Seo é údar / aistritheoir Stair an Bhíobla. Ó láimhsgríbhinn do sgríobh Uáitéar Ua Ceallaigh tuairim na bliana MDCCXXVI., 4 himleabhar, 1941–45 (in eagar ag Máirín Ní Mhuiríosa). Tá a bhfuil ar eolas ina thaobh, agus is beag é, ag Cainneach Ó Maonaigh in Irish Franciscans and France, 1964. Bhain sé le mainistir na bhFroinsiasach i gCill Chonaill, Co. na Gaillimhe. Tuairim 1726 a d’aistrigh sé L’histoire du Vieux et du Nouveaux Testament le Nicolas Fontaine, Sieur de Royaumont, prióir Sombreval (d’éag 1706). Bible du royaumont a thugtaí ar an saothar sin de ghnáth. Aistriúchán ar shaothar Laidine, Apparatus ad positivam theologiam methodicus, Páras, 1700, le Pierre Annat (1638–1713), is ea beagán de shaothar úd Uí Cheallaigh (Pádraig Ó Súilleabháin in Éigse, geimhreadh 1960–1 agus fómhar 1964). Dar le catalóg Acadamh Ríoga na hÉireann go bhfuil nóta, gur dóigh gurb i lámh Chathail Uí Chonchubhair atá sé, a thabharfadh le fios go bhfuair Ó Ceallaigh bás i 1773.

Deir Ní Mhuiríosa sa réamhrá le Stair an Bhíobla: ‘Is é is dóichí gur ó Ros Comáin don sgríobhaí .... Is dóigh liom féin go raibh dlúthbhaint idir Bhrian Ó Fearraoil [Ó Fearghail B6] agus scríobhaí na staire .i. Uáitéar Ua Ceallaigh .... Is féidir, fós, go raibh gaol idir bhean Bhriain agus an tAthair Ó Ceallaigh, ach níl aon deimhniú le fáil air sin.’ Ba dhóigh léi go raibh an lámhscríbhinn i seilbh Bhriain tamall. Ní rófhada ó Chill Chonaill a bhí teach Uí Fhearghail.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú