Bhí sé ar dhuine de na múinteoirí Gaeilge ba cháiliúla dá raibh ann - go háirithe ó 1968 amach. Gheofar cuntais ghairide air in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945–1995, (1995) le Seán Ó Cearnaigh agus in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge (1998) curtha in eagar ag Gearóidín Uí Nia. Tá cuntas iarbháis in Irish Times 2 Meitheamh 2012. Tá an aiste ‘Diarmuid Ó Donnchadha’ i gcló ag Pádraig Ó Baoighill in Feasta, Iúil 2012. I gceantar na Rátha a rugadh é ar 28 Aibreán 1930. Jeremiah a baisteadh air agus ba iad Daniel O’Donoghue, siúinéir, agus Eileen O’Keeffe a thuismitheoirí. Thuig cara le Diarmuid, Dónall Ó Riagáin, gurbh as Gaeltacht Mhúscraí dá athair agus gur thóg sé an chlann le Gaeilge lámh leis an Ráth. Ochtar eile páistí a bhí acu. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa Ráth agus bhí ina bhall de Chonradh na Gaeilge ann. Fuair a mháthair bás nuair a bhí Diarmuid 19 bliana d’aois. Deir a mhac Rónán le húdair Beathaisnéis nach rómhaith a bhí Diarmuid ag réiteach lena athair agus gur fhág sé baile tuairim an ama sin.

Fuair sé post cléirigh in Oifig an Phoist agus sin a thug go Mala é. Bhain sé cáilíocht mar mhúinteoir Gaeilge amach agus ceapadh é ina mhúinteoir i Scoil Ghairmoideachais Luimnigh. Is ann a thabhaigh sé clú ar dtús agus b’in i ngeall ar a fheabhas a mhúineadh sé an teanga. Mar bhall den IRA imtheorannaíodh tamall é i rith fheachtas teorann idir 1957 agus 1962. Ba é a thug an óráid nuair a bhí a chara Seán Sabhat á adhlacadh ar 5 Eanáir 1957. Deir Dónall Ó Riagáin:

Go lá a bháis bhí ard-mheas ag Diarmuid ar Sheán Sabhat agus déarfainn gur do Shinn Féin a chaitheadh sé vóta, bíodh is gur éirigh sé níos measartha le himeacht na mblianta. Bhí creideamh simplí láidir den seandéanamh aige. Duine flaithiúil, cneasta ba ea é.

Bhí sé cairdiúil le Sabhat ar feadh tamall maith. Ag Ardfheis Chonradh na Gaeilge i 1951 mhol siad an rún seo: ‘Gur fuath linn, Craobh Luimnigh, aon fhoilseachán faoi chúrsaí Gaelachais a bheith foilsithe as teanga na nGall faoi anáil Chonradh na Gaeilge’ (Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893–1993 (1993) le Proinsias Mac Aonghusa). Bhí formhór na dteachtaí in aghaidh an rúin.

Ó 1963 amach bhí aistí dá chuid i gcló in Feasta agus i 1964 d’fhoilsigh an Clóchomhar a chéad leabhar, Múineadh na Gaeilge. Ó 1968 go dtí 1988 is ar iasacht ón scoil sin i Luimneach a bhí sé ag Gael Linn, é mar stiúrthóir acu ar Fhoras na Gaeilge. Bhí glactha ag Gael Linn leis an dianchúrsa sin a chleachtadh sé. I gcuntas san an Irish Times deirtear:

In the summer of 1968 he first taught his dianchúrsa Gaeilge to a group of six US women graduates, and a school inspector who heard them conversing on tape positively indentified Maya Tsuzi, a 19-year old Japanese-American from San Francisco, as a native speaker from Conamara.

Aon mhúinteoir Gaeilge a bhí ag lorg fostaíochta san Fhoras b’éigean dó freastal ar chúrsa ceithre lá a bhí á stiúradh ag Diarmuid féin. D’fhéachadh sé chuige nach bhfostófaí ach múinteoirí den scoth – leithéidí Michael Davitt, Phádraig Uí Aoláin, Mháire Ní Fhinneadha, Liam Uí Chuinneagáin....I gcuntas úd an Irish Times deirtear faoi dhianchúrsa an Fhorais: ‘Leagadh béim ar an teanga labhartha agus ar fhuaimeanna na Gaeilge a bheith i gceart ag na foghlaimeoirí, agus cuireadh téipeanna agus treoracha ar fáil do na múinteoirí.’ Bhí Diarmuid ina stiúrthóir acadúil sna coláistí samhraidh a bhí curtha ar bun ag Gael Linn agus faoi 1975 bhí trí cinn déag dá leithéid anseo is ansiúd. Deir an Dr Pádraig Ó Baoighill in Feasta, Iúil 2012:

I dtaca le cúrsaí do dhaoine fásta, chabhraigh Diarmuid fosta le Bord na Gaeilge i mórán áiteacha ar fud na tíre. Is cuimhneach liom é inse domh oíche amháin go raibh cúrsa an-mhaith aige do na gardaí a bhí ar oiliúint i dTeampall Mór....

I 1975 freisin, i gcomhpháirt le Gael Linn, chuir Linguaphone cúrsa Dhiarmuda ar fáil.

Dhealródh gurbh í aidhm Dhiarmuda, agus é i nGael Linn, Éire a bheith dátheangach agus gurbh fhairsinge go mór a bheadh Gaeilge á labhairt. Theastaigh go háirithe uaidh go mbeadh sí ag lucht ceannais agus ag seirbhísigh phoiblí. B’eol dó feidhmeannaigh phoiblí anseo is ansiúd nach raibh labhairt na teanga acu - ná fiú an tuiscint is lú féin ar an nGaeilge ba shimplí ag cuid acu. B’eol dó ospidéil a gcaitheadh páistí ón nGaeltacht tréimhsí iontu agus nárbh fhéidir iontu teanga na bpáistí sin a thuiscint.

Bhí sé ina stiúrthóir acadúil ar choláistí samhraidh Gael Linn sna 1970idí. Faoi 1975 bhí fiche cúrsa Gaeilge don óige á reáchtáil i mbailte ag síneadh ó Chorcaigh go Muineachán. Bhíodh Dónall Ó Móráin (1923–2001), ceannasaí Gael Linn, ag moladh gníomhartha Dhiarmuda, ach, cibé olc a chuir sé ar an Móránach, má chuir, cuireadh deireadh le post Dhiarmuda i nGael Linn i 1988. Gan amhras bheadh cead aige filleadh ar a phost buan i Luimneach. In 1990 d’aistrigh an chlann ó Bhaile na Manach, Dún Laoghaire, go Dún Chaoin. In Dictionary of Irish Biography (2009) scríobhann Maureen Murphy agus Anraí ó Braonáin faoin Móránach: ‘An authoritarian manager, he opened any letter that came into Gael Linn, regardless of addressee. The Gael Linn paper Anois (1984–1996), which he helped to launch, failed to a significant extent due to his autocratic editorial interference.’ Admhaíonn na húdair sin gurbh éachtach an saothar a rinne Ó Móráin ar son na teanga. Ach ní bhíonn saoi gan locht. Nuair a d’éag sé scríobh Proinsias Mac Aonghusa in Foinse 14 Eanáir 2001: ‘Ní duine é Dónall Ó Móráin a thabharfadh mórán cead a gcinn dóibh siúd faoina stiúir. Má bhí locht air, b’in é é’. Agus níorbh aon dóithín é Diarmuid féin dá gcaithfeadh sé bainistíocht mar í a fhulaingt.

Níorbh é deireadh an aighnis é. I 1992 d’fhoilsigh Coiscéim úrscéal grinn Dhiarmuda, Ardfhear, agus aithníodh go forleathan gurbh é an Móránach an t-ardfhear sin. I gcuntas iarbháis The Irish Times deirtear: ‘... thug Bord na Gaeilge treoir don Áisínteacht Dáiliúcháin Leabhar gan an t-úrscéal a scaipeadh, cé nár mhínigh an Bord cén fáth ar cuireadh bac ar dháileadh an leabhair.’ Is é a deir Pádraig Ó Baoighill: ‘Bhí féith an ghrinn i nDiarmuid agus bhí sin le feiceáil sa leabhar Ardfhear a raibh tionchar nach beag ag an tréimhse chorrach sin i nGael Linn sna hochtóidí ar chuid mhaith den ábhar san úrscéal sin.’ Deirtear i gcuntas úd The Irish Times: ‘Dúirt an scríbhneoir Risteard Ó Glaisne ag an am gur dócha go raibh níos mó cóipeanna den leabhar díolta ag an bhfoilsitheoir ó “leagadh cos air”, ná mar a dhíolfadh sé murach é’. Scríobh Colm de Faoite in Comhar, i mí Dheireadh Fómhair 1992:

Fantasaíocht álainn atá in Ardfhear. Téann an greann thar fóir ar chaoi a mheabhródh saothar Kingsley Amis, Keith Waterhouse nó David Hayes duit. Bheadh sé an-éasca sraith raidió a dhéanamh d’Ardfhear ... údar a bhfuil acmhainn grinn thar na bearta ann. Beidh caint mhór air mar scríbhneoir amach anseo. Ardleabhar! Ardúdar! Ardfhear!

Is iad na leabhair eile le Diarmuid: Cúrsa Gaeilge (1974); Sealbhú teanga agus múineadh na Gaeilge: 3 aiste (1981); An ráleabhar Gaeilge: The Irish phrase-book (1986); Castar an taoide (1995).

I 1998 bhunaigh sé i nDún Chaoin Feileastram Teo d’fhonn cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine fásta. Deir Ó Riagáin:

Agus mé sa Bhiúró Eorpach, spreag mé Diarmuid chun cur isteach ar Chuairt Staidéir. Fuair sé ceann agus d’imigh sé chun na Freaslainne. Rinne an turas an-imprisean air agus d’imigh sé ar a chonlán féin timpeall ar phobail mhionlaigh na Fraince – Briotánaigh, Ocsatánaigh, Bascaigh etc.

Bhí Diarmuid pósta ar Áine Ní Chonghaile arbh as Luimneach di agus bhí beirt mhac agus iníon acu, Fiachra, Rónán agus Órla. D’éag Diarmuid ar 6 Bealtaine 2012.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair

Ailt

  • de Faoite, C. (1992) Comhar 51 (9)
  • Ó Baoighill, P. (2012) ‘Diarmuid Ó Donnchadha Ómós’ Feasta 65 (7), 11.