‘I mbliain chomórtha an Phiarsaigh ní miste a mheabhrú gurb é an Corcorach an t-intleachtóir ba chumasaí díobh siúd ar fad a chreid i bhfís fhorógra na Cásca agus a thug bonn agus seasamh d’aisling an Chraoibhín agus Chonradh na Gaeilge. . . . Thug sé aghaidh ar cheisteanna móra cultúrtha—litríocht agus náisiúnachas, an Ghaeilge sa stát nua, an Renaissance i leith na haigne Clasaicí—agus thug breith oscailte mhisniúil de bharr a chumas éirime agus an iontaoibh intleachtúil a bhí aige as féin’, a dúirt Seán Ó Mórdha sa réamhrá a chuir sé le Scríobh 4, 1979 a foilsíodh in ómós don Chorcorach. Tá aistí ann faoi ghnéithe den Chorcorach ag Gearóid Ó Tuathaigh, Declan Kiberd, Seán Ó Tuama, Breandán Ó Buachalla agus Colbert Kearney. Tá aistí eile ar a shaol agus a shaothar ag Seán Ó Tuama in Studia Hibernica 5, 1965, agus in Repossessions: selected essays on the Irish literary heritage (1995), in UCC Record 40, 1965 ag Riobárd Breatnach, agus in Capuchin Annual, 1967. Leabhair a bhaineann lena shaol agus a shaothar is ea Daniel Corkery (1973) le George Brandon Saul, agus ‘Life that is Exile’: Daniel Corkery and the search for Irish Ireland (1993) le Patrick Maume.

An 14 Feabhra 1878 a rugadh é ag 1 Cnoc Ghairdinéir, Corcaigh. Siúinéirí ba ea muintir Chorcora le ceithre nó cúig ghlún anuas. D’éag a athair William Corkery in 1883. Ba í Mary Barron ó Phort Láirge, iníon le captaen loinge a cailleadh ar muir, a mháthair. Cúigear clainne a bhí acu ach fuair duine díobh bás ina naíonán; deirfiúr agus beirt deartháireacha ba ea an chlann a mhair. D’fhág máchail chnámh go raibh cos chlé Dhomhnaill gairid: ar feadh a shaoil bhí air bata siúil a úsáid agus buatais mháinliach a chaitheamh. Buachaill aonaránach ba ea é. Bhí stad ann agus d’éirigh leis é a leigheas. Bhí sé ar scoil ag Bráithre na Toirbhirte agus d’éirigh leis a bheith ina mhonatóir. Cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, in 1908 agus bhí ag múineadh i scoileanna náisiúnta i gcathair Chorcaí. In 1913 fuair sé post i Scoil Naomh Pádraig agus i measc na ndaltaí ansin aige bhí Frank O’Connor, scríbhneoir, agus Séamus Murphy, dealbhóir. Faoi thionchar The Leader in 1901 a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge, agus is sa pháipéar sin, faoin ainm ‘Lee’, ar 14 Meán Fómhair 1901 a bhí an chéad aiste i gcló aige. Deirtear freisin nár chuala sé focal Gaeilge á labhairt go dtí 1902 nuair a chuala sé seanbhean ó Mhaigh Chromtha ag Taispeántas Idirnáisiúnta Chorcaí agus gurbh í an teagmháil sin a rinne díograiseoir Gaeilge de. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 29 Iúil 1905 go raibh ‘Domhnall Corcaireach’ ina theachta ag Ard-Fheis an Chonartha ó Chraobh Naomh Fionnbharra i gCorcaigh. Sa réamhrá pearsanta atá ag Breandán Ó Buachalla lena aiste in Scríobh 4 deir sé: ‘B’ionadh liom a thanaíocht agus a mhíbhlastacht a bhí an Ghaeilge aige...’. Bhí sé ina bhall de Chraobh an Pharóiste Theas de Chonradh na Gaeilge agus chaith sé tamall fada ina rúnaí acu agus mar ionadaí na craoibhe ar an gCoiste Ceantair. Sheinneadh sé an dordveidhil le ceolfhoireann Chraobh na Linne Duibhe. Bhíodh sé ag teagasc Gaeilge i gcomhair scrúduithe Chomhaltas Dhonnchadh Pléimionn. Tuairiscíodh in Sinn Féin 25 Iúil 1908 go bhfuair ochtar ar a laghad dá mhic léinn pas sna scrúduithe. Sa pháipéar céanna 8 Bealtaine 1909 dúradh go bhfuair sé féin onóracha i ngrád ‘Halla na Léitheoirí’ sa Chomhaltas agus gurbh é Micheál Ó Luasa a mhúinteoir. Bhunaigh sé féin, Traolach Mac Suibhne agus dream beag eile an Dún Theatre (Cork Dramatic Society) 1 Samhain 1908. Ba í aidhm an chumainn sin an Ghaeilge a chur in áit an Bhéarla mar theanga na drámaíochta. In 1909 thug sé a chéad chuairt ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh mar ar casadh air Piaras Béaslaí. Deir sé gurbh é Piaras a thug isteach ar fhilíocht na Gaeilge é; go dtí sin mheas sé gurbh é Tom Moore ardfhile na hÉireann (Inniu 8 Eanáir 1965). Tá na tuiscintí a bhí aige i dtaobh filíocht na Gaeilge nochta aige san aiste ‘Filidheacht na Gaeilge—a cinéal’ in Éigse na Máighe . . . (1952) in eagar ag Risteárd Ó Foghludha. Luaitear go minic freisin a shraith aistí ‘Smaointe Fánacha ar an bhfilíocht’ in Feasta, Eanáir-Meán Fómhair 1954. Bhuaigh a aiste léirmheasa ‘La Pléiade’ duais ag Oireachtas 1919 agus foilsíodh in Gaethe gréine é. Bhíodh ábhar Gaeilge aige in Misneach, Fáinne an Lae, An Branar, Éarna, Fr Mathew Record, Humanitas, Éire, Feasta.

D’éirigh sé as a phost i Scoil Naomh Pádraig in 1921: níor ceapadh ina phríomhoide é agus bhí ráfla ag dul timpeall gurbh i ngeall ar a pholaitíocht nach bhfuair sé an post. Ón am sin ar aghaidh bhí sé ag teagasc ealaíne, adhmadóireachta agus Gaeilge faoi Choiste Teagaisc Teicniúil Chontae Chorcaí. Siúinéir maith amaitéarach ba ea é agus bhí freastal déanta aige ar ranganna oíche i Scoil Ealaíne Crawford. Ag an am seo bhí cúram a máthar air féin agus ar a dheirfiúr Máire. D’éag sí in 1923. As sin amach bheadh Máire i bhfeighil an tí aige. Deir Seán Ó Ciosáin in Is ait an mac an saol (1973) gur tugadh post riaracháin dó nuair a thit na ranganna ealaíne ar lár. Deir Maume gurbh é an ceapachán a fuair sé ar 25 Eanáir 1923 ná cúntóir cléireachais ag cigire Gaeilge Chontae Chorcaí. Ceapadh é féin ina chigire faoin gCoiste in 1925. An bhliain sin a toghadh é ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus a thug sé fianaise os comhair Choimisiún na Gaeltachta (Fáinne an Lae 13 Meitheamh 1925)

Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Rinne sé iarracht an dá thaobh a thabhairt le chéile. In Poblacht na hÉireann in 1922 chaith sé anuas ar an socrú a rinneadh leis an mBreatain. D’fhanfadh sé dílis d’Fhianna Fáil ar feadh a shaoil. Minic go leor measctar é le Daniel Corkery, ceannaire na nÓglach ó Mhaigh Chromtha, a bhí ina TD sna 1920idí agus sna 1930idí (féach mar shamplaí The Magill book of Irish politics..., 1981 le Vincent Browne agus go pointe áirithe an iontráil in A dictionary of Irish history, 1980 le D.J. Hickey agus J.E. Doherty). Bhí Domhnall s’againne ina bhall den Seanad 1951-54.

Faoi 1931 bhí scata de leabhair thábhachtacha scríofa aige: A Munster twilight (1916) (gearrscéalta); The threshold of quiet (1917) (úrscéal); The hounds of Banba (1920) (gearrscéalta); The hidden Ireland (1924); The stormy hills (1929). Léiríodh na drámaí: The Labour leader in 1919 agus The yellow bittern in 1920; Resurrection in 1924. I gcomhar le Séamus Ó hAodha, a raibh gaol cleamhnais aige leis, scríobh sé dráma míorúilteach An clochar a léirigh scoláirí Scoil Chlochar na Trócaire ag Oireachtas 1919 i gCorcaigh. Bhí sé ina bhall de Choiste Chumann na Scríbhneoirí (Misneach 25 Feabhra 1922). In 1927 bhunaigh sé taispeántas bliantúil i gCorcaigh faoi scáth Chumann Ealaíne na Mumhan. In 1929 tugadh MA dó de bharr tráchtais ar John Millington Synge, a mbunódh sé Synge and Anglo-Irish Literature (1931) air. An bhliain chéanna sin bhí sé ina ardollamh ar chúrsa faoi choimirce Chumann na Múinteoirí Gaeilge.

In 1929 bhí William Stockley ag éirí as ollúnacht an Bhéarla i gColáiste Ollscoile Chorcaí agus theastaigh uaidh gurbh é an Corcorach a cheapfaí ina áit. Ní raibh bunchéim ollscoile aige. ‘His method of setting out his achievements, lectures, publications and experience as a teacher of adults tended to blur his deficiencies’, a deir Maurice Harmon faoina iarratas in Seán Ó Faoláin (1994). Ba é an Faolánach an t-iarrthóir ba cháilithe ó thaobh na hacadúlachta de ach ba é an Corcorach a ceapadh 18 Lúnasa 1931. Chuaigh sé ar pinsean i mBealtaine 1947. Bronnadh D.Litt. air in Iúil 1948. Tairgeadh ballraíocht in The Irish Academy of Letters dó ach d’eitigh sé é: shíl sé go ndearna siad faillí i scríbhneoirí na Gaeilge. Leabhair a foilsíodh i ndiaidh 1931 is ea: Earth out of earth (1939); An doras dúnta (1953). Léiríodh a dhráma Fohnam the Sculptor sa Mhainistir in 1939.

Bhain conspóid riamh lena shaothar staire agus léirmheastóireachta. Lochtaigh an tOllamh Louis Cullen The hidden Ireland san aiste ‘The Hidden Ireland: A concept re-assessed’ (Studia Hibernica 9, 1969). Géilleann Gearóid Ó Tuathaigh in Scríobh 4 go bhfuil lochtanna go leor ar an leabhar ach deir: ‘Ach ina dhiaidh sin is uile, is leabhar bunúsach an Hidden Ireland d’éinne ar spéis leis stair chultúrtha na hÉireann . . . . Dhein Ó Corcora deimhin de . . . go bhfaigheadh fear caillte na himeartha in Éirinn an 17ú agus an 18ú haois cead cainte i ndáil na staire. Ba dhúshlán a shaothar nuair a foilsíodh ar dtús é; agus is dúshlán fós é’. Deir Ó Tuama in Repossessions: ‘Corkery’s greatest literary achievement in The Hidden Ireland, however, is not, in my view, his appraisal of the work of the different poets. It is rather his formulation of the critical viewpoint that the nature of Irish language poetry—its conventions, its diction, its values—is quite different to that of the nature of the central tradition of English poetry’. Ba é an locht a fuair Ultaigh air, Seosamh Mac Grianna go háirithe, gur leabhar é a chuir le forlámhas na Muimhneach. I dtaobh The fortunes of the Irish language scríobh Breandán Ó Buachalla: ‘Leabhar deabhóideach caithréimeach do na fíréin é agus ní aon chomaoin ar a pheann ná ar a aigne é’ (Scríobh 4 ). Shíl agus síleann roinnt léirmheastóirí gurbh é bunteoiric Synge and Anglo-Irish literature ‘nárbh fhéidir le héinne ach le náisiúnaí Caitliceach litríocht fhíor-Éireannach a chumadh’ (Kiberd in Scríobh 4 ) agus ba ghráin leo an teoiric sin. Ach is dóigh le Seán Ó Tuama sa bhliainiris chéanna gur dearnadh éagóir ar an leabhar ‘de bharr na chéad chaibidle fealsúnta úd’ agus ‘gur beag nach ndéantar faillí i ngach cuid eile dá leabhar ar Synge’. Eachtra chonspóideach eile ina shaol ba ea an comhfhreagras le Pádraig de Brún in Humanitas ó Mhárta 1930 amach. Thug sé faoin bhfiontar a bhí an sagart a thionscnamh chun go mbeadh anáil chlasaicí na sean-Eorpa ar litríocht na Gaeilge. Áitíonn Máire Mhac an tSaoi in Léachtaí Cholm Cille XXIII, 1993 go ndearna an chonspóid dochar don fhiontar agus do chúis na Gaeilge. Tá léacht a thug sé os comhair Chumann Gaelach na Státseirbhíse, ‘Litríocht nua-aimseartha á soláthar’, i gcló in Éire, bliainiris Gael, 1940.

Ghin a chaidreamh le Frank O’Connor agus le Seán Ó Faoláin le linn a n-óige seirbhe ina leith sna scríbhneoirí sin. Ach fad a mhair sé ba é an scríbhneoir Béarla é is mó a raibh meas ag lucht ghluaiseacht na Gaeilge air. Deir Philip O’Leary in The prose literature of the Gaelic revival, 1881-1921: ideology and innovation (1994): ‘Corkery himself was, by the way, the Irish writer of English most respected by the Gaels in this period, perhaps due more to his wholehearted commitment to the cause and to his active literary bilingualism than to the undeniable quality of his work in English’.

Glacadh leis gurbh é fealsamh Chonradh na Gaeilge é. Thug sé Léacht an Oireachtais ag an gcéad fhéile athbhunaithe in 1939 ar ‘An Stát agus an Duine in Athbheochan na Gaeilge’. D’fhoilsigh an Conradh a phaimfléad ‘What’s this about the Gaelic League?’, 1942 (athchlónna in 1956 agus 1967). Bhí an aiste ‘The Philosophy of the Gaelic League’ aige in Connradh na Gaeilge: Leabhar cuimhne 1893—1943. Dúirt Micheál Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha 1959-65: ‘Ní raibh éinne eile, ó thosach blianta na haiséirí, ach an Piarsach amháin, ar tháinig oiread daoine faoina anáil .... Chuir sé i bhfriotal an rud a bhí go domhain i gcroí gach duine againn ach nár éirigh linn go minic é a chur i bhfocail .... B’é príomhfhealsamh agus smaointeoir Ghluaiseacht na Gaeilge é’ (Inniu 15 Eanáir 1965).

Bhíodh a phictiúir i dTaispeántas Ealaíne an Oireachtais agus ceapadh ina bhall é den Chomhairle Ealaíne 1952-56 ach níor fhreastail ach ar bheagán de na cruinnithe. Bhí sé dall nach mór faoin am a d’éag sé 31 Nollaig 1964 sa Phasáiste, Co. Chorcaí, agus tá sé curtha i Reilig Naomh Seosamh i bparóiste an Locha, Corcaigh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú