Bhí an múinteoir náisiúnta seo ina uachtarán ar Mhuintir na Gaeltachta ó na 1950idí ar aghaidh, agus ó 1956 go 1977 bhí sé ina eagarthóir ar an bpáipéar Amárach. Fear breá láidir é agus airde mhaith ann. I nDoire na Corradh sa Dúchoraidh, paróiste Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 25 Eanáir 1913. Múinteoir san áit sin a athair Seán agus ba í Mary Mór McHugh a mháthair. Tá paidreacha a fuair sé óna athair, a d’éag i 1935 in aois 84 dó, i gcló in Béaloideas XIV, 1944 (‘Sean-phaidreacha ó Thír Chonaill’). Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1911: John Kelly, (60), múinteoir náisiúnta, agus a bhean Mary (36), a bhí pósta le 15 bliain; den naonúr a rugadh dóibh ní raibh beo ach cúigear: Doiminic (13), Maryanne (6), Grace (5), Michael (3), Fanny Agnes (1). Bhí Gaeilge agus Béarla ag gach duine.

Sa bhaile a cuireadh idir bhunoideachas agus mheánoideachas air, cé gur bhuaigh sé scoláireacht Choláiste Adhamhnáin. Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus ceapadh é ina phríomhoide i scoil náisiúnta Roisín i 1933. D’éirigh leis céim BA a fháil i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe tuairim an ama sin; fuair sé céim mháistir ó Choláiste na Tríonóide sna 1940idí agus bhí cúpla dioplóma aige. Chaith sé tamall maith de bhlianta ag teagasc i mBaile Ghib, Domhnach Phádraig, Co. na Mí; gan amhras bhí baint aige ansiúd le Clann na hÉireann (féach faoi Ó Cochláin, Pádraig ar lch 288). In Mairfidh na filí má mhaireann ár gcuimhne, 1999 deir Conall Ó Domhnaill agus é ag tagairt do na himeachtaí go léir a bhí ar bun ag muintir Dhomhnach Phádraig: ‘Ach tá duine amháin a chuidigh tús agus páirt agus gríosadh a chur san eagraíocht seo uilig agus is é sin Peadar Ó Ceallaigh, an chéad mhúinteoir scoile, a chuir tús le scoil chun teagasc agus treoir a thabhairt do shean agus óg ar mhórán dóigheanna.’ Thug sé an léacht ‘Nua-Oideas na hÉireann’ ag Oireachtas 1942. I 1942 freisin chuir Gearóid Ó Cuinneagáin a ainm suas mar cheannaire ar Chraobh na hAiséirí nuair a bhí sé i gceist an chraobh sin de Chonradh na Gaeilge a athbhunú mar eagraíocht neamhspleách; ní raibh glacadh ag na baill leis an gceapachán sin toisc nach raibh aon aithne acu air agus toisc gur shíl siad go mbeadh sé níos praiticiúla fear i mBaile Átha Cliath a cheapadh; ba é Proinsias Mac an Bheatha a thogh na baill agus is ar an gcuma sin a bunaíodh Glúin na Buaidhe. Ní móide go raibh aon bhaint ag Peadar le hAiltirí na hAiséirí mar ba dhuine mór le rá é i bpáirtí Fhianna Fáil i gCeanannas mar a raibh cónaí air; bhí sé ina bhall de chomhairle an bhaile sin agus rinne sé cúpla iarracht ar shuíochán Seanaid a bhuachan. Bhí sé ar dhuine d’ionadaithe Laighean ar choiste Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i 1943. I 1945 agus arís an bhliain dár gcionn mhol Craobh an Phiarsaigh ag Ard-Fheis an Chonartha go dtoghfaí é mar uachtarán. Deir Proinsias Mac Aonghusa in Ar son na Gaeilge ..., 1993 gurbh fhear gnímh ó thaobh na Gaeilge de Peadar ach nár ‘léir go raibh aon tréith ceannaireachta ag baint leis’. Ar feadh fiche bliain gur éirigh sé as an múinteoireacht is i Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Bhrunswick Thuaidh, Baile Átha Cliath, a bhí sé ag obair, cé gur fhan sé ina chónaí ag ‘Uí Maine’, 19 Bóthar Oiliféir Pluincéad i gCeanannas ar feadh an ama. Ba chuimhin le cuid dá chomharsana go ndéanadh sé a dhícheall páipéar na maidne a léamh agus é ag tiomáint go dtí an chathair! D’fhan cuimhne air freisin mar imreoir ábalta beiriste.

Bhí Amárach á fhoilsiú aige ó Eanáir 1956 go dtí 13 Bealtaine 1977. In Feasta, Meán Fómhair 1980 (‘Amárach – súil siar’) tá aiste ag Risteárd Ó Glaisne ar obair eagarthóireachta Pheadair sa pháipéar sin. Cheannaigh Comharchumann Chois Fharraige é agus bhí á fhoilsiú ó 5 Meán Fómhair 1980 go 8 Iúil 1983. Bhí Micheál Ó Móráin as Carna molta mar iarrthóir don Seanad ag Muintir na Gaeltachta agus san eagrán deiridh de Amárach rinneadh iarracht a thaispeáint nach raibh san eagraíocht ag an bpointe sin ach an t-aon duine amháin, Peadar Ó Ceallaigh. Bhunaigh Peadar péire coláiste samhraidh sna 1970idí, ceann acu in Árainn Mór agus an ceann eile, Coláiste Chonaill, sa Dúchoraidh; roimhe sin bhíodh sé ag múineadh i gColáiste Bhríde, Rinn na Feirste. Bhí baint aige freisin leis an gcoláiste a bunaíodh ar Thrá Éanach (Ó Ghleann go Fánaid: Gaeltacht Thír Chonaill, 2000 le Pádraig Ó Baoighill). Deartháir leis ba ea Doiminic Ó Ceallaigh [B5 lch 290], múinteoir scoile, fear a chum cuid mhaith amhrán. B’as Co. Fhear Manach do bhanchéile Pheadair, Mairéad Nic Dhomhnaill; phós siad i Learpholl i 1950 agus d’éag sise in aois seasca di ar 2 Márta 1982. D’éag Peadar ar 20 Márta 2000 i dteach banaltrais san Uaimh. Tá sé féin agus a bhean curtha i gCeannanas Mór.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú