MAC PIARAIS, Pádraig (1879–1916)

Is é is cáiliúla dár oibrigh ar son na teanga ó 1876. Na fáthanna is mó leis sin gan amhras an ról a bhí aige in Éirí Amach 1916 agus gurbh é príomh-mhairtíreach a linne é. Ach thuill sé cáil freisin mar shoiscéalaí, mar oideachasóir, agus mar scríbhneoir agus file. Ní hionadh gur geall le leabharlann bheag ar foilsíodh ina thaobh ó 1917 i leith. Scríobh Ruth Dudley Edwards, Patrick Pearse: the triumph of failure (1977), beathaisnéis chonspóideach. Desmond Ryan, a chara agus a dhalta, ba thúisce a scríobh leabhar faoi, The man called Pearse (1919). Beathaisnéisí eile is ea: Patrick H. Pearse (1932) le Louis N. Le Roux, a d’aistrigh Desmond Ryan ón bhFraincis: Pádraig Mac Piarais (1938), le Séamus Ó Searcaigh; Pádraic Pearse, a new biography (1966) le Hedley McCay; P.H. Pearse (1973) le Raymond J. Porter. Bunfhoinse eolais is ea The letters of P.H. Pearse (1980) in eagar ag Séamas Ó Buachalla. An Dr Ó Buachalla is údarásaí a chuireann síos ar an bPiarsach mar oideachasóir agus ba é a chuir eagar ar A significant Irish educationalist: the educational writings of P.H. Pearse (1980) agus a chuir amach in 1979: The literary writings of P.H.Pearse, Scríbhinní liteartha an Phiarsaigh, agus Pádraig Mac Piarais agus Éire lena linn, beathaisnéis phictiúrtha. Leabhair a bhaineann lena shaothar ar son an Chonartha is ea: An Piarsach óg agus Conradh na Gaeilge (1975), aiste le Frank O’Brien; An Piarsach agus Conradh na Gaeilge (1981) le Donncha Ó Súilleabháin. Foilsíodh scríbhinní an Phiarsaigh in Collected works of Pádraic H. Pearse (1917–22). Tá leabharliosta cuimsitheach an Phiarsaigh ag Raymond J. Porter agus liostaíonn Ruth Dudley Edwards na cuimhní cinn a scríobh a ghaolta, a chairde agus a chomhghleacaithe, chomh maith le liosta d’ábhair neamhfhoilsithe ar nós blúire dírbheathaisnéise. In Ó pheann an Phiarsaigh [g.d.] tá cuid dá raibh i gcló aige in An Claidheamh Soluis. Chuir Ciarán Ó Coigligh eagar ar Filíocht Ghaeilge Phádraig Mhic Phiarais (1981). Tá dánta sa dá theanga in Selected poems, Rogha dánta (1993) agus tá ann freisin aistí léirmheastóireachta le Eugene McCabe agus Michael Davitt. Is é breithiúnas Davitt gurbh é an Piarsach fíor-cheannródaí nuafhilíocht na Gaeilge. In dhá alt in Comhar, Bealtaine agus Meán Fómhair 1962, áitíonn Flann Mac an tSaoir gur beag an tionchar a bhí aige ar scríbhneoireacht na Gaeilge ina dhiaidh. Foilsíodh An ród seo romham: saol agus saothar Phádraic Mhic Phiarais (2007) le Liam Mac Uistín agus Pádraic Mac Piarais: saol agus oidhreacht (2009) in eagar ag Roisín Higgins agus Regina Uí Chollatáin. Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Cathal Ó Háinle agus Regina Uí Chollatáin ina n-aíonna aige agus cuireadh leagan de i gcló in Scríbhneoirí faoi chaibidil (2010) in eagar ag Titley. Maidir lena chéad ainm, ‘Pádraig’ nó ‘Pádraic’, áitíonn Eoin C. Bairéad gurbh é ‘Pádraic’ a bhíodh in úsáid ag an bPiarsach féin (‘What was Pearse’s first name?’, Dublin Historical Record, Fómhar/Geimhreadh, 2014). Tugtar faoi deara gur 'Pádraic Mac Piarais' atá ar fhoirm an daonáirimh a líon an Piarsach féin amach in 1911.

Rugadh é ar 10 Samháin 1879 ag 27 Sráid an Phiarsaigh (Sráid Mhór Brunswick), Baile Átha Cliath. Ba é James Pearse (1839–1900), dealbhóir leachtanna ó Shasana, a athair agus ba í Margaret Brady (1857–1932) a mháthair. Phós siadsan in 1877. Bhí James iompaithe ina Chaitliceach Rómhánach—bhí sé pósta roimhe sin ar Emily Susanna Fox. Bhí leasdeirfiúr (Mary Emily a phós Alfred Mac Lochlainn) agus leasdeartháir ag an bPiarsach s’againne dá bharr sin. Ba iad an dara clann: Margaret (1878–1968), Willie (1881–1916) agus Mary Brigid (1884–1947). D’aistrigh an chlann go Dumhach Thrá nuair a bhí an Piarsach cúig bliana d’aois.

Chaith sé ceithre bliana i mbunscoil phríobháideach sula ndeachaigh sé go dtí na Bráithre Críostaí i Sraith an Iarthair. Deirtear gur thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge in 1893. Tuairimítear freisin go bhfreastalaíodh sé ar rang Phádraig Uí Laoghaire i seomraí an Chonartha i Sráid an Dáma. Fuair sé an dara háit is airde in Éirinn sa scrúdú idirmheánach sinsearach. Seosamh Ó Néill a bhí sa chéad áit. Leabhar a ghnóthaigh sé mar dhuais ar scoil, For the tongue of the Gael (1896) le Tomás Ó Flannghaile, chuaigh sé i gcion go mór air. Fostaíodh é mar theagascóir Gaeilge i Sraith an Iarthair.

Cláraíodh é mar bhall den Chonradh ar 2 Deireadh Fómhair 1896, Seosamh Laoide ag moladh a bhallraíochta agus Eoin Mac Néill ag cuidiú leis. Bhunaigh sé féin agus a chomrádaí Éamonn Ó Néill (1876–1946) an New Ireland Literary Society an bhliain chéanna sin. Na léachtaí a thug sé do bhaill an chumainn sin foilsíodh iad in earrach 1898 faoin teideal Three lectures on Gaelic topics. Comhthoghadh é ina bhall de Ard-Choiste an Chonartha an bhliain sin. Bhí sé ina ionadaí chuig an Eisteddfod agus Mod na hAlban an bhliain dár gcionn agus toghadh é ina bhall de Choiste an Oireachtais. D’iarr Coláiste na hOllscoile air rang Gaeilge do mhic léinn, a raibh James Joyce ina measc, a stiúradh.

Cheap an Conradh é ina rúnaí oinigh ar Choiste na bhFoilseachán (Coiste na gClónna) 26 Meitheamh 1900. ‘Ní aon áibhéil é saothar Choiste na gClónna a áireamh ar mhóréachtaí cine Gael’ (Williams agus Ní Mhuiríosa, Traidisiún liteartha na nGael, 1979). Nuair a cuireadh an Coiste Oideachais ar bun 3 Meitheamh 1902 toghadh é ina bhall.

Ón am a d’éag James Pearse i Meán Fómhair 1900 ba iad Pádraig agus Willie a bhí i mbun gnó dealbhóireachta na clainne. Ar feadh dhá bhliain bhí sé ag staidéar go príobháideach agus chaith cuid den tríú bliain ag freastal ar léachtaí i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath gur bhain BA le honóracha den dara grád (Béarla, Gaeilge agus Fraincis) amach de thoradh scrúdaithe Mheitheamh 1901. Glaodh chun an bharra é an bhliain chéanna. Tá cur síos ag Seán Mac Mathúna in ‘Dhá chás dlí an Phiarsaigh agus feachtas na gcairteacha’ (Feasta, Samhain 1979 eagrán speisialta) ar an dá chás dlí a bhí aige. Ba iad Niall Mac Giolla Bhríde in 1905 agus Domhnall Ó Buachalla in 1908 na cosantóirí sa dá chás.

In éineacht le Pádraig Mac Suibhne, Liam P. Ó Riain agus Seán Ó Ceallaigh (‘Sceilg’) chuir sé isteach ar phost eagarthóir An Claidheamh Soluis in 1903. D’éirigh lena fheachtas canbhasála. Fuair sé 19 vóta i gcoinne trí don Mhac Suibhne agus ceithre cinn don Cheallach. Is don Suibhneach a thug Ó hIceadha agus de hÍde a vótaí. Dúradh in Banba, Aibreán 1903: ‘Mr Pearse, an utterly untried man but the nominee presumably of George A. Moonan, Esq. , secured the sweeping aggregate of 19 votes’. Ba é a cheapachán an phríomhchúis, b’fhéidir, ar fhág Ó hIceadha a phost leasuachtaráin sa Chonradh.

Chuaigh an Piarsach i mbun dualgais a phoist nua ar 10 Márta 1903. Ó 1898 amach bhí aistí agus scéalta i gcló aige in Fáinne an Lae, Irisleabhar na Gaedhilge, St Stephen's, An Claidheamh Soluis.....Chuir sé féin agus Tadhg Ó Donnchadha eagar ar An tAithriseoir, dhá chuid (1900–02). Chuir sé eagar ar Bodach an chóta lachtna (1906) agus ar Bruidhean chaorthainn (1908). Faoin ainm cleite ‘Colm Ó Conaire’ foilsíodh a leabhar eachtraíochta do bhuachaillí, Poll an phíobaire in 1906, rud a thug deis do Phádraig Ó Duinnín a shearbhas díoltasach a agairt air.

Thosaigh sé ag scríobh gearrscéalta liteartha in 1905. Deir Aisling Ní Dhonnchadha gur ag soláthar samplaí a bhí sé sna hiarrachtaí tosaigh seo (An gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940, 1981): ‘Bhí bearna á líonadh aige. Bhí teoiric á cruthú aige’. Tháinig an chéad chnuasach amach in 1907, Íosagán agus sgéalta eile agus an dara ceann in 1916, An mháthair agus sgéalta eile. Chuir Cathal Ó Háinle eagar ar na scéalta seo in Gearrscéalta an Phiarsaigh (1979). Áirítear Pádraic Ó Conaire mar oidhre liteartha aige. Nocht Máirtin Ó Cadhain an tuairim seo i n1950: ‘Níl, dar liom, gaisce mhór ar bith déanta i litríocht Ghaeilge na linne seo.... Ach bhí go dearfa triúr againn Pádraic Ó Conaire, An Piarsach, agus Seosamh Mac Grianna a chomhairfí ina bhfíorscríbhneoirí de réir modh measta ar bith’ (‘Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?’ in Ó Cadhain i bhFeasta, 1990 in eagar ag Seán Ó Laighin). Dhéanadh an Piarsach léirmheastóireacht ar dhrámaí Gaeilge agus bhí tuairimí aige i dtaobh fhorbairt na drámaíochta. Scríobh sé drámaí i gcomhair bhuachaillí Scoil Éanna: Macghníomhartha Chúchulainn; Páischluiche; An rí; Íosagán. Drámaí eile dá chuid is ea: Eoin, The master, The singer.

D’oscail sé Scoil Éanna, ardscoil dhátheangach i gcomhair buachaillí, ar 8 Meán Fómhair 1908 i dTeach Feá Cuilinn, Raghnallach. Rinne sé iarracht ar éirí as eagarthóireacht An Claidheamh Soluis 20 Meitheamh 1908 chun iomlán a ama a chaitheamh leis an gcúram nua ach iarradh air fanacht sa phost. Ghlac sé saoire ráithe agus mar gheall ar an gcath faoin nGaeilge in Ollscoil na hÉireann a bheith faoi lánseol níor éirigh sé as an eagarthóireacht go dtí Deireadh Fómhair 1909. Ag Donncha Ó Súilleabháin atá an cuntas is cuimsithí ar a pháirt sa chath sin. Comhthoghadh é ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha nuair a d’fhág sé slán leis An Claidheamh Soluis. Níor ghlac sé le hainmniúchán don choiste in 1912–13.

Bhain deacrachtaí airgid le gnó mheánscoileanna na linne sin. Anuas air sin thit líon na mac léinn i Scoil Éanna nuair a aistríodh í go dtí Ráth Fearnáin in 1910. Bhunaigh sé Scoil Íde do chailíní an bhliain chéanna. Chaith sé trí mhí (8 Feabhra-7 Bealtaine 1914) ag bailiú tuairim £1,000 sna Stáit Aontaithe. Bhí Scoil Éanna ar na turgnaimh oideachais ba mhó in Éirinn riamh. Chuir Desmond Ryan eagar ar chuntas an Phiarsaigh féin, The story of a success (1918).

Chuir sé An Macaomh amach mar iris scoile idir 1909 agus 1913. Bhunaigh sé An Barr Buadh, seachtanán polaitiúil, 16 Márta 1912 agus thosaigh ag scríobh in Irish Freedom in Aibreán 1913 agus is ann a foilsíodh an tsraith ‘From a Hermitage’ a chéaduair.

Ag cruinniú (P. Mac Piarais ina chathaoirleach) in Óstán Mhaigh Ráth, BÁC, 2 Aibreán 1912 chun cumann de Ghaeilgeoirí a bhunú chun cúnamh a thabhairt chun saoirse na hÉireann a bhaint amach ba é Éamonn Ceannt a mhol an rún ‘go gcuirtear cumann ar bun darbh rún a chúnamh a thabhairt chun saoirse Gael a bhaint amach.’ Éamonn Cuirtéis amháin a bhí ina aghaidh (i gcló in An Barr Buadh 12 Aibreán 1912 – athchló ar an tuairisc in Feasta, Feabhra 1978). Ag an gcruinniú sin freisin bhí: Micheál Ó Rathghaille, Stiofán Mac Enna, Brian Ó hUiginn, Tomás Mac Domhnaill, Seoirse agus Anraí Mac Niocaill, agus Seán Mac Giollarnáth.

Bhí an Piarsach ar dhuine de na cainteoirí ag cruinniú tionscnaimh na nÓglach 25 Samhain 1913 agus is cosúil gur cheangail sé le Bráithreathas na Poblachta laistigh de mhí ina dhiaidh sin. Nuair a tharla an scoilt leis na Réamonnaigh sna hÓglaigh ceapadh é ina Stiúrthóir ar Eagrúchán Míleata. In 1914 d’fhoilsigh sé an paimfléad How does she stand?, óráidí a thug sé i dtaobh Emmet agus Tone. Ar 1 Lúnasa 1915 thug sé ceann de mhóróráidí stairíúla a linne os cionn uaigh Uí Dhonnabháin Rosa. Faoi Mheán Fómhair bhí sé ina bhall d’Ard-Chomhairle an Bhráithreachais. Bhí sé ina bhall den Chomhairle Mhíleata a rinne Éirí Amach 1916 a phleanáil. Scríobh sé ceithre cinn de phaimfléid sna míonna tosaigh de 1916: Ghosts; The separatist idea; The spiritual nation agus bhí The murder machine réitithe aige le haghaidh a fhoilsithe.

Mar Chathaoirleach ar Rialtas Sealadach na Poblachta ba é a léigh Forógra na Saoirse ag Ardoifig an Phoist Luan Cásca. Ba é Ard-Cheannasaí Arm na Poblachta é agus cuireadh chun báis é ar 3 Bealtaine 1916.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú