Is mar seo a chuir Art Ó Gríofa síos uirthi ina pháipéar Sinn Féin 12 Iúil 1913: ‘The most beautiful, the most patriotic and the most talented of Irish actresses’.

Ag 39 Sráid Charlemont, Baile Átha Cliath, a rugadh í (Mary Elizabeth Walker) 8 Bealtaine 1883. Clódóir ba ea a hathair Matthew Walker agus ba í Mary Anne Dogherty an mháthair. In 1901 bhí cónaí ar mhuintir Mhic Shiubhlaigh ag 56 An tSráid Ard, Cé na gCeannaithe, Baile Átha Cliath. Is iad a bhí ann oíche an Daonáirimh: Joseph Walker, clódóir, cló-eagraí agus oibritheoir línechló, a rugadh i gCeatharlach; a bhean Mary Anne, gúnadóir, a rugadh i mBaile Átha Cliath; Francis Joseph (19), clódóir; Mary Elizabeth (17), athchóiritheoir grianghrafanna; Charles Vincent (15) gruaigeadóir; Anna Teresa (11); Patricia (9). Cuireadh síos go raibh Gaeilge ag na daoine óga go léir. Siopa agus teach cónaithe ba ea an teach sa tSráid Ard agus bhí dhá theaghlach eile ina gcónaí ann. Faoi 1911 bhí deich dteaghlach ann ach bhí muintir Mhic Shiubhlaigh aistrithe amach as. Bhí cáil air mar theach mór cainte agus comhluadair fad a bhí siad ann. D’fhanadh Willie Fay (1872–1947) ar lóistín ann. Ba é a mhúin ceird na haisteoireachta do Mháire; ó Frank Fay a d’fhoghlaim sí an deaslabhra.

Chláraigh sí mar bhall d’Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge ar 21 Feabhra 1900 (An Claidheamh Soluis 3 Márta 1900). Deir Seán T. Ó Ceallaigh in Seán T.: scéal a bheatha á insint ag Seán T. Ó Ceallaigh (1963): ‘Chuir me aithne ar bhanaisteoir cáiliúil eile sa Chumann Liteartha [Ceilteach] agus ba í sin Máire Nic Shiúlaigh.... Sa tSráid Ard a bhí an oifig chlódóireachta ag Mac Siúlaigh agus is ansin a cuireadh i gcló go leor de bholscaireacht an I.R.B. agus lucht poblachtais’. Tuairim an ama chéanna a bunaíodh Inghinidhe na hÉireann, eagraíocht a bhí bainteach leis an gCumann Liteartha Ceilteach. San eagraíocht sin a thosaigh Máire ag aisteoireacht. Bhí an príomhról aici in Eilís agus an Bhean Déirce san Antient Concert Rooms 27 Lúnasa 1901. Ba é an chéad dráma Gaeilge é dár stáitsíodh i mBaile Átha Cliath. Bhí rólanna aici sa dá dhráma a chuir an Irish National Theatre Society ar siúl i Halla Naomh Treasa i Sráid Clarendon ar 2 Aibreán 1902, Deirdre le George Russell, agus Kathleen Ní Houlihan le W.B.Yeats. Tá a cuntas féin ar an ngluaiseacht nua drámaíochta in eagar ag a nia Ted Kenny in The Splendid Years (1955). Is inspéise go háirithe cuntas Mháire ar Riders to the Sea le J.M. Synge i Halla Molesworth agus ar an gcaoi ar aimsíodh caoineadh Árannach lena aghaidh: ‘It was not composed specially for the production; it was given to two of us in rather peculiar circumstances by an old peasant woman living in Dublin.... We never learned her name, but she shared a home with her married daughter in a decaying tenement off Gardiner Street.... The contrast between all this and the woman herself was startling; she was still dressed in the clothes of the Islands.... The old woman had no English. We spoke to her in Gaelic for a time. Then she sang the caoin, standing, looking across the bed towards the window, her eyes closed, her arms outstretched, her head thrown back, swaying backwards and forwards with the rise and fall of the music’. Tá ceol an chaointe mar a chóipeáil Herbert Hughes é ón amhránaíocht stáitse i gcló aici in The Splendid Years.

Bhí cúigear den chlann ag obair in Amharclann na Mainistreach nuair a osclaíodh í an tseachtain i ndiaidh Nollaig 1904: í féin agus a deartháir Proinsias ar an stáitse, agus an triúr eile ag cabhrú ar bhealaí éagsúla. Bhí an phríomhpháirt aici an chéad oíche in Kathleen Ní Houlihan le W.B.Yeats. Ag scríobh dó ar an gcéad léiriú sin dúirt an dialannaí Joseph Holloway: ‘... all present were enthralled by the weird beauty and intense pathos of Miss Nic Shiubhlaigh’s embodiment of Cathleen. Anything more strangely pathetic than her chanting as she leaves the cottage I have never heard.... Of all the Cathleens I have seen this is the true embodiment’ (Joseph Holloway’s Abbey Theatre, 1967 edited by Hogan and O’Neill). Gan amhras ba é a hainm an chéad ainm riamh i nGaeilge ar chlár de chuid na Mainistreach.

In 1905 shíl an chuid is mó de bhaill an National Theatre Society, Máire ina measc, go raibh cuid de na socraithe nua san amharclann in aghaidh bharrshamhailteacha náisiúnta an chumainn sin, ach go háirithe an cinneadh go gcaithfeadh na haisteoirí bheith gairmiúil. Is cosúil freisin go raibh teannas idir Máire agus na Fays. Scríobh Yeats chuig Synge, 28 Nollaig 1906: ‘Miss Walker’s various reasons for not rejoining us always in the end got down to Fay’s management’ (The Abbey Theatre: the years of Synge, 1978 edited by Hogan and Kilroy).

D’fhág sí an Mhainistir um Nollaig 1905 agus i lár na bliana dár gcionn bhí baint aici le bunú an chompántais amaitéirigh Cluicheoirí na hÉireann nó Theatre of Ireland. Bhí rólanna aici sna trí dhráma lenar thosaigh na Cluicheoirí ar 7 Nollaig 1906 i Halla Molesworth. Nuair a léiríodh DéirdreThomáis Uí Cheallaigh dúradh fúithi in An Claidheamh Soluis 14 Lúnasa 1909: ‘I gcúrsaibh an Ghaeldráma níl éinne is mó cáil ná Máire Nic Shiubhlaigh.... Tá de bhua ag Máire is í ar an ardán, nach é a croí féin atá inti ná a haigne féin ach croí agus aigne an té a bhíonn sí a léiriú agus san am céanna bíonn a guth go séiseach ceolmhar. Mar sin di ag léiriú Déirdre istoíche Dé Sathairn. Do thug sí Déirdre deorach os ár gcomhair go dtí go ndearna an uile dhuine brón léi. Ní heol duinn éinne eile a chleachtas léiritheoireacht Ghael a bhfuil dán is ealaí an dráma aige fé mar atá ag Máire Nic Shiubhlaigh’.

D’fhill sí ar an Mhainistir in 1910, bhí ar an turas go Meiriceá leo in 1911 ach d’fhag arís iad in 1912. Bhí ról aici in Dúirt sé dáirt sé leis an mBantiarna Gregory ag oscailt Choláiste Chonnacht sa Spidéal (ibid 22 Lúnasa 1914). Timpeall an ama sin bhí sí gafa le gluaiseacht na saoirse agus le Cumann na mBan, í an-ghníomhach sna ceolchoirmeacha agus na haeríochtanna a d’eagraíodh siad. Bhí cónaí uirthi i nGlas Tuathail ag an am agus an deaslabhra á theagasc aici. Bhí sí i gceannas ar na mná a chaith Seachtain na Cásca 1916 i monarcha Jacobs.

Ar 17 Feabhra 1919 bhí cúis dlí aici in aghaidh an Chigire George Love den DMP. Faoin Defence of the Realm Act bhí páipéir a dúirt sé a bhí ceannairceach ardaithe aige as siopa a bhí aici ag 6 Sráid Mhuire. Fritheadh gur ag an gCigire a bhí an ceart. Ach cibé gnó eile a bhí ar bun aici i Lúnasa na bliana sin bhí sí páirteach sa Mhainistir sa chéad léiriú gairmiúil de The Singer le Pádraig Mac Piarais. Ba í a stiúraigh The Firebringers le Móirín Ní Shionnaigh (feic faoi Chavasse) sa Mhainistir i mBealtaine 1920 agus a thóg ról Déirdre ann. ‘... the author was fortunate in having the golden voice of Máire Nic Shiubhlaigh to give full value to the passages of pure poetry that abound’, a dúirt léirmheastóir amháin (The Art of the Amateur 1916–1920, 1984 le Hogan agus Burnham).

Bhí sí pósta ar an Maor-Ghinearál Éamonn Price. In 1921 bhí seisean ina stiúrthóir eagraíochta ar fhoireann cheanncheathrú Arm na Poblachta. Bhí cónaí orthu san Inse i gContae na Mí. Bhí deirfiúr Éamoinn, Leslie, pósta ar Tom Barry (1897–1980). D’éag Máire ar 8 Meán Fómhair 1958. Tá a portráid le Jack B.Yeats ar crochadh i bhforhalla na Mainistreach.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú