I gCathair Chorcaí a rugadh an file agus an drámadóir seo 20 Eanáir 1886 do Christopher Hayes, siúinéir, 1 Summer Hill South, agus a bhean Ansty Morley. Phós duine dá dheirfiúracha deartháir le Dónall Ó Corcora (1878–1964). Ba é Séamus an t-aon duine amháin sa chlann a raibh eolas aige ar an nGaeilge dar le tuairiscí Dhaonáireamh 1901 agus 1911. Is inspéise go raibh lóistéir sa teach an dá oíche, John O’Leary, máistir stáisiúin ar líne Chorcaigh, Maigh Chromtha. Rugadh eisean tuairim 1862 agus bhí Gaeilge aige.

Fuair Séamus a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí agus i gColáiste Ollscoile Chorcaí. De réir fhéilire Ollscoil na hÉireann 1950 fuair James Hayes BA i 1909, H.Dip in Ed. i 1912 agus MA i 1917. Deir Muiris Ó Droighneáin (Taighde i gcomhair stair litridheacht na Nua-Ghaedhilge ...) nár chuala sé Gaeilge á labhairt go ndeachaigh sé go Beal Átha an Ghaorthaidh in Iúil 1908. Ag díospóireacht sa Mhainistir Thuaidh bhí James M. Hayes ar dhuine de na príomhchainteoirí ar son an Ghaeilge bheith éigeantach do mháithreánach na hollscoile nua. Chaith sé tamall ag múineadh sa Mhainistir Thuaidh. Ba é a chéadmhol go mbunófaí Cuallacht Mhuire i gCorcaigh agus go mbeadh de bhunriail acu gan Béarla a úsáid. Cuireadh tús leis an gcuallacht in Eanáir 1914 agus sna cúig bliana a lean sin ní raibh aon duine de shagairt na Gaeilge i gCúige Mumhan nach raibh ag labhairt leo ag ceann dá gcruinnithe míosúla.

I 1918 is i gCorcaigh a foilsíodh a chéad leabhar: An English poet’s nature love (a study of Spenser). Bhain Piaras Béaslaí taithneamh as. ‘Is é m’achainí air anois, ós rud é go bhfuil an oiread sin eolais agus tuiscinte aige agus smaointe is tuairimí ar leith aige agus an Ghaeilge go líofa aige agus féith an scríbhneora ann, luí isteach ar “criticism” a scríobh i nGaeilge’ (Fáinne an Lae 9 Feabhra 1918). Ar 6 Eanáir 1919 léiríodh i Halla na Cathrach, Corcaigh, Dia linn, claonaistriú a rinne sé ar dhráma creidimh le R. H. Benson.

Nuair a cuireadh gasra den Fháinne ar bun i gcathair Chorcaí ba é Séamus a toghadh mar aoire.

Ceapadh ina chigire bunscoileanna é 1923. Ó 1939 gur éirigh sé as obair i 1949 bhí sé ina chigire ranna. Le linn dó féin agus dá bhean Eibhlín McMahon bheith i mBaile Átha Cliath is ag 23 Green Road, An Charraig Dhubh, a bhí cónaí orthu agus is ann a fuair sé bás 20 Márta 1967. Tugadh a chorp chuig Eaglais Naomh Fionnbharra (Theas) Corcaigh agus tá sé curtha i Reilig Naomh Seosamh sa chathair sin. Ní raibh aon chlann aige.

Is iad na drámaí a scríobh sé: An Clochar, 1920 (i gcomhpháirt le Dónall Ó Corcora); Donnchadh Ruadh, ar roinneadh Duais Amharclann na Mainistreach airsean agus ar dhráma le Séamus Wilmot i 1938; An luch tuaithe, dráma don aos óg, 1939; Glaoch an chuirliúin, dráma aon-ghnímh, 1948; An tAos Dána, dráma trí mhír, 1953; Giolla an amaráin, dráma ceithre mhír, 1954. Scríobh sé péire leabhar léirmheastóireachta; Pádraig Mac Piarais, scéaluidhe, 1919; Aodhagán Ó Rathaile, 1925. Chuir sé cúpla duanaire scoile amach: Óirchiste: duanaire liricí don aos foghluma, 1922; An dara óirchiste, 1931.

Tháinig trí chnuasach filíochta uaidh: Uaigneas, 1928; Caoineadh na mná agus duanta eile, 1939; Ceann an bhóthair, 1966. Bhuaigh a dhán ‘Speal an ghorta’ (i gcló in Nuabhéarsaíocht, 1954 in eagar ag Seán Ó Tuama) Gradam an Oireachtais 1945. Bhuaigh sé an chéad duais ag Oireachtas 1947 le ‘Ceol na gComhchoiscéim’, dán fada faoi Chogadh na Saoirse. Comhartha ar an ardmheas a bhí air mar fhile i bhfad roimhe sin gur roghnaigh Éamon Cuirtéis ceithre dhán dá dhéantús ina Cuisle na hÉigse, 1920.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú