ina bhall den Ardchomhairle. Deir Kevin Dawson gur faoi thionchar Donal Nevin a chuaigh sé isteach sa pháirtí an chéad lá. Bhí a bhean ina hOifigeach Parlaiminte acu. É féin, Máire de Paor agus Liam Hamilton, a bheadh ina bhreitheamh san Ard-Chúirt ar ball, a mheall an Dr John O’Connell isteach sa pháirtí. Sheas Proinsias in olltoghchán 1965 i agus tugadh 3, 461 vóta dó ach níor toghadh é. ‘Although he was close to the Labour leader, Brendan Corish, he antagonised other senior party members. His constant criticism of some TDs cost him dear when he was expelled from the party in 1967’ (Irish Times). Bhí sé dian go háirithe ar James Tully TD. Shíl sé féin gur ‘díbirt neamhdhaonlathach’ a bhí ann (‘Páirtí na Scoilteanna’, Súil Tharam, 2001). Is mar iarrthóir neamhspleách a sheas sé i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin i 1969. Ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre den chéad uair sa toghlach sin bhí Barry Desmond agus d’éirigh leis, cé nach bhfuair sé ach 2,870 vóta. Chaill Mac Aonghusa a éarlais agus b’in deireadh lena chúrsa sa pholaitíocht. In Scríobh 3, 1978 is go tarcaisneach a chuir sé síos ar an bPáirtí mar ba chuimhin leis é: ‘Páirtí nach bhfuil ar son rud ar bith a bhaineann go bunúsach agus go háirithe le muintir na hÉireann agus nach bhfuil anois rian dá laghad de leagan amach Shéamuis Uí Chonghaile fágtha ann. Is cineál scáil é de phairtí Lucht Oibre Shasana...’.

In Dáithí Ó hUaithne: Cuimhne Cairde tá cuntas aige ar ar tharla an lá cinniúnach 5 Deireadh Fómhair 1968 i nDoire dó féin agus dá chomrádaithe, Liam de Paor agus Dáithí Ó hUaithne. Gerry Fitt a thug cuireadh ann dóibh.

B’fhéidir gurbh é an gníomh polaitiúil ba mhó a rinne sé an troid a d’fhear sé ar Fhianna Fáil nuair a rinne siad iarracht ar dheireadh a chur le PR (ionadaíocht chionmhar) i 1959. Scríobh sé sraith alt san Irish Times agus foilsíodh mar leabhrán í, Proportional Representation in Ireland, 1959. ‘Deirtí san am, agus ba mhaith liom a cheapadh gur fíor sin, go raibh tionchar mór ag mo chuidse oibre ar thoradh an Reifrinn úd’ (alt a scríobh sé 28 Lúnasa 1988, i gcló in Súil Tharam). I 1968 rinne Fianna Fáil iarracht eile ar dheireadh a chur leis an gcóras agus bhí Proinsias an uair seo ina chathaoirleach ar ‘Citizens for PR’.

Thug Seán Mac Giolla Bhríde, a bhí an uair sin ina Leas-Ardrúnaí sna Náisiúin Aontaithe, chun lóin é 11 Márta 1974 agus d’iarr air glacadh le post ionadaí agus comhairleora de chuid na heagraíochta sin. Córas craolacháin a chur ar fáil do SWAPO, eagraíocht saoirse na Namaibe, an dualgas is mó a bheadh air. In Lusaka sa tSambia a bhí cónaí air. Le linn na tréimhse céanna, bhí sé ina bhall de mhisin speisialta taidhleoireachta san Éigipt, san Ailgéir, in Zaire agus sa Tansáin. Tá léargas le fáil ar an tréimhse sin dá shaol ó Mheitheamh 1974 go Deireadh Fómhair 1975 in Gaillimh agus aistí eile (‘Giotaí as cín lae Afracach’). Deir Íte Ní Chionnaith: ‘Is liosta le háireamh an oiread ceisteanna a bhain le cearta sibhialta agus le cearta daonna a raibh Proinsias ag plé leo in Éirinn agus ar fud an domhain.’ Agus in Foinse 5 Deireadh Fómhair 2003 scríobh Risteárd Ó Glaisne: ‘Bhí sé ar an gcoiste feidhmiúcháin a bhain leis an gComhdháil Síochána i bPrág na Seicslóvaice thar ceann na hÉireann. Thaispeáin sé sin chomh hard agus a d’fhéadfadh sé dul i gcúrsaí riaracháin idirnáisiúnta.’

Nuair a d’fhág Muiris Mac Conghail ceannaireacht Raidió na Gaeltachta um Meitheamh 1976 cuireadh comórtas poiblí ar bun chun an folúntas a líonadh. Ba é Proinsias rogha an bhoird agallaimh. Ach ní bhfuair sé an post. Bhí Oliver Maloney, Príomhstiúrthóir RTÉ, le bheith ina bhall den bhord agallaimh ach d’éirigh sé tinn, agus ag an gcéad chruinniú eile den Údarás ceaptar gurbh é a chuir in aghaidh an cheapacháin.

Gan amhras bhí naimhde sách líonmhar aige. Suáilce aige a bheith dílis dá chairde; ba iad naimhde a chairde a naimhde féin agus dá dtagadh an crú ar an tairne b’fhéidir gur mhó an tábhacht a chuirfeadh sé le leas a chairde ná le haon rud eile. Ach cibé imní a bhí ar an lucht ceannais i 1976 ba é Proinsias a ceapadh ina eagarthóir ar Féach nuair a cuireadh an clár sin ar ais sa sceideal i 1980. Buaileadh tinn é i 1985 agus é ar saoire in Oileán na Créite sa Ghréig agus bhí sé in ospidéal san Aithin. Tugadh abhaile é agus dóbair dó bás a fháil. Is i rith an ama sin a cuireadh deireadh arís le Féach. Bhí sé ina bhall de scéim árachais sláinte agus bhí in ann éirí as a phost agus gan aige ach 52 bliain d’aois. Bhí fadhbanna sláinte ag cur air as sin amach ach thug sé go misniúil faoin saol úrnua a bhí amach roimhe, mar údar leabhar, mar chomhalta fadtréimhseach den Chomhairle Ealaíon, mar Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge tamall agus ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Bhí sé ina bhall coiste ag Cumann Merriman agus gníomhach i móran eile eagraíochtaí. Agus níor mhiste leis a bheith sáite in achrainn. Agus é i gceannas ar Bhord na Gaeilge mhol sé do náisiúnaithe Bhéal Feirste vótáil do Gerry Adams agus bhíothas ag iarraidh dá dheasca go mbrisfí as a phost cathaoirleachta sa Bhord é.

Bhí sé ina bhall de Chraobh na Gaillimhe den Chonradh agus é an-óg. Cuireadh Craobh an Athar Micheál Ó hIceadha ar bun i 1962. Scríbhneoirí, iriseoirí agus daoine a raibh cáil an léinn orthu nó stádas bainte amach acu sa saol, agus a bhí cairdiúil le Proinsias féin, na baill go léir nach mór – Liam Ó Briain, Eibhlín Ní Bhriain , Donal Foley , Máirtín Ó Cadhain, Dáithí Ó hUaithne, Annraoi Ó Liatháin , Tomás Diolún, Criostóir Mac Aonghusa, Tomás de Bhaldraithe, Máire de Paor, Breandán Ó hEithir, Liam de Paor, Art Ó Beoláin ..., gan ach na mairbh inBeathaisnéis a liostú! Frank O’Connor a bhí mar éarlamh acu agus Proinsias mar rúnaí. Ó 1989 go 1994 a bhí sé ina Uachtarán ar an gConradh agus is air a thit sé comóradh a dhéanamh ar 100 bliain an Chonartha i 1993. An dualgas ba throime a thit air stair an Chonartha a scríobh, Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, stair sheanchais, 1993. Deir sé sa bhrollach: ‘Scríobhadh an leabhar seo in áiteanna éagsúla amhail Baile Átha Cliath, Doire Iorais, Páras, Lyons, Sydney agus Londain.’

Thosaigh sé ar an scríbhneoireacht i gColáiste Iognáid nuair a d’iarr an tAthair Eric Mac Fhinn air aiste faoi dhíospóireachtaí scoile a sholáthar in Ar Aghaidh. Bhí dán dar teideal ‘Fáinleoga’ i gcló aige in Feasta i 1950, ach roimh 1989 ní mórán eile a bhí aige sa mhíosachán sin. Idir 1954 agus 1991 bhí timpeall 30 píosa i gcló aige in Comhar, idir ailt agus léirmheasanna. Is iad teidil a chuid leabhar, seachas iad sin atá luaite thuas againn: The Best of Connolly, 1967 (i gcomhpháirt le Liam Ó Réagáin ); The Best of Pearse, 1972, (i gcomhpháirt le Liam Ó Réagáin); The Best of Tone, 1976 (i gcomhpháirt le Liam Ó Réagáin); Éamon de Valera – Na blianta réabhlóideacha, 1982; Éamonn de Valera – Quotations, 1983; Ón gCrannóg, 1991 (cnuasach aistí); Ros Muc agus Cogadh na Saoirse, 1992 (leabhrán); What Connolly said, 1995; Súil Tharam, 2001. Chuir sé eagar ar: Aeriris, 1976; Daithí Ó hUaithne: Cuimhní Cairde, 1994 (De Bhaldraithe a chomheagarthóir); Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde, 1997 (Proinsias a thug an óráid cois na huaighe ag sochraid Thomáis); Oireachtas na Gaeilge 1898- 1997, 1997. D’éag sé 28 Meán Fómhair 2003. In Eaglais na hÉireann, Baile na Manach, Dún Laoghaire, a rinneadh é a thórramh agus bhí créamadh an lá dár gcionn i gCnocán Iaróm.

© Bunsonraí na mbeathaisnéisí: Cló Iar-Chonnacht (2014) · © An cóiriú leictreonach seo: Fiontar (2014) · Teagmháil: ainm@dcu.ie · facebook · twitter
Foirm aiseolais | Cartlann scéalta nuachta