Bhí sé ar dhuine de na hoifigigh Chustaim is Máil ab aitheanta dá raibh i gConradh na Gaeilge ar feadh 50 bliain. Bhí sé orthu sin ba mhó ba bhunúdar le ról tábhachtach na státseirbhíseach sin in obair na hathbheochana: ba é a tharraing a chomhghleacaithe Seán Ó Catháin agus Seán Ó Ciarghusa isteach i gConradh na Gaeilge (Seán Ó Ciarghusa faoin ainm ‘Leac Logha’ in The Leader 13 Feabhra 1937 agus faoin ainm ‘Marbhán’ in Feasta, Meán Fómhair, 1950)

I nDrom Cara, Cill Barra, paróiste Uíbh Laoghaire, a rugadh é ar 13 Aibreán 1869. Ba iad Cornelius Lehane agus Mary Swiney, arbh as Inse Geimhleach di, a thuismitheoirí. Bhí cuid mhaith talaimh ag muintir Shuibhne. Ag am a bpósta, 3 Feabhra 1856, ba é an Ros Mór in Uíbh Laoghaire a seoladh. Den ochtar leanaí a bhí acu rugadh an chéad bheirt, Dónall agus Mairéad, in Inse Uí Néill agus an seisear eile i nDrom Cara. Tuairiscíodh bás an athar in Banba Bealtaine 1903: ‘We very much regret that we have to record the death of Mr Cornelius O’Lehane of Knockavallig, Carrigodrohid.... Mr O’Lehane, though never prominently before the public, was really one of the last great links connecting our own generation with the long line of singers to whose inspiriting melody Ireland owes most of what today remains of her true self’. San uimhir chéanna den iris tá dán leis i gcló. ‘Bua na Teangan Gaeilge’, arbh é a mhac Pádraig a scríobh síos é chun go gcuirfeadh Donnchadh (‘An Rí Liath’ ) isteach chuig an eagarthóir é. Bliain roimhe sin go díreach bhí dán eile leis ‘Amhrán na Rámhainne’ i gcló in Banba agus luadh mac eile: Dónall Ó Liatháin. ‘Cigire na Gaeilge faoi Bhord na Scoileanna Náisiúnta’. Is cuid de sheanchas na clainne é gurbh é Dónall a cheannaigh an fheirm i gCnoc an Mhullaigh tar éis gur cuireadh as seilbh iad i gCill Barra.

Ba é an duine ab óige sa chlann Micheál, a rugadh ar 27 Iúil 1873, de réir thaifid pharóiste Uíbh Laoghaire. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa Mhainistir Thuaidh, Corcaigh, agus is sa chathair sin, i siopaí Cash & Co., sa London House agus sa Queen’s Old Castle, a bhí na chéad phoist aige mar chúntóir éadaitheora. Go luath ina shaol bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge agus i gCumann Lúthchleas Gael. Faoi 1898 bhí sé ag obair i siopa Cannocks i Luimneach agus é ar lóistín os cionn an tsiopa. Tholg sé an tíofóideach mar gheall ar a dhonacht a bhí na coinníollacha maireachtála. Tuairim 1900 d’aistrigh sé go siopa Arnott i mBaile Átha Cliath. ‘A native of Fermoy working in the carpets department’ an tagairt atá ag Ronald Nesbitt dó in At Arnotts of Dublin 1843–1993, 1993. Bhí sé gníomhach sa Shop Assistants’ Industrial League, dream a bhí ag iarraidh tacú le déantúis na hÉireann. Ach is mar throdaí ar son na n-oibrithe atá cáil air. I 1902 ba é ba mhó ba chionsiocair le bunú an Irish Drapers’ Assistants Benefit and Protective Association a mbaistfí Ceardchumann Oibrithe Imdhála agus Cléireach na hÉireann air ar ball. Ceapadh é mar rúnaí lánaimseartha ar £2 sa tseachtain. Toisc gur os cionn na siopaí féin a bhí cónaí ar chuid mhór de chúntóirí na siopaí éadaigh bhí smacht iomlán orthu ag na fostaitheoirí. Bhris muintir Switzer cúntóir as a phost i 1910 toisc go raibh de dhánaíocht ann bean a phósadh a raibh siopa beag éadaigh aici i dtuaisceart na cathrach. B’in é a chuir tús leis an troid. Nuair a d’fhógair Todd Burns go mbeadh seomraí lóistín ag na hoibrithe ina siopa nua i Sráid Mhuire chuir an Liathánach cath orthu agus síltear gurbh eisean ba mhó a chuir deireadh le seanchóras úd na gcoinníollacha lóistín. Tuairim an ama chéanna bhí sé i gceannas stailce i siopa Boyer, Sráid an Iarla Thuaidh. Toisc gur thug William Martin Murphy, rachmasaí mór Bhaile Átha Cliath, tacaíocht don siopa lean an stailc ar feadh deich mí. Arís measadh gur ag na hoibrithe a bhí an bua. Bhí Micheál mar chéad uachtarán ar Chomhairle Cheardchumainn Bhaile Átha Cliath, agus ba é an fear é ar ainmníodh an ‘O’Lehane House’, Rae Cavendish, Baile Átha Cliath, as. Toghadh é ina bhall de Bhardas Bhaile Átha Cliath i gceantar Chill Mhaighneann thar ceann Sinn Féin ach bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí an Lucht Oibre i 1912. Tá tagairtí dó ag Dermot Keogh in The Rise of the Irish Working Class agus bhí a ainm leis na forógraí Manifesto to the Workers of Ireland 27 Márta 1914 agus Why should Ireland starve? 4 Aibreán 1914. D’éag sé ar 1 Márta 1920. Thóg an ceardchumann crois cheilteach os cionn na huaighe i nGlas Naíon agus greanta uirthi tá focail an Phiarsaigh i mBéarla agus i nGaeilge: ‘Cothaíonn bás beatha agus ghníonn uaigheanna tírghráthóirí náisiúin bhíogúla’. Tá eolas air in An tOibrí Imdhála: The Distributive Worker with which is incorporated ‘The Drapers Assistant’ and An Saothraí Riartha, Aibreán agus Bealtaine 1957. Bhí Micheál féin ina eagarthóir ar an bpáipéar sin. In Capuchin Annual 1976 tá aiste le Dermot Keogh: ‘Michael J. O’Lehane organises the Dublin Drapers’ Assistants’.

Nuair a fuair Donnchadh an post státseirbhíse cuireadh go Londain é agus is ann, tuairim 1896, a thosaigh sé ag obair ar son na teanga. Bhí sé ina chomhrúnaí ag Craobh Londan agus ina chisteoir ag Craobh na Fáschoille. I Meán Fómhair 1899 aistríodh go Baile Átha Cliath é agus chláraigh sé mar bhall den Ard-Chraobh ar 7 Deireadh Fómhair. Faoi Eanáir 1900 bhí rang i gcomhair tosaitheoirí ina chúram; duine díobh ba ea Seán T. Ó Ceallaigh. Toghadh é ina bhall den Ard-Choiste sular thug bunreacht nua an Coiste Gnó ar an saol agus toghadh é ina bhall den choiste sin gach bliain ó 1902 go 1910. Ba bhall é de choiste bunaidh Chraobh an Chéitinnigh i 1901. Faoi Eanáir 1902 bhí sé lonnaithe i Learpholl. Bhí sé an-ghníomhach ansin, é ina rúnaí ar an Aonach Gaelach, agus nuair a aistríodh é go Béal Feirste dúradh in An Claidheamh Soluis 4 Deireadh Fómhair 1902: ‘To him we owe the splendid success of the Feis recently held at Birkenhead Park, of which he had almost the entire management’. Ba é an scéal céanna aige é i mBéal Feirste mar a raibh sé ina uachtarán ar Chraobh Thír na nÓg agus ina bhall de choiste bainistíochta Choláiste Chomhghaill. Ar an leibhéal náisiúnta ba é a mhol i 1902 go ndéanfaí bailiúchán náisiúnta airgid, go gcuirfí tús le Seachtain na Gaeilge agus go n-eagródh an Conradh mórshiúl. Bhí sé ar dhuine díobh sin a chaith dúthracht le bunú na gcoláistí múinteoireachta samhraidh. Deireadh sé amhráin ag cruinnithe craoibhe agus in An Claidheamh Soluis 5 Deireadh Fómhair 1901 tuairiscíodh gur rincigh sé féin, Risteard Ó Maoilbhréanainn agus Tadhg Ó Donnchadha poirt agus ríleanna aonair agus beirte ag an bhfáiltiú a cuireadh roimh Chonraitheoir ón Airgintín.

Phós sé Máire Ní Chonghaile i mBéal Feirste i 1911 agus is ann ar 7 Bealtaine 1912 a rugadh a mhac Conchubhar. Aistríodh go Hartlepool é an bhliain sin. Rugadh beirt leanaí eile dóibh ach fuair siad bás go hóg. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath i 1920 agus as sin amach bhí ag obair i dTeach an Chustaim.

Is dóigh gur thosaigh sé ag scríobh dánta go luath ina shaol ach níor foilsíodh a chéad chnuasach go 1931, An Tiomna Naofa. Is cosúil go raibh an cnuasach sin ullamh aige i bhfad roimhe sin agus gur thug sé isteach chun na hoifige é lá. Cailleadh é nuair a cuireadh tine le Teach an Chustaim 25 Bealtaine 1921. Deirtear in Irisleabhar Chomhaltas Cána, Meitheamh 1938, gurbh éigean dó na dánta go léir a chumadh arís. Ach deir Proinsias Mac an Bheatha in An earnáil agus an Ghaeilge, 1985 go raibh cóip aige sa bhaile. Foilsíodh dhá chnuasach eile: Ceol abhann agus gleann, 1938; Rosc Catha na Gaeilge, 1955. In Tomás Ó Flannghaile, scoláire agus file..., 1940 tá eagar curtha aige ar dhánta Uí Fhlannghaile. Bhí ábhar i gcló aige in Fáinne an Lae, An tÉireannach, An Sguab, Catholic Bulletin, Leader, Scéala Éireann. Níor scríbhneoir bisiúil é. Dúradh in Irisleabhar Chomhaltas Cána, Meitheamh 1938: ‘Bhí sé de mhí-ádh air gur bheag duine a bhí le fáil dob fhearr chun litir a cheapadh sa mBéarla ná é féin—chuir sin a lán dá chuid ama amú air ag freagairt lucht cáinte na Gaeilge sna páipéir nuachta’. Bhí sé ina bhall de Chumann na Scríbhneoirí. Toghadh é ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i 1948 agus 1949.

D’éag a bhean i 1937 agus scríobh sé dán caointe (Catholic Bulletin). Ba dhuine de thrí dhuine déag clainne í agus ba dheartháir di an Seanadóir Joseph Connolly a bhí ina Aire Poist agus Telegrafa agus ina Aire Tailte sa tréimhse 1932–36. Ba lena linn san aireacht deireanach sin a cuireadh scéim Ráth Chairn i gcrích.

D’éag Donnchadh ar 6 Lúnasa 1950. Ag 134 Bóthar Chinnmhaí, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air. Tá cuntais air in Sunday Independent 17 Meitheamh 1934 ag Cathal Ó Tuathail agus in Inniu 11 Lúnasa 1950.

Bhí a mhac Con Lehane, aturnae, ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i 1934 agus gníomhach i ngluaiseacht an phoblachtánachais sna 1930idí. Toghadh é ina Theachta Dála thar ceann Chlann na Poblachta i 1948. Aisteoir maith ba ea é agus ardspéis aige i gcúrsaí amharclainne na Gaeilge. D’éag sé ar 18 Meán Fómhair 1983.

Ar 9 Samhain 1856 a rugadh Dónall. Fuair sé oiliúint mhúinteora i Modhscoil Dhún Mánmhaí agus bhí ina chúntóir i Modhscoil Inse Chór sular ceapadh é ina chigire in 1882. Bhí cúram na Gaeilge sna bunscoileanna air ar feadh tamaill. Thagair Pádraig Ó Duinnín dó in Leader 14 Márta 1908: ‘Na trí buillí tubaiste ba mhó a buaileadh ar an nGaeilge lenár linn: cur an Cheallaigh [Seán Ó Ceallaigh] as an Freeman, cur Dhónaill Uí Liatháin as obair na Gaeilge, agus cur Dhónaill Uí Loingsigh as an gCoiste Gnó’. Chomh fada siar le 1883 (féach liosta na síntiúsóirí in Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1883) bhí spéis aige sa teanga. Phós sé Marion Kelly as Tuaim 6 Márta 1894 agus bhí seachtar clainne acu, ar dhuine díobh P.D. Lehane T.D. (Clann na Talún). Fuair beirt díobh bás go han-óg, an duine ba shine sa chlann, Máire, ar 11 Deireadh Fómhair 1901 agus í faoi bhun seacht mbliana d’aois. Bhí sé tamaill i nGaillimh, i Mainistir na Búille, i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Ní fhóinfeadh sé do chigire scoileanna bheith dlúthbhainteach le Conradh na Gaeilge ach ní hé amháin go dtugadh sé síntiúis fhiala do chiste na teanga ach ainmníodh é mar theachta chuig Ard-Fheis 1901 thar ceann Chraobh Thuama. Tuairiscíodh é bheith tofa ina leasuachtarán ar chraobh na Gaillimhe (ibid 23 Samhain 1901). Ba é a spreag Pádhraic Ó Domhnalláin chun bheith ina mhúinteoir taistil. B’fhéidir gurbh é an t-aon chigire scoileanna é roimh thús an chéid a raibh Gaeilge aige. Chuaigh sé ar pinsean 19 Meán Fómhair 1921 agus cheannaigh feirm i nDúglas i gContae Chorcaí. D’éag sé ar 22 Samhain 1935 i gCorcaigh agus ann atá sé curtha. Le tamall maith roimh scor óna phost dó bhí sé ina phríomhchigire bunscoileanna i gCúige Mumhan.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú