Bhí sé ar dhuine d’fhoireann Chonradh na Gaeilge nuair a bhí an eagraíocht sin i mbarr a nirt agus is mar Uachtarán na hÉireann a chríochnaigh sé cúrsa a shaoil. Ag 55 Sráid Wellington, Baile Átha Cliath, in aice Shráid Mountjoy, a rugadh é 25 Lúnasa 1882. Ba í Caitríona Ní Dheá ó Shráid Sheamlas an Éisc a mháthair agus bhí a athair, Somhairle Ó Ceallaigh ón gCarraig Dhubh, ina bhainisteoir ar shiopa bróg i Sráid Uí Chonaill. Bhí deichniúr clainne ag an lánúin ach d’éag triúr acu go hóg agus ina meascsan bhí leathchúpla Sheáin a fuair bás den diftéir nuair a bhí sí cúig bliana d’aois. D’aistrigh an chlann go Bóthar Berkeley nuair a d’oscail an t-athair a shiopa féin san áit sin. D’aistreoidis ar ball go 27 Sráid Rutlainn.

Bhí Seán T. ar scoil ag Siúracha na Carthanachta i Sráid Mountjoy sula ndeachaigh sé go Scoil na mBráithre i bPlás Mhuire, D’fhoghlaim sé Gaeilge ansiúd ó Liam Soirteál. ‘B’fhéidir gur fíor a rá... murach gur fhoghlaim mé an Ghaeilge ar scoil, nach mbeinn i m’ Uachtarán ar Éirinn’ (Seán T.: scéal a bheatha á insint ag Seán T. Ó Ceallaigh, 1963 arna chur in eagar ag Proinsias Ó Conluain). Bhí fear cáiliúil, Uinsionn Ó Briain, mar mhúinteoir ceoil aige. Chaith sé tamall i Scoil Uí Chonaill sula bhfuair sé post cúntóra sa Leabharlann Náisiúnta.

Bhí sé ina bhall den Chumann Liteartha Ceilteach go luath ina shaol agus ansin i gCumann na nGael agus sa Chomhairle Náisiúnta. Sórt réamhtheachtaithe ag Sinn Féin ba ea na cumainn sin. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chlub na gComhpháirtithe agus d’imríodh iománaíocht leo. Cláraíodh é mar bhall de Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge agus ba iad Donncha Ó Liatháin, Éamonn Ceannt agus Sinéad Ní Fhlannagáin a bhí ag teagasc Gaeilge dó ansiúd. Bhí sé ina bhall de Chraobh Mhic hÉil ina dhiaidh sin agus ba é uachtarán na Craoibhe sin, Micheál Mac Amhalghaidh, a thug mionn Bhráithreachas na Poblachta dó tuairim 1900.

D’fhág sé a phost leabharlainne roimh dheireadh 1902 agus thosaigh ag saoririseoireacht. Bhíodh ábhar á chur i gcló aige san United Irishman roimhe sin. Ach ba ghairid gur ceapadh ina bhainisteoir ar An Claidheamh Soluis é. ‘Má bhí mé i mo thimire ag an Claidheamh Soluis san am sin, bhí mé i mo thimire onóra don IRB san am céanna’, Bhí sé páirteach san fheachtas in aghaidh chuairt an Rí i 1903. Bhí sé ina chisteoir ag Coiste Ceantair Bhaile Átha Cliath faoi Iúil 1905. Toghadh é ina bhall de Bhardas Bhaile Átha Cliath thar ceann Sinn Féin ar 15 Eanáir 1906 (An Claidheamh Soluis 20 Eanáir 1906). Tuairiscíodh sa pháipéar céanna 12 Bealtaine gur mhol sé ag cruinniú den Bhardas gur i nGaeilge a scríobhfaí an seoladh ar gach comhreagras oifigiúil.

Ní léir ar a dhírbheathaisnéis ná ar irisí an Chonartha anuas go 1915 ná ar stairsheanchas an Chonartha, Ar son na Gaeilge, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa, gur bhain mórán tábhachta leis in obair na heagraíochta. Deir Ruth Dudley Edwards (The triumph of failure, 1979) go raibh meas leisceora air ag an bPiarsach. Bhí seisean gafa go hiomlán le hobair na Gaeilge, ar ndóigh, agus bhí Seán T. sáite sa pholaitíocht agus i mBráithreachas na Poblachta, cé nár éirigh sé as bainistíocht An Chlaidhimh go hAibreán 1909. Bhí sé ina bhainisteoir ar an bpáipéar Sinn Féin, ina chomhrúnaí ar Shinn Féin in éineacht le Walter Cole i 1908. Ba leis ba thúisce a rith an smaoineamh ráta pingine a ghearradh le haghaidh scoláireachtaí in Ollscoil nua na hÉireann ach go dtabharfadh an Ollscoil aitheantas cuí don Ghaeilge sa mháithreánach. Ba é faoi deara gur éirigh leis an tseift sin nuair a cuireadh os comhair Bhardas Bhaile Átha Cliath é. Lean na húdaráis áitiúla eile a samplasan. Luann Donncha Ó Súilleabháin é i measc na ndaoine a chaith tréimhsí fada gan briseadh ar Choiste an Oireachtais. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha ó 1911 go 1915.

D’oibríodh sé in oifigí na bpáipéar eile a bhí ag Sinn Féin agus in 1927 bhunaigh sé agus bhí ina eagarthóir ar a pháipéar féin The Nation.

Bhí sé i gceannas na ngunnaí a thabhairt i dtír i gCill Chomhghaill i 1914 agus cuireadh go Nua-Eabhrac é an bhliain dár gcionn agus thug sé abhaile leis míle punt don Bhráithreachas agus míle eile do na hÓglaigh. Bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ag cuidiú leis an rún cinniúnach úd faoin neamhspleáchas a chuir na scarúnaithe os comhair Ard-Fheis an Chonartha i 1915, cé gur shíl sé féin gur bheart míchiallmhar é. D’áitigh sé ar an gCraoibhín gan éirí as an uachtaránacht. Deirtear gurbh é rogha Thomáis Uí Chléirigh (1857–1916) é mar ardrúnaí ar an gConradh i leaba Phádraig Uí Dhálaigh in ainneoin gurbh oiriúnaí Seán Ó Murthuile ó thaobh taithí de agus eolais ar an nGaeilge. ‘Ba é Seán T. Ó Ceallaigh an tArd-Rúnaí tar éis do Phádraig Ó Dálaigh éirí as ach ní ar ghnó an Chonartha is mó a bhí a aird; gníomhaí don IRB a bhí ann’, a deir Proinsias Mac Aonghusa.

Bhí sé sáite sa bhroid i rith na seachtaine roimh an Éirí Amach. Mar chaptaen ar fhoireann an Phiarsaigh bhí sé gnóthach le linn an Éirí Amach ag gabháil bia agus eile sna siopaí, ag cur forógraí suas. ag iarraidh stop a chur le creachadh is slad, agus i mbun teachtaireachtaí éagsúla, go dtí gur gortaíodh a chos ar an Aoine. Chaith sé tamaill i mBeairic Richmond, i Wandsworth, Woking agus Frongoch agus scaoileadh saor é um Nollaig 1916.

Gabhadh é arís i bhFeabhra 1917 toisc gur iniúch sé paráid Óglach i gCathair Saidhbhín. Dibríodh go Oxford ar dtús é agus ansin go dtí sráidbhaile Fairford. Tar éis cúpla mí d’éalaigh sé féin agus an Dr Pádraig Mac Artáin abhaile. Ghlac sé páirt i bhfeachtais fothoghchánaíochta na bliana sin. Phós sé Máire Cáit Ní Riain an 1 Aibreán.

Toghadh é i mBaile Átha Cliath láir (nó Roinn Fhaiche an Choláiste) in olltoghchán Nollaig 1918 agus bhí sé ina chathaoirleach ar an bhfochoiste a rinne na socraithe chun cruinniú de na teachtaí nuathofa a bheith i dTeach an Ard-Mhéara ar 8 Eanáir 1919 agus ar an bhfochoiste a ceapadh chun na hullmhúcháin a dhéanamh don Chéad Dáil ar 21 Eanáir. Tá cuntas aige ar an bpáirt a thóg sé san obair go léir in Seán T. II: scéal a bheatha ó 1916 go 1923, 1972 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. Ceapadh é féin ina Cheann Comhairle an lá dár gcionn, agus ina thoscaire go Páras. Ba é an chaoi ar éirigh leis dul ann ná rún a rith ag cruinniú Chomhairle Bhaile Átha Cliath ag tairiscint saoirse na cathrach don Uachtarán Wilson. Ainmníodh é féin mar bhall den toscaireacht sin agus chaith sé ó 4 Feabhra go dtí an Sos Cogaidh in Iúil 1921 i bPáras agus sa Róimh. Is i bPáras a léigh sé téarmaí an Chonartha. ‘Dhamnaíos go talamh é agus dúirt mé go vótálfainn ina aghaidh agus go ndéanfainn mo dhícheall nach nglacfaí leis ar aon chor’. Chaith sé cuid mhaith de thréimhse an Chogaidh Chathartha i ngéibheann i gCill Mhaighneann agus i gCampa Rinn Mhic Gormáin. Toghadh é mar phoblachtach i nDáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thuaidh in olltoghchán Lúnasa 1923 agus thar ceann Fhianna Fáil sa dá olltoghchán i 1927. Bhí sé ina thoscaire ag Sinn Féin i Stáit Aontaithe Mheiriceá sna blianta 1924–26. Ó 1932 go 1939 bhí sé ina Aire Rialtais Áitiúil agus ina Leas-Uachtarán/Tánaiste, agus ina Aire Airgeadais agus ina Thánaiste ó 1939 go 16 Meitheamh 1945 nuair a toghadh é mar Uachtarán na hÉireann, post a bhí aige go 1959. Nuair a d’éag a chéad bhean i 1934 phós sé a deirfiúr Filis Ní Riain i 1936. D’éag sí ar 21 Samhain 1983. D’éag sé féin ar 23 Samhain 1966.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú