Ba dhóigh le Robin Flower gurbh é ‘the most prolific of the later scribes’ é; d’fhág sé 150 lámhscríbhinn ina dhiaidh agus deirtear gurbh é an t-aon duine amháin é de na scríobhaithe a bhí in ann maireachtáil ar a chuid scríbhneoireachta. File é nár tugadh aitheantas a ndóthain dá dhánta; ní áiríonn Domhnall Ó Corcora mar mhionfhile féin é in The hidden Ireland (1924): dúirt sé go raibh a chuid véarsaíochta bocht tanaí. Scríobh Ó Longáin ceann de na hamhráin is fearr riamh dár thaitin leis an bpobal, ‘Beir litir uaim don Mhumhain leat’ (‘Maidin Luan Chincíse’) agus fiafraíonn a eagarthóir, Rónán Ó Donnachadha, cé mhéid den 350 dán dá dhéantús a bhí léite ag an gCorcorach. Agus é ag cur ina n-aghaidhsean a d’achtódh orainn glacadh leis gur tháinig deireadh le traidisiún na litríochta le bás Aogáin Uí Rathaille scríobh Breandán Ó Buachalla in Nua-léamha (1996) in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha (‘Canóin na Creille: an file ar leaba a bháis’): ‘Ach tuigtear dúinn freisin nach as traidisiún liteartha a bhí ag fáil bháis a fáisceadh Cúirt an Mheon-Oíche, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, nó Cín lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin. Ná ní léir dom go bhfuil aon easpa cumais, talainn nó ceardaíochta ar Mhícheál Óg Ó Longáin, mar shampla.’ In Eighteenth-century Ireland, 2000 tá léirmheas ag Máirín Nic Eoin ar The scribe in eighteenth- and nineteenth-century Ireland: motivations and milieu (2000) le Meidhbhín Ní Úrdail (Nodus Publikationen in Münster a d’fhoilsigh) agus deir sí: ‘This book is a meticulously researched study of the work of four generations of Ó Longáin scribes .... This study is an extremely important contribution to our understanding of the evolution of Gaelic literary culture in the eighteenth and nineteenth centuries, supplementing the pioneering work of Breandán Ó Conchúir on the Cork scribes of the period ...’.

An tAthair Tadhg Ó Murchú is túisce a rinne taighde ina thaobh ina thráchtas le haghaidh céim mháistir. Foilsíodh a aiste air in Féilscríbhinn Torna (1947) agus ceann eile in Faiche na bhfilí (1962). Bhunaigh Pádraig Ó Fiannachta a chuntas in Glór na féile (1979) agus an t-eolas beathaisnéiseach in Léas eile ar ár litríocht (1982) ar an taighde sin. Bhailigh Rónán Ó Donnchadha cúpla scór dá dhánta in Mícheál Óg Ó Longáin, file (1994). Tá sa leabhar sin freisin: cuntas ar a bheatha agus ar a shaothar; réamhfhocal le J.J. McAuley, ollamh le Béarla in Eastern Washington University, fear atá síolraithe go díreach ón Longánach. Tá an cuntas is mine air féin agus ar a mhic, mar aon le liosta a lámhscríbhinní, ag Breandán Ó Conchúir in Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850 (1982).

I mBéal Átha Maghair, Carraig na bhFear, Co. Chorcaí, a rugadh é. An 1 Lúnasa 1766 a lá breithe, dar leis féin. Scríobhaithe sa Ghleann in iarthar Luimnigh a mhuintir agus d’aistrigh a athair, Mícheál mac Pheadair, go Carraig na bhFear in 1764. Tá cuntas ar a athair, Micheál mac Peattair, in DIB. Ní heol cérbh í a bheansan agus ní raibh de chlann acu ach Mícheál Óg. Fuair an t-athair bás nuair a bhí Mícheál ceithre bliana d’aois agus cailleadh an mháthair ceithre bliana ina dhiaidh sin. D’fhág sin gurbh é féin a mhúin ceird an scríobhaí dó féin. Ar feadh cúpla bliain rinne sagart sa cheantar cúram de agus bhí sé ar aimsir ag feirmeoirí as sin go raibh sé 18 bliain d’aois. D’fhoghlaim sé áireamh agus Laidin i scoil scairte. Bhí sé fiche bliain d’aois sular fhoghlaim sé le bheith ina scríobhaí. Chuaigh sé isteach sna hÉireannaigh Aontaithe in 1797 agus bhí ag earcú dóibh agus ag iompar teachtaireachtaí rúin. Deirtear go raibh leathchéad fear faoina cheannas i gCarraig na bhFear. Ball a cuireadh ar a thriail i gCorcaigh i Márta 1799 a sceith air agus b’éigean dó a bheith ar a choimeád. Chaith sé tamaill anseo agus ansiúd in oirthuaisceart Chiarraí agus in iarthar Luimnigh. In 1800 phós sé Máire Uí Chrualaoich (Ní Leidhin) agus rugadh cúigear mac agus beirt iníonacha dóibh. Scríobh Mícheál marbhna a leasiníne nuair a bádh í sa Laoi i gCorcaigh 2 Aibreán 1820. Bhainfeadh cuid dá mhic, Pól, Seosamh, agus Peadar (1801-c.1861) cáil amach mar scríobhaithe. Shocraigh sé i gCúil Uí Mhurchú, Carraig na bhFear, in 1807. Ó 1809 go 1815 bhí sé ag múineadh ann agus as sin go 1820 is i gcathair Chorcaí a bhí sé ag múineadh. Ann a chuir sé aithne ar an Easpag Seán Ó Murchú, an fear is mó a choinníodh obair leis, a phátrún, b’fhéidir a rá. Bhí sé ag seoladh scoile ar Na Cloichíní i gCurra Chiopáin in 1820-21. I bhFeabhra 1822 chuaigh sé chun cónaithe lena mhac Pól ar fheirm bheag ar an gCnoc Buí, Carraig na bhFear. Bhí an radharc ag dul in olcas aige in 1823 agus chuir a chara dílis Donncha Ó Floinn spéaclaí chuige. Lean sé den obair scríbhneoireachta agus dhéanadh taisteal chomh fada le Maigh Rátha in iarthar an chontae agus ó thuaidh go Cnoc an Eanaigh agus i rith 1828-34 bhíodh cónaí air go minic i nGleann Maghair. Ó 1831 amach bhíodh sé ag gearán faoina shláinte agus faoin mbochtanas.

Tá i gcló ag Breandán Ó Conchúir litir a sheol sé chuig Uilliam Mac Coitir, Cluain Molt, 24 Deireadh Fómhair 1834 ina bhfuil cóip de litir a bhí curtha aige chuig Philip Barron. Bhí cloiste aige i dtaobh an choláiste a bhí ag an mBarúnach: ‘Gidh ea, fá do thearmannsa agus fá dhíon na droinge a leanfadh do chomhairle is cóir muinín láidir a bheith go bhfásfaidh agus go leathnóidh ár dteanga mhilis oirirc arís ar feadh na críche. Táimse le sealad i gcaidreamh ris an teanga sin a theagasc agus a scríobh, agus má tá nó má bheadh neach dem shórt d’uireasa ort, ní chuirfinn in aghaidh an chúraim sin a ghabháil orm . . .’ (beagán athraithe ar an litriú déanta ag na húdair). Chuir an Coitireach an tairiscint ar aghaidh chuig Barron ach faoi cheann tamaill bhí an file tagtha ar mhalairt aigne: ‘Atáimse anois ar nós an tseanmhadra, rócheanúil ar mo chúinne féin, iar mbeith dhom 69 an chéad lá de mhí Troghain [Lúnasa] na bliana seo 1835, a bhuí le Dia . . .’. Daoine eile a raibh teagmhálacha aige leo ba ea an tAthair Domhnall Ó Súilliobháin, Seán Ó Coileáin, an tAthair Maitiú Ó hArgáin agus Eoghan Ó Comhraí. D’éag sé ar an gCnoc Buí 17 Bealtaine 1837. Cuireadh é sa Teampall Geal.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú