Ó CEALLAIGH, Seán (1934–2014)

Díograiseoir teanga as Co. an Chláir ab ea Seán Ó Ceallaigh agus ba bheag eagras ná ócáid a bhí sa chontae sin leis an nGaeilge nó leis an nGaelachas a chur chun cinn nach raibh sé sáite iontu ó tháinig sé in aois fir go bhfuair sé bás in 2014.

Údar ab ea é freisin. Nuair a bhí Seán ag cur suime sa Ghaeilge agus é ina fhear óg, tháinig sé ar an leabhar Simple lessons in Irish, a scríobh an tAth. Eoghan Ó Gramhnaigh agus bhí sé chomh tógtha le saol agus le saothar an tsagairt gur scríobh sé scéal a shaoil, Eoghan Ó Gramhnaigh: beathaisnéis, a d’fhoilsigh Oifig an tSoláthair in 1968.

Scéal saoil fir eile a raibh ardmheas aige air ab ea an dara leabhar a scríobh sé, Éamonn Mac Giolla Iasachta 1887–1986 (2003), beathaisnéis an ghinealeolaí, an scoláire agus an phoblachtaigh a rugadh i Sasana ach a chuir faoi in oirthear an Chláir, áit ar bhunaigh sé Nua-Ghaeltacht. Níorbh é a chuid léinn ná a chuid Gaelachais amháin a d’fhág go raibh ómós ag an gCeallach do Mhac Giolla Iasachta. Feirmeoirí ab ea an bheirt acu freisin, duine acu ag treabhadh agus ag fuirseadh na talún agus na teanga sa leath thiar den chontae, an duine eile san oirthear.

I gCeann Toirc i bparóiste Chill Mháille, Co. an Chláir, a saolaíodh Seán Ó Ceallaigh ar 12 Feabhra 1934. Feirmeoir as an áit sin ab ea a athair, Pádraig, agus ba as an gceantar freisin dá mháthair, Bríd (Ní Mhongabháin). Beirt mhac agus beirt iníonacha a bhí orthu agus ba é Seán ab óige acu sin.

Ní raibh Seán ach dhá bhliain d’aois nuair a bhásaigh a mháthair de bharr eitinne agus chuaigh sé chun cónaithe le deirfiúr di, Mary, a bhí pósta le John Burke i Ré na gCiseach, tuairim dhá mhíle as Ceann Toirc.

D’fhreastail Seán ar Scoil Náisiúnta Fhíoch Rua, áit a raibh múinteoir de shloinne Mhic Mhathúna ag teagasc. Bhí an-tóir aige siúd ag an nGaeilge agus ba é a spreag an scoláire óg ina treo. Ag an am sin bhíodh timirí de chuid Chonradh na Gaeilge ag taisteal na tíre agus iad i mbun ranganna, agus fiú agus an bhunscoil fágtha ina dhiaidh aige agus é ag obair ar fheirm a uncail, d’fhreastail Seán ar na ranganna sin i dteach na scoile i bhFíoch Rua.

Ba ag ócáid Ghaelach a chas a bhean chéile dó – Nóirín Ní Shúilleabháin as Cnoc Uí Choileáin i ndeisceart Luimnigh. Phósadar in 1960 agus an bhliain dár gcionn bhogadar go hÁrainn, áit ar chaith Nóirín cúpla bliain ag múineadh i mBunscoil Eoghanachta.

Ós rud é nach raibh aon mhuirín ar a aintín ná ar a uncail, ba ag Seán a fágadh an fheirm a bhí acusan i Ré na gCiseach agus d’fhill sé féin agus Nóirín as Árainn ar an áit sin in 1963. Le Gaeilge a thógadar an t-ochtar clainne a bhí orthu ansiúd, cúigear iníonacha, Bríd, Máire, Monica, Áine agus Róisín, agus triúr mac, Eoin, Páraic agus Colm.

Thug Seán Ó Ceallaigh an chuid eile dá shaol ag feirmeoireacht, ag cur na Gaeilge chun cinn, i mbun pinn agus ag iarradh feabhas a chur ar theacht isteach agus ar chaighdeán a shaoil féin, saol a theaghlaigh agus saol a leathbhádóirí a bhí ina thimpeall.

Sna 1960idí bhunaigh sé comharchumann, Kinturk Homecrafts, a thug deis d’fheirmeoirí agus do dhaoine eile sa cheantar sin cur leis an teacht isteach a bhí acu. Bhí tóir mhór ar na cathaoireacha súgáin a bhíodh á ndéanamh acu agus easpórtáladh iad go Sasana, Mór-roinn na hEorpa agus chuig na Stáit Aontaithe.

Níl cur síos ar a ndearna Seán Ó Ceallaigh ag cur na teanga agus an chultúir chun cinn go háirithe sa Chlár, a chontae dúchais.

Bhí sé thar a bheith gníomhach i gConradh na Gaeilge, ina bhall de Choiste Gnó na heagraíochta sin agus ina uachtarán ar Chraobh na hInse, Co. an Chláir. Bhí sé ar an gcoiste a bhunaigh Féile na hInse in 1983. D’eagraigh sé comóradh speisialta céad bliain i gcuimhne an drámadóra Máiréad Ní Ghráda, a saolaíodh i gCill Mháille in 1896.

Bhí an-spéis aige i gcúrsaí drámaíochta agus bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann Scoildrámaíochta an Chláir agus ina Uachtarán Náisiúnta ar an gCumann Scoldrámaíochta go dtí am a bháis.

Ba é an tÉarlamh a bhí ar Oireachtas na Gaeilge nuair a bhí an fhéile sin ar bun i mbaile Inse in 1990. Chaith sé os cionn scór bliain ag freastal ar Dhaonscoil na Mumhan agus bá é an cathaoirleach a bhí ar bhord stiúrtha na heagraíochta An Clár as Gaeilge Teo., togra comhpháirtíochta fobartha teanga do Chontae an Chláir.

Thuig sé tábhacht an oideachais, chaith tréimhsí ar bhoird bhainistíochta scoileanna éagsúla, ina measc an scoil náisiúnta ina cheantar féin, Fíoch Rua, agus Gaelcholáiste an Chláir in Inis.

Bhíodh a ghlór le cloisteáil go rialta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é le feiceáil ar TG4.

Chomh maith leis an dá leabhar a tháinig óna lámh, ba mhinic leis ailt agus litreacha a scríobh sna hirisí Feasta agus Comhar agus bhí colún seachtainiúil aige i nGaeilge sa nuachtán The Clare Champion. Léitheoir díograiseach a bhí ann a thacaigh i gcónaí le scríbhneoirí na Gaeilge agus d’fhreastalaíodh sé go rialta ar dhrámaí Gaeilge, fiú nuair a bhíodh air turas a chur air féin dá leithéid.

Ní bhíodh aon leisce ar Sheán Ó Ceallaigh a chuid eolais a roinnt leo siúd a bhí ina thimpeall agus thugadh sé sásamh faoi leith dó cúnamh a thabhairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus do mhic léinn a bhíodh ag ullmhú do scrúduithe, rud a bhí fós á dhéanamh aige cúpla mí sular bhásaigh sé.

Ar dhuine acu siúd bhí an t-ealaíontóir cáiliúil Andrew Newland, Sasanach a bhog go Cill Mháille agus a chuir suim sa Ghaeilge nuair a chuir sé aithne ar Sheán. Bíonn Newland anois ag tabhairt ranganna ealaíne as Gaeilge.

Bhásaigh Seán Ó Ceallaigh ar 14 Meán Fómhair 2014 agus tá sé curtha sa reilig i gCill Mháille.

Mártan Ó Ciardha