I dTonn Láin, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, a rugadh an Caipisíneach seo ar 6 Aibreán 1914. Tá eolas le fáil faoi in ‘An tAthair Donncha Ó Corcora ag labairt le Risteárd Ó Glaisne’ in Inniu 12 Samhain 1971. Feirmeoir ba ea a athair Jack agus ba í Bridget Vaughan a mháthair. Bhí ceathrar deartháireacha agus cúigear deirfiúracha aige. Chuaigh ceathrar de na cailíní isteach sna mná rialta. Ó a bhí sé ceithre bliana d’aois bhí beartaithe aige a bheith ina shagart. Le Béarla a tógadh é ach bhí an Ghaeilge le cloisteáil ó na comharsana sin a bhí os cionn 25 bliain: ‘Ní cuimhin liom a bheith riamh gan Ghaelainn, ach ní dóigh liom gur thosnaíos ar a bheith á labhairt ar mo shuaimhneas go dtí go rabhas dhá bhliain déag d’aois’. Bhí sé ar scoil i mBaile Bhuirne mar a raibh Micheál Ó Briain á mhúineadh go raibh sé seacht mbliana d’aois: ‘Ansan a thosnaíos-sa ar an nGaelainn i gceart. Thug sé [Ó Briain] ana-leathnú aigne dúinn.’ Ó bhí sé 15 bliain go leith bhí sé ar scoil ag na Caipisínigh i mBaile An Róistigh agus chuaigh isteach san ord ansin nuair a bhí sé ocht mbliana déag go leith. Oirníodh é ar 4 Meitheamh 1942. Idir 1933 agus 1945 bhí sé ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Rinne sé staidéar ar an nGaeilge faoi Éamonn agus Tadhg Ó Donnchadha agus faoi Shéamus Caomhánach, agus ar an mBéarla faoi Dhomhnall Ó Corcora agus ar an bhfealsúnacht faoin Athair James O’Mahony. Bhain sé BA amach i 1936, MA an bhliain dár gcionn, PhD i 1944. Bhain a thráchtas dochtúra le fealsúnacht Henri Bergson. Cuireadh go dtí an Róimh é i 1945. D’inis sé don nGlaisneach gur dóigh gurbh é an fáth ar cuireadh chun na Róimhe é an bhliain sin gur shíl a uachtaráin beagán den reibiliúnacht a bheith ag baint leis. Chaith sé dhá bhliain ag déanamh staidéir ar an diagacht sa Róimh agus bhain an chéim S.T.L. amach i 1947. Chaith sé an tréimhse 1947-58 ag múineadh i scoil an oird ar na hArda i dTír Chonaill. Bhí sé i dteach an oird i Sráid na hArdeaglaise, Baile Átha Cliath, 1958-61. Ina dhiaidh sin bhí sé i mBrú na gCaipisíneach i Ráth Eanaigh agus bhí deis aige leanúint den staidéar ansiúd. Bhí eolas maith aige ar an nGearmáinis, ar an bhFraincis agus gan amhras ar an Iodáilis agus ar na teangacha clasaiceacha.

D’fhoilsigh Sáirséal agus Dill a chéad leabhar, An bheatha phléisiurtha, 1955; scríobh sé freisin An bheatha phoiblí an bhliain chéanna ach ní léir gur foilsíodh riamh é. Leabhair eile leis is ea Sonaíocht agus smaointe, 1977 agus Ábhar machnaimh, 1985. Bhí colún seachtainiúil aige in Inniu agus scríobhadh sé in Feasta agus in Scéala Éireann. Bhíodh aistí Béarla aige in Éirigh, iris an oird. San agallamh sin leis an nGlaisneach dúirt sé: ‘Ní maith liom scríobh ach do na daoine. Bhíodh an fhealsúnacht rótheicniúil ródhúnta isteach, rócheangailte den Eaglais. Nuair a bhí mise óg ní raibh aon chuimhneamh ag muintir na fealsúnachta acadúla ar na gnáthdhaoine. Ní bhíodh mórán ag gabháil don fhealsúnacht. Ach ní haon mhaith a bheith ag scríobh do dhream beag, do choláiste, d’acadamh. Ní mór do dhuine a bheith ábalta ar scríobh ar an bpáipéar laethúil. Is é an teist a bhí agamsa i gcónaí go bhféadfadh an fear oibre mé a thuiscint.’ D’éag sé 15 Samhain 1997.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú