Comhartha ar an tábhacht a bhain leis mar iriseoir i Londain go bhfuil sé ar an mbeagán náisiúnaithe Éireannacha sa 20ú haois ar scríobhadh iontrálacha orthu in Dictionary of National Biography. B’fhéidir a áireamh i measc a chairde James Connolly, Pádraic Ó Conaire, P.S. Ó hÉigeartaigh, Michael Collins, Roger Casement, Paul Henry, J.B.Morton, Victor Gollancz, Rose Macaulay, Louis MacNeice.... Ina theach a d’ith James Joyce agus Nora Barnacle a mbéile bainise 4 Iúil 1931.

Is mar scríbhneoir aistí in irisí mar New Statesman is fearr atá cuimhne air ag staraithe litríocht an Bhéarla. Is cuntas ar a shaol, agus go háirithe ar an leathchéad bliain a chaith sé i Londain, an réamhrá a chuir Seán MacMahon le Galway of the races: selected essays [of] Robert Lynd, 1990. Scríobh a chara Pádraig Sáirséal Ó hÉigeartaighin memoriam in Dublin Magazine, Eanáir-Márta 1950. In Inniu 2 Feabhra 1979 bhí aiste fhada ag Diarmuid Mac Daibhéid faoin teideal ‘Riobard Ua Fhloinn (1879–1949): iriseoir tírghrách Ultach de phór Preisbitéarach’.

I mBéal Feirste a rugadh é ar 20 Aibreán 1879, an dara duine den seachtar clainne a bhí ag an Urramach Robert John Lynd agus a bhean Sarah Rentoul. Bhí sé ar scoil sa Royal Academical Institution sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste na Ríona, Béal Feirste. Bhain sé amach céim sna clasaicigh. Is le linn dó a bheith san ollscoil a d’iompaigh sé ina shóisialaí agus ina náisiúnaí, cé nach raibh sé ina náisiúnaí cruthanta go ndeachaigh sé go Sasana. Tugann Seán MacMahon an abairt seo i dtaobh na Sasanach as ceann dá aistí i 1936: ‘Finding that they regarded Ireland mainly as a nuisance, I concluded in the course of a few months that it would be better for the country to be governed by people who were, at least, interested in it’. Aontachtóir ba ea an t-athair ach d’iompaigh deartháireacha agus deirfiúracha Riobaird ina náisiúnaithe faoina thionchar-san, ach amháin an cailín ba shine.

Tar éis tamaill ghairide a chaitheamh ag obair do nuachtáin i mBéal Feirste agus i Manchain chuir sé faoi i Londain i 1901 agus go ceann seacht mbliana bhí ag gabháil don saor-iriseoireacht. Bhí sé in aontíos leis an bpéintéir Paul Henry agus tá cur síos aige sin in An Irish Portrait, 1951 ar an gcaoi a raibh siad ag teacht i dtír ar a chéile. Fuair sé post leaseagarthóra liteartha i 1908 san Daily News (nuachtán ar athraíodh a ainm go News Chronicle) agus bhí ina eagarthóir liteartha i ndiaidh tamaill agus d’fhan ann go dtí a 70ú lá breithe. ‘YY’ an t-ainm pinn a chuireadh sé lena aistí. Scríobhadh sé freisin léirmheasanna agus cuntais ar ócáidí móra spóirt. In 1906, ba é a bhunaigh The Republic, seachtanán a mhair ar feadh sé mhí.

Bhí baint aige leis na cumainn Éireannacha i Londain, go háirithe le Conradh na Gaeilge. Comhthoghadh ina bhall d’Ardchoiste an Chonartha ansiúd é i 1906. Is cosúil gur éirigh leis Gaeilge a fhoghlaim go maith: bhíodh sé ag múineadh na teanga agus chaith sé téarma i gColáiste Uladh. Bhí Aodh de Blacam ar dhuine dá scoláirí. Tháinig sé i gcomharbacht Liam P. Uí Riain mar eagarthóir ar Inis Fáil, míosachán dátheangach Chonradh Londan, agus ar an iris a lean é, An tÉireannach. Bhí aiste aige ‘In defence of the Gaelic League’ in Guth na nGaedheal, Márta 1910. Dúirt P.S. Ó hÉigeartaigh ina thaobh: ‘In 1905 he was a Gaelic Leaguer, well on in the study of Irish, a separatist and a reader of The United Irishman but not a member of our separatist organisation’. Scríobhadh sé an chuid ba mhó de The Republic, iris Chlub Dhún Geanainn. Bhí sé in aghaidh an fhoréigin mar ghléas chun saoirse na hÉireann a bhaint amach. Cheangail sé le Sinn Féin i 1907. Ba iad Tomás Dáibhís agus Art Ó Gríofa an bheirt ba mhó a ndeachaigh a scríbhinní ar chúrsaí na hÉireann i gcion air.

Phós sé Sylvia Dryhurst, file arbh Éireannach a máthair, i 1909 agus rugadh beirt iníonacha dóibh, Máire agus Sighle. D’fhoghlaim Sylvia Gaeilge agus deir Seán Mac Mahon: ‘When the children were born they were taught Irish and after necessity and practicality made English their tongue they still bade their parents goodnight and goodbye in the first language’. D’éag Riobard 6 Deireadh Fómhair 1949 agus cuireadh é i reilig chathrach Bhéal Feirste. Thuairiscigh Diarmaid Mac Daibhéid gurbh é a dúirt Seán T. Ó Ceallaigh, Uachtarán na hÉireann: ‘Déanann Éire mairgneach faoi mhac féithiúil agus dílis’.

Tá tuairimí Tom Kettle, náisiúnaí, agus St John Ervine, aontachtaí, ina thaobh le léamh in aiste in The Irish Book Lover, Iml. XI, uimhir 6/7, Eanáir/Feabhra 1920: ‘He is a freeman, born of her [Ireland’s] soul as well as her scenery, a prophet of that tumult and welter of creative ideas characteristic of the present life of our nation’ (Kettle); ‘His love of Ireland is so great that he has actually learned to speak Gaelic and when he goes to Ireland he embarrasses his countrymen very much by speaking to them in the old language of their country. Nach labhrann tú Gaedhilg ? he says to them and they glance at him sharply and ask him if he is English. Ireland is to Mr Lynd what King Charles’s head was to Mr Dick’ (St John Ervine).

Scríobh sé tuairim tríocha leabhar. Is iad na cinn a bhaineann go háirithe le hÉirinn: The Orangeman and the nation, 1907: The Ethics of Sinn Féin, [c.1907/8]; Irish and English, 1909, an chéad bhailiúchán dá aistí; Home life in Ireland, 1909; Rambles in Ireland, 1912; Ireland a nation, 1919. D’athfhoilsigh an Rialtas Sealadach a aiste ‘If the Germans came to England’ in Irish War News Luan Cásca 1916 agus bhí an aiste chéanna á húsáid mar théacs sa Choláiste Míleata Ríoga i Sandhurst.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú