I mBéal Átha Mó, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 21 Meán Fómhair 1881. Ball den Chonstáblacht Ríoga a athair James, ar chainteoir dúchais Gaeilge é ó Thiobraid Árann Theas. Bhí tamall de bhlianta caite ag James i gContae Chorcaí agus b’as an gcontae sin dá bhean Siobhán Galwey. Seisear buachaillí agus aon chailín amháin a bhí ag a thuismitheoirí agus ba é Éamonn an séú duine díobh, an dara duine ab óige. In 1883 aistríodh an t-athair go Baile Átha Fhirdhia agus d’fhreastail Éamonn ar Scoil Náisiúnta De La Salle ansiúd. Tar éis cúig bliana sa bhaile sin d’aistrigh siad go Droichead Átha agus is i Scoil na mBráithre Críostaí ansiúd a bhí Éamonn. D’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath tuairim 1891 agus d’fhreastail Éamonn ar Scoil Uí Chonaill. Fuair sé post cléirigh i mBardas Bhaile Átha Cliath. Bhí cónaí ar an gclann ag 22 Ascaill Fionnradhairc, Cluain Tarbh, nuair a bhí Daonáireamh 1901 ar siúl. Liostaithe tá: James, ardchonstábla ar scor, baintreach (54); Ellen (26) a rugadh i gCorcaigh; James C. (25), gníomhaire tithe a rugadh i nGaillimh; Michael (22), clóscríobhaí a rugadh i nGaillimh; Edward Thomas (19), cléireach sa Bhardas; Richard (17), dalta scoile. Bhí Gaeilge acu go léir. Bhí deartháir eile leis, William, sna Royal Dublin Fusiliers agus d’éag sa Fhrainc in 1917. Thuairiscigh An Claidheamh Soluis 23 Márta 1912 bás an athar.

Dúirt a bhean Áine an méid seo in An Camán 28 Aibreán 1934: ‘In 1898 he marched in the centenary processions held in commemoration of the ’98 rebellion and the following St Patrick’s Day he purchased a copy of O’Growney’s book and spent the evening poring over it. He had a great taste for languages, during his schooldays spending many an afternoon at the port talking to the French, Belgian and German sailors. He spoke French, German and Irish with a very pure accent’.

Chláraigh sé mar bhall de Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge 13 Meán Fómhair 1899. Toisc gurbh é an chéad chruinniú den chraobh é i ndiaidh léacht an Athar Yorke bhí scata an-mhór, D.P.Moran ina measc, ag clárú an oíche sin. Níorbh fhada go raibh sé féin ag múineadh ranga. Bhí Seán T. Ó Ceallaigh sa rang sin. Fuair sé an chéad duais sa chomórtas ‘An taispeántas is fearr i modh múinteoireachta’ ag Oireachtas 1906. De réir An Claidheamh Soluis 10 Samhain 1906 bhí rang idirmheánach tosaithe aige i gColáiste Laighean. Toghadh é ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha i 1909. Phós sé duine dá scoláirí, Áine Ní Bhraonáin, i 1907. I nGaeilge a bhí an searmanas agus is boinn airgid de chuid na Fraince a úsáideadh. Tá iontráil in DIB faoi Áine. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 21 Nollaig 1907 gur bhain deacracht le breith a mic Rónán a chlárú i nGaeilge.

Píobaire ba ea é agus bhí sé ina rúnaí ag Cumann na bPíobairí i dtús an chéid. Nuair is i mBéarla a scríobhtaí miontuairiscí Choiste Gnó an Chonartha d’fhéach sé chuige gur i nGaeilge a bheadh miontuairiscí na bpíobairí. Tá cur síos ag Seán T. Ó Ceallaigh ar a dhealramh agus é ag seinm i láthair an Phápa Pius X, i bhfómhar 1908: ‘Shiúil Ceannt go tapaidh i modh máirseála os comhair chathaoir an Phápa, sheinn sé cúpla port eile agus ansin amach leis, agus gáir gháróideach molta á tógáil againn go léir. B’ait an chulaith a chaith sé ar an ócáid sin. Ní filleadh beag a bhí ann ach seaicéad fada uaithne agus triús a raibh ribín buí á thrasnáladh go teann suas go dtí a ghlúine ar nós máirtíní nó strácaí lorga’ (Seán T., 1963).

Faoi 1908 bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus ba ghairid go raibh sé ina bhall de Chomhairle Náisiúnta an pháirtí. Bhí sé ar dhuine díobh sin is mó a bhí ag cur in aghaidh chuairt Sheoirse V i 1911. Ag cruinniú (Pádraig Mac Piarais ina chathaoirleach) in Óstán Mhuigh Ráth, Baile Átha Cliath, ar 2 Aibreán 1912, a tionóladh d’aonturas chun cumann de Ghaeilgeoirí a bhunú d’fhonn cúnamh a thabhairt chun saoirse na hÉireann a bhaint amach, ba é Ceannt a mhol an rún ‘go gcuirtear cumann ar bun darbh rún a chúnamh a thabhairt chun saoirse Gael a bhaint amach.’ Éamon Cuirtéis amháin a bhí ina aghaidh (i gcló in Barr Buadh 12 Aibreán 1912 – athchló ar an tuairisc in Feasta, Feabhra 1978). Thug Seán Mac Diarmada isteach i mBráithreachas na Poblachta é i 1913. Ba dhuine de bhunaitheoirí na nÓglach é agus bhí ina chaptaen ar Chomplacht A den 4ú Cathlán nuair a bhí na gunnaí á dtabhairt i dtír i mBinn Éadair agus i gCill Chomhghaill. Ceapadh é ina bhall de Ardchomhairle an Bhráithreachais i 1915. Cé gur chreid sé nárbh fholáir cúis na teanga a tharraingt isteach sa pholaitíocht ba é, in éineacht leis an Rathghailleach, a mhol i 1913 go n-atoghfaí Dubhghlas de hÍde.

Bhí sé ar dhuine den seachtar a shínigh forógra Phoblacht na hÉireann agus bhí i gceannas sa South Dublin Union san Éirí Amach. Cuireadh chun báis é ar 8 Bealtaine. Tá cuntas ag Martin Shannon ar a pháirt san Éirí Amach in Sixteen roads to Golgotha. Scríobh Seán Ó Lúing cuntas breá ar a shaol in Comhar, Iúil 1966. Bhí Stiofán Mac Enna cairdiúil leis agus faoin ainm pinn ‘Martin Daly’ d’fhág sé pictiúr beo againn de Cheannt in Memories of the Dead. Foilsíodh Supreme Sacrifice: the story of Éamonn Ceannt 1881-1916, 2005 le William Henry.

Scríobh sé aistí in An Barr Buadh, An Claidheamh Soluis, The Irish Nation, Sinn Féin, Volunteer Gazette, Spark..., cuid mhaith díobh i nGaeilge. Ba é a scríobh an t-amhrán ‘Ireland first and Ireland last’.

D’éag a bhean ar 2 Feabhra 1954. Breitheamh sna cúirteanna poblachtacha ba ea í. Bhí sí ina leasuachtarán ar Chumann na mBan agus mar rúnaí ag Cumann Éireannach na Croise Báine. Scríobh sí The story of the Irish White Cross 1920–1947.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú