Ba é príomhbhunaitheoir Dhámhscoil Mhúscraí é agus ba é an duine ba mhó lena linn é, b’fhéidir, a choimeád an Ghaeilge in uachtar i gCúil Aodha. ‘Ach is baolach ná beadh Cúil Aodha chomh mór chun tosaigh i gcúrsaí Gaeilge le tamall anuas dá fheabhas iad muintir an bhaill muna mbeadh go raibh sé de rath orthu gur seoladh Dónall Ó. Ceocháin chucu mar mhúinteoir Gaeilge roinnt blianta ó shin’, a dúirt Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha, 1944.

Sa Chathair Gheal i gceantar Chairbre in iarthar Chorcaí a rugadh é ar 5 Bealtaine 1885. Fuair a athair John Keohane, feirmeoir, agus a mháthair Mary Collins bás nuair a bhí sé fíoróg. Scaradh é féin agus a dheartháir agus a dheirfiúr ó chéile agus is i dteach a shinseanathar Tadhg Mór Ó Laoghaire, a bhí ina bheatha go fóill, a tógadh Dónall. B’fhéidir talamh slán a dhéanamh de go mba chainteoir dúchais Gaeilge é Tadhg Mór agus is é tuairim aon-iníon Dhónaill, Máire Uí Chrualaoí, go raibh bá aige le cúis na teanga. Chaith Dónall tamaill le gaolta eile freisin. Chuireadh sé leis an ngnáth-bhunoideachas trí fhreastal a dhéanamh ar gach saghas cúrsa samhraidh.

Is mar chléireach cúirte a chuaigh sé go Baile Chaisleáin Bhéarra. Thosaigh sé ar Ghaeilge a mhúineadh go deonach ansiúd. Fuair sé cead ó Arm na Breataine ceolchoirm a chur ar siúl i halla an Airm san Oileán Mór (oileán Bhéarra). An t-aon choinníoll a ghabh leis go seinnfí an tAmhrán Náisiúnta ag deireadh na hoíche. Nuair is é ‘A Nation once again’ a seinneadh bhí sé ródheireanach ag an oifigeach ceannais cur ina aghaidh.

Bhí oifig i gCionn tSáile ag an aturnae céanna agus chaith Dónall sé bliana ansiúd. Is cosúil gur as a stuaim féin a thosaíodh sé ag obair don Ghaeilge gan aon spreagadh ná cabhair ó thimirí Chonradh na Gaeilge cibé áit a mbíodh sé. Bhí sé ina leasuachtarán ar Choiste Chontae Chorcaí den Chonradh i 1919 agus bhí sé i gCionn tSáile go fóill nuair a toghadh é ina uachtarán ar Chumann Múinteoirí Gaeilge na hÉireann, de réir Fáinne an Lae, 19 Meán Fómhair 1923. Bhí sé ina ardrúnaí ag an gcumann céanna sin i 1931 (An Claidheamh Soluis 25 Aibreán 1931).

Deir Pádraig Ó Tuathaigh an méid seo ina thaobh in Filí an tSuláin, 1993: ‘B’é Dónall lách an t-aon duine amháin, déarfainn, a labhair an Ghaeilge leis na Black-and-Tans, agus lean sé air á dhéanamh cé gur chroich siad é óna chosa thar fhalla an droichid’. Cuireadh i ngéibheann é i rith Chogadh na Saoirse: tamall in Inis Píc mar a ndeachaigh sé ar stailc ocrais go dtí gur tugadh cead dó rang Gaeilge a bhunú—mhúin sé Gaeilge ansiúd do sheisear a raibh sé i ndán dóibh bheith ina n-airí stáit; agus tamall eile ar an Oileán Mór i mBéarra. Thagadh baill áitiúla Chumann na mBan ar cuairt chucu ansiúd agus phós sé duine díobh, Caitlín Ní Arrachtáin. Is ansin a rinne sise cinneadh ar Ghaeilge a fhoghlaim. Chaith siad mí i dteach nach labhraítí ann ach Gaeilge agus fad a bhí seisean ag bailiú béaloidis bhí sise ag foghlaim na teanga. Rugadh iníon amháin dóibh, Máire, a bhuaigh bonn óir Oireachtais ar amhránaíocht sean-nóis.

Fuair sé post múinteora Gaeilge i gCúil Aodha i 1924. ‘Bhuel, ní hamhlaidh a thug Dónall beag teasaí an fhilíocht leis go Baile Bhuirne, mar bhí na filí ann i gcónaí, ach b’eisean a thug an prioc dóibh an Chúirt Éigse d’athbheochaint...’, a deir Pádraig Ó Tuathaigh. Tháinig Dámhscoil Mhúscraí le chéile den chéad uair Lá ‘le Stiofáin 1925. Bhí Dónall ina chléireach ag an scoil go bhfuair sé bás. Chuir sé eagar ar Saothar Dháimhsgoil Mhúsgraighe, 1933. Scríobhadh sé féin filíocht, scéalta, drámaí agus sceitseanna agus is iomaí duais Oireachtais a bhuaigh sé. D’eagraigh sé cúrsaí d’ábhar scríbhneoirí agus thug ar a chairde Dónall Ó Corcora agus Pádraig Ó Domhnaill bheith i láthair acu d’fhonn daoine mar Dhonncha Ó Céileachair agus a dheirfiúr Síle a chur i mbun pinn. D’éirigh leis Amharclann Éamoinn Mhic Shuibhne a chur á tógail i gCúil Aodha agus chuir foirne drámaíochta ar bun. Ba é a d’iarr ar Ghearóid Ó Lochlainn slacht a chur ar obair stáitse na bhfoirne seo. Chum sé an sluaghán ‘An Ghaeilge marbh, Éire balbh’ don Oireachtas. Seanchas a scríobh sé síos ó Thadhg Ó Duinnín in Oileán Chairbre, foilsíodh é in Béaloideas. Bhuaigh a dhráma Uisce na dTrí dTeorann duais ag Oireachtas 1944 agus foilsíodh é i 1953. Aistriúchán a rinne sé féin agus Dónall Ó Céileachair ar Hugh Roach the Ribbonman le James Murphy is ea Aodh de Róiste, 1931.

Labhair sé leis an slua i Halla Damer 29 Deireadh Fómhair 1956 nuair a bhí tionól ann ag Muintir Chúil Aodha i ndiaidh an Oireachtais. Cailleadh é 10 Samhain 1956 agus tá sé curtha i mBaile Bhuirne. In Feasta, Nollaig 1956, dúradh faoi: ‘Cúrsaí samhraidh, dáil léinn, fleá drámaíochta, coiste na bpáistí, craobh nua den Chonradh, dráma nua, ceoldráma nua, deich bpíosaí filíochta—bheadh an méid sin agus breis ag fiuchadh ina cheann in éineacht’. San uimhir chéanna agus in uimhir Eanáir bhí dánta a scríobh Liam S.Gógan agus Conchubhar Ó Cuileanáin i gcuimhne air. Scríobh Máire Bean Uí Chrualaoi (Ní Cheocháin) aiste in Múscraí, Eagrán I.

Cheannaigh Seán Ó Riada an teach a bhí ag Dónall i gCúil Aodha.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú